This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024R0020
Commission Implementing Regulation (EU) 2024/20 of 12 December 2023 concerning the non-renewal of the approval of the active substance S-metolachlor, in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council, and amending Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/20 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/20 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
C/2023/8521
IO L, 2024/20, 3.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/20/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/20 |
3.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/20 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Nollaig 2023
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2005/3/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh S-meitileaclór mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
De réir Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 15 Samhain 2024. |
(4) |
Cuireadh iarratais faoi bhráid na Gearmáine, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Fraince, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
(5) |
Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha riachtanacha faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir na hiarratais a bheith comhlánaithe ina n-iomláine. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 6 Meán Fómhair 2018. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(8) |
An 29 Meán Fómhair 2022, i bhfianaise go raibh gach gné den mheasúnú curtha i gcrích, cé is moite de na hairíonna suaite inchrínigh, agus gur aithníodh roinnt príomhréimsí imní, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás torthaí an mheasúnaithe riosca ar an tsubstaint ghníomhach S-meitileaclór a chur ar fáil, lena n-áirítear a chonclúid i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh S-meitileaclór na critéir formheasa a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cé is moite den mheasúnú iomlán ar na hairíonna suaite inchrínigh. |
(9) |
An 3 Feabhra 2023 chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (6) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh S-meitileaclór na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(10) |
D’aithin an tÚdarás roinnt príomhréimsí imní. I dtús báire, tháinig sé ar an gconclúid go bhféadfadh S-meitileaclór agus a mheitibilítí ábhartha atá gníomhach ón taobh luibhicídeach de a bheith i láthair i screamhuisce ar leibhéal is airde ná an teorainn pharaiméadrach 0,1 μg/L le haghaidh uisce óil, agus, ina theannta sin, go dtuartar na meitibilítí sin a bheith os cionn 0,1 μg/L i ngach cás le haghaidh gach úsáid ionadaíoch ar bhonn samhaltú screamhuisce. Thairis sin, chinn an tÚdarás go bhfuil féidearthacht ard ann go dtarlódh teagmháil os cionn theorann pharaiméadrach 0,1 μg/L le haghaidh uisce óil i gcás meitibilítí atá ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta de mar gheall ar ábhair imní nó bearnaí sonraí maidir le géineatocsaineacht agus/nó carcanaigineacht. Ar deireadh, d’aithin an tÚdarás freisin ardriosca ó nimhiú tánaisteach do mhamaigh a itheann péisteanna talún. |
(11) |
De bhun Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, chuir an Coimisiún dréacht-tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, lena scrúdú i mí na Bealtaine 2023. Chuir an Buanchoiste bailchríoch ar an dréacht-tuarascáil athnuachana an 12 Iúil 2023. |
(12) |
D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach maidir le conclúidí an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú mír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an dréacht-tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(13) |
D’ainneoin na n-argóintí a rinne na hiarratasóirí, áfach, ní fhéadfaí na hábhair imní maidir leis an tsubstaint ghníomhach a chur as an áireamh. |
(14) |
Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil S-meitileaclór, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan. |
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
(16) |
Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit údaruithe táirgí cosanta plandaí ina bhfuil S-meitileaclór a tharraingt siar. |
(17) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil S-meitileaclór, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, an 23 Iúil 2024. |
(18) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún (7) cuireadh síneadh le tréimhse formheasa S-meitileaclóir go dtí an 15 Samhain 2024 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh gan an formheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tús a bheith le feidhm an Rialacháin seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
(19) |
Leis an Rialachán seo ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach ar fhormheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(20) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí S-meitileaclór a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 97 maidir le S-meitileaclór.
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil S-meitileaclór mar shubstaint ghníomhach a tharraingt siar faoin 23 Aibreán 2024.
Airteagal 4
Tréimhse cairde
Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 23 Iúil 2024.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2005/3/CE ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2005 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun iomasasulfúrón, lamanáirin, meatocsaifeinisíd agus s-meitileaclór a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 20, 22.1.2005, lch. 19).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach S-meitileaclór, cé is moite den mheasúnú ar na hairíonna suaite inchrínigh EFSA Journal (Iris EPSA 2023;21(2):7852; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2023.7852).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 160).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/20/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)