This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1748
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/1748 of 21 June 2024 amending Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1378 as regards the recognition of certain control bodies in accordance with Article 46 of Regulation (EU) 2018/848 of the European Parliament and of the Council as competent to carry out controls and issue organic certificates in third countries for the purpose of imports of organic products into the Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1748 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

C/2024/3974
IO L, 2024/1748, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1748/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1748 |
24.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1748 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Glacadh Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (2) ionas go mbeadh liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe inti a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a bheith inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin. |
(2) |
Le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na critéir nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chomhlíonadh chun go n-aithneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin. Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (3) na ceanglais nós imeachta atá le comhlíonadh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin agus a n-iarraidh ar aitheantas á cur faoi bhráid an Choimisiúin, arb iarrataí iad ina bhfuil sainchomhad teicniúil. |
(3) |
Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, tá iarrataí ar aitheantas faighte ag an gCoimisiún, iarrataí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848, ó roinnt comhlachtaí rialaithe. |
(4) |
Fuair an Coimisiún na hiarrataí ar aitheantas ó ‘bio.inspecta AG’, ‘Caucascert LLC’, ‘CCPB Srl’, ‘CERES Certification of Environmental Standards GmbH’, ‘CERTIMEX, Certificadora Mexicana de Productos y Procesos Ecologicos S.C.’, ‘Control Union Certifications B.V.’, ‘Ecocert SAS’, ‘ECOGLOBE LLC’, ‘FOOD SAFETY S.A.’, ‘IMO Control Private Limited’, ‘Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH’, ‘Mayacert S.A.’, ‘Organic Control System LLC Subotica’, ‘Organic Standard LLC’, ‘Servicio de Certificación CAAE S.L.U.’, ‘Southern Cross Certified Australia Pty Ltd’ agus ‘Tse-Xin Organic Certification Corporation’, agus scrúdaigh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698, Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, chinn an Coimisiún go bhfuil údar le haitheantas a thabhairt dóibh, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh catagóirí táirgí áirithe i dtríú tíortha áirithe. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú dá réir sin. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um tháirgeadh orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1378/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/849/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:
‘ bio.inspecta AG
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Caucascert LLC
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
CCPB Srl
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°‘ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 (*) . |
CERES Certification of Environmental Standards GmbH
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’, marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Control Union Certifications B.V.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
Ecocert SA
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
ECOGLOBE LLC
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
FOOD SAFETY S.A.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
IMO Control Private Limited
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|