Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0163

Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/163 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le hOileáin Cayman agus an Iordáin a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn

C/2023/8595

IO L, 2024/163, 18.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/163/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/163/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/163

18.1.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/163 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le hOileáin Cayman agus an Iordáin a scriosadh ón tábla i bpointe I den Iarscríbhinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór don Aontas a áirithiú go ndéanfar cosaint éifeachtach ar shláine agus ar fheidhmiú cuí a chórais airgeadais agus an mhargaidh inmheánaigh ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, foráiltear le Treoir (AE) 2015/849 go ndéanfaidh an Coimisiún dlínsí tríú tíortha a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras féin maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), ar bagairtí móra iad ar chóras airgeadais an Aontais (‘tríú tíortha ardriosca’).

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún (2), sainaithnítear tríú tíortha ardriosca a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu.

(3)

I bhfianaise leibhéal ard an chomhtháthaithe sa chóras airgeadais idirnáisiúnta, an dlúthnaisc idir oibreoirí margaidh, an líon ard idirbheart trasteorann chuig an Aontas agus ón Aontas, mar aon le leibhéal oscailteachta an mhargaidh, is bagairt ar chóras airgeadais an Aontais í freisin aon bhagairt AML/CFT ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Threoir (AE) 2015/849, cuireann an Coimisiún an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil san áireamh, go háirithe na ráitis phoiblí le déanaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), liosta FATF de ‘Dhlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’, agus tuarascálacha FATF ón nGrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le tríú tíortha ar leith.

(5)

Ó rinneadh na leasuithe deireanacha ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675, rinne FATF a liosta ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ a thabhairt cothrom le dáta. Ag an gcruinniú iomlánach a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair 2023, bhain FATF Oileáin Cayman agus an Iordáin ón liosta sin. I bhfianaise na n-athruithe sin, rinne an Coimisiún measúnú chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849.

(6)

Tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar dhul chun cinn Oileáin Cayman agus na hIordáine maidir le haghaidh a thabhairt ar a n-easnaimh straitéiseacha. Sainaithnítear na tíortha sin mar thríú tíortha ardriosca i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ach scriosadh iad ó liosta FATF de ‘Dlínsí a bhfuil Faireachán Méadaithe á dhéanamh orthu’ i mí Dheireadh Fómhair 2023.

(7)

Ba dhíol sásaimh do FATF an dul chun cinn mór a rinne Oileáin Cayman agus an Iordáin maidir le feabhas a chur ar a gcórais AML/CFT agus thug FATF dá aire gur bhunaigh na tíortha sin creataí dlíthiúla agus rialála chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta faoi seach maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag FATF a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níl Oileáin Cayman agus an Iordáin faoi réir phróiseas faireacháin FATF a thuilleadh faoina phróiseas leanúnach domhanda comhlíontachta AML/CFT agus leanfaidh siad de bheith ag obair lena gcomhlachtaí réigiúnacha de chineál FATF chun a gcórais AML/CFT a neartú a thuilleadh.

(8)

Neartaigh Oileáin Cayman agus an Iordáin éifeachtacht a gcóras AML/CFT agus thug siad aghaidh ar easnaimh theicniúla chun na gealltanais ina bpleananna gníomhaíochta maidir leis na heasnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag FATF a chomhlíonadh. De bharr mheasúnú an Choimisiúin ar an bhfaisnéis atá ar fáil, tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil easnaimh straitéiseacha ag Oileáin Cayman ná ag an Iordáin a thuilleadh ina gcórais AML/CFT. Dá bhrí sin, is iomchuí Oileáin Cayman agus an Iordáin a bhaint den tábla i bpointe I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an tábla i bpointe I san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a ionadú leis an tábla atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí thríú tíortha ardriosca ag a bhfuil easnaimh straitéiseacha a shainaithint (IO L 254, 20.9.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/1675/oj).


IARSCRÍBHINN

‘‘Uimh.

Tríú tír ardriosca (1)

1

An Afganastáin

2

Barbadós

3

Buircíne Fasó

4

Camarún

5

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

6

Giobráltar

7

Háítí

8

Iamáice

9

Mailí

10

Mósaimbíc

11

Maenmar

12

An Nigéir

13

Panama

14

Na hOileáin Fhilipíneacha

15

An tSeineagáil

16

An Afraic Theas

17

An tSúdáin Theas

18

An tSiria

19

An Tansáin

20

Oileán na Tríonóide agus Tobága

21

Uganda

22

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

23

Vanuatú

24

Vítneam

25

Éimin


(1)  Gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne maidir le ceannasacht agus dlínse i ndáil le críoch Ghiobráltar.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/163/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top