Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0194

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/194 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2024 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT

C/2024/7

IO L, 2024/194, 9.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/194/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/194/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/194

9.1.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/194 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Eanáir 2024

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 123(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bpointe 2, an chéad mhír, pointe (e) d’Iarscríbhinn III, sna leaganacha Polainnise agus Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 ón gCoimisiún (2), tá earráid lena n-athraítear raon feidhme na n-oibríochtaí a thagann faoin gceanglas infheictheachta a leagtar amach san fhoráil sin.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Polainnise agus an leagan Ungáirise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta, arna seachadadh sular glacadh Rialachán (AE) Uimh. 2022/129,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT (IO L 20, 31.1.2022, lch. 197).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/194/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top