Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L2881

Treoir (AE) 2024/2881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le aercháilíocht chomhthimpeallach agus aer níos glaine don Eoraip (athmhúnlú)

PE/88/2024/REV/1

IO L, 2024/2881, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2881/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2881/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2881

20.11.2024

TREOIR (AE) 2024/2881 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2024

maidir le aercháilíocht chomhthimpeallach agus aer níos glaine don Eoraip

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoracha 2004/107/CE (4) agus 2008/50/CE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú go substaintiúil. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh orthu, ba cheart na Treoracha sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

I dTeachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, leag an Coimisiún treochlár uaillmhianach amach chun an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní, arb é is aidhm leis caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Go sonrach i dtaobh aer glan, thug an Coimisiún gealltanas an aercháilíocht a fheabhsú tuilleadh agus caighdeáin aercháilíochta an Aontais a ailíniú go pointe níos dlúithe le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). D’fhógair an Coimisiún freisin sa Chomhaontú Glas don Eoraip go neartófaí na forálacha maidir le faireachán, samhaltú agus pleanáil i leith aercháilíochta.

(3)

I dTeachtaireacht uaidh an 12 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Aer, Uisce agus Ithir Saor ó Thruailliú’ chuir an Coimisiún ‘Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach’ ar bun lena dtugtar aghaidh, inter alia, ar ghnéithe truaillithe den Chomhaontú Glas don Eoraip agus lena dtugtar gealltanas freisin i leith laghdú níos mó ná 55 % ar thionchar an truaillithe aeir ar an tsláinte a bhaint amach faoi 2030, mar aon le laghdú 25 % ar thionchar an truaillithe aeir ar éiceachórais an Aontais ina bhfuil truailliú aeir ina bhagairt ar an mbithéagsúlacht.

(4)

Leagtar amach freisin sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach fís do 2050, ina laghdófaí an truailliú aeir go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach d’éiceachórais sláinte agus nádúrtha. Chuige sin, ba cheart cur chuige céimnithe a shaothrú i ndáil le caighdeáin aercháilíochta an Aontais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena mbunófar caighdeáin aercháilíochta do 2030 agus ina dhiaidh sin, agus lena bhforbrófar peirspictíocht maidir le hailíniú le Treoirlínte EDS is cothroime le dáta maidir le hAercháilíocht faoi 2050 ar a dhéanaí, bunaithe ar shásra athbhreithnithe rialta chun an fhianaise eolaíoch is déanaí a chur san áireamh. I bhfianaise na nasc idir laghdú ar thruailliú agus dícharbónú, ba cheart an cuspóir fadtéarmach a shaothrú, is é sin an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, in éineacht le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(5)

I mí Mheán Fómhair 2021, rinne EDS nuashonrú ar a Threoirlínte Aercháilíochta, bunaithe ar athbhreithniú córasach ar an bhfianaise eolaíoch maidir le héifeachtaí an truaillithe aeir ar an tsláinte. I dTreoirlínte nuashonraithe EDS maidir le hAercháilíocht, leagtar béim ar fhianaise nua maidir le héifeachtaí a tharlaíonn ag leibhéil ísle teagmhala do thruailliú aeir, agus foirmlítear leibhéil treoirlíne aercháilíochta níos ísle d’ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5) agus do dhé-ocsaíd nítrigine i gcomparáid le treoirlínte roimhe seo. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo an fhianaise eolaíoch is déanaí, lena n-áirítear na Treoirlínte Aercháilíochta is cothroime le dáta de chuid EDS.

(6)

Le tríocha bliain anuas, tá laghduithe seasta bainte amach le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta ar astaíochtaí truailleán díobhálach aeir agus ar na feabhsuithe comhfhreagracha ar aercháilíocht. Léiríonn na roghanna beartais a ndearnadh anailís orthu faoin measúnú tionchair a ghabhann leis an Treoir seo glantairbhí socheacnamaíocha breise a bhaineann le truailliú aeir a laghdú tuilleadh, agus is mó go mór na tairbhí sláinte agus comhshaoil réamh-mheasta ná na costais cur chun feidhme a bhfuiltear ag súil leo.

(7)

Agus na bearta ábhartha á ndéanamh acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun an cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach i dtaca leis an truailliú aeir, ba cheart na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a bheith faoi threoir phrionsabal an réamhchúraim, agus na bprionsabal gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh, gur cheart, mar thosaíocht, damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus ba cheart d’údar an truaillithe íoc as, arna mbunú sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus faoi threoir an phrionsabail ‘gan dochar a dhéanamh’ sa Chomhaontú Glas don Eoraip, mar aon le ceart an duine chun comhshaol glan, sláintiúil agus inbhuanaithe a aithint mar a aithnítear i Rún 76/300 ar ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an 28 Iúil 2022. Ba cheart dóibh, inter alia, na heilimintí seo a leanas a chur san áireamh: rannchuidiú aercháilíochta le sláinte an duine, le cáilíocht an chomhshaoil agus athléimneacht na n-éiceachóras, folláine na saoránach, comhionannas agus cosaint daonraí íogaire agus grúpaí leochaileacha, costais cúraim sláinte, rathúnas na sochaí, fostaíocht agus iomaíochas an gheilleagair; an t-aistriú fuinnimh, slándáil fuinnimh neartaithe agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh; slándáil agus inacmhainneacht bia; réitigh soghluaisteachta agus iompair inbhuanaithe agus chliste agus bonneagar gaolmhar, a fhorbairt; tionchar na n-athruithe iompraíochta; tionchar na mbeartas fioscach; cothroime agus dlúthpháirtíocht ar fud na mBallstát agus laistigh díobh, i bhfianaise a gcumais eacnamaíoch, a n-imthosca náisiúnta, amhail sainiúlachtaí oileán, agus an gá atá le cóineasú le himeacht ama; an gá atá leis an aistriú a bheith cóir agus cothrom ó thaobh na sochaí de trí chláir oideachais agus oiliúna iomchuí a chur i gcrích, lena n-áirítear do ghairmithe cúraim sláinte; an fhianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus is cothroime le dáta, go háirithe na torthaí a thuairiscigh EDS; an gá atá le rioscaí a bhaineann le truailliú aeir a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta agus pleanála; cost-éifeachtúlacht, na réitigh theicneolaíocha is fearr atá ar fáil agus neodracht theicneolaíoch maidir le laghduithe ar astaíochtaí truailleán aeir a bhaint amach, agus dul chun cinn le himeacht ama i dtaca le sláine an chomhshaoil agus i dtaca leis an leibhéal uaillmhéine.

(8)

Leis an Treoir seo, rannchuidítear le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe SDGanna 3, 7, 10, 11 agus 13.

(9)

Le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an ‘8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil’) bunaítear, inter alia, an cuspóir timpeallacht saor ó thocsainí a bhaint amach agus sláinte agus folláine daoine, ainmhithe agus éiceachórais a chosaint ar rioscaí agus ar thionchair dhiúltacha a bhaineann leis an gcomhshaol, agus, chun na críche sin, sonraítear go mbeidh gá, inter alia, le modhanna faireacháin a fheabhsú tuilleadh, le comhar idirnáisiúnta níos fearr, le faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phobal agus le rochtain ar cheartas. Leis sin, treoraítear na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo.

(10)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin, a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, agus inter alia, na costais dhíreacha agus indíreacha cúraim sláinte a bhaineann le truailliú aeir, tionchair shocheacnamaíocha, costais chomhshaoil, agus forbairtí iompraíochta, fioscacha agus teicneolaíocha. Ar bhonn a athbhreithnithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na caighdeáin aercháilíochta is infheidhme fós iomchuí chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún an chéad athbhreithniú a dhéanamh faoin 31 Nollaig 2030. Agus athbhreithniú á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna agus ar amlínte chun caighdeáin aercháilíochta a ailíniú leis na Treoirlínte is déanaí maidir le Cáilíocht an Aeir de chuid EDS, an gá na caighdeáin aercháilíochta a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise na faisnéise eolaíche is déanaí, ar cheart truailleáin aeir bhreise a chumhdach agus ar cheart forálacha maidir le spriocdhátaí gnóthachtála agus truailliú aeir trasteorann a leasú. Tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis, togra a thíolacadh chun caighdeáin aercháilíochta a athbhreithniú nó truailleáin eile aeir a chumhdach. I gcás ina measann an Coimisiún gur gá sin, ba cheart dó tograí a thíolacadh freisin chun aon reachtaíocht ábhartha maidir le foinsí a thabhairt isteach nó a athbhreithniú chun rannchuidiú leis na caighdeáin aercháilíochta athbhreithnithe atá beartaithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí breise a mholadh a bheidh le déanamh ar leibhéal an Aontais.

(11)

Ba cheart cur chuige coiteann a úsáid maidir le measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht chomhthimpeallach, trí chritéir mheasúnaithe choiteanna a fheidhmiú. Agus aercháilíocht chomhthimpeallach á meas, ba cheart méid na ndaonraí agus na n-éiceachóras a bhíonn i dteagmháil le truailliú aeir a chur i gcuntas. Is iomchuí, dá bhrí sin, críoch gach Ballstáit a aicmiú ina limistéir lena léirítear an dlús daonra agus aonaid chríochacha mheánteagmhála.

(12)

Ba cheart tomhais sheasta a bheith éigeantach i limistéir ina bhfuil tairseacha measúnaithe á sárú. Le feidhmchláir samhaltaithe agus tomhais tháscacha, anuas ar fhaisnéis ó thomhais sheasta, is féidir sonraí pointí a léirmhíniú de réir dháileadh geografach an chomhchruinnithe. Le húsáid a bhaint as na teicníochtaí forlíontacha measúnaithe sin, ba cheart a bheith in ann an líon íosta pointí samplála is gá le haghaidh tomhais sheasta a laghdú i limistéir ina gcomhlíonfar teorainnluachanna nó spriocluachanna ach go sáraítear an tairseach mheasúnaithe iontu. I limistéir ina sáraítear teorainnluachanna nó spriocluachanna, ó 2 bhliain tar éis gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le feidhmchláir samhaltaithe agus maidir le hionadaíochas spásúil na bpointí samplála a chinneadh, ba cheart feidhmchláir samhaltaithe nó tomhais tháscacha a úsáid sa bhreis ar thomhais sheasta éigeantacha chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú. Ba cheart faireachán breise a dhéanamh ar thiúchain chúlra agus ar dheascadh truailleán san aer comhthimpeallach ionas gur féidir tuiscint níos fearr a fháil ar leibhéil truaillithe agus ar scaipeadh.

(13)

I gcás inarb infheidhme, ba cheart feidhmchláir samhaltaithe a chur i bhfeidhm le gur féidir sonraí pointí a léirmhíniú de réir dháileadh geografach an chomhchruinnithe truailleán, a d’fhéadfadh cuidiú le sáruithe ar chaighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a bhrath, bonn eolais a chur ar fáil do phleananna aercháilíochta agus do threochláir aercháilíochta agus do phointí samplála a chur ar bun. Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faireachán ar aercháilíocht a leagtar síos sa Treoir seo, chun críoch faireacháin, spreagtar na Ballstáit táirgí faisnéise agus uirlisí forlíontacha a shaothrú, amhail trí thuarascálacha rialta ar mheastóireacht agus ar mheasúnú cáilíochta nó feidhmchláir bheartais ar líne, arna soláthar ag an gcomhpháirt um Fhaireachán na Cruinne de Chlár Spáis an Aontais, go háirithe Seirbhís Copernicus um Fhaireachán ar an Atmaisféar.

(14)

Tá sé tábhachtach truailleáin a bhfuil imní ag teacht chun cinn ina leith, amhail cáithníní sármhíne, carbón dubh agus carbón eiliminteach, chomh maith le hamóinia agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, a thomhas ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna tuaithe agus ag cúlsuíomhanna uirbeacha araon chun tacú le tuiscint eolaíoch ar a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, mar a mhol EDS. I gcás na mBallstát a bhfuil a gcríoch níos lú ná 10 000 km2, ba leor tomhas ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha.

(15)

Ba cheart ábhar cáithníneach sármhín (PM2,5) a thomhas go mion chun tuiscint níos fearr a fháil ar iarmhairtí an truailleáin sin agus chun beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart na tomhais sin a dhéanamh ar dhóigh atá comhsheasmhach le tomhais an chomhchláir chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar tharchur fadraoin truailleán aeir san Eoraip (EMEP) arna bhunú faoi Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) 1979 Coinbhinsiún um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin arna fhaomhadh le Cinneadh 81/462/CEE (8) ón gComhairle agus na Prótacail lena mbaineann, lena n-áirítear Prótacal 1999 chun laghdú a dhéanamh ar an Aigéadú, ar an Eotrófú agus ar an Ózón ar Leibhéal na Talún, a ndearnadh athbhreithniú air in 2012.

(16)

Chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear maidir le truailliú aeir ionadaíoch a dhóthain agus inchomparáide ar fud an Aontais, tá sé tábhachtach go n-úsáidfear teicnící caighdeánaithe tomhais agus critéir choiteanna maidir le líon agus suíomh na bpointí samplála chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht chomhthimpeallach. Is féidir teicníochtaí nach tomhais iad a úsáid chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheas agus dá bhrí sin is gá critéir a shainiú le haghaidh úsáid agus cruinneas riachtanach na dteicníochtaí sin.

(17)

Aithnítear gur saincheist thábhachtach é modhanna tomhais tagartha a sholáthar. Tá sainordú tugtha ag an gCoimisiún cheana féin d’obair maidir le caighdeáin EN a ullmhú chun hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a thomhas agus chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras braiteora chun tiúchan truailleán gásach agus ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5) san aer comhthimpeallach a chinneadh d’fhonn iad a fhorbairt agus a ghlacadh go luath. In éagmais mhodhanna caighdeánacha EN, ba cheart úsáid modhanna tomhais tagartha caighdeánacha idirnáisiúnta, modhanna tomhais tagartha caighdeánacha náisiúnta nó sonraíochtaí teicniúla de chuid an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN) a cheadú.

(18)

Chun sláinte an duine agus an comhshaol ina iomláine a chosaint, tá sé thar a bheith tábhachtach astaíochtaí truailleán a chomhrac ag an bhfoinse agus na bearta is éifeachtaí chun astaíochtaí a laghdú a shainaithint agus a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe maidir le hastaíochtaí ó na hearnálacha talmhaíochta, tionsclaíochta, iompair, córas téimh agus fuaraithe agus giniúna fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart astaíochtaí truailleán díobhálach aeir a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus ba cheart caighdeáin iomchuí maidir le haercháilíocht a leagan síos ar bhonn, inter alia, na fianaise eolaíche is cothroime le dáta, lena n-áirítear moltaí EDS.

(19)

Léirítear i bhfianaise eolaíoch go bhfuil dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus oscaídí nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5),beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil, roinnt hidreacarbón il-timthriallach aramatach agus ózón ina gcúis le roinnt éifeachtaí diúltacha suntasacha ar shláinte an duine, agus go bhfuil siad nasctha le roinnt galair neamhtheagmhálacha, fadhbanna díobhálacha sláinte agus ráta níos airde básmhaireachta. Eascraíonn an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as tiúchaintí san aer comhthimpeallach agus as deascadh.

(20)

Cé gur fadhb sláinte uilíoch é truailliú aeir, níl na rioscaí dáilte go cothrom i measc an phobail, agus daonra íogair agus grúpaí leochaileacha i mbaol níos mó díobhála ná grúpaí eile. Aithnítear sa Treoir seo na rioscaí méadaithe agus na riachtanais shonracha atá ag daonra íogair agus ag grúpaí leochaileacha maidir le truailliú aeir agus is é is aidhm léi iad a chur ar an eolas agus a chosaint.

(21)

De réir Thuarascáil Uimh. 22/2018 ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil dar teideal ‘Teagmháil neamh-chomhionann agus tionchair neamh-chomhionanna: leochaileacht shóisialta maidir le truailliú aeir, torann agus teochtaí foircneacha san Eoraip’, is gnách go mbíonn tionchar níos mó ag truailliú aeir ar shláinte daoine a bhfuil stádas socheacnamaíoch níos ísle acu ná sláinte an phobail i gcoitinne mar thoradh ar a dteagmháil níos mó agus toisc go bhfuil siad níos leochailí. Cuirtear san áireamh sa Treoir seo gnéithe sóisialta an truaillithe aeir agus tionchair shocheacnamaíocha na mbeart a rinneadh.

(22)

Na héifeachtaí a bhaineann le harsanaic, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha ar shláinte an duine, lena n-áirítear éifeachtaí trí bhíthin an tslabhra bia, agus an chomhshaoil, eascraíonn siad freisin as deascadh. Ba cheart carnadh na substaintí sin in ithreacha agus cosaint screamhuisce a chur san áireamh.

(23)

Ba cheart meánteagmháil an daonra leis na truailleáin lena mbaineann an tionchar is mó dá bhfuil doiciméadaithe ar shláinte an duine, mínábhar cáithníneach (PM2,5) agus dé-ocsaíd nítrigine, a laghdú de réir mholtaí EDS is cothroime le dáta. Chuige sin, ba cheart an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a thabhairt isteach mar chaighdeán aercháilíochta comhlántaí sa bhreis ar theorainnluachanna, ach níor cheart í a bheith ina hionad do theorainnluachanna.

(24)

Léiríodh sa tSeiceáil Oiriúnachta ar na Treoracha Aercháilíochta Comhthimpeallaí, lena gcumhdaítear Treoir 2004/107/CE agus Treoir 2008/50/CE go bhfuil teorainnluachanna níos éifeachtaí maidir le tiúchaintí truailleán a ísliú ná cineálacha eile caighdeán aercháilíochta, amhail spriocluachanna. Agus é mar aidhm éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a íoslaghdú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaonraí íogaire, agus ar an gcomhshaol ba cheart teorainnluachanna a shocrú don tiúchan de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach. Ba cheart beinsi(a)piréin a úsáid mar shlat tomhais don riosca carcanaigineach a bhaineann le hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach.

(25)

Chun go mbeidh na Ballstáit in ann ullmhú do na caighdeáin aercháilíochta athbhreithnithe a leagtar síos leis an Treoir seo agus chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú ba cheart teorainnluachanna agus spriocluachanna, ar feadh tréimhse eatramhach, a bheith comhionann leis na cinn a leagtar síos faoi na Treoracha aisghairthe go dtí go dtiocfaidh na teorainnluachanna nua i bhfeidhm.

(26)

Is truailleán trasteorann é ózón a fhoirmítear san atmaisféar as astaíochtaí príomhthruailleán. Tugtar aghaidh ar chuid de na truailleáin sin san aer i dTreoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Bíonn drochthionchar ag ózón ar leibhéal na talún ní hamháin ar shláinte an duine ach ar an bhfásra agus ar na héiceachórais freisin. Ba cheart an dul chun cinn i dtreo na spriocluachanna agus na gcuspóirí fadtéarmacha i dtaca le hózón arna leagan amach sa Treoir seo a chinneadh de réir na spriocanna agus na ngealltanas laghdaithe astaíochtaí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/2284 agus trí chur chun feidhme na mbeart costéifeachtach, na dtreochlár aercháilíochta agus, i gcás inarb iomchuí, na bpleananna aercháilíochta.

(27)

Na spriocluachanna ózóin agus na cuspóirí fadtéarmacha i ndáil le cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an bhfásra agus ar éiceachórais mar thoradh ar theagmháil le hózón, ba cheart iad a nuashonrú i bhfianaise na fianaise eolaíche is cothroime le dáta, lena n-áirítear moltaí EDS.

(28)

Ba cheart tairseach foláirimh agus tairseach faisnéise le haghaidh dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5) agus ózóin a shocrú chun an daonra ginearálta, agus go háirithe daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, a chosaint ar theagmhálacha gearrthréimhseacha le tiúchaintí méadaithe truailleán. Ba cheart do na tairseacha sin scaipeadh faisnéise i measc an phobail a spreagadh maidir leis na rioscaí sláinte gaolmhara a bhaineann le teagmháil agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le cur chun feidhme na mbeart gearrthéarma chun na leibhéil truaillithe a laghdú i gcás ina sáraítear an tairseach foláirimh.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE, is féidir leis na Ballstáit bearta cosanta níos déine a choinneáil nó a thabhairt isteach ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach leis na Conarthaí agus go gcuirtear in iúl don Choimisiún iad. Féadfaidh míniú a bheith ag gabháil leis an bhfógra sin ar an bpróiseas maidir leis an gcaoi ar bunaíodh na caighdeáin aercháilíochta sin agus maidir leis an bhfaisnéis eolaíoch a úsáideadh.

(30)

I gcás ina bhfuil stádas na haercháilíochta go maith cheana féin, ba cheart é a choinneáil nó a fheabhsú. Na caighdeáin aercháilíochta a leagtar síos sa Treoir seo, i gcás gur ann do bhaol nach gcomhlíonfar iad, nó i gcás nár comhlíonadh iad, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh i gcomhréir leis na hamlínte ábhartha arna mbunú faoin Treoir seo chun na teorainnluachanna, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus leibhéil chriticiúla a chomhlíonadh agus, i gcás inar féidir, na spriocluachanna agus na cuspóirí fadtéarmacha ózóin a bhaint amach.

(31)

Is substaint an-ghuaiseach é mearcair do shláinte an duine agus don chomhshaol. Bíonn sé ann ar fud an chomhshaoil agus, i bhfoirm meitilmearcair, d’fhéadfadh sé carnadh in orgánaigh, agus comhchruinniú go háirithe in orgánaigh a bhíonn níos airde sa slabhra bia. Is féidir mearcair a scaoiltear isteach san atmaisféar a iompar thar achair fhada.

(32)

Maidir le Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), is é is aidhm dó sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar scaoileadh mearcair, bunaithe ar chur chuige saolré, agus táirgeadh, úsáid, cóireáil dramhaíola agus astaíochtaí á gcur san áireamh. Le forálacha maidir le faireachán a dhéanamh ar mhearcair sa Treoir seo, comhlánaítear an Rialachán sin agus soláthraítear faisnéis ina leith.

(33)

Is in áiteanna amach ó limistéir uirbeacha is tábhachtaí na rioscaí a thagann as truailliú aeir don fhásra agus d’éiceachórais nádúrtha. Dá bhrí sin, ba cheart gur ar áiteanna amach ó limistéir fhoirgnithe a dhíreodh an measúnú ar na rioscaí sin agus ar chomhlíonadh na leibhéal criticiúil chun an fásra a chosaint. Leis an measúnú sin, ba cheart ceanglais de bhun Threoir (AE) 2016/2284 a chur san áireamh agus a chomhlánú maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchair an truaillithe aeir ar éiceachórais talún agus uisceacha, agus chun tionchair den sórt sin a thuairisciú.

(34)

Is féidir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha ach ní féidir é a rialú. Dá bhrí sin, i gcás inar féidir rannchuidiú nádúrtha le truailleáin in aer comhthimpeallach a chinneadh le cinnteacht leordhóthanach, agus i gcásanna inarb é an rannchuidiú nádúrtha sin is cúis le sáruithe, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart a bheith in ann, faoi na coinníollacha arna leagan síos leis an Treoir seo, an rannchuidiú a dhealú agus comhlíonadh teorainnluachanna aercháilíochta agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála á measúnú. Ba cheart a bheith in ann rannchuidiú le sáruithe ar theorainnluachanna an ábhair cháithnínigh (PM10) atá inchurtha i leith gaineamh nó salann a bheith á gcur ar na bóithre sa gheimhreadh a dhealú nuair atá measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na dteorainnluachanna aercháilíochta ar choinníoll go ndearnadh bearta réasúnta chun na tiúchaintí a ísliú. Ní chuireann asbhaintí na rannchuidithe sin cosc ar na Ballstáit beart a dhéanamh chun a dtionchar ar an tsláinte a laghdú.

(35)

Tá sé ríthábhachtach faireachán córasach a dhéanamh ar aercháilíocht i dteophointí truaillithe aeir, lena n-áirítear i gcás ina mbíonn tionchar mór ag astaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe ar leibhéal an truaillithe aeir, rud a d’fhéadfadh daoine aonair agus grúpaí daonra a nochtadh do rioscaí méadaithe maidir le héifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit pointí samplála a shuiteáil sna teophointí truaillithe aeir agus bearta iomchuí a dhéanamh chun tionchar an truaillithe aeir ar shláinte an duine sna teophointí sin a íoslaghdú.

(36)

Maidir le limistéir ina bhfuil na dálaí an-deacair, ba cheart é a bheith indéanta, go heisceachtúil, an spriocdháta a chur siar maidir le comhlíonadh na dteorainnluachanna aercháilíochta i gcásanna ina bhfuil géardheacrachtaí comhlíonta ann, d’ainneoin chur chun feidhme na mbeart laghdaithe truaillithe iomchuí, i limistéir shonracha agus i gceirtleáin shonracha. Ba cheart treochlár aercháilíochta cuimsithí a bheith ag gabháil le haon chur siar le haghaidh limistéar áirithe agus beidh an treochlár sin le measúnú ag an gCoimisiún. I gcás den sórt sin, leis an treochlár aercháilíochta, ba cheart bearta iomchuí a leagan amach chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir. Ba cheart do na Ballstáit a léiriú freisin gur cuireadh na bearta ina dtreochláir aercháilíochta chun feidhme chun comhlíonadh a áirithiú.

(37)

Ba cheart pleananna aercháilíochta a fhorbairt do limistéir nó d’aonaid chríochacha mheánteagmhála ina sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach na teorainnluachanna ábhartha aercháilíochta, na spriocluachanna nó na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála. Ba cheart pleananna aercháilíochta a fhorbairt agus a nuashonrú freisin le haghaidh sáruithe ar spriocluachanna ózóin, ach amháin mura bhfuil aon fhéidearthacht shuntasach ann tiúchan ózóin a laghdú faoi chúinsí áirithe agus bheadh costais dhíréireacha i gceist leis na bearta chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin.

(38)

Astaítear truailleáin aeir óna lán foinsí agus gníomhaíochtaí éagsúla. Chun comhleanúnachas idir beartais éagsúla a áirithiú, ba cheart pleananna cáilíochta aeir nó treochláir aercháilíochta a bheith comhsheasmhach i gcás inarb indéanta le pleananna agus cláir arna n-ullmhú de bhun Threoir 2002/49/CE (11) agus Threoir 2010/75/AE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir (AE) 2016/2284.

(39)

Mar a bhunaítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (13), cé go bhfuil plean aercháilíochta dréachtaithe, ní chiallaíonn sé sin ann féin gur chomhlíon Ballstát a oibleagáidí chun a áirithiú nach sáraíonn leibhéil na dtruailleán aeir na caighdeáin aercháilíochta a bhunaítear leis an Treoir seo.

(40)

Ba cheart treochláir aercháilíochta a ullmhú roimh 2030 i gcás ina bhfuil baol ann nach mbainfidh na Ballstáit na teorainnluachanna nó, i gcás inarb iomchuí, na spriocluachanna amach faoin dáta sin chun a áirithiú go laghdófar leibhéil na dtruailleán dá réir sin. Ba cheart beartais agus bearta a leagan amach sna treochláir aercháilíochta chun na teorainnluachanna sin agus, i gcás inarb iomchuí, na spriocluachanna a chomhlíonadh faoin spriocdháta gnóthachtála. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, agus d’ainneoin na téarmaíochta sonraí a úsáidtear, is cineál plean aercháilíochta é treochlár aercháilíochta mar a shainmhínítear sa Treoir seo.

(41)

Ba cheart pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú lena léireofar na bearta a bheidh le déanamh sa ghearrthéarma i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar ceann amháin nó níos mó de na tairseacha foláirimh chun an riosca sin a laghdú agus a fhad a theorannú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, in imthosca áirithe, staonadh ó phleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha den sórt sin a bhunú maidir le hózón mura bhfuil aon fhéidearthacht shuntasach ann riosca, fad nó déine sáraithe den sórt sin a laghdú.

(42)

Níl aon teorainn le truailliú aeir, rud a dhéanann difear don Aontas ina iomláine. I bhformhór na mBallstát, gintear sciar suntasach den truailliú lasmuigh dá gcríoch. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile más rud é, tar éis truailliú suntasach de thionscnamh Ballstáit eile, go sáraíonn, nó gur dócha go sárófar, leibhéal an truailleáin aon teorainnluach, spriocluach, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó an tairseach foláirimh. Le cineál trasteorann truailleán sonrach, amhail ózón agus ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), ceanglaítear ar na Ballstáit lena mbaineann comhoibriú le chéile chun foinsí truaillithe aeir agus na bearta atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint agus chun gníomhaíochtaí comhordaithe a tharraingt suas, amhail comhordú pleananna aercháilíochta agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha, inar cheart do gach Ballstát aghaidh a thabhairt ar fhoinsí truaillithe ina chríoch, chun deireadh a chur leis na sáruithe sin, chomh maith leis an bpobal a chur ar an eolas. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhair le tríú tíortha, agus béim faoi leith a chur ar rannpháirtíocht luath na dtíortha is iarrthóirí. Ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthúil faoi aon chomhar den sórt sin, agus iarraidh air a bheith i láthair agus cúnamh a thabhairt ina leith, agus ba cheart dó a bheith in ann tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit arna iarraidh sin dó i gcás inarb iomchuí.

(43)

Is gá do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis aercháilíochta a bhailiú, a mhalartú agus a scaipeadh chun tuiscint níos fearr a chur ar na tionchair a bhaineann le truailliú aeir agus beartais iomchuí a fhorbairt. Ba cheart faisnéis atá cothrom le dáta, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, maidir le tiúchan na dtruailleán rialáilte uile in aer comhthimpeallach, faisnéis maidir leis na tionchair ar an tsláinte, mar aon le pleananna aercháilíochta, treochláir aercháilíochta agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheith ar fáil go réidh don phobal freisin ar bhealach comhleanúnach atá éasca le tuiscint.

(44)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain leathan ag an bpobal ar fhaisnéis aercháilíochta, ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal trí úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide digiteacha agus, i gcás inarb ábhartha, as bealaí cumarsáide neamhdhigiteacha.

(45)

Ba cheart faisnéis faoi thiúchain agus faoi dheascadh na dtruailleán rialáilte a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún mar bhonn do thuarascálacha rialta. Chun láimhseáil agus comparáid na faisnéise aercháilíochta a éascú, ba cheart sonraí a chur ar fáil don Choimisiún i bhfoirm chaighdeánaithe.

(46)

Is gá nósanna imeachta a chur in oiriúint do sholáthar sonraí, do mheasúnú agus chun aercháilíocht a thuairisciú, le go mbeifear in ann úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha agus as an Idirlíon mar phríomhuirlisí le faisnéis a chur ar fáil, agus chun go mbeidh na nósanna imeachta sin comhoiriúnach le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(47)

Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht na critéir agus na teicníochtaí a úsáidtear chun aercháilíocht chomhthimpeallach a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus an fhaisnéis atá le cur ar fáil a chur in oiriúint chuige sin.

(48)

Mar a bhunaítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (15), níor cheart do na Ballstáit an seasamh dlí chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinneadh ó údarás poiblí a shrianadh do na daoine sin den phobal lena mbaineann a bhí rannpháirteach sa nós imeachta riaracháin roimhe sin chun an cinneadh sin a ghlacadh. Ina theannta sin, ní mór aon nós imeachta um athbhreithniú a bheith cóir, cothrom, tráthúil agus gan bheith róchostasach, agus ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le sásraí leormhaithe sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (16), tabharfar rochtain ar cheartas, ar a laghad, don phobal lena mbaineann.

(49)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) go háirithe. I gcás ina ndearnadh damáiste do shláinte an duine mar thoradh ar shárú ar na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19(1) go (5) agus Airteagal 20(1) agus (2) den Treoir seo, agus go ndearnadh an sárú sin d’aon ghnó nó le faillí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag na daoine aonair a ndéanann na sáruithe sin difear dóibh cúiteamh as an damáiste sin a éileamh agus a fháil ón údarás inniúil ábhartha. Is é is cuspóir do na rialacha maidir le cúiteamh, rochtain ar cheartas agus pionóis arna leagan síos sa Treoir seo éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol ó thruailliú aeir a sheachaint, a chosc agus a laghdú, i gcomhréir le hAirteagal 191(1) CFAE. Féachtar leis na rialacha sin le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a chomhtháthú i mbeartais an Aontais i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt, agus an oibleagáid chun an ceart chun beatha a chosaint agus chun sláine an duine agus an ceart chun cúraim sláinte a leagtar síos in Airteagail 2, 3 agus 35 den Chairt a chur i dtéarmaí nithiúla. Leis an Treoir seo, rannchuidítear freisin leis an gceart chun leighis éifeachtaigh a fháil os comhair binse, mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, i ndáil le sláinte an duine a chosaint. Ba cheart na pionóis dá bhforáiltear sa Treoir seo a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(50)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le mionsonraí teicniúla breise i gcás feidhmchláir samhaltaithe; chun ionadaíochas spásúil na bpointí samplála a chinneadh; ar léiriú agus ar dhealú sáruithe atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha; chun rannchuidithe ó athfhuaidreamh cáithníní a chinneadh tar éis gaineamh agus salann a bheith á scaipeadh sa gheimhreadh; ar na ceanglais maidir le réamh-mheastacháin arna ndéanamh chun críocha spriocdhátaí gnóthachtála a chur siar agus maidir le faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha cur chun feidhme agus ar cheanglais maidir le faisnéis agus tuairisciú ar aercháilíocht a tharchur maidir le (i) rialacha a bhunú i ndáil le faisnéis aercháilíochta comhthimpeallaí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit don Choimisiún chomh maith le hamscálaí ina bhfuil an fhaisnéis sin le cur in iúl agus (ii) sruthlíniú a dhéanamh ar an gcaoi a dtuairiscítear sonraí agus ar mhalartú cómhalartach faisnéise agus sonraí ó líonraí agus ó phointí samplála aonair lena dtomhaistear truailliú aeir chomhthimpeallaigh laistigh de na Ballstáit. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(51)

Chun a áirithiú go leanfaidh an Treoir seo dá cuspóirí a bhaint amach, go háirithe chun éifeachtaí díobhálacha ó aercháilíocht chomhthimpeallach ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc agus a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le hIarscríbhinní III go VII, IX agus X a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun forbairtí teicniúla agus eolaíocha a bhaineann le haercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú, bearta a d’fhéadfaí a chur san áireamh sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha agus san fhaisnéis phoiblí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(52)

Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis na Treoracha a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar na Treoracha a bhí ann roimhe seo.

(53)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama atá ann maidir leis na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.

(54)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon forálacha aercháilíochta a leagan amach agus é d’aidhm acu cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar aercháilíocht laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine, d’éiceachórais nádúrtha nó do bhithéagsúlacht, de bharr chineál trasteorann truailleán aeir, ach de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Leagtar amach sa Treoir seo forálacha aercháilíochta agus é d’aidhm acu cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach, ionas go gcuirfear feabhas de réir a chéile ar aercháilíocht laistigh den Aontas go leibhéil nach meastar a bheith díobhálach a thuilleadh do shláinte an duine, d’éiceachórais nádúrtha agus do bhithéagsúlacht, mar a shainítear leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil agus is cothroime le dáta, rud a chuirfidh le timpeallacht atá saor ó thocsainí faoi 2050 ar a dhéanaí.

2.   Leagtar síos sa Treoir seo teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha foláirimh, tairseacha faisnéise agus cuspóirí fadtéarmacha. Déanfar na caighdeáin aercháilíochta, a leagtar amach in Iarscríbhinn I, a athbhreithniú go rialta i gcomhréir le hAirteagal 3, de réir mholtaí EDS.

3.   Thairis sin, leis an Treoir seo, rannchuidítear le cuspóirí an Aontais maidir le laghdú truaillithe, bithéagsúlacht agus éiceachórais a bhaint amach i gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, mar aon le sineirgí feabhsaithe idir aercháilíochta an Aontais agus beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

Airteagal 2

Ábhar

Leagtar síos leis an Treoir seo forálacha maidir leis an méid seo a leanas:

(1)

na cuspóirí maidir le aercháilíocht chomhthimpeallach a shainiú agus a bhunú, arna gceapadh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar shláine na timpeallachta a sheachaint, a chosc nó a laghdú;

(2)

modhanna agus critéir chomhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht chomhthimpeallach sna Ballstáit;

(3)

faireachán a dhéanamh ar aercháilíocht chomhthimpeallach faoi láthair agus ar na treochtaí fadtéarmacha chomh maith le tionchair beart náisiúnta agus bhearta an Aontais ar aercháilíocht chomhthimpeallach;

(4)

a áirithiú go mbeidh faisnéis aercháilíochta comhthimpeallaí inchomparáide ar fud an Aontais agus go gcuirfear ar fáil don phobal í;

(5)

aercháilíocht a choinneáil i gcás ina bhfuil sé go maith agus é a fheabhsú i gcásanna eile;

(6)

comhar breise a chur chun cinn idir na Ballstáit agus a n-údaráis agus a gcomhlachtaí inniúla i dtaca le truailliú aeir a laghdú.

Airteagal 3

Athbhreithniú rialta

1.   Faoin 31 Nollaig 2030 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus níos minice má léiríonn torthaí eolaíocha nua substaintiúla, amhail Treoirlínte Aercháilíochta athbhreithnithe EDS, go bhfuil gá leis, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le truailleáin aeir agus a n-éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol atá ábhartha chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach agus cuirfidh sé tuarascáil ina mbeidh na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Déanfar measúnú san athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 ina bhféachtar cibé acu an bhfuil na caighdeáin aercháilíochta is infheidhme fós iomchuí chun an cuspóir a bhaint amach maidir le héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus ar cheart truailleáin aeir bhreise a chumhdach.

Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, measfar san athbhreithniú roghanna agus amlínte chun caighdeáin aercháilíochta a ailíniú leis na Treoirlínte Aercháilíochta is déanaí ó EDS agus leis an bhfianaise eolaíoch is cothroime le dáta.

Déanfar measúnú san athbhreithniú freisin ar fhorálacha eile uile na Treorach seo, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le spriocdhátaí gnóthachtála a chur siar agus a bhaineann le truailliú aeir trasteorann, agus thairis sin, déanfaidh sé measúnú ar an bhfianaise eolaíoch is cothroime le dáta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le truailleáin aeir arna dtomhas ag na sárláithreáin faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 10 ach nach n-áirítear faoi láthair in Iarscríbhinn I.

Chun críocha an athbhreithnithe, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas, inter alia, san áireamh:

(a)

an fhaisnéis eolaíoch is déanaí ó chomhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail EDS agus Coinbhinsiún UNECE um Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin, agus ó eagraíochtaí eolaíocha ábhartha eile;

(b)

athruithe ar iompraíocht, bearta fioscacha agus forbairtí teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar aercháilíocht agus ar a measúnú;

(c)

cásanna a bhaineann le haercháilíocht agus na tionchair ghaolmhara ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear na héifeachtaí a bhaineann le hózón ar fhásra, sna Ballstáit;

(d)

cúram sláinte díreach agus indíreach agus costais chomhshaoil a bhaineann le truailliú aeir;

(e)

cineál agus tionchair shocheacnamaíocha na ngníomhaíochtaí comhlántacha atá le cur chun feidhme chun cuspóirí nua a bhaint amach chomh maith le hanailís costais is tairbhe ar na gníomhaíochtaí sin;

(f)

an dul chun cinn atá déanta maidir le bearta laghdaithe truailleán náisiúnta agus bearta laghdaithe truailleán de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus aercháilíocht a fheabhsú;

(g)

reachtaíocht ábhartha maidir le foinsí ar leibhéal an Aontais le haghaidh earnálacha agus gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le truailliú aeir, lena n-áirítear an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht den sórt sin a chur chun feidhme;

(h)

faisnéis ábhartha a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha an athbhreithnithe ag na Ballstáit;

(i)

caighdeáin níos déine maidir le haercháilíocht a bheith á dtabhairt isteach ag Ballstáit aonair i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE.

3.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil cúnamh don Choimisiún chun an t-athbhreithniú a dhéanamh.

4.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá sin, mar thoradh ar an athbhreithniú, tíolacfaidh sé togra chun caighdeáin aercháilíochta a athbhreithniú nó truailleáin eile aeir a chumhdach. Thairis sin, i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá sin, tíolacfaidh sé tograí chun aon reachtaíocht ábhartha maidir le foinsí a thabhairt isteach nó a athbhreithniú chun rannchuidiú leis na caighdeáin aercháilíochta athbhreithnithe atá beartaithe a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

5.   Má shainaithníonn an Coimisiún, le linn an athbhreithnithe, go bhfuil gá le bearta breise chun na caighdeáin aercháilíochta is infheidhme a bhaint amach i réimse suntasach de chríoch an Aontais, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíocht bhreise a mholadh a bheidh le déanamh ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aer comhthimpeallach’ aer lasmuigh sa trópaisféar, seachas láithreacha oibre mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 89/654/CEE (19) ón gComhairle áit a bhfuil feidhm le forálacha a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus nach bhfuil rochtain rialta ag baill den phobal orthu;

(2)

ciallaíonn ‘caighdeáin aercháilíochta’ teorainnluachanna, spriocluachanna, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, leibhéil chriticiúla, tairseacha foláirimh, tairseacha faisnéise agus cuspóirí fadtéarmacha;

(3)

ciallaíonn ‘truailleán’ aon substaint atá in aer comhthimpeallach agus ar dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aige ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol;

(4)

ciallaíonn ‘leibhéal’ tiúchan truailleáin in aer comhthimpeallach nó deascadh an truailleáin sin ar dhromchlaí laistigh de thréimhse ar leith;

(5)

ciallaíonn ‘deascadh iomlán’ mais iomlán na dtruailleán a aistrítear ón atmaisféar chuig dromchlaí, amhail ithir, fásra, uisce nó foirgnimh, i limistéar áirithe laistigh d’am áirithe;

(6)

ciallaíonn ‘PM10’ ábhar cáithníneach a ritheann trí ionraon méid-roghnaitheach, de réir mar a shainmhínítear sa mhodh tagartha chun PM10, EN 12341, a shampláil agus a thomhas, agus éifeachtúlacht scoite 50 % ann ag trastomhas aeraidinimiciúil 10 μm;

(7)

ciallaíonn ‘PM2,5’ ábhar cáithníneach a ritheann trí ionraon méid-roghnaitheach, de réir mar a shainmhínítear sa mhodh tagartha chun PM2,5, EN 12341, a shampláil agus a thomhas, agus éifeachtúlacht scoite 50 % ann ag trastomhas aeraidinimiciúil 2,5 μm;

(8)

ciallaíonn ‘ocsaídí nítrigine’ suim an chóimheasa measctha toirte (ppbv) d’aonocsaíd nítrigine (ocsaíd nítreach) agus dé-ocsaíd nítrigine arna cur in iúl mar aonaid de mhais-tiúchan dé-ocsaíde nítrigine (μg/m3);

(9)

ciallaíonn ‘arsanaic’, ‘caidmiam’, ‘luaidhe’, ‘nicil’ agus ‘beinsi[a]piréin’ lánmhéid na n-eilimintí agus na gcomhdhúl sin sa chodán PM10;

(10)

ciallaíonn ‘hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha’ na comhdhúile orgánacha sin, atá comhdhéanta de dhá fháinne aramatacha chomhleáite ar a laghad atá déanta go hiomlán as carbón agus as hidrigin;

(11)

ciallaíonn ‘mearcair gásach iomlán’ gal de mhearcair eiliminteach (Hg0) agus mearcair gásach imoibríoch, i.e. speicis de mhearcair uiscethuaslagtha lena mbaineann galbhrú atá ard a dhóthain chun fanacht sa phas gásach;

(12)

ciallaíonn ‘comhdhúile so-ghalaithe orgánacha’ nó ‘VOC’ comhdhúile orgánacha ó fhoinsí antrapaigineacha agus bithghineacha, seachas meatán, atá in ann ocsaídeáin fhótaiceimiceacha a tháirgeadh trí imoibrithe le hocsaídí nítrigine faoi lé sholas na gréine;

(13)

ciallaíonn ‘substaintí réamhtheachtaithe ózóin’ substaintí a chuireann le cruthú ózóin ar leibhéal na talún;

(14)

ciallaíonn ‘carbón dubh’ nó ‘BC’ aerasóil charbónacha arna dtomhas le hionsú solais;

(15)

ciallaíonn ‘cáithníní sármhíne’ nó ‘UFP’ cáithníní ar trastomhas 100 nm nó níos lú iad, ina dtomhaistear UFP mar thiúchan líon na gcáithníní in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh le haghaidh raon méide a bhfuil teorainn íosta 10 nm aige agus le haghaidh raon méide nach bhfuil aon srian leis an uasteorainn;

(16)

ciallaíonn ‘acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh’ tomhas ar chumas an ábhair cháithnínigh ocsaídiú a dhéanamh ar spriocmhóilíní a d’fhéadfadh a bheith ann;

(17)

ciallaíonn ‘limistéar’ cuid de chríoch Bhallstáit, de réir mar a theorannaíonn an Ballstát sin é chun críocha mheasúnú agus bainistiú aercháilíochta;

(18)

ciallaíonn ‘aonad críochach meánteagmhála’ cuid de chríoch Ballstáit arna ainmniú ag an mBallstát sin chun an táscaire meánteagmhála a chinneadh, lena gcomhfhreagraítear do réigiún NUTS 1 nó NUTS 2 mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) nó teaglaim de dhá réigiún NUTS 1 nó NUTS 2 nó níos mó in aice láimhe, ar choinníoll gur lú a gcomh-mhéid iomlán ná críoch iomlán an Bhallstáit sin agus nach mó ná 85 000 km2 é;

(19)

ciallaíonn ‘ceirtleán’ comhchathair ina bhfuil daonra níos mó ná 250 000 áitritheoir nó, i gcás inarb é 250 000 áitritheoir nó níos lú an daonra, ag a bhfuil dlús daonra ar leith in aghaidh an chiliméadair2 atá le bunú ag na Ballstáit;

(20)

ciallaíonn ‘measúnú’ aon mhodh a úsáidtear chun leibhéil a thomhas, a ríomh, a thuar nó a mheas;

(21)

‘ciallaíonn‘tairseach measúnaithe’ an leibhéal lena gcinntear an córas measúnaithe is gá a úsáid chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheas;

(22)

ciallaíonn ‘tomhais sheasta’ tomhais a dhéantar ag pointí samplála, go leanúnach nó trí shampláil randamach, ag suíomhanna seasta ar feadh 1 bhliain féilire ar a laghad chun na leibhéil a chinneadh i gcomhréir leis na cuspóirí ábhartha maidir le cáilíocht sonraí;

(23)

ciallaíonn ‘tomhais tháscacha’ tomhais, a dhéantar go tráthrialta le linn bliain féilire nó trí shampláil randamach, chun na leibhéil a chinneadh i gcomhréir le cuspóirí cáilíochta sonraí nach bhfuil chomh dian leis na tomhais a cheanglaítear le haghaidh tomhais sheasta;

(24)

ciallaíonn ‘feidhmchlár samhaltaithe’ córas samhaltaithe a chur i bhfeidhm, a thuigtear mar shlabhra samhlacha agus foshamhlacha, lena n-áirítear na sonraí ionchuir uile is gá, agus aon iarphróiseáil;

(25)

ciallaíonn ‘meastachán oibiachtúil’ faisnéis maidir le tiúchan nó leibhéal deasctha truailleáin ar leith a fhaightear trí anailís shaineolach agus ar féidir úsáid uirlisí staitistiúla a áireamh ann;

(26)

ciallaíonn ‘ionadaíochas spásúil’ cur chuige measúnaithe ina bhfuil na méadrachtaí aercháilíochta a bhreathnaítear ag pointe samplála ionadaíoch ar limistéar geografach atá sainithe go sainráite sa mhéid nach bhfuil difríocht níos mó ná leibhéal lamháltais réamhshainithe idir méadrachtaí aercháilíochta laistigh den limistéar sin agus na méadrachtaí a breathnaíodh ag an bpointe samplála;

(27)

ciallaíonn ‘teophointí aerthruaillithe’ suíomhanna laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchaintí is airde is dócha a mbeidh an daonra i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le meántréimhse na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna, lena n-áirítear áiteanna ina bhfuil tionchar mór ag na hastaíochtaí ó fhoinsí tromthruaillithe, amhail bóithre atá plódaithe in aice láimhe agus bóithre a mbíonn trácht trom orthu, foinse thionsclaíoch aonair nó limistéar tionsclaíoch ina bhfuil go leor foinsí, calafort, aerfort, téamh dianchónaithe, nó meascán díobh sin;

(28)

ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna uirbeacha’ áiteanna i gceantair uirbeacha agus fho-uirbeacha ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra uirbigh ghinearálta;

(29)

ciallaíonn ‘cúlsuíomhanna tuaithe’ áiteanna i gceantair thuaithe ina bhfuil dlús an daonra íseal agus ina bhfuil na leibhéil ionadaíoch ar theagmháil an daonra tuaithe ghinearálta, an fhásra agus éiceachóras nádúrtha;

(30)

ciallaíonn ‘sárláithreán faireacháin’ stáisiún faireacháin ag cúlsuíomh uirbeach nó ag cúlsuíomh tuaithe ina gcomhcheanglaítear iliomad pointí samplála chun sonraí fadtéarmacha a bhailiú maidir le roinnt truailleán;

(31)

ciallaíonn ‘teorainnluach’ leibhéal atá socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú, agus atá le baint amach laistigh de thréimhse áirithe agus nach bhfuil le sárú agus é bainte amach;

(32)

ciallaíonn ‘spriocluach’ leibhéal socraithe ar bhonn an eolais eolaíoch, agus é d’aidhm aige éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a sheachaint, a chosc nó a laghdú, leibhéal atá le baint amach nuair is féidir thar thréimhse áirithe;

(33)

ciallaíonn ‘táscaire meánteagmhála’ nó ‘AEI’ meánleibhéal arna chinneadh ar bhonn na dtomhas ag cúlsuíomhanna uirbeacha ar fud an aonaid chríochaigh meánteagmhála nó, i gcás nach bhfuil aon cheantar uirbeach suite san aonad críochach sin, ag culsuíomhanna tuaithe, ina léirítear teagmháil an daonra, úsáidtear é chun a sheiceáil ar comhlíonadh an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála don aonad críochach sin;

(34)

ciallaíonn ‘an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála’ laghdú céatadáin ar mheánteagmháil an daonra, arna shloinneadh mar tháscaire meánteagmhála, d’aonad críochach meánteagmhála, atá socraithe agus é mar aidhm aige laghdú a bhaint amach ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, atá le baint amach thar thréimhse áirithe agus nach bhfuil le sárú agus é bainte amach;

(35)

ciallaíonn ‘cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála’ leibhéal den táscaire meánteagmhála atá le baint amach, agus é mar aidhm aige na héifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a laghdú;

(36)

ciallaíonn ‘leibhéal criticiúil’ leibhéal a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha díreacha a bheith ann ar roinnt gabhdóirí má sháraítear é, gabhdóirí ar nós crann, plandaí eile nó éiceachórais nádúrtha ach ní daoine;

(37)

ciallaíonn ‘tairseach foláirimh’ leibhéal a bhfuil baol ann, má sháraítear é, do shláinte an duine mar thoradh ar theagmháil ghearrthréimhseach don daonra iomlán, agus ag a bhfuil bearta láithreacha le déanamh ag Ballstáit;

(38)

ciallaíonn ‘tairseach faisnéise’ leibhéal a bhfuil baol ann, má sháraítear é, do shláinte an duine mar thoradh ar theagmháil ghearrthréimhseach i gcás daonra íogair agus grúpaí leochaileacha ar leith a bhfuil gá le faisnéis láithreach iomchuí ina leith;

(39)

ciallaíonn ‘cuspóir fadtéarmach’ leibhéal atá le baint amach san fhadtéarma, ach amháin i gcás nach féidir é sin a dhéanamh trí bhearta comhréireacha, agus é d’aidhm aige cosaint éifeachtach a chur ar fáil do shláinte an duine agus don chomhshaol;

(40)

ciallaíonn ‘rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha’ astaíochtaí truailleán nach n-eascraíonn go díreach ná go hindíreach as gníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear teagmhais nádúrtha ar nós brúchtaí bolcánacha, gníomhaíochtaí seismeacha, gníomhaíochtaí geoiteirmeacha, dóiteáin fhiathalún, imeachtaí ardghaoithe, cáitheadh farraige nó cáithníní nádúrtha ó réigiúin thirime á athfhuaidreamh nó a n-iompar san atmaisféar;

(41)

ciallaíonn ‘plean aercháilíochta’ plean lena leagtar amach beartais agus bearta chun na teorainnluachanna, spriocluachanna nó oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála a chomhlíonadh tar éis sárú a bheith déanta orthu;

(42)

ciallaíonn ‘treochlár aercháilíochta’ plean aercháilíochta, a ghlactar roimh spriocdháta gnóthachtála na dteorainnluachanna agus na spriocluachanna, lena leagtar amach beartais agus bearta chun na teorainnluachanna agus na spriocluachanna sin a chomhlíonadh laistigh den spriocdháta gnóthachtála;

(43)

ciallaíonn ‘plean gníomhaíochta gearrthéarmach’ plean ina leagtar amach bearta éigeandála atá le déanamh sa ghearrthéarma chun an riosca láithreach nó an fad a sháraítear na tairseacha foláirimh a laghdú;

(44)

ciallaíonn ‘daonra íogair agus grúpaí leochaileacha’ na grúpaí daonra sin atá níos íogaire nó níos leochailí, go buan nó go sealadach, d’éifeachtaí an truaillithe aeir ná an meándaonra, mar gheall ar shaintréithe sonracha a fhágann gur suntasaí na héifeachtaí ar an tsláinte a bhaineann le teagmháil nó toisc go bhfuil íogaireacht níos airde nó tairseach níos ísle acu maidir le héifeachtaí ar an tsláinte nó toisc go bhfuil cumas laghdaithe acu iad féin a chosaint;

(45)

ciallaíonn ‘an pobal lena mbaineann’ duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó a ndéantar difear dóibh nó ar dócha go ndéanfar difear dóibh ag, nó a bhfuil leas acu sna nósanna imeachta cinnteoireachta a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 9, 19 nó 20; chun críocha an tsainmhínithe seo, measfar go bhfuil leas ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Freagrachtaí

Ainmneoidh na Ballstáit ag na leibhéil iomchuí na húdaráis agus comhlachtaí inniúla atá freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach, lena n-áirítear feidhmiú agus cothabháil leormhaith an líonra faireacháin a áirithiú;

(b)

ceadú na gcóras tomhais (modhanna, trealamh, líonraí agus saotharlanna);

(c)

beachtas na dtomhas agus aistriú agus comhroinnt sonraí tomhais a áirithiú;

(d)

cruinneas na bhfeidhmchlár samhaltaithe a chur chun cinn;

(e)

anailís ar mhodhanna measúnaithe;

(f)

comhordú ar a gcríoch más rud é go bhfuil cláir dhearbhaithe cáilíochta ar fud an Aontais á n-eagrú ag an gCoimisiún;

(g)

comhar leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún, lena n-áirítear maidir le truailliú aeir trasteorann;

(h)

pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta a bhunú;

(i)

pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú;

(j)

innéacs aercháilíochta agus faisnéis phoiblí ábhartha eile a sholáthar agus a chothabháil mar a shonraítear in Iarscríbhinn X.

Airteagal 6

Limistéir agus aonaid chríochacha mheánteagmhála a bhunú

Bunóidh na Ballstáit limistéir agus aonaid chríochacha mheánteagmhála ar fud a gcríche, lena n-áireofar, i gcás inarb iomchuí chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar aercháilíocht, ar leibhéal na gceirtleán. Déanfar measúnú agus bainistiú ar aercháilíocht i ngach limistéar agus aonad críochach meánteagmhála.

CAIBIDIL II

MEASÚNÚ AR AERCHÁILÍOCHT CHOMHTHIMPEALLACH AGUS AR RÁTAÍ DEASCAIDH

Airteagal 7

Córas measúnaithe

1.   Na tairseacha measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, beidh feidhm acu maidir le dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil, beinsi[a]piréin agus ózón san aer comhthimpeallach.

Déanfar gach limistéar a rangú i dtaca leis na tairseacha measúnaithe sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an rangú dá dtagraítear i mír 1 gach 5 bliana ar a laghad i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 3. Déanfar aicmithe a athbhreithniú níos minice, áfach, i gcás athruithe suntasacha ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar thiúchan comhthimpeallach de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil, beinsi[a]piréin nó ózón.

3.   Cinnfear sáruithe ar na tairseacha measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II ar bhonn na dtiúchan le linn na 5 bliana roimhe sin i gcás ina bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil. Measfar tairseach measúnaithe a bheith sáraithe más rud é gur sáraíodh é le linn 3 bliana ar leithligh, ar a laghad, as na 5 bliana sin roimhe sin.

I gcás ina bhfuil sonraí ar fáil ar feadh níos lú ná 5 bliana, féadfaidh na Ballstáit feachtais ghearrthréimhse tomhais a chomhcheangal le linn na bliana ag suíomhanna ar dócha iad a bheith ionadaíoch do na leibhéil truaillithe is airde, le faisnéis ó fhardail astaíochtaí agus torthaí a fhaightear ó fheidhmchláir samhaltaithe chun sárú na dtairseacha measúnaithe a chinneadh.

Airteagal 8

Critéir mheasúnaithe

1.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach i ndáil leis na truailleáin dá dtagraítear in Airteagal 7 i ngach ceann dá limistéir, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

2.   I ngach limistéar a aicmítear mar limistéar atá os cionn na dtairseach measúnaithe arna socrú do na truailleáin dá dtagraítear in Airteagal 7, úsáidfear tomhais sheasta chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú. Is féidir na tomhais sheasta sin a fhorlíonadh trí fheidhmchláir nó tomhais tháscacha chun aercháilíocht a mheas agus chun faisnéis leormhaith a sholáthar maidir le dáileadh spásúil na dtruailleán aeir agus maidir le hionadaíochas spásúil na dtomhas seasta.

3.   Ó 2 bhliain tar éis ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, úsáidfear feidhmchláir samhaltaithe nó tomhais tháscacha de bhreis ar thomhais sheasta chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú i ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán teorainnluach nó spriocluach ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Cuirfidh na feidhmchláir samhaltaithe nó na tomhais tháscacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír faisnéis ar fáil maidir le dáileadh spásúil truailleán. I gcás ina n-úsáidfear feidhmchláir samhaltaithe, cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin maidir le hionadaíochas spásúil na dtomhas seasta agus déanfar iad a mhinice is iomchuí ach gach 5 bliana ar a laghad.

4.   I ngach limistéar a aicmítear mar limistéar atá faoi bhun na dtairseach measúnaithe arna mbunú do na truailleáin dá dtagraítear in Airteagal 7, is leor feidhmchláir samhaltaithe, tomhais tháscacha, meastacháin oibiachtúla nó comhcheangal díobh chun aercháilíocht chomhthimpeallach a mheasúnú.

5.   Cuirfear torthaí na bhfeidhmchlár samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le mír 3 nó 4 den Airteagal seo nó Airteagal 9(3), nó torthaí na dtomhas táscach san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht i ndáil leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna.

Má tá tomhais sheasta le limistéar ionadaíochais spásúla lena gcumhdaítear an limistéar sáraithe arna ríomh tríd an bhfeidhmchlár samhaltaithe ar fáil, féadfaidh Ballstát a roghnú gan an sárú samhaltaithe a thuairisciú mar shárú ar na teorainnluachanna agus na spriocluachanna ábhartha.

6.   Má léiríonn na feidhmchláir samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le mír 3 nó mír 4 sárú ar aon teorainnluach nó spriocluach i gceantar den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta agus a limistéar ionadaíochais spásúla, féadfar tomhas seasta nó táscach amháin ar a laghad a úsáid ag teophointí breise aerthruaillithe a d’fhéadfadh a bheith ann sa limistéar mar a shainaithnítear leis an bhfeidhmchlár samhaltaithe.

Má léirítear le feidhmhchláir samhaltaithe a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 9(3) sárú ar aon teorainnluach nó spriocluach i gceantar den limistéar nach gcumhdaítear le tomhais sheasta agus a limistéar ionadaíochais spásúla, úsáidfear tomhas seasta nó táscach amháin breise ar a laghad ag teophointí aerthruaillithe breise a d’fhéadfadh a bheith ann sa limistéar mar a shainaithnítear leis an bhfeidhmchlár samhaltaithe.

I gcás ina n-úsáidfear tomhais sheasta bhreise, bunófar na tomhais sin laistigh de 2 bhliain féilire tar éis an sárú a shamhaltú. I gcás ina n-úsáidfear tomhais tháscacha bhreise, bunófar na tomhais sin laistigh de bhliain féilire amháin tar éis an sárú a shamhaltú. Cumhdóidh na tomhais bliain féilire amháin ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta a leagtar amach i bPointe B d’Iarscríbhinn V, chun leibhéal tiúchana an truailleáin ábhartha a mheasúnú.

I gcás ina roghnóidh Ballstát gan aon tomhais sheasta nó tháscacha bhreise a dhéanamh, úsáidfear an sárú a thaispeántar le feidhmchláir samhaltaithe chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht.

7.   Faoin 11 Meitheamh 2026, soláthróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí teicniúla breise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

feidhmchláir samhaltaithe, lena n-áirítear an chaoi a gcuirfear torthaí ó fheidhmchláir samhaltaithe agus tomhais tháscacha san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar aercháilíocht agus conas is féidir sáruithe féideartha a shainaithnítear leis na modhanna measúnaithe sin a fhíorú;

(b)

ionadaíochas spásúil na bpointí samplála a chinneadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

8.   Déanfar úsáid bith-tháscairí a bhreithniú i gcás ina bhfuil patrúin réigiúnacha ar thionchar éiceachóras le measúnú, lena n-áirítear measúnú i gcomhréir leis an bhfaireachán arna dhéanamh faoi Threoir (AE) 2016/2284.

Airteagal 9

Pointí samplála

1.   Cinnfear lonnú na bpointí samplála chun tomhas a dhéanamh ar dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil, beinsi[a]piréin agus ózón san aer comhthimpeallach i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

2.   I ngach limistéar ina sáraíonn leibhéal na dtruailleán an tairseach measúnaithe a shonraítear in Iarscríbhinn II, ní bheidh líon na bpointí samplála le haghaidh gach truailleáin níos lú ná líon íosta na bpointí samplála a shonraítear i bPointí A agus C d’Iarscríbhinn III.

3.   Maidir le limistéir ina sáraíonn an leibhéal truailleán an tairseach measúnaithe ábhartha a shonraítear in Iarscríbhinn II, ach ní na teorainnluachanna, na spriocluachanna agus na leibhéil chriticiúla a shonraítear in Iarscríbhinn I, is féidir líon íosta na bpointí samplála le haghaidh tomhais sheasta a laghdú suas le 50 %, i gcomhréir le Pointí A agus C d’Iarscríbhinn III ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

le tomhais tháscacha nó feidhmchláir samhaltaithe soláthraítear faisnéis leordhóthanach chun aercháilíocht a mheasúnú i ndáil le teorainnluachanna, spriocluachanna, leibhéil chriticiúla, tairseacha foláirimh agus tairseacha faisnéise, mar aon le faisnéis leormhaith don phobal, anuas ar an bhfaisnéis a sholáthraítear leis na pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta;

(b)

tá líon na bpointí samplála atá le suiteáil agus díscaoileadh spásúil teicnící tomhais tháscaigh agus feidhmchlár samhaltaithe leordhóthanach chun tiúchan an truailleáin ábhartha a shuíomh i gcomhréir leis na cuspóirí cáilíochta sonraí a shonraítear i bPointí A agus B d’Iarscríbhinn V agus cuireann siad ar chumas na dtorthaí measúnaithe na ceanglais a leagtar amach i bPointe E d’Iarscríbhinn V a chomhlíonadh;

(c)

is ionann, ar a laghad, líon na dtomhas táscach, má úsáidtear é chun ceanglais na míre seo a chomhlíonadh, agus líon na dtomhas seasta atá á n-ionadú agus tá na tomhais tháscacha dáilte go cothrom thar an mbliain féilire;

(d)

i gcás ózóin, tomhaistear dé-ocsaíd nítrigine ag gach pointe samplála atá fágtha ach amháin ag cúlsuíomhanna tuaithe maidir le measúnú ózóin dá dtagraítear i bPointe B d’Iarscríbhinn IV.

4.   Déanfar ceann amháin nó níos mó de na pointí samplála arna gcur in oiriúint don chuspóir faireacháin a leagtar amach i Roinn 3, Pointe A, d’Iarscríbhinn VII, a shuiteáil i gcríoch Ballstáit chun sonraí a sholáthar maidir le tiúchaintí na substaintí réamhtheachtaithe ózóin atá liostaithe i bPointe B den Roinn sin ag suíomhanna arna gcinneadh i gcomhréir le Pointe C den Roinn sin.

5.   Déanfar dé-ocsaíd nítrigine a thomhas ag 50 % ar a laghad de na pointí samplála ózóin a cheanglaítear faoi Phointe A, Tábla 2, d’Iarscríbhinn III. Beidh an tomhas sin leanúnach, ach amháin i gcúlsuíomhanna tuaithe, dá dtagraítear i bPointe B d’Iarscríbhinn IV, áit a bhféadfar modhanna eile tomhais a úsáid.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, go léiríonn dáileadh na bpointí samplála arna úsáid chun ríomh a dhéanamh ar na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2,5 agus dé-ocsaíd nítrigine, teagmháil an daonra ghinearálta go leordhóthanach. Ní bheidh líon na bpointí samplála níos lú ná an líon arna chinneadh le cur i bhfeidhm Phointe B d’Iarscríbhinn III.

7.   Pointí samplála ar taifeadadh sáruithe ar theorainnluach nó spriocluach ábhartha a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I le 3 bliana roimhe sin acu, ní dhéanfar iad a athlonnú ach amháin má tá gá le hathlonnú de bharr imthosca speisialta, lena n-áirítear forbairt spásúil. Tacófar le hathlonnú na bpointí samplála sin trí fheidhmchláir shamhaltaithe nó tomhais tháscacha agus, i gcás inar féidir, áiritheoidh siad leanúnachas na dtomhas agus déanfar é laistigh dá limistéar ionadaíochais spásúla. Déanfar réasúnú mionsonraithe le haon athlonnú pointí samplála den sórt sin a dhoiciméadú go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe D d’Iarscríbhinn IV.

8.   Chun measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú beinsi[a]piréine san aer comhthimpeallach, déanfaidh gach Ballstát faireachán ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile ag líon teoranta pointí samplála. Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha sin: beans[a]antraicéin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea(j)fluaraintéin, beinsea(k)fluaraintéin, indéini(1,2,3-cd)piréin, agus débheans[a,h]antraicín. Beidh pointí samplála do na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha comhshuite le pointí samplála i gcás beinsi[a]piréine agus roghnófar iad ar bhealach inar féidir luainíocht gheografach agus treochtaí fadtéarmacha a shainaithint.

9.   De bhreis ar an bhfaireachán a cheanglaítear faoi Airteagal 10, déanfaidh na Ballstáit faireachán ar leibhéil na gcáithníní sármhíne i gcomhréir le Pointe D d’Iarscríbhinn III agus le Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII. Féadfar faireachán a dhéanamh ar thiúchan carbóin dhuibh ag na suíomhanna céanna.

Airteagal 10

Sárláithreáin faireacháin

1.   Bunóidh gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 10 milliún áitritheoir ag cúlsuíomh uirbeach. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil níos lú ná 10 milliún áitritheoir iontu sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach.

Déanfaidh Ballstáit a bhfuil a gcríoch níos mó ná 10 000 km2, ach nach mó ná 100 000 km2, sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh tuaithe. Déanfaidh gach Ballstát a bhfuil a gcríoch níos mó ná 100 000 km2, sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad in aghaidh an 100 000 km2 a bhunú ag cúlsuíomh tuaithe.

2.   Cinnfear suíomh na sárláithreán faireacháin i gcás cúlsuíomhanna uirbeacha agus cúlsuíomhanna tuaithe i gcomhréir le Pointe B d’Iarscríbhinn IV.

3.   Féadfar gach pointe samplála a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bPointí B agus C d’Iarscríbhinn IV agus a shuiteáiltear ag na sárláithreáin faireacháin a chur san áireamh chun na ceanglais maidir le líon íosta na bpointí samplála i gcás na dtruailleán ábhartha a chomhlíonadh mar a shonraítear in Iarscríbhinn III.

4.   Féadfaidh Ballstát, le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, sárláithreán comhpháirteach faireacháin amháin nó níos mó a bhunú chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh. Ní dhéanann sé sin difear don oibleagáid atá ar gach Ballstát sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh uirbeach agus don oibleagáid atá ar gach Ballstát a bhfuil a gcríoch níos mó ná 10 000 km2, sárláithreán faireacháin amháin ar a laghad a bhunú ag cúlsuíomh tuaithe.

5.   Áireofar na truailleáin a liostaítear i Roinn 1, Táblaí 1 agus 2, d’Iarscríbhinn VII sna tomhais ag sárláithreáin faireacháin i suíomhanna ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus ag cúlsuíomhanna tuaithe agus féadfar na truailleáin atá liostaithe i dTábla 3 den Roinn sin a áireamh iontu freisin.

6.   Féadfaidh Ballstát a roghnú gan carbón dubh, cáithníní sármhíne nó amóinia a thomhas i leath dá shárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna tuaithe má sháraíonn líon na sárláithreán faireacháin atá aige ag cúlsuíomhanna tuaithe líon na sárláithreán faireacháin atá aige ag cúlsuíomhanna uirbeacha le cóimheas 2:1 ar a laghad, ar choinníoll go bhfuil roghnú a sárláithreán faireacháin ionadaíoch do na truailleáin sin.

7.   I gcás inarb iomchuí, déanfar an faireachán a chomhordú le straitéis faireacháin agus clár tomhais EMEP, Bonneagar Taighde Aerasóil, Néal agus Rianghás (ACTRIS), agus leis an bhfaireachán ar thionchair an truaillithe aeir a dhéantar de bhun Threoir (AE) 2016/2284.

Airteagal 11

Modhanna tomhais tagartha, feidhmchláir samhaltaithe agus cuspóirí cáilíochta sonraí

1.   Cuirfidh na Ballstáit na modhanna tomhais tagartha a shonraítear i bPointí A agus C d’Iarscríbhinn VI i bhfeidhm.

Is féidir modhanna tomhais eile a úsáid faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bPointí B, C agus D d’Iarscríbhinn VI.

2.   Cuirfidh na Ballstáit feidhmchláir samhaltaithe aercháilíochta i bhfeidhm faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bPointe E d’Iarscríbhinn VI.

3.   Comhlíonfaidh sonraí maidir le measúnú ar aercháilíocht na cuspóirí maidir le cáilíocht sonraí a leagtar síos in Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL III

AERCHÁILÍOCHT CHOMHTHIMPEALLACH A BHAINISTIÚ

Airteagal 12

Ceanglais i gcás ina bhfuil leibhéil níos ísle ná na teorainnluachanna, spriocluachanna agus cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála

1.   I limistéir ina bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach faoi bhun na dteorainnluachanna faoi seach a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin a choinneáil faoi bhun na dteorainnluachanna.

2.   I limistéir ina bhfuil leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach faoi bhun na spriocluachanna faoi seach a shonraítear i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá, bearta nach mbaineann costais dhíréireacha leo, chun na leibhéil sin a choinneáil faoi bhun na spriocluachanna.

Féachfaidh na Ballstáit leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hózón a shonraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a bhaint amach, agus, a luaithe a bhainfear amach iad, féachfaidh siad leis na leibhéil ózóin a choinneáil faoi bhun na gcuspóirí fadtéarmacha sin a mhéid a cheadaíonn tosca lena n-áirítear nádúr trasteorann an truaillithe ózóin, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha ó fhoinsí bithghineacha agus dálaí meitéareolaíochta amhlaidh, agus ar choinníoll nach mbeidh costais dhíréireacha i gceist le haon bhearta riachtanacha.

3.   In aonaid chríochacha mheánteagmhála i gcás ina bhfuil na táscairí meánteagmhála le haghaidh PM2,5 agus NO2 faoi bhun luach faoi seach na gcuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh na dtruailleán sin mar a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, coinneoidh na Ballstáit leibhéil na dtruailleán sin faoi bhun na gcuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála.

4.   Déanfaidh na Ballstáit iarracht chun an cháilíocht is fearr maidir leis an aer comhthimpeallach a bhaint amach agus a chaomhnú mar aon le hardleibhéal cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, agus é d’aidhm acu cuspóir maidir le truailliú nialasach a bhaint amach dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i gcomhréir le moltaí EDS, agus faoi bhun na dtairseach measúnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 13

Teorainnluachanna, spriocluachanna agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar fud a limistéar, nach sáróidh leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach na teorainnluachanna faoi seach a leagtar síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, trí na bearta go léir is gá a ghlacadh, bearta nach mbaineann costais dhíréireacha leo, nach sárófar leibhéal na dtruailleán ar fud a limistéar na spriocluachanna faoi seach a leagtar síos i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála i ndáil le PM2,5 agus NO2 a leagtar síos i Roinn 5, Pointe B, Iarscríbhinn I, ar fud a gcuid aonad críochach meánteagmhála, ina sáraíonn siad na cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála a leagtar amach i Roinn 5, Pointe C, d’Iarscríbhinn I.

4.   Déanfar comhlíonadh mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a mheasúnú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

5.   Déanfar na táscairí meánteagmhála a mheas i gcomhréir le Roinn 5, Pointe A, d’Iarscríbhinn I.

6.   Féadfaidh sé go ndéanfar an spriocdháta le haghaidh na teorainnluachanna a bhaint amach a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 18.

7.   Féadfaidh na Ballstáit bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach, lena n-áirítear caighdeáin maidir le haercháilíocht atá níos déine ná na cinn dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na bearta sin don Choimisiún laistigh de 3 mhí ó dháta a nglactha.

Airteagal 14

Leibhéil chriticiúla chun fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na leibhéil chriticiúla a shonraítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I mar a mheasúnaítear i gcomhréir le Pointe A, pointe 1, agus Pointe B, pointe 3, d’Iarscríbhinn IV.

Airteagal 15

Sáruithe ar thairseacha foláirimh nó ar thairseacha faisnéise

1.   Is iad na tairseacha foláirimh le haghaidh tiúchaintí dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, ábhair cháithnínigh (PM10 agus PM2,5) agus ózóin san aer comhthimpeallach na tairseacha foláirimh a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A d’Iarscríbhinn I.

2.   Is iad na tairseacha faisnéise le haghaidh tiúchaintí dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, ábhair cháithnínigh (PM10 agus PM2,5) agus ózóin na tairseacha faisnéise a leagtar síos i Roinn 4, Pointe B, d’Iarscríbhinn I.

3.   I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh a leagtar síos i Roinn 4, Pointe A, d’Iarscríbhinn I, nó, i gcás inarb iomchuí, ina dtuartar go sárófar é bunaithe ar fheidhmchláir samhaltaithe nó uirlisí réamhaisnéisithe eile, cuirfidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, na bearta éigeandála a luaitear sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha arna mbunú de bhun Airteagal 20 chun feidhme gan moill mhíchuí.

4.   I gcás ina sáraítear aon tairseach foláirimh nó aon tairseach faisnéise a leagtar síos i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, nó, i gcás inarb iomchuí, ina dtuartar go sárófar é bunaithe ar fheidhmchláir samhaltaithe nó uirlisí réamhaisnéisithe eile, glacfaidh na Ballstáit na céimeanna ar fad is gá chun an pobal a chur ar an eolas sa tréimhse ama is giorra is féidir agus a mhéid is féidir laistigh de roinnt uaireanta an chloig, i gcomhréir le pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn X, ag baint úsáid as na bealaí meán agus cumarsáide éagsúla agus rochtain leathan ag an bpobal á áirithiú.

5.   Féadfaidh na Ballstáit bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach, lena n-áirítear tairseacha foláirimh nó tairseacha faisnéise atá níos déine ná na cinn dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 193 CFAE. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na bearta sin don Choimisiún laistigh de 3 mhí tar éis a nglactha.

Airteagal 16

Rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha

1.   Féadfaidh na Ballstáit, le haghaidh bliain áirithe, an méid seo a leanas a shainaithint:

(a)

limistéir ina bhfuil sáruithe ar theorainnluachanna maidir le truailleán áirithe atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha; agus

(b)

aonaid chríochacha meánteagmhála, i gcás ina bhfuil sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh leis na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála inchurtha i leith foinsí nádúrtha.

2.   Cuirfidh na Ballstáit liostaí ar fáil don Choimisiún d’aon limistéar den sórt sin agus d’aonaid chríochacha meánteagmhála, dá dtagraítear i mír 1, mar aon le faisnéis maidir le tiúchaintí agus foinsí agus fianaise lena léirítear go bhfuil na sáruithe inchurtha i leith foinsí nádúrtha.

3.   I gcás inar cuireadh sárú atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 2, ní mheasfar an sárú sin a bheith ina shárú chun críocha na Treorach seo. Má mheasann an Coimisiún nach leor an fhianaise a chuir Ballstát ar fáil, cuirfidh sé in iúl don Bhallstát sin nach meastar go bhfuil an sárú inchurtha i leith foinsí nádúrtha go dtí go soláthróidh an Ballstát sin faisnéis bhreise iomchuí.

4.   Faoin 31 Nollaig 2026, soláthróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraí teicniúla maidir le léiriú agus dealú sáruithe atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha. Sonrófar sna mionsonraí teicniúla sin ábhar na fianaise atá le soláthar ag na Ballstáit de bhun mhír 2.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 17

Sáruithe atá inchurtha i leith gaineamh nó salann a chur ar na bóithre le linn an gheimhridh

1.   Féadfaidh na Ballstáit, le haghaidh bliain áirithe, limistéir a shainaithint ina sáraítear teorainnluachanna le haghaidh PM10 san aer comhthimpeallach mar gheall ar athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salann a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh.

2.   Cuirfidh na Ballstáit liostaí ar fáil don Choimisiún d’aon limistéar den sórt sin, dá dtagraítear i mír 1, mar aon le faisnéis maidir le tiúchan agus foinsí PM10 sna limistéir sin.

Soláthróidh na Ballstáit an fhianaise lena léirítear go bhfuil aon sárú ann mar gheall ar athfhuaidreán cáithníní agus go ndearnadh bearta réasúnacha chun an tiúchan a ísliú.

3.   Gan dochar d’Airteagal 16, i gcás na limistéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní chaithfidh na Ballstáit an plean aercháilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 19 a bhunú ach amháin a mhéid atá na sáruithe inchurtha i leith foinsí PM10 cé is moite de scaipeadh gainimh agus salainn ar na bóithre i rith an gheimhridh.

4.   Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, mionsonraí teicniúla a sholáthar don mhodheolaíocht chun rannchuidithe a chinneadh ó athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salann a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh, chomh maith leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit de bhun mhír 2, lena n-áireofar faisnéis maidir le rannchuidiú an athfhuaidreáin le leibhéil tiúchana laethúla i gcás inarb infheidhme.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 18

Cur siar an spriocdháta gnóthachtála agus díolúine ón oibleagáid teorainnluachanna áirithe a chur i bhfeidhm

1.   I gcás nach féidir, i limistéar ar leith, comhréireacht leis na teorainnluachanna d’ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), dé-ocsaíd nítrigine, beinséin nó beinsi[a]piréin a bhaint amach faoin sprioc-am a shonraítear i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, féadfaidh na Ballstáit an spriocdháta sin a chur siar don limistéar áirithe sin faoi thréimhse a mbeidh údar léi de bharr treochlár aercháilíochta agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo:

(a)

suas go dtí an 1 Eanáir 2040, má tá údar leis mar gheall ar shaintréithe scaipthe a bhaineann go sonrach le suíomh, dálaí teorann oragrafacha, dálaí aeráide díobhálacha nó rannchuidithe trasteorann, nó i gcás nach féidir na laghduithe is gá a bhaint amach ach amháin trí chodán suntasach de na córais téimh baile atá ann cheana agus arb iad is cúis le truailliú as a dtagann sáruithe; nó

(b)

suas go dtí an 1 Eanáir 2035, má tá údar cuí leis de bharr réamh-mheastacháin lena léirítear nach féidir na teorainnluachanna a bhaint amach faoin spriocdháta gnóthachtála, fiú agus an tionchar a mheastar a bheidh ag bearta éifeachtacha maidir le truailliú aeir a shainaithnítear sa treochlár aercháilíochta á chur san áireamh.

I gcás inar cuireadh spriocdháta gnóthachtála siar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, ach nach féidir gnóthachtáil a bhaint amach faoin spriocdháta sin a cuireadh siar, féadfaidh na Ballstáit an spriocdháta don limistéar áirithe sin a chur siar don dara huair, arb é an uair dheireanach é, faoi thréimhse nach faide ná 2 bhliain ó dheireadh na chéad tréimhse cur siar agus a bhfuil údar cuí léi de bharr treochlár aercháilíochta nuashonraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

2.   Féadfaidh na Ballstáit spriocdháta gnóthachtála a chur siar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

bunaítear treochlár aercháilíochta faoin 31 Nollaig 2028 lena gcomhlíontar na ceanglais a liostaítear in Airteagal 19(6), (7) agus (8) don limistéar sin lena mbainfeadh an cur siar;

(b)

an treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, déantar é a fhorlíonadh le faisnéis maidir le bearta laghdaithe truaillithe aeir a liostaítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VIII agus léirítear an dóigh a gcoimeádfar tréimhsí sáraithe os cionn na dteorainnluachanna chomh gearr agus is féidir;

(c)

tá réamh-mheastacháin aercháilíochta mar bhonn taca leis an treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, lena n-áirítear na réamh-mheastacháin sin a dhéantar chun críocha Pointe A, pointe 5 agus pointe 7(e), d’Iarscríbhinn VIII, lena léirítear conas a bhainfear amach na teorainnluachanna a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná deireadh an spriocdháta gnóthachtála a cuireadh siar, agus bearta réasúnta agus comhréireacha á gcur san áireamh;

(d)

leagtar amach sa treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo conas a chuirfear an pobal agus, go háirithe, ghrúpaí íogaire agus leochaileacha den daonra ar an eolas ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe faoi iarmhairtí an chur siar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol;

(e)

leagtar amach sa treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo conas a shlógfar cistiú breise, lena n-áirítear trí chláir chistiúcháin ábhartha náisiúnta, agus trí chláir chistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais i gcás inarb infheidhme, chun dlús a chur le feabhas a chur ar aercháilíocht sa limistéar a mbeadh feidhm ag an gcur siar maidir leis;

(f)

go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 i rith na tréimhse ina gcuirtear an spriocdháta gnóthachtála siar;

(g)

i gcás ina gcuirtear sprioc-am gnóthachtála siar i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, léiríonn an treochlár aercháilíochta nuashonraithe dá dtagraítear san fhomhír sin gur cuireadh an chéad treochlár aercháilíochta chun feidhme nó gur glacadh céimeanna i bhfianaise a chur chun feidhme agus go ndéantar é a fhorlíonadh le hanailís lena léirítear nár tháinig na réamh-mheastacháin bhunaidh ar chomhlíonadh a rinneadh i gcomhréir le pointe (c) den mhír seo chun cinn.

3.   Le linn na tréimhse inar cuireadh spriocdháta gnóthachtála siar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Ballstát go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na bearta sa treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inarb infheidhme mar a nuashonraítear é i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo, á gcur chun feidhme, mar atá léirithe ag an mBallstát trí bhíthin tuarascáil cur chun feidhme, lena n-áirítear réamh-mheastacháin nuashonraithe ar astaíochtaí agus, i gcás inar féidir, ar thiúchaintí arna gcur ar fáil don Choimisiún ar bhonn dhá bhliain go leith agus den chéad uair faoin 30 Meitheamh 2031; i gcás inarb ábhartha, féadfar tagairt a dhéanamh do na cláir is déanaí agus do réamh-mheastacháin astaíochtaí arna dtuairisciú de bhun Threoir (AE) 2016/2284 agus don tuarascáil fardail fhaisnéiseach a ghabhann léi agus, i gcás inarb ábhartha, féadfar an tuarascáil cur chun feidhme a chomhtháthú sa treochlár aercháilíochta nuashonraithe;

(b)

go ndéanfar an treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 19(5);

(c)

ón 1 Eanáir 2035, léiríonn na leibhéil tiúchana don truailleán ábhartha treocht laghdaitheach ghinearálta i gcomhréir le conair tháscach i dtreo comhlíonadh arna mheas i dtreochlár aercháilíochta nuashonraithe arna bhunú de bhun Phointe A, pointe 7(e), d’Iarscríbhinn VIII;

(d)

cuirtear na tuarascálacha cur chun feidhme agus na treochláir aercháilíochta nuashonraithe in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta a nglactha.

4.   I gcás inar dóigh leis na Ballstáit go bhfuil, mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b) infheidhme, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2029 maidir leis sin agus faoin treochlár aercháilíochta dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don chur siar a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta.

I gcás inar dóigh leis na Ballstáit nach féidir gnóthú a bhaint amach faoi spriocdháta gnóthachtála a cuireadh siar i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis sin tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2034 agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas maidir leis an treochlár aercháilíochta nuashonraithe dá dtagraítear i mír 1 agus an fhaisnéis ábhartha go léir atá riachtanach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na coinníollacha agus an chúis arna hagairt don dara cur siar agus don chur siar deireanach a leagtar amach sa mhír sin comhlíonta.

Maidir leis na réamh-mheastacháin a thugtar mar chúis leis an gcur siar, tabharfaidh na Ballstáit údar cuí leis na modhanna mar aon leis na sonraí a úsáidtear chun na réamh-mheastacháin sin a fháil.

Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na réamh-mheastacháin aercháilíochta arna soláthar ag an mBallstát lena mbaineann, na héifeachtaí measta ar aercháilíocht chomhthimpeallach sa Bhallstát sin a bheadh ag bearta arna nglacadh ag an mBallstát sin chomh maith le héifeachtaí measta ar aercháilíocht chomhthimpeallach ar bhearta an Aontais.

I gcás nach bhfuil aon agóid déanta ag an gCoimisiún laistigh de 9 mí tar éis an fógra sin a fháil, measfar na coinníollacha ábhartha do chur i bhfeidhm mhír 1 a bheith comhlíonta.

Má dhéantar agóid, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann treochlár aercháilíochta a choigeartú nó treochlár aercháilíochta nua a sholáthar chun na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh.

5.   Faoin 31 Nollaig 2026, soláthróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tuilleadh mionsonraí teicniúla maidir leis na ceanglais i ndáil le réamh-mheastacháin arna ndéanamh chun críocha mhír 1 den Airteagal seo leis an gcuspóir chun a léiriú conas a bhainfear amach na teorainnluachanna a shonraítear i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I, agus bearta réasúnta agus comhréireacha á gcur san áireamh. Thairis sin, sonróidh sé an fhaisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha cur chun feidhme chun críocha mhír 3 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

CAIBIDIL IV

PLEANANNA

Airteagal 19

Pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta

1.   Más rud é, i limistéir ar leith, go sáraíonn leibhéil na dtruailleán san aer comhthimpeallach aon teorainnluach nó spriocluach a leagtar síos i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na limistéir sin ina leagtar amach bearta iomchuí chun an teorainnluach nó an spriocluach lena mbaineann a bhaint amach agus chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir, agus in aon chás tráth nach faide ná 4 bliana ó dheireadh na bliana féilire inar taifeadadh an chéad sárú. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú sin ar aon teorainnluach nó spriocluach.

I gcás ina gcumhdaítear sárú ar theorainnluach i limistéar áirithe cheana féin le treochlár aercháilíochta, áiritheoidh na Ballstáit gurb iomchuí na bearta a leagtar amach sa treochlár sin chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad bearta breise agus níos éifeachtaí agus leanfaidh siad an nós imeachta chun an treochlár aercháilíochta a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar amach i mír 5.

2.   Más rud é, in aonaid chríochacha lena gcumhdaítear limistéar amháin ar a laghad, go sáraíonn leibhéil na dtruailleán in aer comhthimpeallach aon spriocluach ózóin, a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na haonaid chríochacha sin lena leagfar amach bearta iomchuí chun an spriocluach ózóin a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú an spriocluach ózóin.

I gcás ina gcumhdaítear sárú ar spriocluach ózóin i limistéar áirithe cheana féin le treochlár aercháilíochta, áiritheoidh na Ballstáit gurb iomchuí na bearta a leagtar amach sa treochlár sin chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus, i gcás inarb ábhartha, leanfaidh siad an nós imeachta chun an treochlár aercháilíochta a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar amach i mír 5.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit staonadh ó na pleananna aercháilíochta nó treochláir aercháilíochta sin a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar shárú ózóin i gcás nach bhfuil aon acmhainneacht shuntasach ann tiúchaintí ózóin a laghdú, agus dálaí geografacha agus meitéareolaíochta á gcur san áireamh, agus i gcás ina mbeadh costais dhíréireacha i gceist leis na bearta.

I gcás nach mbunófar plean aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta, soláthróidh na Ballstáit údar mionsonraithe don phobal agus don Choimisiún maidir leis an bhfáth nach bhfuil aon fhéidearthacht shuntasach ann an sárú a laghdú, rud a d’fhágfadh cinneadh gan plean aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta a bhunú.

Gach 5 bliana ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit athmheasúnú ar an bhféidearthacht atá ann tiúchaintí ózóin a laghdú.

Maidir le haonaid chríochacha ina sáraítear an spriocluach ózóin, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sa chlár ábhartha náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir a ullmhaítear de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2016/2284 bearta lena dtugtar aghaidh ar réamhtheachtaithe ózóin a chumhdaítear leis an Treoir sin.

3.   I gcás nach mbainfear amach an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a leagtar síos i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I in aonad críochach meánteagmhála ar leith, bunóidh na Ballstáit pleananna aercháilíochta do na haonaid chríochacha mheánteagmhála sin lena leagfar amach bearta iomchuí chun an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála a bhaint amach agus an tréimhse sáraithe a choimeád chomh gearr agus is féidir. Bunófar na pleananna aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh sárú na hoibleagáide maidir le meánteagmhála.

4.   Más rud é, ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2029 i limistéar nó in aonad críochach, go bhfuil leibhéil na dtruailleán os cionn aon teorainnluach nó spriocluach atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030 mar a leagtar síos i Roinn 1, Tábla 1, d’Iarscríbhinn I agus i Roinn 2, Pointe B, d’Iarscríbhinn I, agus gan dochar do mhír 2, an tríú fomhír, den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit treochlár aercháilíochta don truailleán lena mbaineann chun na teorainnluachanna nó na spriocluachanna faoi seach a bhaint amach faoi dhul in éag an spriocdháta gnóthachtála. Bunófar na treochláir aercháilíochta sin a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis na bliana féilire inar taifeadadh an sárú.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit staonadh ó na treochláir aercháilíochta sin a bhunú nuair a léiríonn an cás bunlíne, de réir na faisnéise a cheanglaítear le Pointe A, pointe 5, d’Iarscríbhinn VIII, go mbainfear amach an teorainnluach nó an spriocluach leis na bearta atá i bhfeidhm cheana, lena n-áirítear nuair is gníomhaíochtaí sealadacha a bhfuil tionchar acu ar leibhéil na dtruailleán in aon bhliain amháin is cúis leis an sárú. I gcás nach mbunaítear treochlár aercháilíochta de bhun na fomhíre seo, cuirfidh na Ballstáit réasúnú mionsonraithe ar fáil don phobal agus don Choimisiún.

5.   I gcás ina sáraítear aon teorainnluach, aon oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó aon spriocluach le linn an tríú bliain féilire tar éis an spriocdháta chun plean aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta a bhunú, agus gan dochar do mhír 2, an tríú fomhír, déanfaidh na Ballstáit an plean aercháilíochta nó an treochlár aercháilíochta agus na bearta ann a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear a dtionchar ar astaíochtaí agus ar tiúchaintí réamh-mheasta, tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an spriocdháta chun an plean aercháilíochta nó an treochlár aercháilíochta a bhí ann roimhe sin a bhunú agus déanfaidh siad bearta breise agus níos éifeachtaí chun an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir.

6.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i bpleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta:

(a)

an fhaisnéis atá liostaithe i bPointe A, pointí 1 go 7, d’Iarscríbhinn VIII;

(b)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis atá liostaithe i bPointe A, pointe 8, pointe 9 agus pointe 10, d’Iarscríbhinn VIII;

(c)

faisnéis maidir le bearta laghdaithe ábhartha a liostaítear i bPointe B, pointe 2, d’Iarscríbhinn VIII.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus bearta sonracha arb é is aidhm leo daonra íogair agus grúpaí leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear leanaí, ina gcuid pleananna aercháilíochta agus treochlár aercháilíochta.

Agus pleananna aercháilíochta nó treochláir aercháilíochta á n-ullmhú acu, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca go sárófaí na tairseacha foláirimh faoi seach maidir leis na truailleáin lena mbaineann. Úsáidfear an anailís sin chun pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina bhfuil pleananna aercháilíochta nó treochláir aercháilíochta le bunú i leith roinnt truailleán nó caighdeáin aercháilíochta déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, pleananna aercháilíochta comhtháite nó treochláir aercháilíochta, lena gcumhdaítear gach truailleán agus caighdeán aercháilíochta lena mbaineann.

Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, comhsheasmhacht a bpleananna aercháilíochta agus a dtreochlár aercháilíochta le pleananna eile a mbíonn tionchar suntasach acu ar cháilíocht an aeir, lena n-áirítear na cinn is gá faoi Threoracha 2002/49/CE, 2010/75/AE agus (AE) 2016/2284 agus faoi reachtaíocht aeráide, bithéagsúlachta, fuinnimh, iompair agus talmhaíochta.

7.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal, i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus leis na húdaráis inniúla ar dócha go mbeidh baint acu, mar gheall ar a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus na haercháilíochta, le cur chun feidhme na bpleananna aercháilíochta agus na dtreochlár aercháilíochta, maidir le dréachtphleananna aercháilíochta agus dréacht-treochláir aercháilíochta agus le haon nuashonrú suntasach ar phleananna aercháilíochta agus ar threochláir aercháilíochta sula dtabharfar chun críche iad. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an bpobal, nuair a rachfar i gcomhairle leis, ar an dréachtphlean aercháilíochta nó ar an dréacht-treochlár aercháilíochta ina bhfuil an fhaisnéis íosta a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo agus, i gcás inar féidir, ar achoimre neamhtheicniúil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear san fhomhír seo.

Spreagfaidh na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile maidir le pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta a ullmhú, a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta. I gcás ina bhfuil pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta á n-ullmhú, áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar geallsealbhóirí a gcuireann a ngníomhaíochtaí leis an staid sáraithe, bearta a mholadh a bheidh siad in ann a dhéanamh chun cuidiú le deireadh a chur leis na sáruithe agus go gceadófar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, comhlachtaí ábhartha eile cúraim sláinte, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghairmithe cúraim sláinte, agus spreagfar na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin.

8.   Cuirfear na pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí ó dháta a nglactha.

Airteagal 20

Pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha

1.   I gcás ina bhfuil baol ann, i limistéar ar leith, go sáróidh leibhéil na dtruailleán ceann amháin nó níos mó de na tairseacha foláirimh a shonraítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bhunú ina sonrófar na bearta éigeandála a dhéanfar sa ghearrthéarma chun riosca nó fad an tsáraithe sin a laghdú.

I gcás, áfach, ina bhfuil baol ann go sárófar an tairseach foláirimh ózóin, d’fhéadfadh na Ballstáit gan na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin a bhunú i gcás nach bhfuil féidearthacht shuntasach ann, ag cur dálaí náisiúnta geografacha, meitéareolaíochta agus eacnamaíocha san áireamh, chun riosca, fad nó déine an tsáraithe sin a laghdú.

Maidir le hábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), i gcás ina bhfuil teorainn mhór leis an bhféidearthacht atá ann an riosca go dtarlódh sárú den sórt sin a laghdú, agus dálaí áitiúla geografacha agus meitéareolaíocha agus sainiúlachtaí na gcóras téimh baile á gcur san áireamh, féadfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta gearrthéarmach a bhunú nach ndíreofar leis ach ar ghníomhaíochtaí sonracha arb é is aidhm dóibh an pobal i gcoitinne agus an daonra íogair agus grúpaí leochaileacha araon a chosaint, chomh maith le faisnéis shothuigthe faoin iompar a mholtar chun nochtadh don sárú tomhaiste nó tuartha a laghdú.

2.   Agus na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á mbunú, féadfaidh na Ballstáit, ag brath ar an gcás ar leith, foráil a dhéanamh maidir le bearta éifeachtacha chun gníomhaíochtaí a rialú agus, más gá, gníomhaíochtaí a chur ar fionraí go sealadach ar gníomhaíochtaí iad a chuireann leis an riosca go sárófar na teorainnluachanna nó na spriocluachanna nó tairseach foláirimh faoi seach. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh freisin liosta na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn IX dá bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha, agus ag brath ar sciar na bpríomhfhoinsí truaillithe chuig na sáruithe ar a dtabharfar aghaidh, breithneoidh siad ar bhearta i ndáil le gníomhaíochtaí amhail iompar, oibreacha foirgníochta, suiteálacha tionsclaíocha, talmhaíocht agus úsáid táirgí agus téamh baile a áireamh, i gcás inarb iomchuí, sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin. Cuirfear gníomhartha sonracha a dhírítear ar chosaint a thabhairt do dhaonra íogair agus grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, san áireamh freisin i gcreat na bpleananna sin.

3.   Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an bpobal i gcomhréir le Treoir 2003/35/CE, agus leis na húdaráis inniúla ar dócha, de bharr a bhfreagrachtaí i réimse an truaillithe aeir agus na haercháilíochta, go mbeidh baint acu le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ghearrthéarmaigh, maidir le dréachtphleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha agus aon nuashonrú suntasach orthu sula gcuirfear bailchríoch orthu.

4.   Nuair a bheidh plean gníomhaíochta gearrthéarmach bunaithe ag na Ballstáit, déanfaidh siad torthaí a gcuid imscrúduithe ar indéantacht agus ábhar pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sonracha chomh maith le faisnéis maidir le cur chun feidhme na bpleananna sin, a chur ar fáil don phobal agus d’eagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonra íogaire agus grúpaí leochaileacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghairmithe cúraim sláinte agus comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha.

5.   Cuirfear pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha in iúl don Choimisiún laistigh de bhliain amháin ó dháta a nglactha faoi chuimsiú an tuairiscithe bhliantúil de bhun Airteagal 23.

6.   Agus a bpleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha á mbunú acu, ina sonrófar na bearta éigeandála a dhéanfar, féadfaidh Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú chun gur féidir leis na Ballstáit iarrthacha tairbhiú de thaithí Ballstáit eile.

Airteagal 21

Truailliú aeir trasteorann

1.   I gcás ina rannchuidíonn iompar trasteorann truaillithe aeir ó aon Bhallstát nó ó níos mó ná sin go suntasach le sárú ar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála nó tairseach foláirimh i mBallstát eile, cuirfidh an Ballstát eile sin in iúl do na Ballstáit agus don Choimisiún cén Ballstát inar thionscain an truailliú aeir.

2.   Oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar le chéile, lena n-áirítear trí fhoirne comhpháirteacha saineolaithe a bhunú agus le tacaíocht theicniúil ón gCoimisiún, chun foinsí an truaillithe aeir, rannchuidiú na bhfoinsí sin maidir le sáruithe i mBallstát eile agus na bearta atá le déanamh ina n-aonar agus i gcomhar le Ballstáit eile chun aghaidh a thabhairt ar na foinsí sin a shainaithint, agus gníomhaíochtaí comhordaithe a tharraingt suas, amhail comhordú pleananna aercháilíochta de bhun Airteagal 19, ina dtabharfaidh gach Ballstát aghaidh ar fhoinsí truaillithe atá lonnaithe ina chríoch, chun na sáruithe sin a bhaint.

Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas, tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

3.   Cuirfear an Coimisiún ar an eolas, agus iarrfar air a bheith i láthair nó cuidiú le haon chomhar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann nuashonrú a thabhairt ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme aon ghníomhaíochtaí comhordaithe arna mbunú de bhun na míre sin. I gcás inarb iomchuí, breithneoidh an Coimisiún, agus na tuairiscí arna mbunú de bhun Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/2284 á gcur san áireamh, ar cheart gníomh breise a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun astaíochtaí réamhtheachtacha atá freagrach as truailliú trasteorann a laghdú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, de bhun Airteagal 20, pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a bheidh comhordaithe, lena gcumhdaítear criosanna comharsanachta i mBallstáit eile a ullmhú agus a chur chun feidhme. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh limistéir chomharsanachta i mBallstáit eile an fhaisnéis iomchuí uile maidir leis na pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha sin gan moill mhíchuí.

5.   I gcás ina sárófar na tairseacha foláirimh nó na tairseacha faisnéise i limistéir atá gar do theorainneacha náisiúnta, cuirfear faisnéis ar fáil maidir leis na sáruithe sin a luaithe is féidir do na húdaráis inniúla sna Ballstáit chomharsanachta lena mbaineann. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal freisin.

6.   San fhógra dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit, don bhliain ábhartha, na nithe seo a leanas a shainaithint:

(a)

limistéir ina rannchuidíonn iompar trasteorann truaillithe aeir ó aon Bhallstát nó ó níos mó ná sin go suntasach le sárú na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna sna limistéir sin;

(b)

aonaid chríochacha meánteagmhála, ina gcuireann iompar trasteorann truaillithe aeir ó Bhallstát amháin nó níos mó go mór le sáruithe ar an leibhéal arna chinneadh ag na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála sna haonaid sin.

Féadfaidh Ballstát liostaí na limistéar sin agus na n-aonad críochach meánteagmhála a sholáthar do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún mar aon le faisnéis faoi thiúchaintí agus an fhianaise lena léirítear go rannchuidíonn truailliú aeir ó fhoinsí trasteorann, lena n-áirítear truailliú ó thríú tíortha, nach bhfuil aon rialú díreach ag an mBallstát sin orthu, go mór leis na sáruithe sin. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a mheas, i gcás inarb ábhartha, chun críocha Airteagal 18.

7.   Agus pleananna dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 4 á mbunú acu, agus an pobal dá dtagraítear i mír 5 á chur ar an eolas, féachfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le bheith ag oibriú i gcomhar le tríú tíortha, agus go háirithe le tíortha is iarrthóirí. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht theicniúil a iarraidh ar an gCoimisiún.

CAIBIDIL V

FAISNÉIS AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 22

Faisnéis phoiblí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal, chomh maith le heagraíochtaí iomchuí ar nós eagraíochtaí comhshaoil agus sláinte, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna daonraí íogaire agus grúpaí leochaileacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghairmithe cúraim sláinte agus comhlachtaí cúraim sláinte ábhartha eile agus na cónaidhmeanna tionsclaíocha ábhartha ar an eolas, go leordhóthanach agus in am trátha, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aercháilíocht i gcomhréir le hIarscríbhinn X;

(b)

suíomh na bpointí samplála le haghaidh na dtruailleán aeir uile, chomh maith le faisnéis faoi aon saincheist a bhaineann le ceanglais maidir le cumhdach sonraí a chomhlíonadh in aghaidh an phointe samplála agus an truailleáin;

(c)

aon chinneadh maidir le cur siar a dhéanfar de bhun Airteagal 18;

(d)

pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta dá bhforáiltear in Airteagal 19;

(e)

pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha arna mbunú de bhun Airteagal 20;

(f)

na héifeachtaí de na sáruithe ar theorainnluachanna, ar spriocluachanna, ar oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, ar chuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála, ar thairseacha foláirimh agus ar thairseacha faisnéise i measúnú achomair; an measúnú achomair áireofar leis, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise agus measúnuithe maidir leis an gcomhshaol mar aon le faisnéis maidir le truailleáin arna gclúdach le hAirteagal 10 agus Iarscríbhinn VII.

2.   Bunóidh na Ballstáit innéacs aercháilíochta agus cuirfidh siad ar fáil trí fhoinse phoiblí é ar bhealach sothuigthe ina gcuirfear nuashonrú ar fáil in aghaidh na huaire lena gcumhdófar dé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5) agus ózón ar a laghad, ar choinníoll go bhfuil oibleagáid ann faireachán a dhéanamh ar na truailleáin sin de bhun na Treorach seo. Féadfaidh truailleáin bhreise a bheith san áireamh san innéacs sin, nuair is ábhartha. A mhéid is féidir, beidh an t-innéacs aercháilíochta inchomparáide ar fud na mBallstát uile agus leanfaidh sé moltaí EDS. Cuirfidh an t-innéacs aercháilíochta leis na hinnéacsanna aercháilíochta ar scála Eorpach arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus áireofar ann faisnéis maidir leis na tionchair ar an tsláinte, lena n-áirítear faisnéis atá saincheaptha do dhaonra íogair agus do ghrúpaí leochaileacha. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit an t-innéacs aercháilíochta arna sholáthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a úsáid chun na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh. Má chinneann Ballstát gan an t-innéacs arna sholáthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a úsáid, cuirfear tagairt don innéacs sin ar fáil ar an leibhéal náisiúnta.

3.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil go poiblí maidir le siomptóim a bhaineann le buaicphointí truaillithe aeir agus maidir le teagmháil le truailliú aeir a laghdú agus maidir le hiompraíochtaí cosanta, agus déanfaidh siad taispeáint na faisnéise sin a chur chun cinn i suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail saoráidí cúraim sláinte.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an pobal ar an eolas maidir leis an údarás inniúil nó leis an gcomhlacht inniúil arna ainmniú i ndáil leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 5.

5.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal saor in aisce trí bhíthin meáin agus bealaí cumarsáide a bhfuil rochtain éasca orthu ar bhealach comhleanúnach agus sothuigthe i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus rochtain leathan ag an bpobal ar an bhfaisnéis sin a áirithiú.

Airteagal 23

Faisnéis a tharchur agus tuairisciú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis maidir le aercháilíocht chomhthimpeallach ar fáil don Choimisiún laistigh den amscála is gá i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, agus gan beann ar chomhlíonadh na gcuspóirí cáilíochta sonraí maidir le cumhdach sonraí a leagtar síos i bPointe B d’Iarscríbhinn V.

2.   Ar mhaithe leis an sainchuspóir comhlíontacht leis na teorainnluachanna, na spriocluachanna, na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus le leibhéil chriticiúla a mheas, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil don Choimisiún tráth nach déanaí ná 9 mí tar éis dheireadh gach bliana féilire agus áireofar léi:

(a)

na hathruithe a rinneadh sa bhliain sin ar liosta agus teorannú na limistéar nó aon aonad críochach meánteagmhála arna mbunú faoi Airteagal 6;

(b)

liosta na limistéar agus na n-aonad críochach meánteagmhála agus leibhéil na dtruailleán a ndearnadh measúnú orthu;

(c)

i gcás limistéir ina bhfuil na leibhéil d’aon truailleán nó níos mó ná sin níos airde ná na teorainnluachanna, na spriocluachanna nó na leibhéil chriticiúla, agus i gcás aonaid chríochacha mheánteagmhála ina bhfuil na leibhéil d’aon cheann de na truailleáin nó níos mó ná sin níos airde ná an leibhéal arna chinneadh leis na hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála:

(i)

na dátaí agus na tréimhsí a chonacthas;

(ii)

más iomchuí, measúnú ar an rannchuidiú ó fhoinsí nádúrtha agus ó athfhuaidreán cáithníní tar éis gaineamh nó salann a bheith curtha ar na bóithre le linn an gheimhridh go dtí na leibhéil arna measúnú, de réir mar a sholáthraítear don Choimisiún iad faoi Airteagail 16 agus 17.

3.   Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 1, faisnéis a bhaineann leis na leibhéil a taifeadadh agus fad na dtréimhsí ar lena linn a sáraíodh an tairseach foláirimh nó an tairseach faisnéise.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i bPointe D d’Iarscríbhinn IV ar fáil don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón tráth a iarrtar orthu é sin a dhéanamh.

5.   Glacfaidh an Coimisiún, na bearta a leanas trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)

lena sonraítear an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit de bhun an Airteagail seo chomh maith leis na teorainneacha ama faoina mbeidh an fhaisnéis sin le cur in iúl;

(b)

bealaí a shainaithint chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an gcaoi a dtuairiscítear sonraí agus ar mhalartú cómhalartach faisnéise agus sonraí ó líonraí agus ó phointí samplála aonair lena dtomhaistear truailliú aeir chomhthimpeallaigh laistigh de na Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

CAIBIDIL VI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 24

Leasuithe ar Iarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 lena leasaítear Iarscríbhinní III go VII, IX agus X chun forbairtí teicniúla agus eolaíocha maidir le measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach a chur san áireamh, bearta atá le meas maidir lena gcur san áireamh sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha agus faisnéis phoiblí.

B’fhéidir nach mbeadh d’éifeacht ag na leasuithe, áfach, ceachtar acu seo a leanas a mhodhnú go díreach ná go hindíreach:

(a)

na teorainnluachanna, na spriocluachanna, cuspóirí fadtéarmacha ózóin, leibhéil chriticiúla, tairseacha foláirimh agus tairseacha faisnéise, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála agus cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála a shonraítear in Iarscríbhinn I;

(b)

na dátaí comhlíontachta i dtaca le haon cheann de na paraiméadair dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 25

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 24 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 10 Nollaig 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Aercháilíocht Thimpeallach cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

ROCHTAIN AR CHEARTAS, CÚITEAMH AGUS PIONÓIS

Airteagal 27

Rochtain ar an gceartas

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó neamhghníomhartha uile a rinne na Ballstáit maidir le suíomh agus líon na bpointí samplála faoi Airteagal 9 i gcomhréir leis na critéir ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn III agus IV, pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 20, den Bhallstát, ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá leas leordhóthanach acu ann;

(b)

áitíonn siad gur sáraíodh ceart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit.

Cinnfidh na Ballstáit cad is leas leordhóthanach ann agus cad is sárú leordhóthanach ann ar cheart, i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a). Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b) ag na heagraíochtaí sin.

2.   Beidh an nós imeachta um athbhreithniú cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach, agus déanfar foráil ann maidir le sásraí leormhaithe éifeachtacha sásaimh, lena n-áirítear faoiseamh urghaire de réir mar is iomchuí.

3.   Cinnfidh na Ballstáit an chéim ag a bhféadfar agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha, sa chaoi nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair rochtain a fháil ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí.

4.   Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit leis an Airteagal seo nós imeachta um réamh-athbhreithniú a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh na míreanna sin difear don cheanglas go n-ídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh ceanglas den sórt sin ann faoin dlí náisiúnta.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 28

Cúiteamh as damáiste do shláinte an duine

1.   Maidir le daoine nádúrtha a ndearnadh damáiste do shláinte an duine dóibh de dheasca sárú ar na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19(1) go (5) agus Airteagal 20(1) agus (2) den Treoir seo, sárú a rinne na húdaráis inniúla d’aon ghnó nó le faillí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart acu cúiteamh a éileamh agus a fháil as an damáiste sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh i gcás dochair a fheidhmiú de bhun mhír 1.

3.   Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí teorann a bhunú chun caingne a thionscnamh le haghaidh cúitimh amhail dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula mbeidh deireadh leis an sárú agus go mbeidh a fhios ag an duine a éileoidh an cúiteamh gur bhain dochar dó nó di de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige nó aici faoi sin.

Airteagal 29

Pionóis

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan moill mhíchuí agus tabharfaidh siad fógra dó, gan moill mhíchuí, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Leis na pionóis arna mbunú de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar na himthosca seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

cineál, tromchúis, méid agus fad an tsáraithe;

(b)

an tionchar ar an daonra, lena n-áirítear daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, nó an comhshaol a ndéanann an sárú difear dó, agus aird á tabhairt ar an gcuspóir atá ann chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach;

(c)

minicíocht an tsáraithe, an ndearnadh é aon uair amháin nó ar bhonn atriallach, lena n-áirítear aon phionós foláirimh a fuarthas roimhe sin, nó aon phionós riaracháin nó coiriúil;

(d)

na sochair eacnamaíocha arna n-eascairt as an sárú don duine nádúrtha nó dlítheanach a mheastar a bheith freagrach, a mhéid is féidir an méid sin a chinneadh.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagail 1 agus 3, Airteagal 4, pointí (2), (7), (9), (14), (15), (16), (18), (21) go (30), (33), (34) agus (41) go (45), Airteagail 5 go 8, Airteagal 9(1), (2), (3) agus (5) go (9), Airteagail 10, 11 agus 12, Airteagal 13(1), (2), (3), (5), (6) agus (7), Airteagal 15, Airteagal 16(1), (2) agus (4), Airteagal 17(4), Airteagail 18 go 21, Airteagal 22(1), (2), (3) agus (5), Airteagail 23 go 29 agus Iarscríbhinní I go X a chomhlíonadh faoin 11 Nollaig 2026. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí do na Treoracha a aisghairtear leis an Treoir seo i ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 31

Aisghairm

1.   Treoracha 2004/107/CE agus 2008/50/CE, arna leasú leis na gníomhartha a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir seo, aisghairtear iad le héifeacht ón 12 Nollaig 2026, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.

2.   Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 4, pointí (1), (3) go (6), (8), (10) go (13), (17), (19), (20), (31), (32) agus (35) go (40), Airteagal 9(4), Airteagal 13(4), Airteagal 14, Airteagal 16(3), Airteagal 17(1), (2) agus (3) agus Airteagal 22(4) ón 12 Nollaig 2026.

Airteagal 33

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

ZSIGMOND B. P.


(1)   IO C 146, 27.4.2023, lch. 46.

(2)   IO C, C/2023/251, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/251/oj.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024.

(4)  Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3).

(5)  Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le haercháilíocht chomhthimpeallach agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(7)  Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).

(8)  Cinneadh 81/462/CEE ón gComhairle an 11 Meitheamh 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le truailliú aeir trasteorann fadraoin (IO L 171, 27.6.1981, lch. 11).

(9)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le mearcair, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1102/2008 (IO L 137, 24.5.2017, lch. 1).

(11)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12.)

(12)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(13)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2014, ClientEarth v An Státrúnaí Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, C-404/13, ECLI:EU:C:2014:2382, mír 49, agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Samhain 2020, an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hIodáile, C-644/18, ECLI:EU:C:2020:895, mír 154.

(14)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(15)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 14 Eanáir 2021, LB agus Daoine Eile v College van burgemeester en wethouders van de gemeente Echt-Susteren, C-826/18, ECLI:EU:C:2021:7, míreanna 58 agus 59.

(16)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Iúil 2008, Dieter Janecek v Freistaat Bayern, C-237/07, ECLI:EU:C:2008:447, mír 42; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Samhain 2014, ClientEarth v An Státrúnaí Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, C-404/13, ECLI:EU:C:2014:2382, mír 56; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Meitheamh 2019, Lies Craeynest agus Daoine eile v Brussels Hoofdstedelijk Gewest agus Brussels Instituut voor Milieubeheer, C-723/17, ECLI:EU:C:2019:533, mír 56; agus breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Deutsche Umwelthilfe eVFreistaat Bayern, C-752/18, ECLI:EU:C:2019:1114, mír 56.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(19)  Treoir 89/654/CEE ón gComhairle an 30 Samhain 1989 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte don láthair oibre (an chéad Threoir leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 393, 30.12.1989, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann ar aonaid chríochacha le haghaidh staitisticí (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(21)  Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).

(22)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(23)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).


IARSCRÍBHINN I

Caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir

Roinn 1 – Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint

Tábla 1 – Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2030

Tréimhse mheánaithe

Teorainnluach

 

PM2,5

 

 

1 lá amháin

25 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin

Bliain féilire

10 μg/m3

 

PM10

 

 

1 lá amháin

45 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin

Bliain féilire

20 μg/m3

 

Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)

1 uair an chloig

200 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 3 huaire in aon bhliain féilire amháin

1 lá amháin

50 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin

Bliain féilire

20 μg/m3

 

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

1 uair an chloig

350 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 3 huaire in aon bhliain féilire amháin

1 lá amháin

50 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin

Bliain féilire

20 μg/m3

 

Beinséin

 

 

Bliain féilire

3,4 μg/m3

 

Aonocsaíd charbóin (CO)

An meán laethúil uasta 8 n-uair an chloig (1)

10 mg/m3

 

1 lá amháin

4 mg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin

Luaidhe (Pb)

 

 

Bliain féilire

0,5 μg/m3

 

Arsanaic (As)

 

 

Bliain féilire

6,0 ng/m3

 

Caidmiam (Cd)

 

 

Bliain féilire

5,0 ng/m3

 

Nicil (Ni)

 

 

Bliain féilire

20 ng/m3

 

Beinsi[a]piréin

 

 

Bliain féilire

1,0 ng/m3

 


Tábla 2 – Teorainnluachanna chun sláinte an duine a chosaint atá le baint amach faoin 11 Nollaig 2026

Tréimhse mheánaithe

Teorainnluach

 

PM2,5

Bliain féilire

25 μg/m3

 

PM10

1 lá amháin

50 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 35 huaire in aon bhliain féilire amháin

Bliain féilire

40 μg/m3

 

Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)

1 uair an chloig

200 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 n-uaire in aon bhliain féilire amháin

Bliain féilire

40 μg/m3

 

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

1 uair an chloig

350 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 24 huaire in aon bhliain féilire amháin

1 lá amháin

125 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 3 huaire in aon bhliain féilire amháin

Beinséin

Bliain féilire

5 μg/m3

 

Aonocsaíd charbóin (CO)

An meán laethúil uasta 8 n-uair an chloig (2)

10 mg/m3

 

Luaidhe (Pb)

Bliain féilire

0,5 μg/m3

 


Tábla 3 – Spriocluachanna chun sláinte an duine a chosaint atá le baint amach faoin 11 Nollaig 2026

Arsanaic (As)

Bliain féilire

6,0 ng/m3

 

Caidmiam (Cd)

Bliain féilire

5,0 ng/m3

 

Nicil (Ni)

Bliain féilire

20 ng/m3

 

Beinsi[a]piréin

Bliain féilire

1,0 ng/m3

 

Roinn 2 – Spriocluachanna agus cuspóirí fadtéarmacha ózóin

A.   Sainmhínithe agus critéir

Ciallaíonn ‘Neamhchosaint charntha ar Ózón thar Thairseach de 40 cuid sa bhilliún’ (AOT40), arna shloinneadh in ‘(μg/m3) × uaireanta an chloig’, suim na difríochta idir tiúchaintí in aghaidh na huaire atá os cionn 80 μg/m3 (= 40 cuid sa bhilliún) agus 80 μg/m3 thar thréimhse ar leith, agus úsáid á baint as na luachanna aon uair an chloig idir 08:00 agus 20:00 Am Lár na hEorpa (CET) gach lá, agus na luachanna sin amháin.

B.   Spriocluachanna ózóin

Cuspóir

Tréimhse mheánaithe

Spriocluach

Sláinte an duine a chosaint

An meán laethúil uasta 8 n-uair an chloig (3)

120 μg/m3

nach bhfuil le sárú níos mó ná 18 lá in aghaidh na bliana féilire, meánaithe thar 3 bliana (4)  (5)

Fásra a chosaint

Mí na Bealtaine go mí Iúil

AOT40 (arna ríomh as luachanna 1 uair an chloig)

18 000 μg/m3 × uaireanta an chloig meánaithe thar 5 bliana (4)

C.   Cuspóirí fadtéarmacha ózóin (O3) atá le baint amach faoin 1 Eanáir 2050

Cuspóir

Tréimhse mheánaithe

Cuspóir fadtéarmach

Sláinte an duine a chosaint

Meán laethúil uasta 8 n-uair an chloig laistigh de bhliain féilire

100 μg/m3 nach bhfuil le sárú níos mó ná 3 lá in aghaidh na bliana féilire (99ú peircintíl)

 

Fásra a chosaint

Mí na Bealtaine go mí Iúil

AOT40 (ríofa as luachanna 1 uair an chloig)

6 000 μg/m3 × h

Roinn 3 – Leibhéil chriticiúla chun fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint

Tréimhse mheánaithe

Leibhéal criticiúil

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

Bliain féilire agus an geimhreadh (an 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Márta)

20 μg/m3

Ocsaídí nítrigine (NOx)

Bliain féilire

30 μg/m3

Roinn 4 – Tairseacha foláirimh agus faisnéise

A.   Tairseacha foláirimh

Le tomhas mar mheán in aghaidh na huaire thar 3 uair an chloig as a chéile i gcás dé-ocsaíd sulfair agus dé-ocsaíd nítrigine, agus mar mheán laethúil thar 3 lá as a chéile nó níos lú i gcás PM10 agus PM2,5, ag suíomhanna atá ionadaíoch d’aercháilíocht thar 100 km2 ar a laghad, nó ar fud limistéar iomlán, cibé acu is lú.

Le tomhas thar 1 uair an chloig i gcás ózóin; chun críocha Airteagal 20 a chur chun feidhme, déanfar sárú na tairsí a thomhas nó a thuar ar feadh 3 uair an chloig as a chéile.

Truailleán

Tréimhse mheánaithe

Tairseach foláirimh

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

1 uair an chloig

350 μg/m3

Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)

1 uair an chloig

200 μg/m3

PM2,5

1 lá amháin

50 μg/m3

PM10

1 lá amháin

90 μg/m3

Ózón

1 uair an chloig

240 μg/m3

B.   Tairseacha faisnéise

Le tomhas thar 1 uair an chloig i gcás dé-ocsaíd sulfair agus dé-ocsaíd nítrigine, agus thar 1 lá i gcás PM10 agus PM2,5, ag suíomhanna atá ionadaíoch d’aercháilíocht thar 100 km2 ar a laghad, nó ar fud limistéar iomlán, cibé acu is lú.

Le tomhas thar 1 uair an chloig i gcás ózóin.

Truailleán

Tréimhse mheánaithe

Tairseach faisnéise

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

1 uair an chloig

275 μg/m3

Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)

1 uair an chloig

150 μg/m3

PM2,5

1 lá amháin

50 μg/m3

PM10

1 lá amháin

90 μg/m3

Ózón

1 uair an chloig

180 μg/m3

Roinn 5 – Oibleagáid maidir le Laghdú Meánteagmhála le haghaidh PM2,5 agus NO2

A.   Táscaire meánteagmhála

Beidh an táscaire meánteagmhála (AEI), arna shloinneadh i μg/m3, bunaithe ar thomhais a dhéantar ag gach pointe samplála i gcúlsuíomhanna uirbeacha in aonaid chríochacha mheánteagmhála ar fud críoch Ballstáit. Déanfar measúnú air mar mheántiúchan bliantúil gluaisteach thar 3 bliana féilire, meánaithe thar phointí samplála uile an truailleáin ábhartha arna mbunú de bhun Phointe B d’Iarscríbhinn III i ngach aonad críochach meánteagmhála. Is éard a bheidh in AEI le haghaidh bliain ar leith meántiúchan na bliana céanna agus an dá bhliain roimhe sin.

I gcás ina sainaithníonn Ballstáit sáruithe atá inchurtha i leith foinsí nádúrtha, déanfar rannchuidithe ó fhoinsí nádúrtha a asbhaint sula ríomhfar AEI.

Úsáidtear AEI le haghaidh an scrúdaithe i dtaobh an bhfuil an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála á comhlíonadh.

B.   Oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála

Ó 2030 ar aghaidh ní sháróidh AEI leibhéal atá:

1.

i gcás PM2,5:

(a)

10 mbliana roimhe sin nuair a bhí luach < 10,0 μg/m3 ar AEI: 10 % níos ísle ná mar a bhí AEI 10 mbliana roimhe sin, cibé acu is ísle, seachas i gcás nach bhfuil AEI níos airde cheana ná an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh PM2,5, cuspóir a leagtar amach i bPointe C;

(b)

10 mbliana roimhe sin nuair a bhí luach < 12,0 μg/m3 agus ≥ 10,0 μg/m3 ar AEI: 15 % níos ísle ná mar a bhí AEI 10 mbliana roimhe sin nó 9,0 μg/m3, cibé acu is ísle;

(c)

10 mbliana roimhe sin nuair a bhí luach < 12,0 μg/m3 ar AEI: 25 % níos ísle ná mar a bhí AEI 10 mbliana roimhe sin;

2.

i gcás NO2:

(a)

10 mbliana roimhe sin nuair a bhí luach < 20,0 μg/m3 ar AEI: 15 % níos ísle ná mar a bhí an Táscaire Meánteagmhála 10 mbliana roimhe sin nó 15,0 μg/m3, cibé acu is ísle, seachas i gcás nach bhfuil AEI níos airde cheana ná an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála le haghaidh NO2, cuspóir a leagtar amach i bPointe C;

(b)

10 mbliana roimhe sin nuair a bhí luach ≥ 20,0 μg/m3 ar AEI: 25 % níos ísle ná mar a bhí AEI 10 mbliana roimhe sin.

Agus na leibhéil do na blianta 2030, 2031 agus 2032 á ríomh, féadfaidh na Ballstáit an bhliain 2020 a eisiamh ó ríomh AEI don bhonnbhliain.

C.   Cuspóirí maidir le tiúchan meánteagmhála

Is éard a bheidh sa chuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála an leibhéal seo a leanas de AEI.

Truailleán

Cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála

PM2,5

AEI = 5 μg/m3

NO2

AEI = 10 μg/m3


(1)  Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uair an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uair an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uair an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17:00 ar an lá roimhe go 01:00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16:00 go 24:00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.

(2)  Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uair an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uair an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uair an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17:00 ar an lá roimhe go 01:00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16:00 go 24:00 an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.

(3)  Roghnófar an meántiúchan laethúil uasta 8 n-uair an chloig trí mheáin ghluaisteacha 8 n-uair an chloig a scrúdú, arna ríomh ó shonraí in aghaidh na huaire agus arna dtabhairt cothrom le dáta gach uair an chloig. Déanfar gach meán 8 n-uair an chloig a ríomhfar amhlaidh a shannadh don lá ar a gcríochnaíonn sé, i.e. is í an tréimhse ó 17:00 ar an lá roimhe go 01:00 ar an lá sin an chéad tréimhse ríomha d’aon lá amháin; is í an tréimhse ó 16:00 go 24:00 ar an lá sin an tréimhse dheiridh ríomha d’aon lá amháin.

(4)  Mura féidir na meáin 3 bliana nó 5 bliana a chinneadh ar bhonn tacar iomlán leantach de shonraí bliantúla, is mar seo a leanas a bheidh na sonraí íosta bliantúla atá riachtanach chun comhlíonadh na spriocluachanna ózóin a sheiceáil:

i gcás an spriocluacha chun sláinte an duine a chosaint: sonraí bailí le haghaidh aon bhliain amháin,

i gcás an spriocluacha chun an fásra a chosaint: sonraí bailí le haghaidh 3 bliana.

(5)  Go dtí an 1 Eanáir 2030, 120 μg/m3 nach bhfuil le sárú níos mó ná 25 lá in aghaidh na bliana féilire, meánaithe thar 3 bliana


IARSCRÍBHINN II

Tairseacha measúnaithe

Roinn 1 – Tairseacha measúnaithe maidir le cosaint sláinte

Truailleán

Tairseach mheasúnaithe (meán bliantúil, mura sonraítear é)

PM2,5

5 μg/m3

PM10

15 μg/m3

Dé-ocsaíd nítrigine (NO2)

10 μg/m3

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

40 μg/m3 (meán 24 uair an chloig)(1)

Beinséin

1,7 μg/m3

Aonocsaíd charbóin (CO)

4 mg/m3 (meán 24 uair an chloig)(1)

Luaidhe (Pb)

0,25 μg/m3

Arsanaic (As)

3,0 ng/m3

Caidmiam (Cd)

2,5 ng/m3

Nicil (Ni)

10 ng/m3

Beinsi[a]piréin

0,30 ng/m3

Ózón (O3)

100 μg/m3 (meán uasta 8 n-uair an chloig) (1)

Roinn 2 – Tairseacha measúnaithe maidir le fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint

Truailleán

Tairseach mheasúnaithe (meán bliantúil, mura sonraítear é)

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

8 μg/m3 (meánaithe idir an 1 Deireadh Fómhair agus an 31 Márta)

Ocsaídí nítrigine (NOx)

19,5 μg/m3


(1)  99ú peircintíl, i.e. 3 lá sháraitheacha in aghaidh na bliana.


IARSCRÍBHINN III

Líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta

A.   An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna agus spriocluachanna chun sláinte an duine a chosaint, le spriocluachanna ózóin, le cuspóirí fadtéarmacha, le tairseacha foláirimh agus le tairseacha faisnéise

1.   Foinsí idirleata

Tábla 1 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna agus spriocluachanna chun sláinte an duine a chosaint, agus le tairseacha foláirimh agus le tairseacha faisnéise (i gcás gach truailleáin seachas ózón)

Daonra an limistéir

(ina mhílte)

An líon íosta pointí samplála

má sháraíonn leibhéil tiúchana an tairseach mheasúnaithe

NO2, SO2, CO, beinséin

 

PM10

PM2,5

Pb, Cd, As, Ni

in PM10

Beinsi[a]piréin in PM10

0 - 249

2

 

2

2

1

1

250 - 499

2

 

2

2

1

1

500 - 749

2

 

2

2

1

1

750 - 999

3

 

2

2

2

2

1 000  - 1 499

4

 

3

3

2

2

1 500  - 1 999

5

 

3

4

2

2

2 000  - 2 749

6

 

4

4

2

3

2 750  - 3 749

7

 

5

5

2

3

3 750  - 4 749

8

 

5

6

3

4

4 750  - 5 999

9

 

6

7

4

5

6 000 +

10

 

7

8

5

5


Tábla 2 – An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le spriocluachanna ózóin, le cuspóirí fadtéarmacha agus le tairseacha foláirimh agus le tairseacha faisnéise (i gcás ózóin amháin)

Daonra an limistéir

(ina mhílte)

An líon íosta pointí samplála (1)

< 250

1

< 500

2

< 1 000

2

< 1 500

3

< 2 000

4

< 2 750

5

< 3 750

6

≥ 3 750

Pointe samplála breise amháin in aghaidh an 2 mhilliún áitritheoir


Tábla 3 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le teorainnluachanna agus spriocluachanna chun sláinte an duine a chosaint, agus le tairseacha foláirimh agus le tairseacha faisnéise i limistéir ina bhfuil feidhm ag laghdú 50 % ar na tomhais sin (i gcás gach truailleáin seachas ózón)

Daonra an limistéir

(ina mhílte)

An líon íosta pointí samplála

má laghdaítear an líon pointí samplála faoi suas le 50 %

NO2, SO2, CO, beinséin

 

PM10

PM2,5

Pb, Cd, As, Ni

in PM10

Beinsi[a]piréin in PM10

0 - 249

1

 

1

1

1

1

250 - 499

1

 

1

1

1

1

500 - 749

1

 

1

1

1

1

750 - 999

2

 

1

1

1

1

1 000  - 1 499

2

 

1

2

1

1

1 500  - 1 999

3

 

2

2

1

1

2 000  - 2 749

3

 

2

2

1

2

2 750  - 3 749

4

 

2

3

1

2

3 750  - 4 749

4

 

3

3

2

2

4 750  - 5 999

5

 

3

4

2

3

6 000 +

5

 

4

4

3

3


Tábla 4 - An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le spriocluachanna ózóin, le cuspóirí fadtéarmacha agus le tairseacha foláirimh agus le tairseacha faisnéise i limistéir ina bhfuil feidhm ag laghdú 50 % ar na tomhais sin (i gcás ózóin amháin)

Daonra an limistéir

(ina mhílte)

An líon íosta pointí samplála má laghdaítear an líon pointí samplála faoi suas le 50 % (2)

< 250

1

< 500

1

< 1 000

1

< 1 500

2

< 2 000

2

< 2 750

3

< 3 750

3

≥ 3 750

Pointe samplála breise amháin in aghaidh an 4 mhilliún áitritheoir

I gcás gach limistéir, sa líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta a leagtar amach i dTáblaí 1–4 den Phointe seo áireofar ar a laghad pointe samplála amháin ar chúlsuíomh agus pointe samplála amháin ag teophointe aerthruaillithe de réir Phointe B, d’Iarscríbhinn IV, ar choinníoll nach méadófar an líon pointí samplála dá bharr sin. I gcás dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, beinséine agus aonocsaíd charbóin, áireofar leis sin pointe samplála amháin ar a laghad atá dírithe ar thomhas a dhéanamh ar an rannchuidiú ó astaíochtaí iompair. Mar sin féin, i gcásanna nach bhfuil ach aon phointe samplála amháin ag teastáil, is ag teophointe aerthruaillithe a bheidh sé suite.

I gcás gach limistéir, ní bheidh níos mó ná fachtóir 2 de dhifríocht idir an líon iomlán pointí samplála ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus an líon iomlán pointí samplála ag teastáil i dteophointí aerthruaillithe i gcás dé-ocsaíd nítrigine, ábhar cáithníneach, beinséine agus aonocsaíd charbóin. An líon pointí samplála PM2,5 agus dé-ocsaíde nítrigine ar chúlsuíomhanna uirbeacha, beidh an líon sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bPointe B.

2.   Poncfhoinsí

Chun measúnú a dhéanamh ar thruailliú i ngar do phoncfhoinsí, déanfar líon na bpointí samplála le haghaidh tomhas seasta a ríomh agus dlús astaíochtaí, patrúin dáileacháin dhóchúla thruailliú an aeir chomhthimpeallaigh agus teagmháil fhéideartha an phobail á gcur san áireamh. Féadfar na pointí samplála sin a shuíomh ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm BAT (na teicnící is fearr atá ar fáil) mar a shainmhínítear i dTreoir 2010/75/AE.

B.   An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhas seasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le hoibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála PM2,5 agus NO2 chun sláinte an duine a chosaint

I gcás gach ceann de PM2,5 agus NO2, déanfar ar a laghad pointe samplála amháin in aghaidh an aonaid chríochaigh meánteagmhála, agus ar a laghad pointe samplála amháin in aghaidh an mhilliúin áitritheoir arna ríomh i limistéir uirbeacha ina bhfuil níos mó ná 100 000 áitritheoir, a oibriú chun na críche sin. D’fhéadfadh na pointí samplála sin a bheith san áit chéanna leis na pointí samplála faoi Phointe A.

C.   An líon íosta pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le leibhéil chriticiúla i gcás SO2 agus NOx, agus le cuspóirí fadtéarmacha maidir le hózón

1.   Leibhéil chriticiúla chun fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint

Má sháraíonn na huastiúchaintí na leibhéil chriticiúla

aon phointe samplála amháin gach 20 000  km2

Má sháraíonn na huastiúchaintí an tairseach mheasúnaithe

aon phointe samplála amháin gach 40 000  km2

I limistéir oileánacha, déanfar an líon pointí samplála le haghaidh tomhas seasta a ríomh agus patrúin dáileacháin dhóchúla thruailliú an aeir chomhthimpeallaigh agus teagmháil fhéideartha an fhásra á gcur san áireamh.

2.   Cuspóir fadtéarmach maidir le sláinte an duine agus an fásra a chosaint i gcás ózóin

Chun tomhais a dhéanamh ar chúlsuíomh tuaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad pointe samplála amháin ann in aghaidh gach 50 000 km2 mar mheándlús ar fud na limistéar go léir in aghaidh na tíre. I gcás tír-raon casta, moltar aon phointe samplála amháin in aghaidh gach 25 000 km2.

D.   An líon pointí samplála le haghaidh tomhais sheasta ar cháithníní sármhíne i gcás inar dócha go dtarlóidh tiúchaintí arda

Déanfar cáithníní sármhíne a thomhas ag suíomhanna roghnaithe mar aon le truailleáin eile aeir. Beidh pointí samplála chun tomhas a dhéanamh ar cháithníní sármhíne i gcomhthráth, i gcás inarb iomchuí, le pointí samplála le haghaidh ábhar cáithníneach nó dé-ocsaíd nítrigine dá dtagraítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo, agus beidh siad lonnaithe i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII. Chun na críche sin, bunófar aon phointe samplála amháin ar a laghad in aghaidh gach 5 mhilliún áitritheoir ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchaintí arda cáithníní sármhíne ann. Bunóidh na Ballstáit ina bhfuil níos lú ná 5 mhilliún áitritheoir ar a laghad aon phointe samplála amháin le haghaidh tomhais sheasta ar shuíomh inar dócha go mbeidh tiúchaintí ard cáithníní sármhíne ann.

I gcás na mBallstát a bhfuil níos mó ná 2 mhilliún áitritheoir iontu, maidir le sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha nó ag cúlsuíomhanna tuaithe a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10, ní chuirfear iad san áireamh chun na ceanglais maidir leis an líon íosta pointí samplála le haghaidh cáithníní sármhíne a leagtar amach anseo a chomhlíonadh.


(1)  Pointe samplála amháin ar a laghad i gceantair inar dócha go dtarlóidh teagmháil an daonra leis na tiúchaintí is airde d’ózón. I gceirtleáin, beidh ar a laghad 50 % de na pointí samplála lonnaithe i gceantair fho-uirbeacha.

(2)  Pointe samplála amháin ar a laghad i gceantair inar dócha go dtarlóidh teagmháil an daonra leis na tiúchaintí is airde d’ózón. I gceirtleáin, beidh ar a laghad 50 % de na pointí samplála lonnaithe i gceantair fho-uirbeacha.


IARSCRÍBHINN IV

Measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach agus suíomh na bpointí samplála

A.   Faisnéis Ghinearálta

Déanfar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach i ngach limistéar mar a leanas:

1.

Déanfar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach ar gach suíomh seachas na suíomhanna sin a liostaítear i bpointe 2.

Beidh feidhm ag Pointí B agus C maidir le suíomh na bpointí samplála. Beidh feidhm ag na prionsabail arna mbunú le Pointí B agus C freisin a mhéid atá siad ábhartha chun na suíomhanna sonracha a shainaithint ina suitear tiúchaintí na dtruailleán ábhartha agus ina ndéantar measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach trí thomhais tháscacha nó trí fheidhmchláir samhaltaithe.

2.

Ní dhéanfar measúnú ar chomhlíontacht leis na teorainnluachanna agus na spriocluachanna atá dírithe ar shláinte an duine a chosaint ar na suíomhanna seo a leanas:

(a)

aon suíomh atá lonnaithe laistigh de cheantair nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus nach bhfuil aon áit chónaithe sheasta iontu;

(b)

i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (1), ar áitribh mhonarchana nó ag láithreáin tionscail a bhfuil feidhm ag gach foráil ábhartha i dtaca le sláinte agus sábháilteacht san ionad oibre maidir leo;

(c)

ar charrbhealaigh bóithre; agus ar lárthearmainn bóithre seachas áiteanna ina mbíonn rochtain ag coisithe nó ag rothaithe ar an lárthearmann de ghnáth.

B.   Lonnú macrascála pointí samplála

1.   Faisnéis

Agus pointí samplála á lonnú, cuirfear san áireamh sonraí greillithe náisiúnta maidir le hastaíochtaí arna dtuairisciú de bhun Threoir (AE) 2016/2284, sonraí astaíochtaí arna dtuairisciú faoin gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, fardail astaíochtaí áitiúla.

2.   Sláinte an duine a chosaint

(a)

Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint shláinte an duine a lonnú ar bhealach ina gcuirfear sonraí iontaofa ar fáil faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

leibhéil tiúchana ag teophointí aerthruaillithe laistigh de na limistéir;

(ii)

leibhéil tiúchana i gceantair eile laistigh de na limistéir atá ina léiriú ar theagmháil an phobail i gcoitinne, i gcúlsuíomhanna uirbeacha agus i gcúlsuíomhanna tuaithe araon;

(iii)

i gcás arsanaice, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicile agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha, na rátaí deascaidh lena léirítear teagmháil indíreach an phobail tríd an mbiashlabhra;

(b)

déanfar pointí samplála a lonnú, go ginearálta, ar bhealach ina seachnófar tomhas ar mhicrea-thimpeallachtaí i ngarchomharsanacht an phointe samplála, rud a fhágann go ndéanfar, i gcás inarb indéanta, pointe samplála a lonnú ar bhealach ina mbeidh an t-aer sampláilte ionadaíoch d’aercháilíocht le haghaidh stráice sráide nach lú ná 100 m ar fad ag suíomhanna ina dtomhaistear rannchuidiú an tráchta bóithre, ar a laghad 25 m × 25 m ag suíomhanna ina dtomhaistear an rannchuidiú ó théamh baile, agus ar a laghad 250 m × 250 m ag suíomhanna ina dtomhaistear an rannchuidiú ó laithreáin thionsclaíocha nó ó fhoinsí eile amhail calafoirt nó aerfoirt;

(c)

i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht i dteophointí aerthruaillithe, déanfar pointí samplála a shuiteáil sna ceantair laistigh de limistéir ina bhfuil na tiúchaintí is airde is dócha a mbeidh an daonra i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le tréimhse mheánaithe na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna; beidh na pointí samplála lonnaithe, i gcás inarb ábhartha agus a mhéid is féidir, i gceantair inar dócha go mbeidh daonra íogair agus grúpaí leochaileacha i dteagmháil go díreach nó go hindíreach leo ar feadh tréimhse atá suntasach i ndáil le meántréimhse na dteorainnluachanna nó na spriocluachanna, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do limistéir chónaithe, scoileanna, ospidéil, saoráidí maireachtála cuidithe nó limistéir oifige;

(d)

déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna uirbeacha a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó na foinsí ábhartha go léir ar a leibhéal truaillithe; ní bheidh an chuid is mó den tionchar ag foinse aonair ar an leibhéal truaillithe ach amháin má tá a leithéid de chás tipiciúil i gceantar mór uirbeach; mar riail ghinearálta, beidh na pointí samplála sin ionadaíoch do roinnt ciliméadar cearnach;

(e)

déanfar pointí samplála i gcúlsuíomhanna tuaithe a lonnú ionas go mbeidh tionchar ag an rannchuidiú comhtháite ó fhoinsí ábhartha ar a leibhéal truaillithe ach nach mbeidh tionchar ag limistéir uirbeacha, mórbhóithre nó láithreáin thionsclaíocha ina gcomharsanacht air, i.e. níos gaire ná 5 km, ar a leibhéal truaillithe;

(f)

i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an tráchta bóithre, beidh pointí samplála suite ar bhealach ina soláthrófar sonraí ar na sráideanna ina dtarlaíonn na tiúchaintí is airde, agus méid tráchta (arb ionann é agus an dlús tráchta is mó sa limistéar), dálaí scaipthe áitiúla agus úsáid na talún spásúla (mar shampla i gcainneon sráide) á gcur san áireamh;

(g)

i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú an téimh baile, suiteálfar pointí samplála ar chúl na gaoithe ó na príomhfhoinsí laistigh de phríomhthreo gaoithe ábhartha na bhfoinsí sin;

(h)

i gcás inarb é an cuspóir measúnú a dhéanamh ar rannchuidithe foinsí tionsclaíocha, calafort nó aerfort, suiteálfar pointe samplála amháin ar a laghad ar chúl na gaoithe ón bpríomhfhoinse laistigh de phríomhthreo na gaoithe ábhartha, sa limistéar cónaithe is gaire; i gcás nach eol an tiúchan cúlra, déanfar pointe samplála breise a lonnú ar thaobh na gaoithe den phríomhfhoinse, i gcoibhneas le príomhthreo gaoithe ábhartha; féadfar na pointí samplála a shuíomh ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm BAT;

(i)

beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála; sna limistéir ina bhfuil leibhéal na dtruailleán aeir os cionn na tairsí measúnaithe, saineofar go soiléir an limistéar a bhfuil gach pointe samplála ionadaíoch dó; cumhdófar an limistéar iomlán, i gcás inar féidir, leis na limistéir ionadaíochais éagsúla a shainítear le haghaidh na bpointí samplála sin; maidir le tiúchaintí i gceantair laistigh de limistéir nach gcumhdaítear le pointí samplála an limistéir sin, déanfar iad a mheasúnú le modhanna iomchuí;

(j)

tabharfar aird ar an ngá le pointí samplála a lonnú ar oileáin i gcás ina bhfuil gá leis sin chun sláinte an duine a chosaint;

(k)

i gcás inar féidir, déanfar pointí samplála lena dtomhaistear arsanaic, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a chomhlonnú le pointí samplála le haghaidh PM10.

3.   Fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint

Déanfar pointí samplála atá dírithe ar chosaint fásra agus éiceachóras nádúrtha a lonnú níos mó ná 20 km ar shiúl ó cheantair uirbeacha nó níos mó ná 5 km ar shiúl ó cheantair fhoirgnithe, láithreáin tionscail nó mótarbhealaí nó mórbhóithre ar a mbíonn níos mó ná 50 000 feithicil in aghaidh an lae, rud a fhágann go mbeidh pointe samplála lonnaithe ar bhealach lena mbeidh an t-aer sampláilte ionadaíoch d’aercháilíocht i gceantar máguaird atá 1 000 km2 ar a laghad. Is féidir le Ballstát foráil a dhéanamh maidir le pointe samplála a lonnú níos gaire nó foráil a dhéanamh go mbeidh sé ionadaíoch d’aercháilíocht i limistéir nach bhfuil chomh leathnaithe, agus na coinníollacha geografacha nó na deiseanna chun limistéir íogaire a chosaint á gcur san áireamh.

Tabharfar aird ar an ngá measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht ar oileáin.

4.   Critéir bhreise maidir le pointí samplála ózóin

Tá feidhm ag an méid seo a leanas maidir le tomhais sheasta agus tháscacha:

Cineál pointe samplála

Cuspóirí tomhais

Ionadaíochas (1)

Critéir maidir le lonnú macrascála

Cúlsuíomhanna uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin

Sláinte an duine a chosaint:

chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra i gceantair uirbeacha ar ózóin, i.e. in áit ina bhfuil dlús an daonra agus tiúchaintí ózóin measartha ard agus ionadaíoch do theagmháil an phobail i gcoitinne.

1 go dtí 10 km2

Ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós tráchta, stáisiúin pheitril, etc.;

suíomhanna le gaothairí inar féidir leibhéil atá measctha go maith a thomhas; i gcás inarb ábhartha agus a mhéid is féidir, suíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha, amhail scoileanna, clóis súgartha, ospidéil agus tithe do dhaoine scothaosta;

suíomhanna ar nós limistéir chónaitheacha agus tráchtála i gcathracha, páirceanna (ar shiúl ó chrainn), sráideanna nó cearnóga leathana ar a bhfuil beagán tráchta nó gan aon trácht, limistéir oscailte den chineál a bhíonn ag áiseanna oideachais, spóirt nó áineasa, de ghnáth.

Suíomhanna fo-uirbeacha le haghaidh measúnuithe ózóin

Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:

chun measúnú a dhéanamh ar theagmháil an daonra agus an fhásra atá lonnaithe ar imeall an cheantair uirbigh, áit a bhfuil na leibhéil is airde ózón is dócha a mbeidh an daonra agus an fásra i dteagmháil leo go díreach nó go hindíreach.

10 go dtí 100 km2

Fad áirithe ó limistéar na n-astaíochtaí uasta, ar chúl na gaoithe a leanann príomhthreo/príomhthreonna na gaoithe le linn coinníollacha atá fabhrach d’fhoirmiú ózóin;

i gcás ina bhfuil an daonra, barra leochaileacha nó éiceachórais nádúrtha atá lonnaithe ar imeall ceantair uirbigh neamhchosanta ar leibhéil arda ozóin;

i gcás inarb iomchuí, roinnt pointí samplála fo-uirbeacha atá ar thaobh na gaoithe de limistéar na n-astaíochtaí uasta, ionas go mbeifear in ann na leibhéil chúlracha réigiúnacha ózóin a chinneadh.

Suíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin

Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:

chun teagmháil an daonra, na mbarr agus éiceachórais nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála fo-réigiúnach a mheas.

Leibhéil fho-réigiúnacha

(100 go dtí 1 000  km2)

D’fhéadfadh pointí samplála a bheith lonnaithe i lonnaíochtaí beaga nó i gceantair ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí nó barra;

ionadaíoch d’ózón ar shiúl ó thionchar astaíochtaí áitiúla ar nós láithreáin tionscail agus bóithre;

ag suíomhanna oscailte.

Cúlsuíomhanna tuaithe le haghaidh measúnuithe ózóin

Sláinte an duine agus an fásra a chosaint:

chun teagmháil barr agus éiceachóras nádúrtha ar thiúchain ózóin ar scála réigiúnach a mheas chomh maith le teagmháil an daonra.

Leibhéil réigiúnacha/náisiúnta/ilchríochacha

(1 000 go dtí 10 000  km2)

Pointí samplála atá lonnaithe i gceantair ina bhfuil dlús daonra níos ísle, e.g. ina bhfuil éiceachórais nádúrtha, foraoisí, atá ar a laghad 20 km ó cheantair uirbeacha agus thionsclaíocha agus ar shiúl ó astaíochtaí áitiúla;

seachain suíomhanna atá faoi réir cruthú coinníollacha inbhéartaithe gar don talamh atá feabhsaithe go háitiúil;

ní moltar láithreáin ar an gcósta áit a bhfuil timthriallta gaoithe laethúla suntasacha ag a bhfuil gné áitiúil.

Maidir le pointí samplála le haghaidh suíomhanna tuaithe agus cúlsuíomhanna tuaithe, déanfar lonnú na bpointí samplála sin a chomhordú, i gcás inarb iomchuí, leis na ceanglais faireacháin i Rialachán (CE) Uimh. 1737/2006 ón gCoimisiún (2).

5.   Critéir chun limistéar ionadaíochais spásúla na bpointí samplála a chinneadh

Agus an limistéar ionadaíochais spásúla á chinneadh, breithneofar na saintréithe seo a leanas:

(a)

féadfaidh fearainn neamh-chomhtheagmhálacha a áireamh sa limistéar geografach ach beidh teorainn lena leathnú mar gheall ar theorainneacha an limistéir atá á bhreithniú;

(b)

má dhéantar measúnú air trí fheidhmchláir samhaltaithe, bainfear úsáid as córas samhaltaithe atá oiriúnach don fheidhm agus bainfear úsáid as tiúchaintí shamhaltaithe ag suíomh an phointe samplála ionas nach ndéanfaidh claontachtaí córasacha tomhais shamhaltaithe an measúnú a shaobhadh;

(c)

féadfar méadrachtaí eile seachas dearbhthiúchain a chur san áireamh, e.g. peircintílí;

(d)

d’fhéadfadh na leibhéil lamháltais agus na scoithphointí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh na dtruailleán éagsúil a bheith éagsúil ag brath ar shaintréithe an phointe samplála;

(e)

bainfear úsáid as meán bliantúil na tiúchana truailleáin breathnaithe mar an méadrach aercháilíochta le haghaidh bliain ar leith.

C.   Lonnú micreascála pointí samplála

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas a mhéid is indéanta:

(a)

beidh an sreabhadh timpeall ionraon an phointe samplála neamhshrianta (go ginearálta saor i stua 270o ar a laghad, nó, i gcás pointí samplála ag an líne fhoirgníochta, i stua 180o ar a laghad) gan aon bhacainní a dhéanann difear don sreabhadh aeir i ngaireacht an ionraoin (ar a laghad 1,5 m ar shiúl ó fhoirgnimh, balcóin, crainn agus ó bhacainní eile, agus ar a laghad 0,5 m ón bhfoirgneamh is gaire i gcás pointí samplála a léiríonn aercháilíocht ag an líne fhoirgníochta);

(b)

go ginearálta, beidh ionraon an phointe samplála idir 0,5 m (an limistéar análaithe) agus 4 m os cionn na talún; d’fhéadfadh lonnú níos airde a bheith iomchuí freisin má tá an pointe samplála lonnaithe i gcúlsuíomh; déanfar an cinneadh suíomh níos airde den sórt sin a chur i bhfeidhm a dhoiciméadú go hiomlán;

(c)

ní chuirfear an tóireadóir ionraoin i ngarchomharsanacht foinsí ionas nach nglacfar isteach go díreach astaíochtaí nach bhfuil measctha leis an aer comhthimpeallach nach dócha a mbeidh an pobal neamhchosanta orthu;

(d)

lonnófar sceithphíopa an tsamplóra ionas go seachnófar athshruthú aeir sceite chuig ionraon an tsamplóra;

(e)

maidir le gach truailleán, beidh tóireadóirí samplála atá dírithe ar thomhas a dhéanamh ar rannchuidiú an tráchta bóithre ar a laghad 25 m ar shiúl ó imeall mór-acomhal agus ní bheidh siad níos mó ná 10 m ó cholbha an chosáin; chun críocha an phointe seo, ciallaíonn ‘colbha an chosáin’ an líne a scarann trácht mótair ó limistéir eile; ciallaíonn ‘mór-acomhal’ acomhal a chuireann isteach ar an sreabhadh tráchta agus is cúis le hastaíochtaí eile (astaíochtaí stoptha agus imeachta) i gcomparáid leis an gcuid eile den bhóthar;

(f)

maidir leis na tomhais ar dheascadh i gcúlsuíomhanna tuaithe, beidh feidhm ag treoirlínte agus critéir EMEP;

(g)

maidir leis an tomhas ar ózón, áiritheoidh na Ballstáit go lonnófar an pointe samplála i bhfad ó fhoinsí amhail foirnéisí agus múcháin loiscthe, agus níos mó ná 10 m ón mbóthar is gaire, agus an t-achar á mhéadú mar fheidhm de dhlús an tráchta;

(h)

féadfar na tosca seo a leanas a chur san áireamh freisin:

(i)

foinsí trasnaíochta;

(ii)

slándáil;

(iii)

rochtain;

(iv)

infhaighteacht cumhachta leictrí agus cumarsáide teileafóin;

(v)

infheictheacht an láithreáin i dtaca lena thimpeallacht;

(vi)

sábháilteacht an phobail agus na n-oibreoirí;

(vii)

a inmhianaithe atá sé pointí samplála le haghaidh truailleáin éagsúla a chomhlonnú;

(viii)

ceanglais phleanála.

D.   Láithreán a roghnú, a athbhreithniú agus a dhoiciméadú

1.

Déanfaidh na húdaráis inniúla atá freagrach as measúnú ar cháilíocht an aeir, na nósanna imeachta maidir le roghnú láithreáin a dhoiciméadú go hiomlán le haghaidh gach limistéir agus déanfaidh siad faisnéis a thaifeadadh chun tacú le dearadh an líonra agus leis an rogha láithreáin i gcás gach láithreáin faireacháin. Tacófar le dearadh an líonra faireacháin ar a laghad trí fheidhmchláir samhaltaithe nó trí thomhais tháscacha.

2.

Áireofar leis an doiciméadacht suíomh na bpointí samplála trí chomhordanáidí spásúla, trí léarscáileanna mionsonraithe agus trí ghrianghraif den cheantar mórthimpeall ar na láithreáin faireacháin ina léirítear na haird chompáis, agus áireofar inti faisnéis maidir le hionadaíochas spásúil na bpointí samplála uile.

3.

Áireofar leis an doiciméadacht fianaise maidir leis na cúiseanna atá le dearadh an líonra agus lena léirítear go bhfuil Pointí B agus C á gcomhlíonadh, go háirithe:

(a)

údar le roghnú suíomhanna atá ionadaíoch do na leibhéil truaillithe is airde sa limistéar nó sa cheirtleán do gach truailleán;

(b)

na cúiseanna ar roghnaíodh suíomhanna atá ionadaíoch do theagmháil ghinearálta an daonra; agus

(c)

aon athrú ar na critéir maidir le lonnú micreascála, na cúiseanna is bunús leis an athrú sin agus an tionchar is dócha a bheidh aige sin ar na leibhéil thomhaiste.

4.

I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán oibiachtúil, nó meascán díobh sin laistigh de limistéar, áireofar leis an doiciméadacht mionsonraí maidir leis na modhanna sin agus faisnéis maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(3).

5.

I gcás ina mbaintear úsáid as tomhais tháscacha, feidhmchláir samhaltaithe nó meastachán oibiachtúil, úsáidfidh na húdaráis inniúla sonraí greillithe a thuairiscítear de bhun Threoir (AE) 2016/2284, faisnéis maidir le hastaíochtaí a thuairiscítear faoi Threoir 2010/75/AE agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, fardail astaíochtaí áitiúla.

6.

Maidir leis an tomhas ar ózón, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm scagadh ceart agus léirmhíniú ceart ar na sonraí faireacháin i gcomhthéacs na bpróiseas meitéareolaíochta agus fótaceimiceach a dhéanann difir do na tiúchaintí ózóin a thomhaistear ar na suíomhanna faoi seach.

7.

I gcás inarb infheidhme, áireofar leis an doiciméadacht liosta na substaintí réamhtheachtaithe ózóin, an cuspóir atáthar a iarraidh lena dtomhas agus na modhanna a úsáidtear lena sampláil agus lena dtomhas.

8.

I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin leis an doiciméadacht faisnéis maidir leis na modhanna tomhais a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar chomhdhéanamh ceimiceach PM2,5.

9.

Déanfar athbhreithniú gach 5 bliana ar a laghad ar na critéir roghnúcháin, ar dhearadh an líonra agus ar shuíomhanna na láithreán faireacháin, arna sainiú ag na húdaráis inniúla i bhfianaise cheanglais na hIarscríbhinne seo, chun a áirithiú go mbeidh siad fós bailí agus optamach le himeacht ama. Tacófar leis an athbhreithniú ar a laghad trí fheidhmchláir samhaltaithe nó trí thomhais tháscacha. I gcás ina bhfionnann athbhreithniú den sórt sin nach bhfuil dearadh an líonra agus suíomhanna na láithreán faireacháin bailí a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás inniúil iad a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is féidir.

10.

Tabharfar an doiciméadacht cothrom le dáta tar éis gach athbhreithnithe agus athruithe ábhartha eile ar an líonra faireacháin, agus cuirfear ar fáil don phobal í trí bhealaí cumarsáide iomchuí.

(1)  Beidh pointí samplála, i gcás inar féidir, ionadaíoch freisin do shuíomhanna comhchosúla nach bhfuil i ngarchomharsanacht na bpointí samplála.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1737/2006 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2152/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán ar fhoraoiseacha agus idirghníomhú comhshaoil sa Chomhphobal (IO L 334, 30.11.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN V

Cuspóirí cáilíochta sonraí

A.   Neamhchinnteacht maidir le tomhais agus feidhmchláir samhaltaithe le haghaidh an mheasúnaithe ar aercháilíocht chomhthimpeallach

Tábla 1 - Neamhchinnteacht maidir le meántiúchaintí fadtéarmacha (bliantúil) a thomhas agus a shamhaltú

Truailleán aeir

Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta

Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (1)

Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le feidhmchláir samhaltaitheagus meastachán oibiachtúil agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta

Luach absalóideach

Luach coibhneasta

Luach absalóideach

Luach coibhneasta

Cóimheas uasta

PM2,5

3,0 μg/m3

30 %

4,0 μg/m3

40 %

1,7

PM10

4,0 μg/m3

20 %

6,0 μg/m3

30 %

1,3

SO2 / NO2 / NOx

6,0 μg/m3

30 %

8,0 μg/m3

40 %

1,4

Beinséin

0,85 μg/m3

25 %

1,2 μg/m3

35 %

1,7

Luaidhe

0,125 μg/m3

25 %

0,175 μg/m3

35 %

1,7

Arsanaic

2,4 ng/m3

40 %

3,0 ng/m3

50 %

1,1

Caidmiam

2,0 ng/m3

40 %

2,5 ng/m3

50 %

1,1

Nicil

8,0 ng/m3

40 %

10,0 ng/m3

50 %

1,1

Beinsi[a]piréin

0,5 ng/m3

50 %

0,6 ng/m3

60 %

1,1


Tábla 2 – Neamhchinnteacht maidir le meántiúchaintí gearrthéarmacha (24 uair an chloig, 8 n-uair an chloig agus in aghaidh na huaire) a thomhas agus a shamhaltú

Truailleán aeir

Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais sheasta

Neamhchinnteacht uasta maidir le tomhais tháscacha (2)

Cóimheas uasta idir neamhchinnteacht maidir le feidhmchláir samhaltaithe agus meastachán oibiachtúil agus neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta

Luach absalóideach

Luach coibhneasta

Luach absalóideach

Luach coibhneasta

Cóimheas uasta

PM2,5 (24 uair an chloig)

6,3 μg/m3

25 %

8,8 μg/m3

35 %

2,5

PM10 (24 uair an chloig)

11,3 μg/m3

25 %

22,5 μg/m3

50 %

2,2

NO2 (24 uair an chloig)

7,5 μg/m3

15 %

12,5 μg/m3

25 %

3,2

NO2 (uair an chloig)

30 μg/m3

15 %

50 μg/m3

25 %

3,2

SO2 (24 uair an chloig)

7,5 μg/m3

15 %

12,5 μg/m3

25 %

3,2

SO2 (uair an chloig)

52,5 μg/m3

15 %

87,5 μg/m3

25 %

3,2

CO (24 uair an chloig)

0,6  mg/m3

15 %

1,0  mg/m3

25 %

3,2

CO (8 uair an chloig)

1,0  mg/m3

10 %

2,0  mg/m3

20 %

4,9

Ózón (meán 8 n-uair an chloig)

18 μg/m3

15 %

30 μg/m3

25 %

2,2

Agus comhlíonadh na gcuspóirí cáilíochta sonraí á mheasúnú i dTáblaí 1 agus 2 den Phointe seo, maidir le neamhchinnteacht tomhais (arna sloinneadh ar leibhéal muiníne 95 %) na modhanna measúnuithe, déanfar í a ríomh i gcomhréir le caighdeán EN gach truailleáin faoi seach. Maidir le modhanna nach bhfuil aon chaighdeán ar fáil ina leith, déanfar meastóireacht ar neamhchinnteacht an mhodha mheasúnuithe i gcomhréir le prionsabail an Chomhchoiste um Threoraithe sa Mhéadreolaíocht (JCGM) 100:2008 Evaluation of measurement data - Guide to the expression of uncertainty in measurement (‘Meastóireacht ar shonraí tomhais - Treoir maidir le Neamhchinnteacht a Shloinneadh i dTomhas’] agus i gcomhréir leis an modheolaíocht i gCuid 5 de ISO 5725:1998. I gcás tomhais tháscacha, in éagmais chaighdeán ábhartha CEN, déanfar neamhchinnteacht a ríomh i gcomhréir leis an treoir maidir le léiriú na coibhéise dá dtagraítear i bPointe B d’Iarscríbhinn VI.

Tá feidhm ag na céatadáin le haghaidh neamhchinnteachta atá i dTáblaí 1 agus 2 den Phointe seo maidir le gach teorainnluach agus spriocluach a ríomhtar trí mheánú simplí tomhas aonair amhail luachanna an mheáin in aghaidh na huaire, an mheáin laethúil nó an mheáin bhliantúil, gan breithniú a dhéanamh ar an neamhchinnteacht bhreise maidir leis an líon sáruithe a ríomh. Déanfar an neamhchinnteacht a léirmhíniú mar ní is infheidhme i réigiún na dteorainnluachanna iomchuí nó na spriocluachanna. Níl feidhm ag ríomh na neamhchinnteachta maidir le AOT40 agus le luachanna lena n-áirítear níos mó ná bliain amháin, níos mó ná pointe samplála amháin (e.g. AEI) nó níos mó ná comhpháirt amháin. Níl feidhm acu freisin maidir le tairseacha foláirimh, tairseacha faisnéise agus leibhéil chriticiúla chun fásra agus éiceachórais nádúrtha a chosaint.

Roimh 2030, beidh feidhm ag na luachanna coibhneasta le haghaidh neamhchinnteachtaí uasta i dTáblaí 1 agus 2 maidir le gach truailleán, seachas PM2,5 agus NO2/NOx i dTábla 1, arb é 25 % agus 15 % faoi seach na héiginnteachtaí uasta a bhaineann le tomhais sheasta. Ó 2030 ar aghaidh, maidir le neamhchinnteacht na sonraí tomhais a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar aercháilíocht chomhthimpeallach, ní rachaidh sí thar an luach absalóideach ná an luach coibhneasta, cibé acu is airde, arna shloinneadh sa Phointe seo.

Socraítear an neamhchinnteacht uasta maidir le feidhmchláir samhaltaithe mar an neamhchinnteacht maidir le tomhais sheasta arna hiolrú faoin gcóimheas uasta is infheidhme. Déanfar an sprioc cháilíochta samhaltaithe (i.e. táscaire cáilíochta samhaltaithe níos lú nó cothrom le 1) a fhíorú ar a laghad ag 90 % de na pointí samplála atá ar fáil, ar fud an limistéir mheasúnuithe agus thar an tréimhse a breithníodh. Ag pointe samplála ar leith, déanfar an táscaire cáilíochta samhaltaithe a ríomh mar an cóimheas idir earráid/earráidí fhréamh mheán na gcearnóg idir torthaí samhaltaithe agus tomhais thar fhréamh chearnach shuim chuadratach/shuimeanna cuadratacha an fheidhmchláir samhaltaithe agus na neamhchinnteachtaí tomhais, thar thréimhse iomlán mheasúnaithe. Tabhair faoi deara go laghdóidh an tsuim go luach amháin tráth a chuirtear acmhainní bliantúla san áireamh. Úsáidfear gach tomhas seasta lena gcomhlíontar na cuspóirí cáilíochta sonraí (i.e. neamhchinnteacht tomhais agus cumhdach sonraí tomhais mar a shonraítear sa Phointe seo agus i bPointe B faoi seach) atá lonnaithe i limistéar an mheasúnaithe le haghaidh feidhmchláir samhaltaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar neamhchinnteacht an fheidhmchláir samhaltaithe. Tabhair faoi deara go ndéanfar an cóimheas uasta a léirmhíniú mar chóimheas is infheidhme thar an raon tiúchana ar fad.

I gcás meántiúchaintí gearrthéarmacha, is é an neamhchinnteacht uasta maidir le sonraí tomhais a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcuspóir cáilíochta samhaltaithe an neamhchinnteacht absalóideach arna ríomh trí úsáid a bhaint as an luach coibhneasta arna shloinneadh sa Phointe seo, thar an teorainnluach agus laghdóidh sé go líneach ón luach absalóideach ag an teorainnluach, go tairseach ag tiúchan nialasach (3). Comhlíonfar na cuspóirí cáilíochta samhaltaithe gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon.

Agus samhaltú á dhéanamh ar mheántiúchaintí bliantúla beinséine, arsanaice, caidmiam, luaidhe, nicile agus beinsi[a]piréine, ní rachaidh an neamhchinnteacht uasta maidir le sonraí tomhais a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an oibleagáid cáilíochta samhaltaithe thar an luach coibhneasta arna shloinneadh sa Phointe seo.

Agus samhaltú á dhéanamh ar mheántiúchaintí bliantúla PM10, PM2,5 agus dé-ocsáide nítrigine, ní rachaidh an neamhchinnteacht uasta maidir le sonraí tomhais a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an oibleagáid cáilíochta samhaltaithe thar an luach absalóideach ná an luach coibhneasta arna sloinneadh sa Phointe seo.

I gcás ina n-úsáidtear samhail aercháilíochta chun measúnú a dhéanamh, tiomsófar tagairtí do thuairiscí ar an bhfeidhmchlár samhaltaithe agus faisnéis maidir le ríomh na hoibleagáide cáilíochta samhaltaithe.

Ní rachaidh neamhchinnteacht an mheastacháin oibiachtúil thar an neamhchinnteacht maidir le tomhais tháscacha faoi níos mó ná an cóimheas uasta is infheidhme agus ní rachaidh sé thar 85 %. Sainítear an neamhchinnteacht maidir le meastachán oibiachtúil mar uasdiallas na leibhéal tiúchana tomhaiste agus ríofa, thar an tréimhse a breithníodh, leis an teorainnluach nó an spriocluach, gan uainiú na dteagmhas a chur san áireamh.

B.   Cumhdach sonraí tomhas le haghaidh measúnú ar aercháilíocht

Tagraíonn ‘cumhdach sonraí’ don chion den bhliain féilire a bhfuil sonraí tomhais bailí ar fáil ina leith, arna shloinneadh mar chéatadán.

Truailleán aeir

Cumhdach sonraí íosta

Tomhais sheasta (4)

Tomhais tháscacha (5)

Meáin bhliantúla

meáin 1 uair an chloig, 8 n-uair an chloig nó 24 uair an chloig

Meáin bhliantúla

meáin 1 uair an chloig, 8 n-uair an chloig nó 24 uair an chloig

SO2, NO2, NOx, CO

85 %

85 %

13 %

50 %

O3 agus NO agus NO2 lena mbaineann

85 %

85 %

13 %

50 %

PM10, PM2,5

85 %

85 %

13 %

50 %

Beinséin

85 %

13 %

Beinsi[a]piréin, hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha (PAH), mearcair gásach iomlán, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach

30 %

13 %

As, Cd, Ni, Pb

45 %

13 %

BC, amóinia, UFP, dáileadh méide UFP

80 %

13 %

Aigéad nítreach, léiveaglúcósán, carbón orgánach (OC), carbón eiliminteach (EC), comhdhéanamh ceimiceach PM2,5, acmhainneacht ocsaídiúcháin PM

45 %

13 %

Deascadh Iomlán

30 %

Déanfar tomhais sheasta ar SO2, NO2, CO, O3, PM10, PM2,5 agus ar bheinséin go leanúnach le linn na bliana féilire iomláine.

I gcásanna eile, tá na tomhais le dáileadh go cothrom thar an mbliain féilire (nó thar an tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair le haghaidh tomhais tháscacha ar O3). Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh agus chun a áirithiú nach gcuirfear torthaí as a riocht mar gheall ar chaillteanas sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann, comhlíonfar na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta le haghaidh tréimhsí sonracha (ráithe, mí, lá i rith na seachtaine) den bhliain iomlán ag brath ar an truailleán agus ar mhodh an tomhais nó minicíocht an tomhais.

Chun measúnú a dhéanamh ar mheánluachanna bliantúla trí thomhais tháscacha, agus, trí thomhais sheasta i gcás truailleán a bhfuil cumhdach sonraí íosta faoi bhun 80 %, féadfaidh na Ballstáit tomhais randamacha a chur i bhfeidhm in áit tomhais leanúnacha más féidir leo a léiriú go gcomhlíonann an neamhchinnteacht, lena n-áirítear an neamhchinnteacht mar gheall ar shampláil randamach, na cuspóirí cáilíochta sonraí is gá agus an cumhdach sonraí íosta le haghaidh tomhais tháscacha. Déanfar an tsampláil randamach sin a dháileadh go cothrom ar feadh na bliana ionas nach gcuirfí torthaí ar sceabha. Féadfar an neamhchinnteacht mar gheall ar shampláil randamach a chinneadh leis an nós imeachta a leagtar síos in ISO 11222 (2002) Air Quality — Determination of the Uncertainty of the Time Average of Air Quality Measurements (‘Aercháilíocht — An Neamhchinnteacht maidir le Meán Ama na dTomhas Aercháilíochta a Chinneadh’].

Ní dhéanfar gnáthchothabháil na hionstraimíochta le linn buaicthréimhsí truaillithe.

Tá gá le sampláil íosta 24 uair an chloig chun beinsi[a]piréin agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile a thomhas. Féadfar samplaí aonair a thógtar thar thréimhse suas le mí amháin a chomhcheangal agus a anailísiú mar shampla ilchodach, ar choinníoll go n-áirithítear leis an modh go bhfuil na samplaí cobhsaí don tréimhse sin. D’fhéadfadh sé a bheith deacair na trí chomhaicmeach beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[j]fluaraintéin agus beinsea(k)fluaraintéin a réiteach go hanailíseach. Sna cásanna sin, is féidir iad a thuairisciú mar shuim le chéile. Scaipfear an tsampláil go cothrom i rith na seachtaine agus i rith na bliana. Chun rátaí deascaidh a thomhas, go míosúil nó go seachtainiúil, moltar samplaí i rith na bliana a úsáid.

Thairis sin, beidh feidhm freisin ag na forálacha sin i dtaca le samplaí aonair maidir le harsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil agus mearcair gásach iomlán. Thairis sin, ceadaítear foshampláil scagairí PM10 i gcás miotal chun anailís a dhéanamh ina dhiaidh sin, ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil an foshampla ionadaíoch don iomlán agus nach gcuirtear íogaireacht an bhraith i mbaol nuair a chuirtear i gcomparáid í leis na cuspóirí cáilíochta sonraí ábhartha. Mar rogha mhalartach ar an tsampláil laethúil, ceadaítear an tsampláil sheachtainiúil i gcás miotal in PM10 ar choinníoll nach gcuirtear na saintréithe bailiúcháin i mbaol.

I gcás deascadh iomlán, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as fliuchshampláil, in ionad na hollshamplála, más féidir leo a léiriú go bhfuil an difríocht eatarthu laistigh de 10 %. Tabharfar rátaí deascaidh, go ginearálta, mar μg/m2 in aghaidh an lae.

C.   Critéir do chomhiomlánú na sonraí le haghaidh an mheasúnaithe ar aercháilíocht chomhthimpeallach

Úsáidfear na critéir seo a leanas chun bailíocht a sheiceáil agus sonraí á gcomhiomlánú chun paraiméadair staidrimh a ríomh:

Paraiméadar

Cion riachtanach de shonraí bailí

meáin 1 uair an chloig

75 % (i.e. 45 nóiméad)

meáin 8 n-uair an chloig

75 % de na luachanna (i.e. 6 uair an chloig)

meáin 24 uair an chloig

75 % de mheáin 1 uair an chloig (i.e. luachanna 18 n-uair an chloig ar a laghad i rith an lae)

An meán laethúil uasta 8 n-uair an chloig

75 % de na meáin ghluaisteacha 8 n-uair an chloig in aghaidh na huaire (i.e. ar a laghad 18 luach ocht n-uair an chloig i rith an lae)

D.   Modhanna chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht agus meastachán a dhéanamh ar pharaiméadair staidrimh chun cumhdach íseal sonraí nó caillteanais shuntasacha sonraí a chur san áireamh

Déanfar measúnú ar chomhlíontacht leis na teorainnluachanna ábhartha agus na spriocluachanna gan beann ar cibé an mbaintear amach na cuspóirí cáilíochta sonraí maidir le cumhdach sonraí, ar choinníoll gur féidir measúnú críochnaitheach a dhéanamh leis na sonraí atá ar fáil. I gcásanna a bhaineann leis na teorainnluachanna ózóin agus spriocluachanna gearrthéarmacha, d’fhéadfadh neamh-chomhlíontacht a bheith i gceist le tomhais nach gcumhdaíonn ach codán den bhliain féilire, agus nach dtagann sonraí bailí leordhóthanacha astu mar a cheanglaítear le Pointe B. I gcás inarb amhlaidh atá, agus nach bhfuil forais shoiléire ann le bheith in amhras faoi cháilíocht na sonraí bailí a fuarthas, measfar gur sárú ar an teorainnluach nó ar an spriocluach é sin agus tuairisceofar mar sin é.

E.   Torthaí an mheasúnaithe ar aercháilíocht

Tiomsófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh limistéir ina n-úsáidtear feidhmchláir samhaltaithe aercháilíochta nó meastachán oibiachtúil:

(a)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí measúnaithe a rinneadh;

(b)

na modhanna sonracha a úsáideadh, le tagairtí do thuairiscí ar an modh;

(c)

foinsí na sonraí agus na faisnéise;

(d)

tuairisc ar thorthaí, lena n-áirítear neamhchinnteachtaí agus, go háirithe, méid aon limistéir nó, más ábhartha, fad an bhóthair laistigh den limistéar thar a sáraíonn tiúchaintí aon teorainnluach, spriocluach nó cuspóir fadtéarmach, agus méid aon limistéir ina sáraíonn tiúchaintí an tairseach mheasúnaithe;

(e)

an daonra a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le leibhéil atá os cionn aon teorainnluacha chun sláinte an duine a chosaint.

F.   Dearbhú cáilíochta le haghaidh measúnú ar aercháilíocht; bailíochtú sonraí

1.

Chun beachtas tomhais agus comhlíontacht leis na cuspóirí cáilíochta sonraí a leagtar síos i bPointe A den Iarscríbhinn seo a áirithiú, déanfaidh na húdaráis agus comhlachtaí inniúla iomchuí arna n-ainmniú de bhun Airteagal 5 an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh gach tomhas a dhéanfar i dtaca le measúnú ar aercháilíocht chomhthimpeallach de bhun Airteagal 8 inrianaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa chaighdeán comhchuibhithe maidir le saotharlanna tástála agus calabrúcháin;

(b)

go mbeidh córas seanbhunaithe dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta ag na hinstitiúidí a oibríonn líonraí agus pointí samplála aonair, córas lena bhforáiltear do chothabháil rialta agus seiceálacha teicniúla chun cruinneas leanúnach na bhfeistí tomhais a áirithiú agus chun go leanfaidh siad de bheith oibríochtúil; déanfaidh an tsaotharlann náisiúnta tagartha ábhartha athbhreithniú ar an gcóras cáilíochta de réir mar is gá agus gach 5 bliana ar a laghad;

(c)

go gcuirfear próiseas dearbhaithe cáilíochta/rialaithe cáilíochta ar bun don phróiseas bailiúcháin sonraí agus tuairiscithe agus go nglacfaidh na heagraíochtaí a cheapfar don chúram sin páirt ghníomhach sna cláir bhainteacha dearbhaithe cáilíochta ar fud an Aontais;

(d)

gurb é an t-údarás nó an comhlacht inniúil iomchuí de bhun Airteagal 5 den Treoir seo a cheapann na saotharlanna náisiúnta tagartha agus go bhfuil siad creidiúnaithe le haghaidh na modhanna tagartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo, ar a laghad i gcás na dtruailleán sin ar ina leith atá na leibhéil tiúchana os cionn na tairsí measúnaithe, de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha maidir le saotharlanna tástála agus calabrúcháin, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 2, pointe 9, de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh; beidh na saotharlanna sin freagrach freisin as an gcomhordú ar chríoch na mBallstát de na cláir dearbhaithe cáilíochta ar fud an Aontais a eagróidh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (JRC) agus beidh siad freagrach as comhordú a dhéanamh freisin, ar an leibhéal náisiúnta, ar úsáid iomchuí modhanna tagartha agus ar léiriú coibhéise modhanna neamhthagartha; déanfar saotharlanna náisiúnta tagartha a eagraíonn idirchomparáid ar an leibhéal náisiúnta a chreidiúnú freisin de réir an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha maidir le tástáil inniúlachta;

(e)

go nglacfaidh na saotharlanna náisiúnta tagartha páirt gach 3 bliana ar a laghad sna cláir dearbhaithe cáilíochta ar fud an Aontais a eagraíonn JRC ar a laghad le haghaidh na dtruailleán sin a bhfuil leibhéil a dtiúchana os cionn na tairsí measúnaithe; moltar rannpháirtíocht i gcás truailleáin eile; má thagann torthaí míshásúla as an rannpháirtíocht sin, léireoidh an tsaotharlann náisiúnta bearta feabhais sásúla an chéad uair eile a ghlacann sé páirt san idirchomparáid, agus tuarascáil a chur ar fáil do JRC maidir leis na bearta sin;

(f)

go dtacóidh na saotharlanna náisiúnta tagartha leis an obair atá déanta ag an líonra Eorpach de Shaotharlanna Náisiúnta Tagartha a bhunaigh JRC;

(g)

go mbeidh an líonra Eorpach de Shaotharlanna Náisiúnta Tagartha freagrach as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, gach 5 bliana ar a laghad, ar na neamhchinnteachtaí tomhais na dtomhas seasta agus na dtomhas táscach a liostaítear i bPointe A, Táblaí 1 agus 2, den Iarscríbhinn seo agus as aon athrú is gá a dhéanamh a mholadh ina dhiaidh sin don Choimisiún.

2.

Measfar na sonraí tuairiscithe uile faoi Airteagal 23 a bheith bailí ach amháin sonraí arna sonrú mar shonraí sealadacha iad.

G.   Cuir chuige chomhchuibhithe maidir le samhaltú aercháilíochta a chur chun cinn

Maidir leis an úsáid chomhchuibhithe a bhaineann na húdaráis inniúla as cuir chuige samhaltaithe aercháilíochta atá fónta ó thaobh na heolaíochta, chun an úsáid sin a chur chun cinn agus chun tacú leis an úsáid sin, áiritheoidh na húdaráis agus na comhlachtaí inniúla iomchuí arna n-ainmniú de bhun Airteagal 5 an méid seo a leanas:

(a)

go nglacfaidh na hinstitiúidí tagartha ainmnithe páirt sa líonra Eorpach um shamhaltú aercháilíochta a bhunaigh JRC;

(b)

go ndéanfar an dea-chleachtas maidir le samhaltú aercháilíochta arna sainaithint ag an líonra trí chomhthoil eolaíoch a ghlacadh agus samhaltú aercháilíochta á chur i bhfeidhm chun ceanglais dlí a chomhlíonadh de bhun reachtaíocht an Aontais, gan dochar d’oiriúnuithe is gá a dhéanamh ar shamhlacha mar gheall ar imthosca aonair;

(c)

go ndéanfar seiceáil go tréimhsiúil ar cháilíocht chur i bhfeidhm ábhartha an tsamhaltaithe aercháilíochta agus go gcuirfear feabhas air trí chleachtaí idirchomparáideacha arna n-eagrú ag JRC;

(d)

go mbeidh an líonra Eorpach um shamhaltú aercháilíochta freagrach as athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, gach 5 bliana ar a laghad, ar chóimheas uasta na neamhchinnteachtaí samhaltaithe a liostaítear i bPointe A, Táblaí 1 agus 2, den Iarscríbhinn seo agus as aon athrú is gá a dhéanamh a mholadh ina dhiaidh sin don Choimisiún.


(1)  I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh nó athbhreithniú an líonra faireacháin, calabrú agus bailíochtú na bhfeidhmchlár samhaltaithe, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.

(2)  I gcás ina n-úsáidtear tomhais tháscacha chun críoch seachas measúnú ar chomhlíontacht, cuir i gcás, ach ní hamháin: dearadh nó athbhreithniú an líonra faireacháin, calabrú agus bailíochtú na bhfeidhmchlár samhaltaithe, d’fhéadfadh sé gurb í an neamhchinnteacht arna suíomh i gcás feidhmchláir samhaltaithe an neamhchinnteacht atá i gceist.

(3)  Socrófar an tairseach ag 4, 3, 10, 3 agus 5 μg/m3 le haghaidh PM10, PM2,5, O3, NO2 agus SO2, faoi seach, agus 0,5 mg/m3 le haghaidh CO. Is léiriú iad na luachanna sin ar staid an eolais agus tabharfar cothrom le dáta iad go tráthrialta gach 5 bliana ar a laghad, chun forbairtí úrscothacha a léiriú.

(4)  I gcás O3, ní mór na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta a chomhlíonadh le haghaidh na bliana féilire ina hiomláine, agus le haghaidh na dtréimhsí ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair, agus ó mhí Dheireadh Fómhair go mí an Mhárta, faoi seach.

Maidir leis an measúnú ar AOT40, ní mór na ceanglais maidir le cumhdach sonraí íosta ózóin a chomhlíonadh le linn na tréimhse ama a shainítear chun an luach AOT40 a ríomh.

(5)  I gcás O3, tá feidhme ag cumhdach sonraí íosta maidir leis an tréimhse ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair (níl gá le haon chritéar de chumhdach sonraí íosta le linn thréimhse an gheimhridh).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).


IARSCRÍBHINN VI

Modhanna tagartha chun measúnú a dhéanamh ar thiúchain in aer comhthimpeallach agus ar rátaí deascaidh

A.   Modhanna tagartha chun measúnú a dhéanamh ar thiúchain de dhé-ocsaíd sulfair, dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine, ábhar cáithníneach (PM10 agus PM2,5), beinséin, aonocsaíd charbóin, arsanaic, caidmiam, luaidhe, mearcair, nicil, hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha, ózón agus truailleáin eile san aer comhthimpeallach agus sna rátaí deascaidh

1.

Modh tagartha chun dé-ocsaíd sulfair a thomhas in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14212:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of sulphur dioxide by ultraviolet fluorescence (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an tiúchan dé-ocsaíde sulfair a thomhas trí fhluaraiseacht ultraivialaite’], sin é an modh tagartha chun dé-ocsaíd sulfair in aer comhthimpeallach a thomhas.

2.

Modh tagartha chun dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine a thomhas in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14211:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of nitrogen dioxide and nitrogen monoxide by chemiluminescence (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an tiúchan dé-ocsaíde nítrigine agus aonocsaíde nítrigine a thomhas trí cheimealonracht’], sin é an modh tagartha chun dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine in aer comhthimpeallach a thomhas.

3.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM10 in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun PM10 in aer comhthimpeallach a shampláil agus a thomhas.

4.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar PM2,5 in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun PM2,5 in aer comhthimpeallach a shampláil agus a thomhas.

5.

Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14902:2005 Standard method for measurement of Pb/Cd/As/Ni in the PM10 fraction of suspended particulate matter.(‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar Pb, Cd, As agus Ni i gcodán PM10 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh’], sin é an modh tagartha chun arsanaic, cadmiam, luaidhe agus nicil in aer comhthimpeallach a thomhas.

6.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar bheinséin in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14662, cuid 1 (2005), cuid 2 (2005) agus cuid 3 (2016) ‘ Ambient air quality — Standard method for measurement of benzene concentrations ’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar thiúchain bheinséine’], sin é an modh tagartha chun beinséin in aer comhthimpeallach a shampláil agus a thomhas.

7.

Modh tagartha chun aonocsaíd charbóin a thomhas in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14626:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of carbon monoxide by non-dispersive infrared spectroscopy (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar an tiúchan d’aonocsaíd charbóin trí speictreascópacht infridhearg neamhscaipthe’], sin é an modh tagartha chun aonocsaíd charbóin in aer comhthimpeallach a thomhas.

8.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter [‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha a shampláil in aer comhthimpeallach. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15549:2008 ‘ Air quality — Standard method for the measurement of the concentration of benzo[a]pyrene in ambient air ’ (‘Aercháilíocht— Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar an tiúchan beinsi[a]piréine in aer comhthimpeallach’], sin é an modh tagartha chun beinsi[a]piréin a thomhas in aer comhthimpeallach. In éagmais mhodh caighdeánach EN le haghaidh na hidreacarbón il-timthriallach aramatach eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8), ceadaítear do na Ballstáit úsáid a bhaint as modhanna caighdeánacha náisiúnta nó modhanna ISO amhail caighdeán ISO 12884.

9.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar mhearcair gásach iomlán in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15852:2010 ‘ Ambient air quality — Standard method for the determination of total gaseous mercury ’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an mearcair gásach iomlán a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun tomhas a dhéanamh ar thiúchain de mhearcair gásach iomlán in aer comhthimpeallach.

10.

Modh tagartha chun sampláil agus anailís a dhéanamh ar an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de luaidhe, de nicil, de mhearcair agus de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15841:2009 Ambient air quality — Standard method for determination of arsenic, cadmium, lead and nickel in atmospheric deposition (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun arsanaic, cadmiam, luaidhe agus nicil sa deascadh atmaisféarach a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh d’arsanaic, de chaidmiam, de luaidhe agus de nicil a chinneadh.

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15853:2010 ‘ Ambient air quality — Standard method for determination of mercury deposition ’ (‘Aercháilíocht chomhthimpeallach — Modh caighdeánach chun an deascadh de mhearcair a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh de mhearcair a chinneadh.

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 15980:2011 ‘ Air quality — Determination of the deposition of benz[a]anthracene, benzo[b]fluoranthene, benzo[j]fluoranthene, benzo[k]fluoranthene, benzo[a]pyrene, dibenz[a,h]anthracene and indeno[1,2,3-cd]pyrene ’ (‘Aercháilíocht — An deascadh de bheansantraicéin, de bheinsea[b]fluaraintéin, de bheinsea[j]fluaraintéin, de bheinsea[k]fluaraintéin, de bheinsi[a]piréin, de débheans[a,h]antraicéin agus d’indéini[1,2,3-cd]piréin a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun an deascadh de bheinsi[a]piréin agus de hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8) a chinneadh.

11.

Modh tagartha chun tomhas a dhéanamh ar ózón in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 14625:2012 Ambient air — Standard method for the measurement of the concentration of ozone by ultraviolet photometry (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar an tiúchan ózóin trí fhótaiméadracht ultraivialait’], sin é an modh tagartha chun ózón in aer comhthimpeallach a thomhas.

12.

Modh tagartha chun sampláil agus thomhas a dhéanamh ar charbón eiliminteach agus ar charbón orgánach in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun carbón eiliminteach agus carbón orgánach a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 16909:2017 Ambient air — Measurement of elemental carbon (EC) and organic carbon (OC) collected on filters (‘Aer comhthimpeallach — Tomhas a dhéanamh ar charbón eiliminteach (EC) agus ar charbón orgánach (OC) a bhailítear ar scagairí’], sin é an modh tagartha chun carbón eiliminteach agus carbón orgánach in aer comhthimpeallach in aer comhthimpeallach a thomhas.

13.

Modh tagartha chun sampláil agus tomhas a dhéanamh ar NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 in aer comhthimpeallach

An modh a bhfuil tuairisc air in EN 12341:2023 Ambient Air — Standard gravimetric measurement method for the determination of the PM10 or PM2,5 mass concentration of suspended particulate matter (‘Aer Comhthimpeallach — Modh caighdeánach um thomhas meá-mhéadrach chun an mhais-tiúchan PM10 nó PM2,5 d’ábhar cáithníneach ar fuaidreamh a chinneadh’], sin é an modh tagartha chun NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 a shampláil. An modh a bhfuil tuairisc air in EN 16913:2017 Ambient air — Standard method for measurement of NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 as deposited on filters (‘Aer comhthimpeallach — Modh caighdeánach chun tomhas a dhéanamh ar NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 a shil-leagtar ar scagairí’], sin an modh tagartha chun NO3 -, SO4 2-, Cl-, NH4 +, Na+, K+, Mg2+, Ca2+ in PM2,5 in aer comhthimpeallach a thomhas.

14.

Modhanna chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad, meatán, UFP, BC, a shampláil agus a thomhas, dáileadh méide cáithníní sármhíne, amóinia, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach, aigéad nítreach, léiveaglúcósán agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh

In éagmais mhodh caighdeánach EN chun comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ar substaintí réamhtheachtaithe ózóin iad, meatán, UFP, BC, a shampláil agus a thomhas, dáileadh méide cáithníní sármhíne, amóinia, mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach, aigéad nítreach, léiveaglúcósán agus acmhainneacht ocsaídiúcháin an ábhair cháithnínigh, féadfaidh na Ballstáit na modhanna samplála agus tomhais a úsáideann siad a roghnú, i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus na cuspóirí tomhais, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach i Roinn 3, Pointe A, agus Roinn 4, Pointe A, d’Iarscríbhinn VII á gcur san áireamh, de réir mar is infheidhme. I gcás ina bhfuil modhanna tomhais tagartha caighdeánacha idirnáisiúnta, EN nó modhanna tomhais tagartha caighdeánacha náisiúnta nó sonraíochtaí teicniúla CEN ar fáil, féadfar iad a úsáid.

B.   Léiriú coibhéise

1.

Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as aon mhodh eile a bhfuil sé in ann a léiriú go dtugtar torthaí leis atá coibhéiseach le haon cheann de na modhanna tagartha dá dtagraítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo nó, i gcás ábhar cáithníneach, aon mhodh eile a bhfuil an Ballstát lena mbaineann in ann a léiriú go bhfuil gaol comhsheasmhach aige leis an modh tagartha, amhail modh tomhais uathoibríoch a chomhlíonann na ceanglais i gcaighdeán EN 16450:2017 ‘Ambient air - Automated measuring systems for the measurement of the concentration of particulate matter (PM10; PM2,5)’ (‘Aer comhthimpeallach — Córais uathoibrithe tomhais chun tiúchan ábhar cáithníneach a thomhas (PM10; PM2,5)’]. Sa chás sin, déanfar na torthaí a bhaintear amach leis an modh eile sin a cheartú chun torthaí a chur ar fáil atá coibhéiseach leis na torthaí a bhainfí amach trí úsáid a bhaint as an modh tagartha.

2.

Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir leis an léiriú coibhéise i gcomhréir le pointe 1.

3.

Agus measúnú á dhéanamh ar inghlacthacht na tuarascála dá dtagraítear i bpointe 2, déanfaidh an Coimisiún tagairt don treoraíocht uaidh maidir leis an léiriú coibhéise. I gcás ina raibh fachtóirí eatramhacha á n-úsáid chun an choibhéis a neasú, déanfar an neaschoibhéis a dhearbhú nó a leasú faoi threoir na treoraíochta sin.

4.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an ceartú i bhfeidhm go cúlghabhálach freisin, nuair is iomchuí, maidir le sonraí tomhais ón am a chuaigh thart chun inchomparáideacht níos fearr idir sonraí a bhaint amach.

C.   Caighdeánú

Maidir le truailleáin ghásacha, déanfar an toirt a chaighdeánú ag teocht 293 K agus brú atmaisféarach 101,3 kPa. Maidir le hábhar cáithníneach agus substaintí atá le hanailísiú in ábhar cáithníneach (lena n-áirítear arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil agus beinsi[a]piréin), tagraíonn an toirt shamplála do dhálaí comhthimpeallacha i dtéarmaí teochta agus brú atmaisféaraigh ar dháta na dtomhas.

D.   Sonraí a aithint go frithpháirteach

Le linn dóibh a léiriú go bhfuil an trealamh i gcomhréir leis na ceanglais feidhmíochta maidir leis na modhanna tagartha a liostaítear i bPointe A den Iarscríbhinn seo, glacfaidh na húdaráis agus comhlachtaí inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 5 le tuarascálacha tástála arna n-eisiúint i mBallstáit ar choinníoll go ndéanfar na saotharlanna tástála a chreidiúnú leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha maidir le saotharlanna tástála agus calabrúcháin.

Beidh na tuarascálacha mionsonraithe tástála agus torthaí uile na dtástálacha ar fáil d’údaráis inniúla eile nó dá gcomhlachtaí ainmnithe. Léireofar sna tuarascálacha tástála go gcomhlíonann an trealamh na ceanglais feidhmíochta go léir, lena n-áirítear i gcás ina mbaineann roinnt dálaí comhshaoil agus láithreáin go sonrach le Ballstát agus go bhfuil siad lasmuigh de na dálaí ar ina leith a tástáladh agus a cineálcheadaíodh an trealamh cheana i mBallstát eile.

E.   Feidhmchláir samhaltaithe thagartha maidir le cáilíocht an aeir

In éagmais chaighdeán EN maidir le cuspóirí cáilíochta samhaltaithe, féadfaidh na Ballstáit na feidhmchláir samhaltaithe a úsáideann siad a roghnú, i gcomhréir le Pointe F d’Iarscríbhinn V.


IARSCRÍBHINN VII

Tomhais ag sárláithreáin faireacháin agus ar mhais-tiúchan agus ar chomhdhéanamh ceimiceach pm2,5, substaintí réamhtheachtaithe ózóin agus cáithníní sármhíne

Roinn 1 — Tomhais truailleán ag sárláithreáin faireacháin

Áireofar na truailleáin a liostaítear i dTáblaí 1 agus 2 faoi seach sna tomhais ar gach sárláithreán faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus ag cúlsuíomhanna tuaithe.

Tábla 1 — Truailleáin atá le tomhas ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha

Truailleán

Cineál tomhais

PM10, PM2,5, UFP, BC

Tomhais sheasta

NO2, O3

Tomhais sheasta

SO2, CO

Tomhais sheasta nó tháscacha

Dáileadh méide UFP

Tomhais sheasta nó tháscacha

Beinsi[a]piréin agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile (PAH) de réir mar is ábhartha (1)

Tomhais sheasta nó tháscacha

Deascadh iomlán (2) beinsi[a]piréine, agus hidreacarbón il-timthriallach aramatach eile (PAH) de réir mar is ábhartha

Tomhais sheasta nó tháscacha

Arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil

Tomhais sheasta nó tháscacha

Deascadh iomlán (2) d’arsanaic, caidmiam, luaidhe, nicil agus mearcair

Tomhais sheasta nó tháscacha

Beinséin

Tomhais sheasta nó tháscacha

Comhdhéanamh ceimiceach PM2,5 i gcomhréir le Roinn 2

Tomhais sheasta nó tháscacha


Tábla 2 — Truailleáin atá le tomhas ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna tuaithe

Truailleán

Cineál tomhais

PM10, PM2,5, UFP, BC

Tomhais sheasta

NO2, O3 agus amóinia

Tomhais sheasta

SO2, CO

Tomhais sheasta nó tháscacha

Deascadh iomlán beinsi[a]piréine agus hidreacarbón iltimthriallach aramatach eile (PAH) de réir mar is ábhartha

Tomhais sheasta nó tháscacha

Deascadh iomlán arsanaice, caidmiam, luaidhe, nicile agus mearcair

Tomhais sheasta nó tháscacha

Beinsi[a]piréin agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile (PAH) de réir mar is ábhartha (3)

Tomhais sheasta nó tháscacha

Arsanaic, caidmiam, luaidhe agus nicil

Tomhais sheasta nó tháscacha

Comhdhéanamh ceimiceach PM2,5 i gcomhréir le Roinn 2

Tomhais sheasta nó tháscacha

Mearcair gásach iomlán

Tomhais sheasta nó tháscacha


Tábla 3 — Truailleáin a mholtar a thomhas ag sárláithreáin faireacháin ag cúlsuíomhanna uirbeacha agus cúlsuíomhanna tuaithe mura gcumhdaítear iad le ceanglais Tháblaí 1 agus 2

Truailleán

Cineál tomhais

Dáileadh méide UFP

Tomhais sheasta nó tháscacha

Acmhainneacht ocsaídiúcháin ábhair cháithnínigh

Tomhais sheasta nó tháscacha

Amóinia

Tomhais sheasta nó tháscacha

Léiveaglúcósán le tomhas mar chuid de chomhdhéanamh ceimiceach PM2,5

Tomhais sheasta nó tháscacha

Mearcair gásach iomlán

Tomhais sheasta nó tháscacha

Mearcair cáithníneach agus mearcair débhlaoscach gásach

Tomhais sheasta nó tháscacha

Aigéad nítreach

Tomhais sheasta nó tháscacha

Roinn 2 – Tomhais ar mhais-tiúchan agus ar chomhdhéanamh ceimiceach PM2,5

A.   Cuspóirí

Is iad príomhchuspóirí na dtomhas sin a áirithiú go gcuirfear faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le leibhéil ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus ar chúlsuíomhanna tuaithe. Tá an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun na leibhéil mhéadaithe a bhreithniú i gceantair níos truaillithe (amhail cúlsuíomhanna uirbeacha, teophointí aerthruaillithe, suíomhanna a bhaineann le tionscal nó suíomhanna a bhaineann le trácht), measúnú a dhéanamh ar an rannchuidiú féideartha ó iompar fadraoin truailleán, tacú le hanailís ar chionroinnt foinsí agus chun tuiscint a fháil ar thruailleáin shonracha amhail ábhar cáithníneach. Tá sí fíor-riachtanach freisin maidir leis an úsáid mhéadaithe a bhaintear as feidhmchláir samhaltaithe i gceantair uirbeacha.

B.   Substaintí

Áireofar le tomhas ar PM2,5 an mhais-tiúchan iomlán agus tiúchaintí de chomhdhúile iomchuí ar a laghad chun léiriú a thabhairt ar a chomhdhéanamh ceimiceach. Áireofar ar a laghad an liosta thíos de speicis cheimiceacha.

SO4 2–

Na+

NH4 +

Ca2+

carbón eiliminteach (EC)

NO3

K+

Cl–

Mg2+

carbón orgánach (OC)

C.   Lonnú

Déanfar tomhais ar chúlsuíomhanna uirbeacha agus ar chúlsuíomhanna tuaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.

Roinn 3 - Tomhais ar shubstaintí réamhtheachtaIthe ózóin

A.   Cuspóirí

Is iad príomhchuspóirí na dtomhas ar shubstaintí réamhtheachtaithe ózóin anailís a dhéanamh ar aon treocht i réamhtheachtaithe ózóin, éifeachtúlacht straitéisí laghdaithe astaíochtaí a sheiceáil, comhsheasmhacht fardal astaíochtaí a sheiceáil, tacú le tuiscint a fháil ar an bpróiseas foirmithe ózóin agus ar an bpróiseas scaipthe réamhtheachtaithe, mar aon le cur i bhfeidhm samhlacha fótaiceimiceacha, agus cabhrú chun foinsí astaíochtaí a shannadh do thiúchain bhreathnaithe truaillithe.

B.   Substaintí

Áireofar le tomhas na substaintí réamhtheachtaithe ózóin ocsaídí nítrigine (NO agus NO2), agus, de réir mar is iomchuí, meatán (CH4) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO) ar a laghad. Beidh roghnú na gcomhdhúl sonrach atá le tomhas ag brath ar an gcuspóir atá á lorg agus féadfar é a chomhlánú le comhdhúile spéise eile. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an modh a mheasann siad a bheith oiriúnach don chuspóir atá á shaothrú. Tá feidhm ag an modh tagartha a shonraítear faoi Iarscríbhinn VI maidir le dé-ocsaíd nítrigine agus ocsaídí nítrigine.

Seo thíos liosta de CSOnna a moladh lena dtomhas:

Fine cheimiceach

Substaint

Beagainm

Ainm IUPAC

Foirmle

Uimhir CAS

Alcóil

Meatánól

Meatánól

CH4O

67-56-1

Eatánól

Eatánól

C2H6O

64-17-5

Aildéad

Formaildéad

Meatánal

CH2O

50-00-0

Aicéataildéad

Eatánal

C2H4O

75-07-0

Meatacroiléin

2-Meitiolpróip-2-éanal

C4H6O

78-85-3

Ailcíní

Aicéitiléin

Eitín

C2H2

74-86-2

Alcáin

Eatán

Eatán

C2H6

74-84-0

Própán

Própán

C3H8

74-98-6

n-Bútán

Bútán

C4H10

106-97-8

i-Bútán

2-Meitiolprópán

C4H10

75-28-5

n-Peantán

Peantán

C5H12

109-66-0

i-Peantán

2-Meitiolbútán

C5H12

78-78-4

n-Heicseán

Heacsán

C6H14

110-54-3

i-Heicseán

2-Meitilpeantán

C6H14

107-83-5

n-Heaptán

Heaptán

C7H16

142-82-5

n-Ochtán

Ochtán

C8H18

111-65-9

i-Ochtán

2,2,4-Trimheitilpeantán

C8H18

540-84-1

Ailcéiní

Eitiléin

Eitéin

C2H4

75-21-8

Próipéin / Próipiléin

Próipéin

C3H6

115-07-1

1,3-Bútaidhé-éin

Bút-1,3-dé-éin

C4H6

106-99-0

1-Búitéin

Búit-1-éin

C4H8

106-98-9

Tras-2-Búitéin

(E)-búit-2-éin

C4H8

624-64-6

cis-2-Búitéin

(Z)-búit-2-éin

C4H8

590-18-1

1-Peintéin

Peint-1-éin

C5H10

109-67-1

2-Peintéin

(Z)-Peint-2-éin

C5H10

627-20-3 (cis-2 peintéin)

(E)-Peint-2-éin

646-04-8 (tras-2 peintéin)

Hidreacarbóin aramatacha

Beinséin

Beinséin

C6H6

71-43-2

Tolúéin / Meitilbeinséin

Tolúéin

C7H8

108-88-3

Beinséin eitile

Eitilbeinséin

C8H10

100-41-4

m + p-Xiléin

1,3-Démheitilbeinséin (m-Xiléin)

C8H10

108-38-3 (m-Xiléin)

1,4-Démheitilbeinséin (p-Xiléin)

106-42-3 (p-Xiléin)

o-Xiléin

1,2-Démheitilbeinséin (o-Xiléin)

C8H10

95-47-6

1,2,4-Trimheitilbeinséin

1,2,4-Trimheitilbeinséin

C9H12

95-63-6

1,2,3-Trimheitilbeinséin

1,2,3-Trimheitilbeinséin

C9H12

526-73-8

1,3,5-Trimheitilbeinséin

1,3,5-Trimheitilbeinséin

C9H12

108-67-8

Céatóin

Aicéatón

Própán-2-ón

C3H6O

67-64-1

Céatón eitile meitile

Bútán-2-ón

C4H8O

78-93-3

Céatón vinile meitile

3-Búitéin-2-ón

C4H6O

78-94-4

Teirpéiní

Isipréin

2-Meitiolbút-1,3-dé-éin

C5H8

78-79-5

p-Címín

1-Meitil-4-(1-meitileitil)beinséin

C10H14

99-87-6

Liomóinéin

1-meitil-4-(1-meitileitil)-cigliheicséin

C10H16

138-86-3

β-Mircéin

7-Meitil-3-meitiléin-1,6-ochtaidhé-éin

C10H16

123-35-3

α-Pinéin

2,6,6-Trímheitil-déchioglai[3.1.1]heipt-2-éin

C10H16

80-56-8

β-Pinéin

6,6-Démheitil-2-meitil-éindéchioglai[3.1.1]heaptán

C10H16

127-91-3

Caimféin

2,2-démheitil-3-meitil-éindéchioglai[2.2.1]heaptán

C10H16

79-92-5

Δ3-Cairéin

3,7,7-Trímheitil-déchioglai[4.1.0]heipt-3-éin

C10H16

13466-78-9

1,8-Cineaól

1,3,3-trímheitil-2-ocsáidéchioglai[2.2.2]ochtrán

C10H18O

470-82-6

C.   Lonnú

Déanfar tomhais ag pointí samplála arna mbunú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo agus a mheastar iad a bheith iomchuí i dtaca leis na cuspóirí faireacháin dá dtagraítear i bPointe A den Roinn seo.

Roinn 4 – TomhaIs ar cháithníní sármhíne (UFP)

A.   Cuspóirí

Is é is cuspóir do na tomhais sin a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ag suíomhanna ina bhfuil tiúchaintí arda UFP a mbíonn tionchar orthu den chuid is mó ag foinsí iompair aeir, uisce nó bóthair (amhail aerfoirt, calafoirt nó bóithre), láithreáin tionscail nó téamh baile. Beidh an fhaisnéis iomchuí chun breithniú a dhéanamh ar leibhéil mhéadaithe de thiúchain UFP ó na foinsí sin.

B.   Substaintí

UFP.

C.   Lonnú

Bunófar pointí samplála i gcomhréir le hIarscríbhinní IV agus V ag suíomh inar dócha go mbeidh tiúchaintí arda UFP agus ar chúl na gaoithe ó na príomhfhoinsí laistigh de phríomhthreo gaoithe ábhartha na bhfoinsí sin.


(1)  Beinsi[a]piréin agus na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8).

(2)  I gcás nach féidir treoirlínte agus critéir EMEP a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Pointe C, pointe (f), d’Iarscríbhinn IV de bharr sárláithreán faireacháin a lonnú ag cúlsuíomh uirbeach, féadfar an deascadh comhfhreagrach a thomhas ag cúlsuíomh uirbeach ar leithligh laistigh den limistéar ionadaíochais.

(3)  Beinsi[a]piréin agus na hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha eile dá dtagraítear in Airteagal 9(8).


IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis le háireamh sna pleananna aercháilíochta agus sna treochláir aercháilíochta chun feabhas a chur ar aercháilíocht chomhthimpeallach

A.   Faisnéis atá le cur ar fáil faoi Airteagal 19(6)

1.   Ró-thruailliú a logánú

(a)

réigiún;

(b)

cathair/cathracha (léarscáileanna);

(c)

pointe samplála/pointí samplála (léarscáil, comhordanáidí geografacha).

2.   Faisnéis ghinearálta

(a)

cineál limistéir (uirbeach, tionsclaíoch nó tuaithe) nó saintréithe an aonaid chríochaigh meánteagmhála nó an aonaid chríochaigh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) (lena n-áirítear limistéir uirbeacha, thionsclaíocha nó thuaithe);

(b)

meastachán den limistéar truaillithe (in km2) agus den daonra atá i dteagmháil leis an truailliú;

(c)

leibhéil tiúchana nó táscaire meánteagmhála an truailleáin ábhartha a breathnaíodh ar a laghad ó 5 bliana roimh an sárú suas go dtí na sonraí is déanaí, lena n-áirítear an chomparáid a dhéantar idir iad agus teorainnluachanna nó an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála agus an cuspóir maidir le tiúchan meánteagmhála.

3.   Údaráis fhreagracha

Ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme pleananna aercháilíochta nó treochlár aercháilíochta.

4.   Bunús an truaillithe agus an tuairisciú de bhun Threoir (AE) 2016/2284 agus faisnéis a chuirtear ar fáil sa chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir á gcur san áireamh

(a)

liosta na bpríomhfhoinsí astaíochtaí is cúis leis an truailliú;

(b)

cainníocht iomlán na n-astaíochtaí ó na foinsí sin (i dtonaí in aghaidh na bliana);

(c)

measúnú ar leibhéal na n-astaíochtaí (e.g. leibhéal na cathrach, an leibhéal réigiúnach, agus rannchuidithe trasteorann);

(d)

cionroinnt foinsí de réir earnálacha ábhartha a bhfuil tionchar acu ar an sárú sa chlár náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir.

5.   Tuairisc ar an gcás bunlíne a úsáidtear mar bhonn don phlean aercháilíochta nó don treochlár aercháilíochta chun éifeachtaí na neamhghníomhaíochta a léiriú, lena n-áirítear éabhlóid réamh-mheasta ar astaíochtaí agus ar thiúchain araon.

6.   Sainaithint agus mionsonraí na mbeart laghdaithe truaillithe aeir ar féidir iad a mheas lena roghnú:

(a)

liostú na mbeart uile a breithníodh sa phlean aercháilíochta nó sa treochlár aercháilíochta agus tuairisc orthu, lena n-áirítear sainaithint an údaráis inniúil atá i gceannas ar a gcur chun feidhme;

(b)

cainníochtú nó meastachán an laghdaithe ar astaíochtaí (i dtonaí in aghaidh na bliana) agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, laghduithe tiúchana a bhaineann le gach beart dá dtagraítear i bpointe (a).

7.   Bearta a roghnaíodh agus an tionchar a mheastar a bheidh acu chun comhlíonadh a bhaint amach laistigh de na hamlínte a bhunaítear in Airteagal 19:

(a)

liosta de na bearta a roghnaíodh, lena n-áirítear liosta den fhaisnéis (amhail samhaltú agus torthaí measúnaithe na mbeart) chun an caighdeán aercháilíochta lena mbaineann a bhaint amach i gcomhréir le hIarscríbhinn I; más ábhartha, i gcás ina n-áirítear ar liosta na mbeart de bhun phointe 6(a) den Phointe seo bearta a bhfuil ardacmhainneacht ag baint leo chun aercháilíocht a fheabhsú, ach nár roghnaíodh iad lena nglacadh, míniú ar na cúiseanna nach roghnaítear na bearta lena nglacadh;

(b)

amchlár cur chun feidhme gach birt agus gníomhaithe freagracha;

(c)

cainníochtú an laghdaithe ar astaíochtaí (i dtonaí in aghaidh na bliana) a eascraíonn as meascán de bhearta dá dtagraítear i bpointe (a) den phointe seo;

(d)

laghdú measta cainníochtaithe ar thiúchan (in μg/m3) ag gach pointe samplála a sháraíonn teorainnluachanna, spriocluachanna ózóin nó an táscaire meánteagmhála i gcás sárú ar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála, as an tsraith beart dá dtagraítear i bpointe (a) den phointe seo;

(e)

conair tháscach i dtreo comhlíontachta agus bliain mheasta chomhlíontachta in aghaidh an truailleáin aeir a chumhdaítear leis an treochlár aercháilíochta nó leis an bplean aercháilíochta agus an tsraith beart dá dtagraítear i bpointe (a) den phointe seo á cur san áireamh;

(f)

i gcás treochláir aercháilíochta agus pleananna aercháilíochta, na cúiseanna chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a leagtar amach sna pleananna nó sna treochláir na bearta iomchuí go léir, ionas gur féidir an tréimhse sáraithe a choinneáil chomh gearr agus is féidir, lena n-áirítear maidir leis an tráthchlár cur chun feidhme.

8.   Iarscríbhinn 1 a ghabhann le pleananna aercháilíochta nó le treochláir aercháilíochta: Tuilleadh eolais chúlra

(a)

sonraí aeráide;

(b)

sonraí maidir le topagrafaíocht;

(c)

faisnéis maidir leis na cineálacha spriocanna a bhfuil cosaint ag teastáil ina leith sa limistéar, i gcás inarb infheidhme;

(d)

liostú na mbeart breise uile agus tuairisc orthu, ar bearta iad a dtagann a dtionchar iomlán ar thiúchain de thruailleán aeir chomhthimpeallaigh chun cinn laistigh de 3 bliana nó níos mó.

(e)

faisnéis shocheacnamaíoch faoin limistéar gaolmhar, chun saincheisteanna cothromais comhshaoil a chur chun cinn agus chun an daonra íogair agus grúpaí leochaileacha a chosaint;

(f)

tuairisc ar an modh a úsáideadh agus na toimhdí a rinneadh nó na sonraí a úsáideadh le haghaidh réamh-mheastacháin ar éabhlóid na haercháilíochta lena n-áirítear, i gcás inar féidir, corrlach neamhchinnteachta na réamh-mheastachán agus na gcásanna íogaireachta chun an cás is fearr, na cásanna is dóchúla agus na cásanna is measa a chur san áireamh;

(g)

na doiciméid chúlra agus an fhaisnéis a úsáidtear don mheasúnú.

9.   Iarscríbhinn 2 a ghabhann le pleananna aercháilíochta agus treochláir aercháilíochta: Achoimre ar na bearta faisnéise poiblí agus ar na bearta comhairliúcháin a rinneadh de bhun Airteagal 19(7), a dtorthaí agus míniú ar an gcaoi ar cuireadh na torthaí sin san áireamh sa phlean aercháilíochta deiridh nó sa treochlár aercháilíochta deiridh.

10.   Iarscríbhinn 3 a ghabhann le pleananna aercháilíochta nó le treochláir aercháilíochta: Meastóireacht ar bhearta (i gcás nuashonrú ar phlean aercháilíochta)

(a)

measúnú ar amchlár na mbeart ón bplean aercháilíochta a bhí ann roimhe;

(b)

meastachán ar thionchar na mbeart ón bplean aercháilíochta roimhe sin ar laghdú astaíochtaí agus ar thiúchaintí truailleán.

B.   Liosta táscach de bhearta laghdaithe truaillithe aeir

1.   Faisnéis a bhaineann le stádas chur chun feidhme na dTreoracha dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (b), de Threoir (AE) 2016/2284.

2.   Faisnéis maidir le gach beart laghdaithe truaillithe aeir a breithníodh ar leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta lena chur chun feidhme i dtaca le baint amach cuspóirí aercháilíochta, amhail:

(a)

laghdú ar astaíochtaí ó fhoinsí seasta trína áirithiú go ndéanfar trealamh rialaithe astaíochtaí a fheistiú ar fhoinsí seasta dócháin beaga agus meánmhéide a thruaillíonn (lena n-áirítear le haghaidh bithmhaise) nó go ndéanfar iad a ionadú, agus go gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh;

(b)

laghdú ar astaíochtaí ó fheithiclí trí ghléasraí cumhachta astaíochtaí nialasacha agus trealamh rialaithe astaíochtaí a iarfheistiú orthu, déanfar breithniú ar dhreasachtaí eacnamaíocha chun dlús a chur lena n-úsáid;

(c)

soláthar breoslaí, trealaimh dócháin chun astaíochtaí a laghdú agus feithiclí astaíochtaí nialasacha ag údaráis phoiblí, i gcomhréir leis an lámhleabhar maidir le soláthar poiblí glas, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (m), de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(d)

laghdú ar astaíochtaí trí ghlacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí astaíochtaí ísle le haghaidh iompar comhchoiteann agus iompar poiblí nó feithiclí atá feistithe le réitigh dhigiteacha nua-aimseartha a dhéanann difear do laghdú astaíochtaí;

(e)

bearta chun cáilíocht, éifeachtúlacht, inacmhainneacht agus nascacht an iompair chomhchoitinn agus an iompair phoiblí a fheabhsú;

(f)

bearta a bhaineann le glacadh agus cur chun feidhme bonneagair breoslaí malartacha;

(g)

bearta chun astaíochtaí iompair a theorannú trí phleanáil uirbeach agus bainistiú tráchta, lena n-áirítear ar a laghad:

(i)

praghsáil brú tráchta, amhail dolú bóthair agus táillí d’úsáideoirí atá bunaithe ar mhíleáiste;

(ii)

rogha na n-ábhar le haghaidh tógáil bóithre;

(iii)

táillí páirceála ar thalamh poiblí nó dreasachtaí eacnamaíocha eile agus táillí difreáilte ar fheithiclí truaillithe agus ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha;

(iv)

scéimeanna maidir le srianta ar rochtain ar fheithiclí uirbeacha a bhunú, lena n-áirítear limistéir astaíochtaí ísle agus limistéir astaíochtaí nialasacha;

(v)

comharsanachtaí ísealtráchta, ollbhloic agus comharsanachtaí atá saor ó ghluaisteáin a bhunú;

(vi)

sráideanna atá saor ó ghluaisteáin a bhunú;

(vii)

réitigh ‘an mhíle deiridh’ chun astaíochtaí nialasacha (sceite) a bhaint amach;

(viii)

roinnt gluaisteán a chur chun cinn;

(ix)

córais chliste iompair a chur chun feidhme;

(x)

moil ilmhódacha a chruthú lena nascfar réitigh iompair inbhuanaithe éagsúla agus saoráidí páirceála;

(xi)

rothaíocht agus siúl a dhreasú, mar shampla trí spás a leathnú do rothaithe agus do choisithe, tús áite a thabhairt don rothaíocht agus don siúl i bpleanáil bonneagair, líonra na mbealaí rothaíochta a leathnú;

(xii)

pleanáil do dhlúthchathracha;

(h)

bearta chun aistriú módach i dtreo soghluaisteacht ghníomhach agus cineálacha iompair ar lú an truailliú a bhaineann leo a spreagadh (e.g. siúl, rothaíocht, iompar poiblí nó iarnród), lena n-áirítear:

(i)

iompar poiblí a leictriú, an gréasán iompair phoiblí a neartú, costas iompair phoiblí do shaoránaigh a laghdú, agus rochtain agus úsáid a shimpliú, mar shampla trí áirithintí digiteacha idirnasctha agus trí fhaisnéis fíor-ama idirthurais;

(ii)

idirmhódúlacht shocair a áirithiú don chomaitéireacht idir ceantair thuaithe agus uirbeacha, mar shampla idir iarnród agus rothaíocht, agus idir gluaisteáin agus iompar poiblí (scéimeanna páirceála agus taistil);

(iii)

dreasachtaí fioscacha agus eacnamaíocha a atreorú i dtreo soghluaisteacht ghníomhach agus chomhroinnte, lena n-áirítear dreasachtaí don rothaíocht agus don turas siúil chun na hoibre;

(iv)

scéimeanna traipisithe do na feithiclí is truaillithí;

(i)

bearta chun aistriú a spreagadh i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha agus innealra neamhbhóthair le haghaidh feidhmeanna príobháideacha agus tráchtála araon;

(j)

bearta chun a áirithiú go dtabharfar tús áite do bhreoslaí astaíochtaí ísle i bhfoinsí seasta beaga-, meánmhéide agus móra agus i bhfoinsí soghluaiste;

(k)

bearta chun an truailliú aeir ó fhoinsí tionsclaíocha a laghdú faoi Threoir 2010/75/AE, agus trí úsáid a bhaint as ionstraimí eacnamaíocha amhail cánacha, muirir nó trádáil astaíochtaí agus, an tráth céanna, sainiúlachtaí FBManna á gcur san áireamh;

(l)

astaíochtaí ó mhuiriompar agus ó aeriompar a laghdú trí úsáid a bhaint as breoslaí malartacha agus bonneagar breoslaí ionadúla a úsáid, chomh maith le dreasachtaí eacnamaíocha a úsáid chun dlús a chur lena nglacadh, agus ceanglais shonracha a bhunú maidir le longa agus báid atá i mbeart agus trácht calafoirt, agus dlús a chur le soláthar cumhachta agus leictriú long agus innealra oibre calafoirt ar tír ag an am céanna;

(m)

bearta chun astaíochtaí ón talmhaíocht a laghdú;

(n)

bearta chun sláinte leanaí nó sláinte grúpaí daonra íogaire eile agus grúpaí leochaileacha eile a chosaint;

(o)

bearta chun athruithe iompraíochta a spreagadh.


(1)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).


IARSCRÍBHINN IX

Bearta éigeandála a d’fhéadfaí a chur san áireamh sna pleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha a cheanglaítear faoi Airteagal 20

Bearta atá le déanamh sa ghearrthéarma arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na foinsí a chuireann leis an riosca go sárófaí an tairseach foláirimh, ag brath ar chúinsí áitiúla agus ar an truailleán atá i gceist:

(a)

srian a chur ar chúrsaíocht feithiclí, go sonrach timpeall ar shuíomhanna ina gcruinníonn daonra íogair agus grúpaí leochaileacha;

(b)

iompar poiblí a bhfuil táille íseal i gceist leis nó atá saor ó tháillí;

(c)

oibríochtaí ag oibreacha foirgníochta a chur ar fionraí;

(d)

glanadh sráideanna;

(e)

socruithe solúbtha oibre;


IARSCRÍBHINN X

Faisnéis phoiblí

1.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don phobal:

(a)

sonraí atá cothrom le dáta in aghaidh na huaire i gcás gach pointe samplála dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, ábhair cháithnínigh (PM10 agus PM2,5), aonocsaíde carbóin agus ózóin. beidh feidhm aige sin maidir le faisnéis ó gach pointe samplála ina bhfuil faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil, agus ar a laghad maidir le faisnéis ón líon íosta pointí samplála is gá faoi Iarscríbhinn III má tá an modh tomhais iomchuí do shonraí cothrom le dáta (UTD), d’ainneoin go soláthraíonn na Ballstáit an oiread faisnéise is féidir faoi UTD don phobal agus a modhanna tomhais a oiriúnú de réir a chéile chun na críche sin; i gcás ina bhfuil sí ar fáil, soláthrófar faisnéis atá cothrom le dáta mar thoradh ar fheidhmchláir samhaltaithe freisin;

(b)

tiúchaintí tomhaiste de gach truailleán i gcás inar féidir, comparáid idir na tiúchaintí sin agus na huastiúchaintí is déanaí atá molta ag EDS, agus, comparáid idir na tiúchaintí sin agus na huastiúchaintí is déanaí atá molta ag EDS, a chuirtear i láthair de réir na dtréimhsí iomchuí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(c)

faisnéis maidir le sárú/sáruithe breathnaithe ar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(i)

suíomh nó limistéar an tsáraithe,

(ii)

an t-am a thosaigh an sárú agus an fad a mhair sé,

(iii)

an tiúchan thomhaiste i gcomparáid leis na caighdeáin aercháilíochta is infheidhme, nó an táscaire meánteagmhála i gcás sárú ar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála;

(d)

faisnéis maidir le tionchair ar an tsláinte, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(i)

tionchar sláinte an truaillithe aeir ar an bpobal i gcoitinne, agus, a mhéid is féidir, gach truailleán a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(ii)

tionchair an truaillithe aeir ar an bpobal íogair agus ar ghrúpaí leochaileacha, agus, a mhéid is féidir, ar gach truailleán a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(iii)

tuairisc ar na siomptóim dhóchúla,

(iv)

na réamhchúraimí a mholtar a dhéanamh, arna miondealú de réir réamhchúraimí atá le déanamh ag an bpobal i gcoitinne agus ag pobal íogair agus grúpaí leochaileacha;

(v)

an áit ina bhfaighfear eolas breise;

(e)

faisnéis maidir le tionchair ar fhásra;

(f)

faisnéis maidir le gníomhaíochtaí coisctheacha chun truailliú agus teagmháil leis a laghdú: léiriú na bpríomhearnálacha foinseacha; moltaí maidir le gníomhaíochtaí chun astaíochtaí a laghdú;

(g)

faisnéis maidir le feachtais tomhais nó gníomhaíochtaí comhchosúla agus a dtorthaí i gcás ina ndéantar iad.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis thráthúil ar fáil don phobal maidir le sáruithe iarbhír nó tuartha ar thairseacha foláirimh, agus ar aon tairseach faisnéise. Áireofar leis na mionsonraí a sholáthraítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

faisnéis maidir le sárú/sáruithe a breathnaíodh:

(i)

suíomh nó limistéar an tsáraithe,

(ii)

an cineál tairsí a sáraíodh (foláireamh nó faisnéis);

(iii)

an t-am a thosaigh an sárú agus an fad a mhair sé,

(iv)

an tiúchan 1 uair an chloig is airde agus, anuas air sin, an mheántiúchan 8 n-uair an chloig is airde i gcás ózóin;

(b)

an réamhaisnéis maidir leis an tráthnóna nó lá/laethanta dár gcionn:

(i)

limistéar geografach na sáruithe ionchasacha ar thairseach foláirimh nó ar thairseach faisnéise,

(ii)

athruithe ionchasacha ar an truailliú (feabhas, cobhsú nó meath), mar aon leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin;

(c)

faisnéis maidir leis an gcineál daonra lena mbaineann, na tionchair shláinte a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus an t-iompar molta:

(i)

faisnéis maidir leis na grúpaí den daonra atá i mbaol;

(ii)

tuairisc ar na siomptóim dhóchúla;

(iii)

na réamhchúraimí a mholtar don phobal lena mbaineann a dhéanamh;

(iv)

an áit ina bhfaighfear eolas breise;

(d)

faisnéis faoi phleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha chun truailliú nó teagmháil leis a laghdú: léiriú na bpríomhearnálacha foinseacha; moltaí maidir le gníomhaíocht chun astaíochtaí ó fhoinsí antrapaigineacha a laghdú;

(e)

moltaí maidir le gníomhaíocht chun teagmháil a laghdú;

(f)

i gcás sáraithe tuartha, déanfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú go gcuirfear na sonraí a bhaineann leis ar fáil a mhéid is féidir.

3.   I gcás ina ndéantar sárú nó i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, tairseach foláirimh nó tairseach faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo faoi bhráid an phobail freisin.


IARSCRÍBHINN XI

CUID A

Treoracha aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh orthu (dá dtagraítear in Airteagal 31)

Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 23, 26.1.2005, lch. 3)

 

 

Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 87, 31.3.2009, lch. 109)

pointe 3.8 den Iarscríbhinn agus an pointe sin amháin

 

Treoir (AE) 2015/1480 ón gCoimisiún

(IO L 226, 29.8.2015, lch. 4)

Airteagail 1 agus 2 amháin

Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 152, 11.6.2008, lch. 1)

 

CUID B

Teorainneacha ama do thrasuí sa dlí náisiúnta (dá dtagraítear in Airteagal 31)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

2004/107/CE

15 Feabhra 2007

2008/50/CE

11 Meitheamh 2010

(AE) 2015/1480

31 Nollaig 2016


IARSCRÍBHINN XII

Tábla comhghaoil

An Treoir seo

Treoir 2008/50/CE

Treoir 2004/107/CE

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 32

Airteagal 8

Airteagal 4

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 5

Airteagal 3

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 7

Airteagal 5 agus Airteagal 9(2)

Iarscríbhinn II, Roinn B

Airteagal 4(2), (3) agus (6)

Iarscríbhinn II, Roinn II

Airteagal 8

Airteagal 6 agus Airteagal 9(1)

Airteagal 4(1) go (5) agus (10)

Airteagal 9

Airteagail 7 agus 10

Iarscríbhinn V, Roinn A, pointe 1, fonóta 1

Airteagal 4(7), (8) agus (11)

Airteagal 10

Airteagal 4(9)

Airteagal 11

Airteagail 8 agus 11

Airteagal 4(12) agus (13)

Airteagal 12

Airteagal 12, Airteagal 17(1) agus (3) agus Airteagal 18

Airteagal 3(2)

Airteagal 13

Airteagail 13 agus 15, Airteagal 16(2) agus Airteagal 17(1)

Airteagal 3(1) agus (3)

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 19, an chéad fhomhír

Airteagal 16

Airteagal 20

Airteagal 17

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19

Airteagal 17(2) agus Airteagal 23

Airteagal 3(3) agus Airteagal 5(2)

Airteagal 20

Airteagal 24

Airteagal 21

Airteagal 25

Airteagal 22

Airteagal 26

Airteagal 7

Airteagal 23

Airteagal 19, an dara mír, agus Airteagal 27

Iarscríbhinn III, Roinn D

Airteagal 5(1) agus (4)

Airteagal 24

Airteagal 28

Airteagal 4(15)

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 29

Airteagal 6

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 9

Airteagal 30

Airteagal 33

Airteagal 10

Airteagal 31

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 34

Airteagal 11

Airteagal 33

Airteagal 35

Airteagal 12

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinní VII, XI, XII, XIII agus XIV

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II, Roinn B

Iarscríbhinn II, Roinn I

Iarscríbhinn III

Iarcríbhinní V agus IX

Iarscríbhinn III, Roinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarcríbhinní III agus VIII

Iarscríbhinn III, Ranna I, II agus III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinní IV agus X

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn XV

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XVI

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn XVII


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2881/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top