This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1808
Commission Regulation (EU) 2024/1808 of 1 July 2024 amending Regulation (EU) 2023/915 as regards the application date of lower maximum levels for ergot sclerotia and ergot alkaloids in food
Rialachán (AE) 2024/1808 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i mbia
Rialachán (AE) 2024/1808 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i mbia
C/2024/4432
IO L, 2024/1808, 2.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1808/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1808 |
2.7.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/1808 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Iúil 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit i mbia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (2) leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear scléaróití eargóit agus alcalóidigh eargóit, i mbia. |
(2) |
Ón 1 Iúil 2024, de bhun phointí 1.8.1.2, 1.8.2.1 agus 1.8.2.3 den tábla in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915, tá feidhm le bheith ag na huasleibhéil níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit i ngráin seagail neamhphróiseáilte agus alcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála eorna, cruithneachta, speilte agus coirce (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim), i dtáirgí muilleála seagail agus i seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh. |
(3) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na n-uasleibhéal níos ísle sin agus chun na leibhéil sin a mheasúnú i bhfianaise na n-athruithe i gcleachtais talmhaíochta agus i dtosca aeráide agus timpeallachta freisin. |
(4) |
Tar éis mionscrúdú a bheith déanta ar an bhfaisnéis a soláthraíodh, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil sé indéanta, de thoradh ar mhéadú ar leitheadúlacht scléaróití eargóit agus alcalóideach eargóit i ngráin mar gheall ar dhálaí aeráide, na huasleibhéil níos ísle a bhaint amach faoi láthair le haghaidh scléaróití eargóit i ngráin seagail neamhphróiseáilte agus le haghaidh alcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála cruithneachta (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim), i dtáirgí muilleála seagail agus i seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh. |
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí cur i bhfeidhm na n-uasleibhéal níos ísle le haghaidh scléaróití eargóit i ngráin seagail neamhphróiseáilte a chur siar ar feadh bliain amháin agus le haghaidh alcalóidigh eargóit i dtáirgí muilleála cruithneachta (ag a bhfuil cion luatha níos ísle ná 900 mg/100 g d’ábhar tirim), i dtáirgí muilleála seagail agus i seagal a chuirtear ar an margadh don tomhaltóir deiridh is iomchuí é a chur siar ar feadh 4 bliana. |
(6) |
Chun aistriú réidh a éascú agus gan cur isteach ar thrádáil bia ó ghráin a bhaintear roimh na dátaí a bheidh feidhm ag na huasleibhéil níos ísle, féadfar bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh na dátaí sin agus a chomhlíonann na huasleibhéil is infheidhme ar an lá a chuirtear ar an margadh iad, féadfar iad a choinneáil ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta nó a ndáta éaga. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/915 a leasú dá réir. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 10(1) mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 37, 13.2.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/315/oj.
(2) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/915 mar a leanas:
(1) |
san iontráil maidir le scléaróití eargóit sa tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.8.1.2:
|
(2) |
san iontráil maidir le halcalóidigh eargóit sa tábla, leasaítear pointe 1.8.2 mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1808/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)