This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024L1233
Directive (EU) 2024/1233 of the European Parliament and of the Council of 24 April 2024 on a single application procedure for a single permit for third-country nationals to reside and work in the territory of a Member State and on a common set of rights for third-country workers legally residing in a Member State (recast)
Treoir (AE) 2024/1233 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát (athmhúnlú)
Treoir (AE) 2024/1233 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát (athmhúnlú)
PE/93/2023/REV/1
IO L, 2024/1233, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1233/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1233 |
30.4.2024 |
TREOIR (AE) 2024/1233 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Aibreán 2024
maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát
(athmhúnlú)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2), pointí (a) agus (b), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú. |
|
(2) |
Ba cheart don Aontas a áirithiú go gcaithfear go cothrom le náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i gcríoch na mBallstát agus ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartas lánpháirtíochta níos láidre go dtabharfaí do na náisiúnaigh tríú tír sin cearta agus oibleagáidí atá inchomparáide leo sin atá ag saoránaigh an Aontais. |
|
(3) |
Le forálacha maidir le nós imeachta um iarratas aonair as a dtagann comhtheideal a chuireann ceadanna cónaithe agus ceadanna oibre araon in aon ghníomh riaracháin amháin, cuideofar leis na rialacha atá infheidhme faoi láthair sna Ballstáit a shimpliú agus a chomhchuibhiú. |
|
(4) |
Chun teacht isteach ina gcríoch den chéaduair a cheadú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead aonair nó, i gcás nach n-eisíonn siad ceadanna aonair ach amháin tar éis teacht isteach, víosa a eisiúint. Ba cheart do na Ballstáit ceadanna aonair nó víosaí den sórt sin a eisiúint go tráthúil. |
|
(5) |
Ba cheart tacar rialacha a leagan síos sa Treoir seo lena rialaítear an nós imeachta chun an t-iarratas ar chead aonair a scrúdú. Ba cheart an nós imeachta sin a bheith éifeachtach agus inbhainistithe, agus gnáthualach oibre chórais riaracháin na mBallstát á chur san áireamh, agus ba cheart é a bheith trédhearcach, cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, chun deimhneacht dhlíthiúil iomchuí a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann laistigh de thréimhse ama réasúnta. |
|
(6) |
Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Göteborg, bunaítear sraith prionsabal chun bheith mar threoir i dtreo comhdheiseanna, rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta a áirithiú. Tá an t-athbhreithniú ar Threoir 2011/98/AE mar chuid den phacáiste beart ‘Scileanna agus tallann’ a moladh mar obair leantach ar theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 dar teideal on a New Pact on Migration and Asylum [maidir le Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann]. Chomh maith leis sin, tá an t-athbhreithniú sin mar cheann de ghnéithe theachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta]. |
|
(7) |
Ba cheart forálacha na Treorach seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát rialáil a dhéanamh ar na ceanglais maidir le cead aonair a eisiúint chun críche oibre. Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do cheart na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 79(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar an mbonn sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iarratas ar chead aonair a mheas mar iarratas neamh-inghlactha nó diúltú dó. |
|
(8) |
Ba cheart conarthaí agus caidrimh fostaíochta idir náisiúnaigh tríú tír agus fostóirí a chumhdach leis an Treoir seo. I gcás ina gceadaítear, le dlí náisiúnta Ballstáit, náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach trí ghníomhaireachtaí oibre sealadaí atá bunaithe ar a chríoch agus a bhfuil caidreamh fostaíochta acu leis an oibrí, níor cheart náisiúnaigh tríú tír den sórt sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart an fheidhm chéanna a bheith ag gach foráil den Treoir seo a bhaineann le fostóirí maidir le gníomhaireachtaí den sórt sin. |
|
(9) |
Níor cheart náisiúnaigh tríú tír atá ar postú a chumhdach leis an Treoir seo. Leis sin, níor cheart cosc a chur ar náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach agus atá ag obair go dleathach i mBallstát agus atá ar postú i mBallstát eile leanúint den chóir chomhionann a fháil i ndáil le náisiúnaigh an Bhallstáit tionscnaimh fad a mhaireann tréimhse a bpostaithe, i ndáil leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta sin nach ndéanann cur i bhfeidhm Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) difear dóibh. |
|
(10) |
Náisiúnaigh tríú tír ar tairbhithe de chosaint iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta nó le cleachtas Ballstáit, níor cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo, cé is moite de Chaibidil III, ar cheart feidhm a bheith aici más rud é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go gceadaítear do na náisiúnaigh tríú tír sin obair a dhéanamh agus go ndéanann siad amhlaidh nó go ndearna siad amhlaidh. |
|
(11) |
Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil stádas mar chónaitheoirí fadtéarmacha bainte amach acu i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (6), níor cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo i bhfianaise an stádais níos pribhléidí atá acu go domhanda agus chineál sonrach an cheada cónaithe atá acu, is é sin ‘cónaitheoir fadtéarmach de chuid an Aontais’. |
|
(12) |
Náisiúnaigh tríú tír a ligeadh isteach i gcríoch Ballstáit chun obair a dhéanamh ar bhonn séasúrach agus a bhfuil iarratas déanta acu ar ligean isteach nó a ligeadh isteach i gcríoch Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), níor cheart iad a chumhdach leis an Treoir seo toisc go dtagann siad faoi raon feidhme Threoir 2014/36/AE, lena mbunaítear córas sonrach. |
|
(13) |
An oibleagáid atá ar na Ballstáit a chinneadh an ndéanfaidh an náisiúnach tríú tír nó fostóir an náisiúnaigh tríú tír sin an t-iarratas a chur isteach, ba cheart an oibleagáid sin a bheith gan dochar d’aon socrú lena gceanglaítear páirt a bheith ag an mbeirt acu sa nós imeachta. Ba cheart do na Ballstáit iarratais ar chead aonair a bhreithniú agus a scrúdú i gcás ina bhfuil cónaí ar an náisiúnach tríú tír lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ar mian leis an náisiúnach tríú tír sin a bheith ligthe isteach ann, nó i gcás ina bhfuil cónaí ar an náisiúnach tríú tír sin cheana ar chríoch an Bhallstáit sin mar shealbhóir ceada bhailí cónaithe arna eisiúint ag an mBallstát sin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (8). Ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit freisin glacadh le hiarratais arna gcur isteach ag náisiúnaigh tríú tír eile atá i láthair go dleathach ar a gcríoch. |
|
(14) |
Forálacha na Treorach seo maidir leis an nós imeachta um iarratas aonair agus maidir leis an gcead aonair, níor cheart baint a bheith acu le víosaí aonfhoirmeacha nó fadfhanachta. Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus i gcás nach n-eisíonn Ballstát ceadanna aonair ach ar a chríoch féin amháin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an víosa atá riachtanach chun cead aonair a fháil a eisiúint don náisiúnach tríú tír. |
|
(15) |
Ba cheart a áireamh sa teorainn ama chun cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarratas an t-am is gá chun staid mhargadh an tsaothair a sheiceáil, i gcás ina ndéantar seiceáil den sórt sin i dtaca le hiarratas ar leith ar chead aonair. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an teorainn ama chun cinneadh a ghlacadh seiceáil ghinearálta ar staid mhargadh an tsaothair nach bhfuil nasctha le hiarratas ar leith ar chead aonair. An víosa atá riachtanach chun cead aonair a fháil, ba cheart do na Ballstáit féachaint leis an víosa sin a eisiúint go tráthúil. |
|
(16) |
Chun dúbláil oibre agus fadú na nósanna imeachta a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit féachaint lena cheangal ar iarratasóirí gan na doiciméid ábhartha a chur isteach ach aon uair amháin agus gan ach seiceáil shubstaintiúil amháin a dhéanamh ar na doiciméid a chuir an t-iarratasóir isteach chun cead aonair agus, i gcás inarb infheidhme, an víosa atá riachtanach chun cead aonair a fháil a eisiúint. |
|
(17) |
Ba cheart ainmniú an údaráis inniúil faoin Treoir seo a bheith gan dochar do ról agus freagrachtaí údarás eile agus, i gcás inarb infheidhme, na gcomhpháirtithe sóisialta, maidir leis an iarratas a scrúdú agus le cinneadh a dhéanamh ina thaobh. |
|
(18) |
Níor cheart a áireamh sa teorainn ama maidir le cinneadh a ghlacadh faoin iarratas, áfach, an t-am a theastaíonn chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla. Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do nósanna imeachta náisiúnta maidir le haitheantas a thabhairt do dhioplómaí. |
|
(19) |
I gcás nach ndéanann na húdaráis aon chinneadh laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear leis an Treoir seo, ba cheart aon iarmhairtí a chinneadh leis an dlí náisiúnta agus ba cheart a bheith in ann sásamh dlíthiúil a lorg ina leith. |
|
(20) |
Amhail dá dtagraítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le Scileanna agus tallanna a mhealladh chuig an Aontas Eorpach, tá ‘Comhpháirtíochtaí Tallainne’ ar cheann de phríomhuirlisí an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann i ndáil lena ghné sheachtrach. Is é is aidhm do na comhpháirtíochtaí sin an comhar idir an tAontas, na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta a neartú, borradh a chur faoi shoghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair agus tallann a fhorbairt chun tairbhe an dá thaobh agus ar bhealach ciorclach. Dá gcuirfí dlús le próiseáil iarratas ar chead aonair laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, d’fhéadfaí rannchuidiú freisin le cur chun feidhme éifeachtach ‘Comhpháirtíochtaí Tallainne’ le príomhthíortha comhpháirtíochta. |
|
(21) |
Agus é mar aidhm acu margaí saothair san Aontas a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos tarraingtí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dlús a chur le próiseáil iarratas ar chead aonair arna gcur isteach ag náisiúnaigh tríú tír ar sealbhóirí ceadanna aonair cheana iad i mBallstát eile, nó arna gcur isteach thar a gceann, laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo. |
|
(22) |
Ba cheart an cead aonair a tharraingt suas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát tuilleadh faisnéise a chur isteach, go háirithe maidir le cé acu a cheadaítear don duine obair a dhéanamh nó nach gceadaítear. Ba cheart do Bhallstát faisnéis a léiriú, inter alia, chun rialú níos fearr a dhéanamh ar imirce, ní hamháin maidir leis an gcead aonair ach maidir leis na ceadanna cónaithe go léir arna n-eisiúint, ar faisnéis í a bhaineann leis an gcead chun obair a dhéanamh, gan beann ar chineál an cheada nó ar an gcead cónaithe ar ar a bhonn a ligeadh an náisiúnach tríú tír isteach agus dar tugadh rochtain ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin. Ba cheart a bheith ag náisiúnaigh tríú tír an ceart chun an fhaisnéis atá ar pháipéar nó i bhformáid leictreonach a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an ceart go ndéanfar í a cheartú nó a scriosadh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002. |
|
(23) |
Forálacha na Treorach seo maidir le ceadanna cónaithe chun críoch eile seachas chun críoch oibre, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir le formáid ceadanna den sórt sin agus ba cheart iad a bheith gan dochar do rialacha an Aontais ná do rialacha náisiúnta maidir le nósanna imeachta um ligean isteach agus maidir le nósanna imeachta chun ceadanna den sórt sin a eisiúint. |
|
(24) |
Le forálacha na Treorach seo maidir leis an gcead aonair agus maidir leis an gcead cónaithe a eisítear chun críoch eile seachas chun críoch oibre, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit doiciméad páipéir breise a eisiúint le gur féidir faisnéis níos cruinne a thabhairt maidir leis an gcaidreamh fostaíochta mar níl a dhóthain spáis i bhformáid an cheada cónaithe don fhaisnéis sin. Is féidir le doiciméad den sórt sin feidhmiú chun dúshaothrú náisiúnach tríú tír a chosc agus chun cur in aghaidh fostaíocht neamhdhleathach ach ba cheart é a bheith roghnach do na Ballstáit agus níor cheart é a úsáid mar mhalairt ar chead oibre, rud a chuirfeadh coincheap an cheada aonair féin ó mhaith. Is féidir úsáid a bhaint freisin as féidearthachtaí teicniúla a chuirtear ar fáil le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 agus le pointe (a)20 den Iarscríbhinn a ghabhann leis chun faisnéis den sórt sin a stóráil i bhformáid leictreonach. Thairis sin, tá sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe tríú tír a chur ar an eolas faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta agus faoi aon athrú orthu, i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(25) |
Na coinníollacha agus na critéir ar ar a mbonn is féidir diúltú d’iarratas ar chead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan, nó ar ar a mbonn is féidir an cead aonair a tharraingt siar, ba cheart iad a bheith oibiachtúil agus ba cheart iad a leagan síos sa dlí náisiúnta lena n-áirítear an oibleagáid prionsabal fhabhar an Aontais a urramú mar a chuirtear in iúl go háirithe i bhforálacha ábhartha Ionstraimí Aontachais 2003 agus 2005. Ba cheart cinntí maidir le diúltú agus tarraingt siar a bheith cuí-réasúnaithe. Cinneadh chun diúltú d’iarratas ar chead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan agus cinneadh chun cead aonair a tharraingt siar, ba cheart cinntí den sórt sin a bheith bunaithe ar chritéir dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta agus ba cheart dóibh imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, agus prionsabal na comhréireachta a urramú. In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le castacht an iarratais, agus ar mhaithe leis an iarratasóir, ba cheart a bheith in ann an teorainn ama chun cinneadh a dhéanamh de bhun na Treorach seo a fhadú go ceann tréimhse bhreise 30 lá. I gcás ina n-athraíonn sealbhóir an cheada aonair an fostóir, ba cheart údar cuí a bheith le fadú ar an tréimhse go ceann tréimhse bhreise 15 lá. |
|
(26) |
Chun a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag náisiúnaigh tríú tír agus ag a dteaghlaigh ar a gcearta, ba cheart do na Ballstáit faisnéis inrochtana a sholáthar dóibh, saor in aisce, maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach is gá chun iarratas a dhéanamh ar an gcead aonair, agus maidir leis na coinníollacha teacht isteach agus cónaithe agus na cearta, oibleagáidí agus coimircí nós imeachta chun iad agus a mbaill teaghlaigh a chosaint. Ba cheart faisnéis faoi chomhpháirtithe sóisialta a áireamh san fhaisnéis sin, agus tagairt ar leith á déanamh inti d’eagraíochtaí oibrithe, chun cur lena gcuid eolais ar mhaithe le cosaint níos fearr a thabhairt dóibh ag an obair. |
|
(27) |
Náisiúnaigh tríú tír a bhfuil seilbh acu ar dhoiciméad bailí taistil agus cead aonair arna eisiúint ag Ballstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, ba cheart cead a bheith acu dul isteach i gcríoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine agus ba cheart cead saorghluaiseachta a bheith acu inti, ar feadh tréimhse suas le 3 mhí laistigh de thréimhse 6 mhí ar leith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Airteagal 21 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (11) (Coinbhinsiún Schengen). |
|
(28) |
In éagmais reachtaíocht chothrománach de chuid an Aontais, bíonn éagsúlacht idir cearta náisiúnach tríú tír, de réir an Bhallstáit ina n-oibríonn siad agus de réir a náisiúntachta. D’fhonn beartas inimirce comhleanúnach a fhorbairt tuilleadh agus d’fhonn an mhíréir atá idir cearta shaoránaigh an Aontais agus cearta náisiúnach tríú tír atá ag obair go dleathach i mBallstát a laghdú agus d’fhonn an acquis atá ann maidir le hinimirce a chomhlánú, ba cheart tacar ceart a leagan síos chun, go háirithe, na réimsí ina soláthraítear cóir chomhionann idir náisiúnaigh Ballstáit agus náisiúnaigh tríú tír den sórt sin nach cónaitheoirí fadtéarmacha iad go fóill a shonrú. Is é is aidhm dó sin bunleibhéal cothroime iomaíochta a thabhairt laistigh den Aontas, a aithint go rannchuidíonn náisiúnaigh tríú tír den sórt sin le geilleagar an Aontais trína n-obair agus trína n-íocaíochtaí cánach agus feidhmiú mar choimirce chun laghdú a dhéanamh ar an iomaíocht mhíchothrom atá idir náisiúnaigh Ballstáit agus náisiúnaigh tríú tír a eascraíonn as an dúshaothrú a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás na náisiúnach tríú tír sin. Ba cheart oibrí tríú tír sa Treoir seo a shainmhíniú mar náisiúnach tríú tír a ligeadh isteach ar chríoch Ballstáit, ar a bhfuil cónaí dlíthiúil inti agus ag a bhfuil cead, i gcomhthéacs caidreamh fostaíochta, a bheith ag obair inti i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, ní mór d’oibrí tríú tír conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta a bheith aige nó aici mar a shainítear de réir dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna nó cleachtas Ballstáit, agus aird á tabhairt ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
|
(29) |
Nuair a athraíonn sealbhóir ceada aonair fostóir, ba cheart don fhostóir nua mionsonraí na fostaíochta a chur in iúl do na húdaráis inniúla i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Ní ionann athrú ar na coinníollacha fostaíochta amhail seoladh an fhostóra, an ghnátháit oibre, na huaireanta oibre agus an luach saothair, as féin, agus athrú fostóra. |
|
(30) |
Na náisiúnaigh tríú tír uile ar a bhfuil cónaí dleathach sna Ballstáit agus atá ag obair iontu, ba cheart ar a laghad tacar coiteann de chearta atá bunaithe ar chóir chomhionann a bheith acu agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu, gan beann ar an mbunchuspóir a bhí lena ligean isteach ná ar an mbonn a bhí leis sin. An ceart chun cóir chomhionann a fháil sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo, ba cheart é a dheonú ní hamháin do na náisiúnaigh tríú tír sin a ligeadh isteach i mBallstát chun obair a dhéanamh ach dóibh siúd freisin a ligeadh isteach chun críoch eile agus ar tugadh rochtain ar mhargadh saothair an Bhallstáit sin dóibh i gcomhréir le forálacha eile dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, lena n-áirítear baill de theaghlach oibrí tríú tír a ligtear isteach sa Bhallstát i gcomhréir le Treoir 2003/86/CE ón gComhairle (12) agus náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach i gcríoch Ballstáit i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). |
|
(31) |
Ba cheart nasc docht a bheith idir an ceart chun cóir chomhionann a fháil i réimsí sonraithe agus cónaí dleathach an náisiúnaigh tríú tír agus an rochtain a thugtar ar an margadh saothair i mBallstát, rudaí atá cumhdaithe sa chead aonair lena gcuimsítear an t-údarú chun cónaí agus obair a dhéanamh agus atá cumhdaithe i gceadanna cónaithe a eisítear chun críoch eile ina bhfuil faisnéis maidir leis an gcead chun obair a dhéanamh. |
|
(32) |
Leis an gceart atá ag oibrithe tríú tír cóir a fháil atá comhionann leis an gcóir a fhaigheann náisiúnaigh an Bhallstáit maidir le téarmaí fostaíochta agus dálaí oibre dá dtagraítear sa Treoir seo, rannchuidítear le hobair chuibhiúil agus rannchuidítear le dúshaothrú oibrithe tríú tír a chosc. Ba cheart a chumhdach leis an gceart sin ar a laghad téarmaí fostaíochta, luach saothair lena n-áirítear rátaí ragoibre, asbhaintí uathu agus aisíocaíochtaí díobh, éilimh i gcás dhócmhainneacht an fhostóra, cur i bhfeidhm phrionsabal an luacha saothair chomhionainn as obair chomhionann, dífhostú, cóir chomhionann idir fir agus mná, oiliúint, sláinte agus sábháilteacht san áit oibre, am oibre agus saoire agus laethanta saoire. Ba cheart a áireamh sa cheart chun cóir chomhionann a fháil na dálaí oibre a leagtar síos i ndlí an Aontais, sa dlí náisiúnta, i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus i gcleachtas Ballstáit faoi na téarmaí céanna a bhaineann le náisiúnaigh an Bhallstáit lena mbaineann. |
|
(33) |
Ba cheart do Bhallstát aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a fuair náisiúnach tríú tír i mBallstát eile ar an dóigh chéanna a dtugtar aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla shaoránaigh an Aontais agus ba cheart cáilíochtaí a fuarthas i dtríú tír a chur san áireamh i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). An ceart chun cóir chomhionann a fháil a dheonaítear d’oibrithe tríú tír maidir le haitheantas a thabhairt do dhioplómaí, do theastais agus do cháilíochtaí gairmiúla eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha, ba cheart é a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát na hoibrithe tríú tír sin a ligean isteach ina margadh saothair. |
|
(34) |
Ba cheart an chóir chomhionann a bheith ag oibrithe tríú tír maidir le slándáil shóisialta. Sainítear brainsí den tslándáil shóisialta i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15). Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le cóir chomhionann i ndáil le slándáil shóisialta sa Treoir seo maidir le hoibrithe a ligtear isteach i mBallstát go díreach ó thríú tír. Ina ainneoin sin, níor cheart, leis an Treoir seo, níos mó ceart a thabhairt d’oibrithe tríú tír ná mar a fhoráiltear cheana féin i ndlí an Aontais atá ann cheana i réimse na slándála sóisialta maidir le náisiúnaigh tríú tír atá i gcásanna trasteorann. |
|
(35) |
Chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i mbreithiúnas uaithi an 25 Samhain 2020 i gcás C-302/19 (16), nach féidir le Ballstát an sochar slándála sóisialta a dhiúltú ná a laghdú do shealbhóir ceada aonair ar an bhforas nach ar a chríoch féin, ach i dtríú tír, atá cónaí ar roinnt dá mbaill teaghlaigh nó ar a mbaill teaghlaigh uile, má dheonaíonn sé an sochar sin dá náisiúnaigh féin gan beann ar áit chónaithe a mball teaghlaigh. |
|
(36) |
Ba cheart do na Ballstáit cóir chomhionann a áirithiú ar a laghad do náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe nó atá, tar éis íostréimhse fostaíochta, cláraithe mar oibrithe dífhostaithe. Ba cheart aon srian ar an gcóir chomhionann i réimse na slándála sóisialta faoin Treoir seo a bheith gan dochar do na cearta arna dtabhairt de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). |
|
(37) |
Ní chuirtear, le dlí an Aontais, aon teorainn le cumhacht na mBallstát a scéimeanna slándála sóisialta a reáchtáil. Is faoi gach Ballstát atá sé na coinníollacha a leagan síos faoina ndéantar sochair slándála sóisialta a dheonú, chomh maith leis an méid atá i gceist le sochair den sórt sin agus an tréimhse dá ndeonaítear iad. Agus an chumhacht sin á feidhmiú ag na Ballstáit, áfach, ba cheart dóibh dlí an Aontais a chomhlíonadh. |
|
(38) |
Níor cheart feidhm a bheith ag cóir chomhionann d’oibrithe tríú tír maidir le bearta i réimse na gairmoiliúna a mhaoinítear faoi scéimeanna cúnaimh shóisialta. |
|
(39) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad cosc ar idirdhealú in aghaidh oibrithe tríú tír maidir leis an rochtain atá acu ar earraí agus seirbhísí a ráthaítear cóir chomhionann ina leith d’oibrithe tríú tír, mar is amhlaidh atá i gcás náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu, i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an dlí náisiúnta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chosc a chur ar idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le rochtain ar thithíocht phríobháideach ar cíos chun a áirithiú go gcomhlíonann na coinníollacha tithíochta agus na conarthaí cíosa na caighdeáin náisiúnta agus na rialacha náisiúnta le haghaidh cíosanna príobháideacha, lena n-áirítear caighdeáin agus rialacha a bhaineann le méideanna cíosa. Tá sé ábhartha go háirithe a áirithiú go mbeidh sé de shaoirse i gcónaí ag oibrithe tríú tír a gcóiríocht a roghnú, gan bheith faoin oibleagáid cónaí i gcóiríocht a sholáthraíonn an fostóir, mar is amhlaidh atá i gcás oibrithe an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
|
(40) |
Chun an chóir chomhionann d’oibrithe tríú tír a threisiú, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha in aghaidh fostóirí i gcás sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, go háirithe maidir le dálaí oibre, saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus brainsí den tslándáil shóisialta, mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. |
|
(41) |
Chun forfheidhmiú cuí na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta i gcás inarb infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh maidir le sásraí iomchuí le haghaidh faireacháin agus, i gcás inarb iomchuí, le haghaidh cigireachtaí éifeachtacha agus leormhaithe ar a gcríocha faoi seach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas riaracháin náisiúnta. Ba cheart rochtain ar an áit oibre, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag seirbhísí atá i gceannas ar chigireacht saothair nó ag údaráis inniúla eile. |
|
(42) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil sásraí éifeachtacha ann trínar cheart d’oibrithe tríú tír a bheith in ann sásamh dlíthiúil a lorg agus gearáin a thaisceadh go díreach nó trí thríú páirtithe a bhfuil leas dlisteanach acu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, le cleachtas riaracháin nó le comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú, amhail ceardchumainn nó comhlachais eile, nó trí údaráis inniúla. Meastar gur gá na sásraí éifeachtacha sin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach bhfuil oibrithe tríú tír ar an eolas faoi shásraí forfheidhmiúcháin a bheith ann nó ina bhfuil drogall orthu iad a úsáid ina n-ainm féin, mar shampla ar eagla go bhféadfadh iarmhairtí a bheith i gceist leis. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an rochtain chéanna ag oibrithe tríú tír agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu ar imeachtaí dlíthiúla, lena n-áirítear nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin, gearáin, idirghabháil, agus sásraí eile a leagtar síos faoin dlí náisiúnta do náisiúnaigh an Bhallstáit. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar chúnamh dlíthiúil a ráthú freisin faoi na coinníollacha céanna a sholáthraítear d’oibrithe náisiúnta sna himeachtaí sin, má fhoráiltear dó sin ina ndlí náisiúnta. |
|
(43) |
I gcomhthéacs oibrithe a chosaint, ba cheart bearta náisiúnta comhchosúla maidir le faireachán, measúnú, cigireachtaí, pionóis agus éascú gearán a bheith glactha agus i bhfeidhm cheana ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(44) |
Leis an gcead aonair, ba cheart a údarú dá shealbhóir an fostóir a athrú le linn thréimhse a bhailíochta. Chomh maith lena fhíorú an bhfuil na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta fós á gcomhlíonadh ag sealbhóir an cheada aonair, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coinníollacha áirithe a chur i bhfeidhm chun fostóir a athrú, lena n-áirítear nós imeachta um fhógra a thabhairt agus seiceáil ar staid mhargadh an tsaothair má dhéanann an Ballstát lena mbaineann seiceálacha ar staid mhargadh an tsaothair le haghaidh iarratais ar chead aonair. Chun cosc a chur ar mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as forálacha na Treorach seo a bhaineann le hathrú fostóra, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann íostréimhse a shocrú freisin ar lena linn a cheanglaítear ar shealbhóir an cheada aonair oibriú don chéad fhostóir sula ndéantar an fostóir a athrú. Gan beann ar fhad an chonartha fostaíochta arna bhunú faoin dlí náisiúnta, níor cheart an íostréimhse sin, in aon chás, a bheith níos faide ná 6 mhí. I gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, mar shampla i gcás dhúshaothrú shealbhóir an cheada aonair nó má mhainníonn an fostóir a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh maidir le sealbhóir an cheada aonair, ba cheart do na Ballstáit an t-athrú fostóra roimh dhul in éag íostréimhse den sórt sin a cheadú. |
|
(45) |
Níor cheart an cead aonair a tharraingt siar le linn tréimhse 3 mhí ar a laghad i gcás dífhostaíochta nó 6 mhí más rud é gur shealbhóir an cheada aonair an náisiúnach tríú tír ar feadh tréimhse níos faide ná 2 bhliain. I gcás tréimhsí dífhostaíochta níos faide ná 3 mhí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar shealbhóirí ceada aonair fianaise a sholáthar go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun iad féin a chothabháil. |
|
(46) |
Chun treisiú a dhéanamh ar an eolas faoin nós imeachta chun an cead aonair a fháil agus faoi chearta, oibleagáidí agus coimircí nós imeachta na n-oibrithe tríú tír agus a mball teaghlaigh, moltar do na Ballstáit gníomhaíochtaí fógraíochta agus feachtais faisnéise a bhaineann leis na saincheisteanna sin a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí agus feachtais atá dírithe ar thríú tíortha. |
|
(47) |
Ba cheart an Treoir seo a chur i bhfeidhm gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí atá i ndlí an Aontais agus in ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme. |
|
(48) |
Ba cheart do na Ballstáit éifeacht a thabhairt d’fhorálacha na Treorach seo gan idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach go háirithe i gcomhréir le Treoracha 2000/43/CE (18) agus 2000/78/CE (19) ón gComhairle. |
|
(49) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon nós imeachta um iarratas aonair a leagan síos maidir le cead aonair a eisiúint do náisiúnaigh tríú tír chun obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus tacar coiteann de chearta a leagan síos d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(50) |
Leis an Treoir seo, urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) CAE. |
|
(51) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(52) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(53) |
Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis an Treoir a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar an Treoir sin a bhí ann roimhe seo. |
|
(54) |
Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Leagtar síos sa Treoir seo na nithe seo a leanas:
|
(a) |
nós imeachta um iarratas aonair maidir le cead aonair a eisiúint do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí chun críche oibre i gcríoch Ballstáit, chun na nósanna imeachta maidir lena ligean isteach a shimpliú agus chun rialú a stádais a éascú; |
|
(b) |
tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát, gan beann ar na cuspóirí a bhí lena ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit sin ar dtús, bunaithe ar chóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit sin. |
2. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear don cheart atá ag Ballstáit líon na náisiúnach tríú tír a ligtear isteach ar a gcríoch ó thríú tíortha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 79(5) CFAE.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘oibrí tríú tír’ náisiúnach tríú tír a ligeadh isteach i gcríoch Ballstáit agus ar a bhfuil cónaí dleathach inti agus ag a bhfuil cead obair a dhéanamh inti i gcomhthéacs caidreamh fostaíochta sa Bhallstát sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘cead aonair’ cead cónaithe arna eisiúint ag údaráis Ballstáit lena gceadaítear do náisiúnach tríú tír cónaí go dleathach ina chríoch chun críche oibre; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘nós imeachta um iarratas aonair’ aon nós imeachta, ar bhonn iarratas aonair arna dhéanamh ag náisiúnach tríú tír, nó ag fostóir an náisiúnaigh tríú tír sin, ar údarú cónaithe agus oibre i gcríoch Ballstáit, a bhfuil cinneadh i dtaobh an iarratais sin ar an gcead aonair mar thoradh air. |
Airteagal 3
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír:
|
(a) |
a dhéanann iarratas ar chónaí i mBallstát chun críche oibre; |
|
(b) |
a ligeadh isteach i mBallstát chun críoch eile seachas chun críoch oibre i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, a gceadaítear dóibh obair a dhéanamh agus a bhfuil cead cónaithe acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002; nó |
|
(c) |
a ligeadh isteach i mBallstát chun críche oibre i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. |
2. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír:
|
(a) |
ar baill teaghlaigh de shaoránaigh an Aontais iad a rinne a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a fheidhmiú nó a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas á fheidhmiú acu i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20); |
|
(b) |
a bhfuil, in éineacht lena mbaill teaghlaigh, agus gan beann ar a náisiúntacht, cearta saorghluaiseachta atá coibhéiseach le cearta sin shaoránaigh an Aontais á dteachtadh acu faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus na Ballstáit nó idir an tAontas agus tríú tíortha; |
|
(c) |
atá ar postú fad atá siad ar postú; |
|
(d) |
a rinne iarratas ar ligean isteach i gcríoch Ballstáit nó a ligeadh isteach i gcríoch Ballstáit chun obair a dhéanamh mar aistrithe ionchorparáideacha i gcomhréir le Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21); |
|
(e) |
a rinne iarratas ar ligean isteach i gcríoch Ballstáit mar oibrithe séasúracha nó a ligeadh isteach i gcríoch Ballstáit mar oibrithe séasúracha i gcomhréir le Treoir 2014/36/AE nó mar au pair; |
|
(f) |
atá údaraithe chun cónaí i mBallstát ar bhonn cosaint shealadach i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (22), nó a rinne iarratas ar údarú chun cónaí ann ar an mbonn sin agus atá ag feitheamh ar chinneadh maidir lena stádas; |
|
(g) |
ar tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta iad faoi Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) nó ar daoine iad a rinne iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin Treoir sin agus nach ndearnadh cinneadh críochnaitheach ar a n-iarratas; |
|
(h) |
ar tairbhithe de chosaint iad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta nó le cleachtas Ballstáit nó ar daoine iad a rinne iarratas ar chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta nó le cleachtas Ballstáit agus nach ndearnadh cinneadh críochnaitheach ar a n-iarratas; |
|
(i) |
ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE; |
|
(j) |
a bhfuil a n-aistriú curtha ar fionraí ar chúiseanna fíorais nó dlí; |
|
(k) |
a rinne iarratas ar ligean isteach i gcríoch Ballstáit mar oibrithe féinfhostaithe nó a ligeadh isteach i gcríoch Ballstáit mar oibrithe féinfhostaithe; |
|
(l) |
a rinne iarratas ar ligean isteach mar mharaithe nó a ligeadh isteach mar mharaithe chun dul i mbun fostaíochta nó oibre in aon cháil ar bord loinge atá cláraithe i mBallstát nó a sheolann faoi bhratach Ballstáit. |
3. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Caibidil II maidir le náisiúnaigh tríú tír a údaraíodh chun obair a dhéanamh i gcríoch Ballstáit ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí nó a ligeadh isteach i mBallstát chun críche staidéir.
4. Níl feidhm ag Caibidil II maidir le náisiúnaigh tríú tír a gceadaítear dóibh obair a dhéanamh ar bhonn víosa.
5. D’ainneoin mhír 2, pointe (h) den Airteagal seo, tá feidhm ag Caibidil III maidir le tairbhithe de chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta nó le cleachtas Ballstáit, más rud é, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go gceadaítear dóibh obair a dhéanamh.
CAIBIDIL II
NÓS IMEACHTA UM IARRATAS AONAIR AGUS CEAD AONAIR
Airteagal 4
Nós imeachta um iarratas aonair
1. Iarratas ar chead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan, cuirfear isteach é trí bhíthin nós imeachta um iarratas aonair. Cinnfidh na Ballstáit an é an náisiúnach tríú tír nó an é fostóir an náisiúnaigh tríú tír a dhéanfaidh iarratais ar chead aonair a chur isteach. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do cheachtar acu iarratais a chur isteach.
2. Déanfar iarratas ar chead aonair a mheas agus a scrúdú i gcás ina bhfuil cónaí ar an náisiúnach tríú tír lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ar mian leis an náisiúnach tríú tír sin a bheith ligthe isteach ann, nó i gcás ina bhfuil cónaí ar an náisiúnach tríú tír sin i gcríoch an Bhallstáit sin cheana féin agus cead bailí cónaithe i seilbh an náisiúnaigh tríú tír sin. Féadfaidh Ballstát glacadh freisin, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, le hiarratais ar chead aonair arna gcur isteach ag náisiúnaigh tríú tír eile atá i láthair go dleathach ina chríoch.
3. Scrúdóidh na Ballstáit iarratas a chuirtear isteach faoi mhír 1 agus glacfaidh siad cinneadh chun an cead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan má chomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Is é a bheidh i gcinneadh cead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan gníomh riaracháin aonair lena gcomhcheanglaítear cead cónaithe agus cead oibre.
4. Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus i gcás ina n-eisíonn Ballstát ceadanna aonair ar a chríoch féin amháin, eiseoidh an Ballstát lena mbaineann don náisiúnach tríú tír an víosa atá riachtanach chun cead aonair a fháil.
5. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear, eiseoidh na Ballstáit cead aonair do náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar ligean isteach agus do náisiúnaigh tríú tír a ligeadh isteach cheana agus a dhéanann iarratas ar a gcead cónaithe a athnuachan nó a mhodhnú tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta cur chun feidhme.
Airteagal 5
Údarás inniúil
1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás atá inniúil ar an iarratas a fháil agus ar an gcead aonair a eisiúint.
2. Glacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh faoin iarratas ar chead aonair a luaithe agus is féidir agus i gcás ar bith laistigh de 90 lá ón dáta a chuirtear iarratas iomlán isteach.
Cumhdófar leis an teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír seiceáil a dhéanamh ar staid mhargadh an tsaothair i gcás ina ndéantar seiceáil den sórt sin i dtaca le hiarratas ar leith ar chead aonair.
I gcás nach ndéantar cinneadh laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear sa mhír seo, cinnfear aon iarmhairt leis an dlí náisiúnta.
3. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don iarratasóir i gcomhréir leis na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa dlí náisiúnta ábhartha. I gcás ina ndéanann fostóir an náisiúnaigh tríú tír an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an fostóir an náisiúnach tríú tír ar an eolas go tráthúil faoi stádas an iarratais agus faoina thoradh.
4. Má bhíonn an fhaisnéis nó na doiciméid lena dtacaítear leis an iarratas neamhiomlán de réir na gcritéar a shonraítear sa dlí náisiúnta, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn don iarratasóir faoin bhfaisnéis bhreise nó faoi na doiciméid bhreise a éilítear, agus sprioc-am réasúnta á leagan síos aige chun iad a sholáthar. Déanfar an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír den Airteagal seo, agus an tréimhse bhreise dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chur ar fionraí go dtí go mbeidh an fhaisnéis bhreise a éilítear faighte ag an údarás inniúil nó ag na húdaráis ábhartha eile. Mura ndéantar an fhaisnéis bhreise nó na doiciméid bhreise a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos, féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú don iarratas.
Airteagal 6
Cead aonair
1. Eiseoidh na Ballstáit cead aonair agus úsáid á baint acu as an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 agus léireoidh siad an fhaisnéis a bhaineann leis an gcead chun obair a dhéanamh i gcomhréir le pointí (a)12 agus (a)16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis.
Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a bhaineann le caidreamh fostaíochta an náisiúnaigh tríú tír, amhail ainm agus seoladh an fhostóra, an áit oibre, an cineál oibre, uaireanta oibre agus luach saothar, a léiriú i bhformáid pháipéir, nó sonraí den sórt sin a stóráil i bhformáid leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 agus i bpointe (a)20 den Iarscríbhinn a ghabhann leis. I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, beidh ag náisiúnach tríú tír dá n-eisítear an cead aonair an ceart chun faisnéis phearsanta atá sa chead sin a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an ceart go ndéanfar í a cheartú nó a scriosadh.
2. Agus an cead aonair á eisiúint acu, ní eiseoidh na Ballstáit ceadanna breise mar chruthúnas ar údarú chun rochtain a fháil ar an margadh saothair.
Airteagal 7
Ceadanna cónaithe a eisítear chun críoch eile seachas chun críoch oibre
1. Agus ceadanna cónaithe á n-eisiúint acu chun críoch eile seachas chun críoch oibre i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, léireoidh na Ballstáit an fhaisnéis a bhaineann leis an gcead chun obair a dhéanamh gan beann ar chineál an cheada.
Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a bhaineann le caidreamh fostaíochta an náisiúnaigh tríú tír, amhail ainm agus seoladh an fhostóra, an áit oibre, an cineál oibre, uaireanta oibre agus luach saothar, a léiriú i bhformáid pháipéir, nó sonraí den sórt sin a stóráil i bhformáid leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 agus i bpointe (a)20 den Iarscríbhinn a ghabhann leis. I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, beidh ag náisiúnach tríú tír dá n-eisítear an cead cónaithe an ceart chun an fhaisnéis bhreise sin atá sa chead sin a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an ceart go ndéanfar an fhaisnéis sin a cheartú nó a scriosadh.
2. Agus ceadanna cónaithe á n-eisiúint acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, ní eiseoidh na Ballstáit ceadanna breise mar chruthúnas ar údarú chun rochtain a fháil ar an margadh saothair.
Airteagal 8
Coimircí nós imeachta
1. Maidir le haon chinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas chun cead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan nó maidir le haon chinneadh lena ndéantar cead aonair a tharraingt siar ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, tabharfar fógra réasúnaithe i scríbhinn faoi chinntí den sórt sin.
2. Le cinneadh lena ndiúltaítear don iarratas chun cead aonair a eisiúint, a leasú nó a athnuachan nó cinneadh lena ndéantar cead aonair a tharraingt siar, déanfar imthosca sonracha an cháis a chur i gcuntas agus urramófar prionsabal na comhréireachta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Beidh cead agóid dhlíthiúil a dhéanamh in aghaidh cinneadh den sórt sin sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Sonrófar san fhógra i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 an chúirt nó an t-údarás riaracháin ina bhféadfaidh an duine lena mbaineann achomharc a thaisceadh agus an teorainn ama lena aghaidh.
3. Féadfar an teorainn ama chun cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 5(2) a fhadú go ceann tréimhse bhreise 30 lá, in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le castacht an iarratais trí bhíthin fógra nó teachtaireacht a thabhairt don iarratasóir i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.
4. Féadfar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(3), an tríú fomhír, a fhadú go ceann tréimhse bhreise 15 lá, in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo.
Airteagal 9
Rochtain ar fhaisnéis
Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas inrochtana go héasca agus é a sholáthar arna iarraidh sin dóibh don náisiúnach tríú tír agus don fhostóir a bheidh ag an náisiúnach tríú tír amach anseo:
|
(a) |
faisnéis leormhaith faoin bhfianaise dhoiciméadach uile is gá le haghaidh iarratais, agus, i gcás inarb iomchuí, faoi na táillí is infheidhme; |
|
(b) |
faisnéis faoi choinníollacha teacht isteach agus cónaithe na náisiúnach tríú tír agus a mball teaghlaigh, lena n-áirítear na cearta, oibleagáidí agus coimircí nós imeachta, lena n-áirítear sásamh dlíthiúil, agus faisnéis faoi eagraíochtaí na n-oibrithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
Airteagal 10
Táillí
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-íocfar táillí as iarratais a phróiseáil i gcomhréir leis an Treoir seo. Ní bheidh leibhéal na dtáillí a éilíonn Ballstát as iarratais a phróiseáil díréireach ná iomarcach. I gcás ina n-íocann an fostóir táillí as iarratais a phróiseáil, ní bheidh an fostóir i dteideal táillí den sórt sin a aisghabháil ón náisiúnach tríú tír.
Airteagal 11
Cearta ar bhonn an cheada aonair
1. I gcás inar eisíodh cead aonair, údarófar leis don sealbhóir, le linn a thréimhse bailíochta, an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(a) |
teacht isteach agus cónaí i gcríoch an Bhallstáit a eisíonn an cead aonair, ar choinníoll go gcomhlíonann an sealbhóir na ceanglais uile maidir le ligean isteach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; |
|
(b) |
saor-rochtain a bheith ag an sealbhóir ar chríoch iomlán an Bhallstáit a eisíonn an cead aonair laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta; |
|
(c) |
an ghníomhaíocht shonrach fostaíochta a údaraítear faoin gcead aonair a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; |
|
(d) |
a bheith ar an eolas faoi chearta an tsealbhóra féin atá nasctha leis an gcead a thugtar leis an Treoir seo, le dlí eile de chuid an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. |
2. Ceadóidh na Ballstáit do shealbhóir ceada aonair fostóir a athrú. Féadfaidh na Ballstáit an ceart atá ag sealbhóir ceada aonair fostóir a athrú a chur faoi réir aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 3.
3. Le linn tréimhse bailíochta ceada aonair, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
a cheangal go dtabharfar fógra faoi athrú fostóra do na húdaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta; |
|
(b) |
a cheangal go mbeidh athrú fostóra faoi réir seiceáil ar staid mhargadh an tsaothair má dhéanann an Ballstát lena mbaineann seiceálacha ar staid mhargadh an tsaothair, i gcás iarratais ar chead aonair; |
|
(c) |
a cheangal go mbeidh íostréimhse ann ar lena linn a cheanglaítear ar shealbhóir an cheada aonair oibriú don chéad fhostóir. |
Ní rachaidh an íostréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), thar fhad thréimhse an chonartha fostaíochta nó thar thréimhse bailíochta an cheada. In aon chás, ní rachaidh sí thar thréimhse 6 mhí. Ceadóidh na Ballstáit do shealbhóir ceada aonair athrú fostóra a dhéanamh sula rachaidh an íostréimhse sin in éag i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina ndéanann an fostóir sárú tromchúiseach ar théarmaí agus coinníollacha an chaidrimh fostaíochta.
I gcás ina gceanglaíonn an Ballstát go dtabharfaí fógra faoi athrú fostóra i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfar an ceart atá ag sealbhóir an cheada aonair fostóir a athrú a chur ar fionraí ar feadh uastréimhse 45 lá ón dáta a tugadh an fógra do na húdaráis inniúla náisiúnta. Le linn na tréimhse sin, féadfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla a fhíorú an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach faoin gcéad fhomhír, pointí (b) agus (c), de réir mar is infheidhme, á gcomhlíonadh, agus a fhíorú freisin an bhfuil na ceanglais eile a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta fós á gcomhlíonadh. Féadfaidh an Ballstát cur i gcoinne an athraithe fostóra laistigh den tréimhse 45 lá sin.
4. Ní bheidh an dífhostaíocht aisti féin ina cúis le cead aonair a tharraingt siar ar choinníoll:
|
(a) |
nach dtéann an tréimhse iomlán dífhostaíochta thar 3 mhí le linn thréimhse bailíochta an cheada aonair, nó thar 6 mhí más rud é go raibh an cead aonair i seilbh an náisiúnaigh tríú tír ar feadh níos mó ná 2 bhliain; |
|
(b) |
go dtugtar fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann faoi thús aon tréimhse dífhostaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, faoi dheireadh aon tréimhse den sórt sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha. |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an Ballstát cead a thabhairt do shealbhóir ceada aonair a bheith dífhostaithe ar feadh tréimhse níos faide.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), cinnfidh na Ballstáit an é nó í an náisiúnach tríú tír nó an é nó í fostóir an náisiúnaigh tríú tír a thabharfaidh fógra do na húdaráis inniúla.
I gcás tréimhsí dífhostaíochta atá níos faide ná 3 mhí, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar shealbhóirí ceada aonair fianaise a sholáthar go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun iad féin a chothabháil gan dul i muinín chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit lena mbaineann.
I gcás ina n-aimsíonn sealbhóir ceada aonair dífhostaithe fostóir nua laistigh den tréimhse dífhostaíochta a cheadaítear dá dtagraítear sa mhír seo, agus i gcás ina ndéanann Ballstát dul i mbun na fostaíochta nua a chur faoi réir aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 3, ceadóidh sé do shealbhóir an cheada aonair fanacht ina chríoch go dtí go mbeidh comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 3 fíoraithe ag na húdaráis inniúla fiú má tá an tréimhse dífhostaíochta a cheadaítear dulta in éag.
5. I gcás ina dtéann bailíocht an cheada aonair in éag le linn an nós imeachta maidir lena athnuachan, tabharfaidh na Ballstáit cead don náisiúnach tríú tír fanacht ina gcríoch amhail is dá mba shealbhóir ceada aonair é nó í go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag na húdaráis inniúla faoin iarratas ar athnuachan an cheada aonair.
6. I gcás ina suíonn údaráis inniúla an Bhallstáit, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, go bhfuil forais réasúnta ann lena chreidiúint gur fhulaing sealbhóir ceada aonair dálaí oibre an-dúshaothraithe, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (i), de Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), déanfaidh an Ballstát sin an tréimhse dífhostaíochta a cheadaítear dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhadú 3 mhí.
CAIBIDIL III
AN CEART CHUN CÓRA COMHIONAINNE
Airteagal 12
An ceart chun córa comhionainne
1. Teachtfaidh oibrithe tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c), cóir atá comhionann leis an gcóir a fhaigheann náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
téarmaí fostaíochta agus dálaí oibre, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le luach saothair, dífhostú, uaireanta oibre, saoire agus laethanta saoire agus cóir chomhionann idir fir agus mná, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht san áit oibre; |
|
(b) |
an ceart dul ar stailc agus gníomhaíocht thionsclaíoch a dhéanamh, i gcomhréir le dlí agus cleachtas náisiúnta an Bhallstáit, agus an ceart chun saoirse comhlachais agus cleamhnachta agus ballraíochta in eagraíocht a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe nó d’fhostóirí nó in aon eagraíocht a bhfuil a comhaltaí ag gabháil do ghairm shonrach, lena n-áirítear na cearta agus na sochair a thugann eagraíochtaí den sórt sin, amhail an ceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gan dochar do na forálacha náisiúnta maidir le beartas poiblí agus slándáil phoiblí; |
|
(c) |
oideachas agus gairmoiliúint; |
|
(d) |
aitheantas dioplómaí, teastas agus cáilíochtaí gairmiúla eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha; |
|
(e) |
brainsí den tslándáil shóisialta, mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004; |
|
(f) |
sochair chánach, a mhéid a mheastar an t-oibrí a bheith ina chónaitheoir nó ina cónaitheoir chun críoch cánach sa Bhallstát lena mbaineann; |
|
(g) |
rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus an soláthar earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal, lena n-áirítear nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar thithíocht phoiblí agus phríobháideach dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, gan dochar don tsaoirse conartha i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta; |
|
(h) |
seirbhísí comhairle agus faisnéis a sholáthraíonn oifigí fostaíochta. |
2. Féadfaidh na Ballstáit an chóir chomhionann a shrianadh:
|
(a) |
faoi mhír 1, pointe (c), ar na bealaí seo a leanas:
|
|
(b) |
trí theorainn a chur leis na cearta a thugtar d’oibrithe tríú tír faoi mhír 1, pointe (e), ach ní chuirfidh siad srian ar chearta den sórt sin i gcás oibrithe tríú tír atá fostaithe nó a bhí fostaithe ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad agus atá cláraithe mar oibrithe dífhostaithe. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag mír 1, pointe (e), i ndáil le sochair theaghlaigh maidir le náisiúnaigh tríú tír a údaraíodh chun obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí, maidir le náisiúnaigh tríú tír a ligeadh isteach chun críche staidéir, nó maidir le náisiúnaigh tríú tír a gceadaítear dóibh obair a dhéanamh ar bhonn víosa. |
|
(c) |
faoi mhír 1, pointe (f), i ndáil le sochair chánach trína cur i bhfeidhm a theorannú do chásanna ina bhfuil áit chónaithe chláraithe nó gnátháit chónaithe bhaill teaghlaigh an oibrí tríú tír a bhfuil sochair á n-éileamh ag an oibrí tríú tír ina leith i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann; |
|
(d) |
faoi mhír 1, pointe (g), ar na bealaí seo a leanas:
|
3. Ní dochar an ceart chun córa comhionainne a leagtar síos i mír 1 do cheart an Bhallstáit an cead cónaithe a eisítear faoin Treoir seo, an cead cónaithe a eisítear chun críoch eile seachas chun críoch oibre, nó aon údarú eile chun obair a dhéanamh i mBallstát a tharraingt siar nó athnuachan ceada nó údaraithe den sórt sin a dhiúltú.
4. I gcás oibrithe tríú tír a bhogann chuig tríú tír, nó a marthanóirí a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír agus a dhíorthaíonn cearta ó na hoibrithe sin, gheobhaidh siad, i ndáil le seanaois, easláine agus bás, pinsin reachtúla bunaithe ar iarfhostaíocht na n-oibrithe sin, ar pinsin iad a fuarthas i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, faoi na coinníollacha céanna agus ag na rátaí céanna le náisiúnaigh na mBallstát lena mbaineann nuair a bhogann siad chuig tríú tír.
Airteagal 13
Faireachán, measúnú, cigireachtaí agus pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta chun cosc a chur ar mhí-úsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann agus chun smachtbhannaí a fhorchur i leith sáruithe ag fostóirí ar fhorálacha náisiúnta maidir le cóir chomhionann arna nglacadh de bhun Airteagal 12. Áireofar ar bhearta faireachán, measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí, go háirithe in earnálacha a shainaithnítear mar earnálacha ardriosca ó thaobh sáruithe ar chearta saothair de, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas riaracháin náisiúnta.
2. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le pionóis i gcoinne fostóirí nár chomhlíon a n-oibleagáidí faoin Treoir seo. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar an áit oibre ag seirbhísí atá i gceannas ar chigireacht saothair nó ag údaráis inniúla eile agus, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta i gcás náisiúnaigh den Bhallstát, ag eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna oibrithe. I gcás ina soláthraíonn an fostóir cóiríocht agus i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta i gcás náisiúnaigh den Bhallstát, áireofar ar rochtain ar an áit oibre rochtain ar an gcóiríocht sin ar choinníoll go dtoilíonn an t-oibrí tríú tír le rochtain den sórt sin.
Airteagal 14
Gearáin agus sásamh dlíthiúil a éascú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sásraí éifeachtacha ann trína bhféadfaidh oibrithe tríú tír gearáin a thaisceadh i gcoinne a bhfostóirí:
|
(a) |
go díreach; |
|
(b) |
trí thríú páirtithe a bhfuil leas dlisteanach acu, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos lena ndlí náisiúnta, comhlíonadh na Treorach seo agus na bhforálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo a áirithiú; agus |
|
(c) |
trí údarás inniúil an Bhallstáit nuair a fhoráiltear dó sin leis an dlí náisiúnta. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh tríú páirtithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), gabháil thar ceann oibrí tríú tír nó chun tacú le hoibrí tríú tír, le toiliú an oibrí tríú tír sin, in aon imeachtaí riaracháin nó sibhialta arb é is aidhm dóibh comhlíonadh na Treorach seo agus na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a fhorfheidhmiú.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an rochtain chéanna ag oibrithe tríú tír agus atá ag náisiúnaigh an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
bearta atá ina gcosaint ar dhífhostú nó ar chóir dhíobhálach eile ag an bhfostóir mar fhreagairt ar ghearán laistigh den ghnóthas; |
|
(b) |
aon imeachtaí dlíthiúla arb é is aidhm dóibh comhlíonadh na Treorach seo agus na bhforálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a fhorfheidhmiú. |
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 15
Forálacha níos fabhraí
1. Beidh feidhm ag an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí den mhéid seo a leanas:
|
(a) |
dlí an Aontais, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha idir an tAontas, nó an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír amháin nó níos mó ar an taobh eile; agus |
|
(b) |
comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó. |
2. Ní dochar an Treoir seo do cheart na mBallstát forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí do na daoine a bhfuil feidhm acu ina leith.
Airteagal 16
Faisnéis don phobal i gcoitinne
Déanfaidh gach Ballstát rochtain éasca a thabhairt don phobal i gcoitinne ar thacar faisnéise a nuashonraítear go tráthrialta, lena n-áirítear trí fhoinsí atá inrochtana i dtríú tíortha ábhartha:
|
(a) |
maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach ina chríoch agus chun cónaí ann chun críche oibre; |
|
(b) |
maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach uile is gá don iarratas ar chead aonair; |
|
(c) |
maidir le coinníollacha teacht isteach agus cónaithe na náisiúnach tríú tír agus a mball teaghlaigh, lena n-áirítear na cearta, oibleagáidí agus coimircí nós imeachta. |
Airteagal 17
Tuairisciú
1. Go tréimhsiúil, agus den chéad uair tráth nach déanaí ná an 21 Bealtaine 2029, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo sna Ballstáit agus molfaidh sé leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach.
2. Den chéad uair tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2028 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún (Eurostat) staidreamh maidir le líon na náisiúnach tríú tír a rinne iarratas ar chead aonair, iad siúd ar deonaíodh cead aonair dóibh agus iad siúd a ndearnadh a gcead aonair a athnuachan nó a tharraingt siar le linn na bliana féilire roimhe sin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin, déanfar é a dhí-chomhiomlánú de réir chineál an chinnidh, na cúise a bhí leis an gcinneadh, fhad bailíochta na gceadanna, saoránachta, gnéis agus aoise agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, de réir gairme agus déanfar é a tharchur laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha.
Airteagal 18
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 2, pointe (2), Airteagal 3(2) agus (5), Airteagal 4(1), (2) agus (4), Airteagal 5(2), (3) agus (4), Airteagal 6(1), Airteagal 7(1), Airteagal 8(2), (3) agus (4), Airteagal 9, Airteagal 10, Airteagal 11(1), pointe (d), Airteagal 11(2) go (6), Airteagal 12(1), pointí (a), (b), (g) agus (h), Airteagal 12(2), pointe (d)(ii), Airteagail 13, 14, 16 agus 17 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 21 Bealtaine 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 19
Aisghairm
Aisghairtear Treoir 2011/98/AE le héifeacht ón 22 Bealtaine 2026, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama chun an Treoir a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a thrasuí sa dlí náisiúnta.
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, Airteagal 2 pointí (1), (3) agus (4), Airteagal 3(1), (3) agus (4), Airteagal 4(3) agus (5), Airteagal 5(1), Airteagal 6(2), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 11(1), pointí (a), (b) agus (c), Airteagal 12, pointí (c) go (f), Airteagal 12(2), pointí (a), (b), (c) agus (d)(i), Airteagal 12(3) agus (4) agus Airteagal 15 ón 22 Bealtaine 2026.
Airteagal 21
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna déanamh in Strasbourg, an 24 Aibreán 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) IO C 75, 28.2.2023, lch. 136.
(2) IO C 79, 2.3.2023, lch. 59.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2024.
(4) Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1).
(5) Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(6) Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44).
(7) Treoir 2014/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le coinníollacha teacht isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críche fostaíochta mar oibrithe séasúracha (IO L 94, 28.3.2014, lch. 375).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).
(9) Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).
(10) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(11) IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.
(12) Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).
(13) Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha teacht isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críoch taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus oibre au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(14) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(16) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Samhain 2020, Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) v WS, C-302/19, ECLI:EU:C:2020:957, mír 39.
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tír nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin (IO L 344, 29.12.2010, lch. 1).
(18) Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
(19) Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).
(20) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(21) Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha teacht isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tír faoi chuimsiú aistriú ionchorparáideach (IO L 157, 27.5.2014, lch. 1).
(22) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus iarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(23) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(24) Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).
(25) Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).
IARSCRÍBHINN I
Teorainn ama don trasuí sa dlí náisiúnta
(dá dtagraítear in Airteagal 19)
|
Treoir |
Teorainn ama don trasuí |
|
2011/98/AE |
An 25 Nollaig 2013 |
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
|
Treoir 2011/98/AE |
An Treoir seo |
|
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
|
— |
Airteagal 3(5) |
|
Airteagal 4(1), an chéad abairt agus an dara habairt |
Airteagal 4(1), an chéad abairt agus an dara habairt |
|
Airteagal 4(1), an tríú habairt |
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 4(3) |
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 4(4) |
|
Airteagal 4(4) |
Airteagal 4(5) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 6 |
Airteagal 6 |
|
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
|
— |
Airteagal 8(3) |
|
— |
Airteagal 8(4) |
|
Airteagal 9 |
Airteagal 9, pointe (a) |
|
— |
Airteagal 9, pointe (b) |
|
Airteagal 10 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 11(1) |
|
— |
Airteagal 11(2) go (5) |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 12 |
|
— |
Airteagal 13 |
|
— |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 14 |
Airteagal 16(a) |
|
— |
Airteagal 16, pointí (b) agus (c) |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 17 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 18 |
|
— |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 20 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 21 |
|
— |
Iarscríbhinn I |
|
— |
Iarscríbhinn II |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1233/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)