This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1702
Commission Delegated Regulation (EU) 2024/1702 of 11 March 2024 amending Delegated Regulation (EU) No 1003/2013 as regards harmonisation of certain aspects of fees charged by the European Securities and Markets Authority to trade repositories
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1702 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1702 ón gCoimisiún an 11 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála
C/2024/1323
IO L, 2024/1702, 18.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1702/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1702 |
18.6.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1702 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2024
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú gnéithe áirithe de na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 72(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 (2) ón gCoimisiún, sonraítear cineál na dtáillí, an ríomh, agus na módúlachtaí íocaíochta maidir leis na táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar stórtha trádála. |
(2) |
In 2018, chinn athbhreithniú Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiún agus iniúchadh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (3) go bhfuil córas cistiúcháin táillí ESMA casta gan ghá. Chun bailiú na dtáillí a shimpliú agus chun na rioscaí a bhaineann le ríomh mícheart nó leithdháileadh neamhéifeachtúil táillí a laghdú, is gá comhsheasmhacht gnéithe teicniúla a áirithiú ar fud na ngníomhartha tarmligthe éagsúla maidir le táillí a ghearrann ESMA, i gcás inarb iomchuí agus inar féidir. |
(3) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú maidir leis na táillí a ghearrann ESMA ar stórtha trádála, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 a ailíniú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/360 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
Chun caiteachas ESMA a bhaineann le maoirseacht ar stórtha trádála a chumhdach go hiomlán, ba cheart na táillí maoirseachta bliantúla a chinneadh ar bhonn an mheastacháin bhliantúil ar na costais dhíreacha uile is gá le haghaidh na gcúraimí maoirseachta a dhéanann ESMA agus cionroinnt réasúnach ar fhorchostais sheasta agus athraitheacha ESMA. |
(5) |
Chun comhsheasmhacht agus inchomparáideacht sonraí ar fud stórtha trádála a áirithiú agus táillí maoirseachta ESMA á gcinneadh, níor cheart na táillí maoirseachta bliantúla a ríomh ach amháin bunaithe ar an láimhdeachas arna ghiniúint ag croí-ghníomhaíochtaí stóir thrádála agus a sheirbhísí coimhdeacha. |
(6) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc gníomhartha tarmligthe maidir le táillí atá le híoc le ESMA, agus chun cur ar a chumas do ESMA sonraí láimhdeachais arna n-iniúchadh a fháil in am trátha chun meastachán a dhéanamh ar na táillí atá dlite ag stórtha trádála do ESMA, ba cheart gur 2 bhliain roimh an mbliain a ghearrann ESMA táillí ar an stór trádála a bheidh i mbliain tagartha na gcuntas iniúchta chun an láimhdeachas is infheidhme a chinneadh. |
(7) |
Déantar láimhdeachas na stórtha trádála is infheidhme a ríomh in euro. Is gá, dá bhrí sin, sásra a shonrú chun an t-ioncam a ghintear in airgeadraí eile a chomhshó in euro. |
(8) |
I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 (5) ón gCoimisiún, ba cheart táillí a ghearrtar ar stórtha trádála a shocrú ar leibhéal lena n-áiritheofar go gcumhdófar costas iomlán na seirbhísí a sholáthraíonn ESMA agus go seachnófar easnamh, ach an tráth céanna go seachnaítear carnadh barrachais shuntasaigh. Má éiríonn toradh suntasach ar an mbuiséad athfhillteach, ar bhonn dearfach nó diúltach, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal na dtáillí. |
(9) |
Chun táille maoirseachta iomarcach a sheachaint i mbliain a chláraithe, ba cheart do stór trádála cláraithe táille mhaoirseachta tosaigh a íoc, táille ar cheart a méid a bheith comhréireach leis an tréimhse ama sa chéad bhliain inar cláraíodh an stór trádála. |
(10) |
I gcás ina ndéanfaidh stór trádála nár cláraíodh fós faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 iarratais ar chlárúchán a chur isteach go comhuaineach faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ba cheart an caiteachas is gá chun measúnú agus scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais a bheith níos ísle mar gheall ar na sineirgí a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcineál céanna doiciméad. I gcás iarratais chomhuaineacha, ba cheart don stór trádála, dá bhrí sin, an táille chlárúcháin iomlán atá dlite faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus an táille laghdaithe ar shíneadh ama ar chlárúchán atá dlite faoi Rialachán (AE) 2015/2365 a íoc. |
(11) |
Níl an costas riaracháin a bhaineann leis an táille mhaoirseachta chéad bhliana do stór trádála atá cláraithe i mí na Nollag comhréireach leis an táille sin Dá bhrí sin, ba cheart stór trádála atá cláraithe i mí na Nollag a dhíolmhú ón gceanglas táille mhaoirseachta bhliantúil a íoc le haghaidh na bliana inar cláraíodh an stór trádála sin. |
(12) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc gníomhartha tarmligthe maidir le táillí atá le híoc le ESMA, ba cheart do ESMA an pionós a ríomh i gcás íocaíochtaí déanacha i gcomhréir leis na forálacha maidir le hús mainneachtana a leagtar amach in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
(13) |
Chun trédhearcacht a fheabhsú maidir le téarmaí agus próisis íocaíochta táillí le haghaidh stórtha trádála, is gá a chinneadh cén tréimhse ama, nó cén dáta, a íocfaidh stórtha trádála sonrasc ó ESMA ar tháillí. I gcás na dtáillí maoirseachta bliantúla, is gá an méid agus an dáta is déanaí a shonrú a sheolfaidh ESMA an sonrasc ábhartha chuig stórtha trádála. |
(14) |
Chun a áirithiú go n-íocfar táillí clárúcháin agus táillí aitheantais go tráthúil, ba cheart na táillí sin a íoc in aon chás laistigh de 30 lá féilire ó dháta eisiúna shonrasc ESMA. |
(15) |
Chun na sreafaí íocaíochta táillí a shimpliú tuilleadh, agus chun a áirithiú go mbeidh na cistí is gá ag ESMA chun na gníomhaíochtaí maoirseachta atá beartaithe aige a dhéanamh, ba cheart táillí maoirseachta bliantúla a íoc i dtráthchuid aonair le linn na chéad 3 mhí den bhliain féilire dá bhfuil na táillí sin dlite. |
(16) |
Chun am leordhóthanach a thabhairt agus próisis formheasa inmheánacha a éascú, ba cheart do ESMA sonraisc le haghaidh íocaíochtaí i leith táillí maoirseachta bliantúla a sheoladh 30 lá féilire ar a laghad roimh an dáta íocaíochta ábhartha. |
(17) |
Chun neamhdheimhneacht dhlíthiúil a sheachaint maidir leis an bpróiseas leanúnach bailithe táillí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025. |
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 Costais mhaoirseachta a aisghabháil ina n-iomláine Cumhdófar an méid seo a leanas leis na táillí a ghearrfar ar stórtha trádála:
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: ‘Airteagal 3 Láimhdeachas is infheidhme 1. Coimeádfaidh stórtha trádála atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 cuntais iniúchta chun críocha an Rialacháin seo lena ndéanfar idirdhealú idir na nithe seo a leanas:
Is éard a bheidh san ioncam is infheidhme ó sheirbhísí coimhdeacha an stóir thrádála le haghaidh bliain ar leith (n) na hioncaim ó na seirbhísí arna gcinneadh faoi phointe (b). 2. Coimeádfaidh stórtha trádála atá cláraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi Rialachán (AE) 2015/2365 araon cuntais iniúchta chun críocha an Rialacháin seo ina ndéantar idirdhealú idir na nithe seo a leanas:
Is éard a bheidh san ioncam is infheidhme ó sheirbhísí coimhdeacha an stóir thrádála le haghaidh bliain ar leith (n) suim na méideanna seo a leanas:
An sciar den ioncam dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, beidh sé cothrom leis na hioncaim dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin, arna roinnt ar shuim na méideanna seo a leanas:
3. Is éard a bheidh i láimhdeachas is infheidhme stóir thrádála ar leith le haghaidh bliain ar leith (n) suim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo, arna roinnt ar shuim na méideanna dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) den mhír seo:
4. Soláthróidh stórtha trádála na cuntais iniúchta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do ESMA ar bhonn bliantúil. Cuirfidh stórtha trádála na cuntais sin faoi bhráid ESMA trí mheán leictreonach faoin 30 Meán Fómhair gach bliain (n–1). 5. I gcás nach raibh an stór trádála ag feidhmiú le linn na bliana iomláine (n–2), déanfaidh ESMA meastachán ar an láimhdeachas is infheidhme i gcomhréir le mír 3 agus tríd an luach arna ríomh i leith líon na míonna ina raibh an stór trádála ag oibriú i mbliain (n–2) a eachtarshuí go dtí an bhliain iomlán (n–2). 6. I gcás nach mbeidh aon chuntas iniúchta le fáil le haghaidh na bliana (n–2), úsáidfidh ESMA cuntais iniúchta le haghaidh na bliana (n–1). 7. I gcás ina dtuairisceofar an t-ioncam dá dtagraítear i mír 3 in airgeadra eile seachas an euro, déanfaidh ESMA an t-ioncam sin a chomhshó in euro trí úsáid a bhaint as an meánráta malairte eachtraí euro a bhfuil feidhm acu maidir leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam sin. Chun na críche sin, úsáidfidh ESMA ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.’ |
(3) |
Scriostar Airteagal 4; |
(4) |
in Airteagal 6, cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas: ‘ 6a. I gcás ina gcuirfidh stór trádála nach bhfuil cláraithe cheana faoi Rialachán (AE) 2015/2365 iarratais ar chlárúchán isteach go comhuaineach faoi Rialachán (AE) 2015/2365 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 araon, íocfaidh an stór trádála an táille chlárúcháin iomlán atá dlite faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus an táille ar shíneadh a chur leis an gclárú de bhun Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2015/2365.’ |
(5) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4: ‘2. Déanfar an táille mhaoirseachta bhliantúil iomlán agus an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh stór trádála ar leith le haghaidh bliain ar leith (n) a ríomh mar a leanas:
3. I gcás ar bith, ní íocfaidh stór trádála atá cláraithe faoi Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 táille mhaoirseachta bhliantúil is lú ná EUR 30 000. 4. De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, íocfaidh stór trádála cláraithe, i mbliain a chláraithe, (bliain (n)), táille mhaoirseachta tosaigh (‘TM(n)’) a bheidh cothrom leis an méid seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
Íocfaidh an stór trádála cláraithe an táille maoirseachta den chéad bhliain tar éis do ESMA fógra a thabhairt dó gur éirigh lena iarratas agus laistigh de 30 lá féilire ó dháta eisiúna shonrasc ESMA. I gcás ina gclárófar stór trádála le linn mhí na Nollag, áfach, ní cheanglófar ar an stór trádála sin táille mhaoirseachta bhliantúil a íoc don bhliain inar cláraíodh é.’ |
(6) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Tabhófar le haon íocaíocht déanach an t-ús mainneachtana a leagtar síos in Airteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1). (*1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).’;" |
(7) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. An táille chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6, beidh sí dlite tráth a chuirfidh an stór trádála a iarratas isteach ar chlárú faoi Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus íocfar í ina hiomláine laistigh de 30 lá féilire ó dháta eisiúna shonrasc ESMA.’ |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 11 agus 12: ‘Airteagal 11 Táillí maoirseachta bliantúla a íoc 1. Déanfar an táille mhaoirseachta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 7 le haghaidh bliain áirithe (n) a íoc i dtráthchuid aonair, a bheidh dlite faoi dheireadh mhí an Mhárta na bliana lena mbaineann sí. Ní aisíocfaidh ESMA an táille mhaoirseachta bhliantúil. 2. Seolfaidh ESMA an sonrasc ina sonrófar méid na táille maoirseachta bliantúla chuig na stórtha trádála 30 lá féilire ar a laghad roimh an dáta íocaíochta. Airteagal 12 Táillí aitheantais a íoc 1. Beidh na táillí aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 8(1) iníoctha ina n-iomláine tráth a dhéanfaidh an stór trádála iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna shonrasc ESMA. Ní aisíocfaidh ESMA an táille aitheantais. 2. Íocfar an táille mhaoirseachta bhliantúil le haghaidh stór trádála aitheantale haghaidh bliain ar leith (n) faoi dheireadh an tríú mí den bhliain féilire a mbeidh na táillí sin dlite. Seolfaidh ESMA an sonrasc ina sonrófar méid na táille maoirseachta bliantúla chuig an stór trádála aitheanta 30 lá féilire ar a laghad roimh an dáta íocaíochta.’ |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/648/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1003/2013 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála (IO L 279, 19.10.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2013/1003/oj).
(3) An Chúirt Iniúchóirí, An tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2018, (IO C 417, 11.12.2019, lch. 29 agus lch.85ff1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/360 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí a ghearrann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála (IO L 81, 22.3.2019, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/360/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/715/oj).
(6) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2365/oj).
(7) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1702/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)