This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R1488R(01)
Corrigendum to Council Implementing Regulation (EU) 2024/1488 of 27 May 2024 implementing Regulation (EU) 2024/1485 concerning restrictive measures in view of the situation in Russia (OJ L, 2024/1488, 27.5.2024)
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1488 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (IO L, 2024/1488, 27.5.2024)
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1488 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (IO L, 2024/1488, 27.5.2024)
IO L, 2024/90324, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1488/corrigendum/2024-05-29/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1488/corrigendum/2024-05-29/oj
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/90324 |
29.5.2024 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1488 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/1488, 27 Bealtaine 2024 )
Ar leathanach 8, den Iarscríbhinn, iontráil 16:
in ionad:
‘16. |
Sergey VOROBYOV (Сергей ВОРОБЬЕВ) |
Post: Ionchúisitheoir Stáit |
Mar ionchúisitheoir sa chás chúiseanna polaitiúla i gcoinne an chosantóra chearta an duine mór le rá Oleg Orlev, d’iarr Sergey Vorobyov go ngearrfaí pianbhreith 2 bhliain agus 11 mhí ar Oleg Orlov, ag áitiú gurb iad “an fuath agus an naimhdeas idé-eolaíoch” a spreag alt Orlov i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá Oleg Orlov, atá 70 bliain d’aois, ar dhuine de chosantóirí chearta an duine is mó a bhfuil meas air agus is faide ag obair sa Rúis, agus is duine de cheannairí na heagraíochta a bhuaigh Duais Síochána Nobel in 2022, Memorial Human Rights Defence Center (HRDC “Memorial”), eagraíocht a leachtaíodh mar chuid den chniogbheartaíocht shistéamach leathan ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil shíochánta, agus saoirse comhlachais sa Rúis. Cúisíodh Oleg Orlov as “míchlú a tharraingt” ar arm na Rúise, más fíor, tar éis alt tuairimíochta i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a fhoilsiú i meáin na Fraince, agus gearradh pianbhreith air ina leith. Dá bhrí sin, tá an t-ionchúisitheoir Sergey Vorobyov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, tríd an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. |
27.5.2024’ |
léitear:
‘16. |
Olesya Yurievna VOROBYOVA (Олеся Юрьевна ВОРОБЬЕВА) |
Post: Ionchúisitheoir Stáit Dáta breithe: 4.6.1981 |
Mar ionchúisitheoir sa chás chúiseanna polaitiúla i gcoinne an chosantóra chearta an duine mór le rá Oleg Orlev, d’iarr Olesya Yurievna Vorobyova go ngearrfaí pianbhreith 2 bhliain agus 11 mhí ar Oleg Orlov, ag áitiú gurb iad “an fuath agus an naimhdeas idé-eolaíoch” a spreag alt Orlov i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá Oleg Orlov, atá 70 bliain d’aois, ar dhuine de chosantóirí chearta an duine is mó a bhfuil meas air agus is faide ag obair sa Rúis, agus is duine de cheannairí na heagraíochta a bhuaigh Duais Síochána Nobel in 2022, Memorial Human Rights Defence Center (HRDC “Memorial”), eagraíocht a leachtaíodh mar chuid den chniogbheartaíocht shistéamach leathan ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil shíochánta, agus saoirse comhlachais sa Rúis. Cúisíodh Oleg Orlov as “míchlú a tharraingt” ar arm na Rúise, más fíor, tar éis alt tuairimíochta i gcoinne chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a fhoilsiú i meáin na Fraince, agus gearradh pianbhreith air ina leith. Trí Oleg Orlov a ionchúiseamh ar chúiseanna polaitiúla agus trí iarraidh go ngearrfaí pianbhreith i bpríosún air, tá an t-ionchúisitheoir Olesya Yurievna Vorobyova freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, tríd an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú. |
27.5.2024’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1488/corrigendum/2024-05-29/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)