Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0453

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/453 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2024 maidir le bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla le haghaidh earnálacha na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis san Iodáil

C/2024/576

IO L, 2024/453, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/453/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/453/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/453

6.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/453 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Feabhra 2024

maidir le bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla le haghaidh earnálacha na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis san Iodáil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 220(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Idir an 1 Eanáir 2022 agus an 30 Aibreán 2022, dheimhnigh an Iodáil 23 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5 agus thug sí fógra fúthu. Is iad sicíní Gallus domesticus, béaróga, turcaithe, lachain, agus guinithe na speicis atá buailte.

(2)

Rinne an Iodáil na bearta sláinte ainmhithe agus tréidliachta uile ba ghá láithreach agus go héifeachtúil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (3).

(3)

Go sonrach, rinne an Iodáil bearta rialaithe, faireacháin agus coisctheacha agus bhunaigh sí criosanna cosanta agus faireachais (‘na criosanna rialaithe’) de bhun Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2022/53 (4), (AE) 2022/106 (5), (AE) 2022/145 (6), (AE) 2022/198 (7), (AE) 2022/257 (8), (AE) 2022/349 (9), (AE) 2022/417 (10), (AE) 2022/454 (11), (AE) 2022/522 (12), (AE) 2022/623 (13) agus (AE) 2022/690 (14) ón gCoimisiún.

(4)

Maidir leis na bearta sláinte agus tréidliachta ba ghá, bearta a cuireadh i bhfeidhm chun leathadh an ghalair a shrianadh agus a dhíothú, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún go ndearnadh difear do líon an-mhór oibreoirí agus gur chaill na hoibreoirí sin ioncam nach raibh incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(5)

An 27 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún iarraidh fhoirmiúil ón Iodáil chun go ndéanfaí bearta eisceachtúla áirithe a pháirtmhaoiniú de bhun Airteagal 220(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh ráigeanna a deimhníodh idir an 1 Eanáir 2022 agus an 30 Aibreán 2022. An 14 Márta 2023, an 17 Bealtaine 2023, an 6 Nollaig 2023 agus an 12 Eanáir 2024, rinne údaráis na hIodáile a n-iarraidh a shoiléiriú agus a dhoiciméadú.

(6)

De thoradh na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta dá dtagraítear in aithris 3, cuireadh síneadh le tréimhsí branair, cuireadh toirmeasc ar éin a chur ar lonnú agus cuireadh srian ar ghluaiseachtaí i gcás gabháltais de gach cineál éanlaithe clóis sna criosanna rialaithe. Dá thoradh sin, cailleadh táirgeadh uibheacha goir, uibheacha tomhaltais, ainmhithe beo agus feola éanlaithe clóis ar na gabháltais sin, ach bhí caillteanais ann freisin de dheasca uibheacha agus feoil a scriosadh agus a íosghrádaíodh.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 220(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní mór páirtmhaoiniú an Aontais a bheith coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a d’iompair an Iodáil mar gheall ar na bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla ábhartha. Na huaschainníochtaí atá incháilithe do mhaoiniú i leith gach beart tacaíochta margaidh eisceachtúil, ba cheart don Choimisiún iad a shocrú tar éis dó grinnscrúdú a dhéanamh ar an iarraidh a fuarthas ón Iodáil i dtaca le ráigeanna a deimhníodh idir an 1 Eanáir 2022 agus an 30 Aibreán 2022.

(8)

Chun aon riosca róchúitimh a sheachaint, ba cheart méid ráta comhréidh an pháirtmhaoinithe a bhunú ar staidéir theicniúla agus eacnamaíocha nó ar dhoiciméid chuntasaíochta agus a shocrú ar leibhéal atá iomchuí i gcás gach ainmhí agus gach táirge de réir catagóirí.

(9)

Chun aon riosca cistithe dhúbailte a sheachaint, níor cheart cúiteamh a dhéanamh i leith na gcaillteanas le státchabhair nó le hárachas agus ba cheart an páirtmhaoiniú ón Aontas faoin Rialachán seo a bheith teoranta d’ainmhithe agus do tháirgí incháilithe nach bhfuarthas aon ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ina leith faoi Rialachán (AE) 2021/690.

(10)

Ba cheart méid agus fad na mbeart tacaíochta margaidh eisceachtúil dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun tacú leis an margadh. Go sonrach, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta tacaíochta margaidh eisceachtúla ach amháin maidir le táirgeadh uibheacha agus éanlaithe clóis ar na gabháltais atá lonnaithe sna criosanna rialaithe agus ar feadh fhad na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus na hIodáile atá ábhartha do na 23 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach a deimhníodh idir an 1 Eanáir 2022 agus an 30 Aibreán 2022.

(11)

Chun solúbthacht a áirithiú i gcás nach ionann líon na n-uibheacha ná na n-ainmhithe atá incháilithe do chúiteamh agus na huaslíonta a shocraítear sa Rialachán seo, líonta atá bunaithe ar mheastacháin, féadfar cúiteamh a choigeartú laistigh de theorainneacha áirithe, ar choinníoll go n-urramaítear an t-uasmhéid caiteachais a pháirtmhaoineoidh an tAontas.

(12)

Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart ach na híocaíochtaí sin a dhéanfaidh an Iodáil le tairbhithe faoin 30 Meán Fómhair 2024 ar a dhéanaí a bheith incháilithe do pháirtmhaoiniú ón Aontas. Níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (16), ar cuireadh Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (17) ina ionad amhail ón 1 Eanáir 2023.

(13)

Chun incháilitheacht agus cruinneas na n-íocaíochtaí a áirithiú, ba cheart don Iodáil seiceálacha ex ante a dhéanamh.

(14)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh an Iodáil na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Soláthróidh an tAontas páirtmhaoiniú a bheidh coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a d’iompair an Iodáil chun tacú le margadh na n-uibheacha agus na feola éanlaithe clóis ar bhuail 23 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach d’fhochineál H5 é, ar ráigeanna iad a bhraith an Iodáil agus ar thug sí fógra fúthu idir an 1 Eanáir 2022 agus an 30 Aibreán 2022.

Airteagal 2

1.   Ní bheidh caiteachas a d’iompair an Iodáil incháilithe do pháirtmhaoiniú ón Aontas ach amháin:

(a)

ar feadh fhad chur i bhfeidhm na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta dá dtagraítear i reachtaíocht an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 1; agus

(b)

maidir leis na gabháltais éanlaithe clóis sin a bhí faoi réir na mbeart sláinte ainmhithe agus tréidliachta agus atá lonnaithe sna criosanna dá dtagraítear i reachtaíocht an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn (‘na criosanna rialaithe’); agus

(c)

i gcás ina mbeidh sé íoctha ag an Iodáil leis na tairbhithe faoin 30 Meán Fómhair 2024 ar a dhéanaí; agus

(d)

murar thairbhigh an t-ainmhí nó an táirge, maidir leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a), d’aon chúiteamh trí bhíthin státchabhrach nó árachais agus mura bhfuarthas aon ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ina leith faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/690.

2.   Ní bheidh aon chuid den chaiteachas a íocfaidh an Iodáil tar éis an 30 Meán Fómhair 2024 incháilithe do mhaoiniú ón Aontas, gan beann ar an gcion den chaiteachas atá i gceist léi.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 46 670 790, mar a shonraítear thíos, uasmhéid an pháirtmhaoinithe ón Aontas:

(a)

i gcás caillteanais a bhaineann le tréimhsí fada branair sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:

(i)

EUR 0,020 in aghaidh an phuiléid in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 11 11 suas le 1 712 326 ainmhí ar a mhéad;

(ii)

EUR 0,062 in aghaidh na béaróige cáis in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 2 640 927 n-ainmhí ar a mhéad;

(iii)

EUR 0,070 in aghaidh na béaróige sciobóil in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 2 403 234 ainmhí ar a mhéad;

(iv)

EUR 0,062 in aghaidh na béaróige saor-raoin in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 61 052 ainmhí ar a mhéad;

(v)

EUR 0,092 in aghaidh na béaróige orgánaí in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 96 222 ainmhí ar a mhéad;

(vi)

EUR 0,046 in aghaidh an tsicín lena ramhrú in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 51 416 397 n-ainmhí ar a mhéad;

(vii)

EUR 0,054 in aghaidh an chábúin in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 149 980 ainmhí ar a mhéad;

(viii)

EUR 0,077 in aghaidh an tsicín órga in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 63 948 n-ainmhí ar a mhéad;

(ix)

EUR 0,092 in aghaidh an turcaí bhaininn in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 3 747 578 n-ainmhí ar a mhéad;

(x)

EUR 0,152 in aghaidh an turcaí fhirinn in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 5 025 869 n-ainmhí ar a mhéad;

(xi)

EUR 0,122 in aghaidh an turcaí bhaininn agus fhirinn mheasctha in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 11 280 ainmhí ar a mhéad;

(xii)

EUR 0,473 in aghaidh an turcaí pórúcháin in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 20 263 ainmhí ar a mhéad;

(xiii)

EUR 0,111 in aghaidh na lachan in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 10 suas le 89 600 ainmhí ar a mhéad;

(xiv)

EUR 0,055 in aghaidh na guine in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 50 suas le 307 904 ainmhí ar a mhéad;

(xv)

EUR 0,299 in aghaidh na guine pórúcháin in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 50 suas le 118 000 ainmhí ar a mhéad;

(b)

i gcás caillteanais a bhaineann le giorrú an timthrialla táirgeachta (luathmharú ainmhithe) sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:

(i)

EUR 0,059 in aghaidh an tsicín pórúcháin lena ramhrú in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 97 480 ainmhí ar a mhéad;

(ii)

EUR 0,473 in aghaidh an turcaí pórúcháin in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 42 066 ainmhí ar a mhéad;

(iii)

EUR 0,037 in aghaidh an phuiléid nó an tsicín tuaithe in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 11 11, arna íosghrádú, suas le 12 198 n-ainmhí ar a mhéad;

(iv)

EUR 0,103 in aghaidh an tsicín lena ramhrú nó an chábúin in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00, arna íosghrádú, suas le 16 451 130 ainmhí ar a mhéad;

(v)

EUR 0,132 in aghaidh an turcaí bhaininn in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30, arna íosghrádú, suas le 374 957 n-ainmhí ar a mhéad;

(vi)

EUR 0,224 in aghaidh an turcaí fhirinn in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30, arna íosghrádú, suas le 730 944 ainmhí ar a mhéad;

(c)

i gcás caillteanais a bhaineann leis na tréimhsí fada tógála agus ramhraithe sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:

(i)

EUR 0,066 in aghaidh an phuiléid chaighdeánaigh in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 11 11 suas le 872 739 n-ainmhí ar a mhéad;

(ii)

EUR 0,070 in aghaidh an phuiléid sciobóil in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 11 11 suas le 666 082 n-ainmhí ar a mhéad;

(iii)

EUR 0,139 in aghaidh an phuiléid orgánaigh in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 11 11 suas le 36 596 n-ainmhí ar a mhéad;

(iv)

EUR 0,081 in aghaidh an tsicín lena ramhrú in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 24 140 n-ainmhí ar a mhéad;

(v)

EUR 0,066 in aghaidh an tsicín tuaithe in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 94 00 suas le 1 716 n-ainmhí ar a mhéad;

(vi)

EUR 0,189 in aghaidh an turcaí bhaininn in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 513 948 n-ainmhí ar a mhéad;

(vii)

EUR 0,302 in aghaidh an turcaí fhirinn in aghaidh na seachtaine a thagann faoi chód AC 0105 99 30 suas le 378 384 n-ainmhí ar a mhéad;

(d)

i gcás caillteanas luacha ainmhithe agus táirgí sna criosanna rialaithe, beidh feidhm ag na rátaí comhréidhe seo a leanas:

(i)

EUR 0,132 in aghaidh na huibhe goir sicín a thagann faoi chód AC 0407 11 00, arna scriosadh, suas le 1 164 942 ubh ar a mhéad;

(ii)

EUR 0,525 in aghaidh na huibhe goir turcaí a thagann faoi chód AC 0407 19 11, arna scriosadh, suas le 552 137 n-ubh ar a mhéad;

(iii)

EUR 0,132 in aghaidh na huibhe goir guine a thagann faoi chód AC 0407 19 11, arna scriosadh, suas le 416 986 ubh ar a mhéad;

(iv)

EUR 0,228 in aghaidh an tsicín de chuid na dtréithchineálacha sicíní lena ramhrú a thagann faoi chód AC 0105 94 00, arna chiondíothú, suas le 8 733 309 n-ainmhí ar a mhéad;

(v)

EUR 0,340 in aghaidh an tsicín de chuid na dtréithchineálacha sicíní tuaithe a thagann faoi chód AC 0105 94 00, arna chiondíothú, suas le 87 750 ainmhí ar a mhéad;

(vi)

EUR 0,550 in aghaidh an tsicín de chuid na dtréithchineálacha turcaithe baineanna a thagann faoi chód AC 0105 99 30, arna chiondíothú, suas le 271 790 ainmhí ar a mhéad;

(vii)

EUR 1,000 in aghaidh an tsicín de chuid na dtréithchineálacha turcaithe fireanna a thagann faoi chód AC 0105 99 30, arna chiondíothú, suas le 396 850 ainmhí ar a mhéad;

(viii)

EUR 0,225 in aghaidh an tsicín de chuid na dtréithchineálacha guinithe a thagann faoi chód AC 0105 94 00, arna chiondíothú, suas le 44 193 ainmhí ar a mhéad;

(ix)

EUR 0,096 in aghaidh na huibhe goir a thagann faoi chód AC 0407 11 00, arna próiseáil ina táirgí uibhe, suas le 10 294 920 ubh ar a mhéad;

(x)

EUR 0,022 in aghaidh na huibhe cáis a thagann faoi chód AC 0407 21 00, arna próiseáil ina táirgí uibhe, suas le 8 414 970 ubh ar a mhéad;

(xi)

EUR 0,029 in aghaidh na huibhe ó chearc fara a thagann faoi chód AC 0407 21 00, arna próiseáil ina táirgí uibhe, suas le 449 280 ubh ar a mhéad;

(xii)

EUR 0,028 in aghaidh na huibhe orgánaí a thagann faoi chód AC 0407 21 00, arna próiseáil ina táirgí uibhe, suas le 1 188 000 ubh ar a mhéad.

2.   I gcás inar mó an líon uibheacha nó ainmhithe nó an méid feola atá incháilithe do chúiteamh ná an t-uaslíon uibheacha nó ainmhithe nó cileagram feola in aghaidh na míre a shocraítear i mír 1, féadfar an caiteachas atá incháilithe do pháirtmhaoiniú ón Aontas a choigeartú in aghaidh na míre agus a bheith níos mó ná na méideanna a eascraíonn as cur i bhfeidhm na n-uaslíonta in aghaidh na míre, ar choinníoll go mbeidh iomlán na gcoigeartuithe fós faoi bhun 20 % den uasmhéid caiteachais a pháirtmhaoineoidh an tAontas dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

Déanfaidh an Iodáil seiceálacha riaracháin agus seiceálacha ar an láthair i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

Fíoróidh an Iodáil an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

incháilitheacht an iarratasóra a bhfuil an iarraidh ar thacaíocht á cur isteach aige;

(b)

i gcás gach iarratasóra incháilithe: incháilitheacht, cainníocht agus luach an chaillteanais iarbhír táirgeachta;

(c)

nach bhfuair aon iarratasóir incháilithe cistiú ó aon fhoinse eile chun na caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a chúiteamh.

I gcás iarratasóirí incháilithe ar cuireadh seiceálacha riaracháin i gcrích ina leith, féadfar cabhair a íoc gan fanacht go dtí go ndéanfar gach seiceáil, go háirithe seiceálacha ar iarratasóirí a roghnaíodh le haghaidh seiceálacha ar an láthair. Mar sin féin, ní mór na seiceálacha uile ar an láthair a dhéanamh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis na n-íocaíochtaí.

I gcásanna nár deimhníodh incháilitheacht iarratasóra, déanfar an chabhair a aisghabháil agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/53 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 9, 14.1.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/53/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/106 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 18, 27.1.2022, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/106/oj).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/145 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 24, 3.2.2022, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/145/oj).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/198 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 31, 14.2.2022, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/198/oj).

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/257 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 42, 23.2.2022, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/257/oj).

(9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/349 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 64, 2.3.2022, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/349/oj).

(10)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/417 ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 85, 14.3.2022, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/417/oj).

(11)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/454 ón gCoimisiún an 16 Márta 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 92, 21.3.2022, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/454/oj).

(12)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/522 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 104, 1.4.2022, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/522/oj).

(13)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/623 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 115, 13.4.2022, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/623/oj).

(14)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/690 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2022 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/641 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 128, 2.5.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/690/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/690/oj).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/907/oj).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/127/oj).

(18)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta de reachtaíocht an Aontais ina liostaítear na criosanna rialaithe agus na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 2

Codanna den Iodáil agus tréimhsí arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus a shainítear sna Cinntí Cur Chun Feidhme seo a leanas:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/53;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/106;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/145;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/198;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/257;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/349;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/417;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/454;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/522;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/623;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/690.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/453/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top