Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0408

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/408 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

C/2024/556

IO L, 2024/408, 26.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/408/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/408/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/408

26.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/408 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Eanáir 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2)

Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiún,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj

(2)   IO L 150, 20.5.2014, lch. 1, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2014/510/oj

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1995/1484/oj).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh (1)

0207 14 10

Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

233,1

20

BR


(1)  Ainmníocht arna socrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an mionscagadh geografach i ndáil le staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/408/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top