Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2997

Cinneadh (AE) 2024/2997 ón gComhairle Eorpach an 28 Samhain 2024 lena gceaptar an Coimisiún

ST/53/2024/INIT

IO L, 2024/2997, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2997/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2997/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2997

29.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2997 ÓN gCOMHAIRLE EORPACH

an 28 Samhain 2024

lena gceaptar an Coimisiún

TÁ AN CHOMHAIRLE EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 17(3) agus (7), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Eorpaigh arna cheapadh le Cinneadh (AE) 2019/1989 ón gComhairle Eorpach (1) an 31 Deireadh Fómhair 2024.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ghlac an Chomhairle Eorpach Cinneadh 2013/272/AE (2) a bhaineann le líon chomhaltaí an Choimisiúin.

(3)

Ba cheart Coimisiún nua a cheapadh, ina mbeidh náisiúnach amháin ó gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029.

(4)

Le Cinneadh (AE) 2024/1862 (3), mhol an Chomhairle Eorpach Ursula VON DER LEYEN do Pharlaimint na hEorpa mar iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. Thogh Parlaimint na hEorpa í ina hUachtarán ar an gCoimisiún ag a seisiún iomlánach an 18 Iúil 2024.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2024/2086 (4), cheap an Chomhairle Eorpach, le toiliú Uachtarán toghaí an Choimisiúin, Kaja KALLAS mar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála don tréimhse ó dheireadh théarma reatha oifige an Choimisiúin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029.

(6)

Le Cinneadh (AE) 2024/2517 (5), ghlac an Chomhairle, de chomhthoil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, an liosta de na daoine eile a mholann an Chomhairle a cheapadh mar Chomhaltaí den Choimisiún.

(7)

Trí vótáil an 27 Samhain 2024, thug Parlaimint na hEorpa a toiliú Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus Comhaltaí eile an Choimisiúin a cheapadh mar chomhlacht.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an Coimisiún a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas sa Choimisiún don tréimhse ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2029:

ina hUachtarán:

Ursula VON DER LEYEN

mar Chomhalta, Leas-Uachtarán, de bhun Airteagal 18(4) CAE:

Kaja KALLAS, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

mar Chomhaltaí:

Magnus BRUNNER

Maria Luís CASANOVA MORGADO DIAS DE ALBUQUERQUE

Valdis DOMBROVSKIS

Raffaele FITTO

Christophe HANSEN

Wopke Bastiaan HOEKSTRA

Dan JØRGENSEN

Constantinos KADIS

Márta KOS

Andrius KUBILIUS

Hadja LAHBIB

Michael MCGRATH

Glenn MICALLEF

Roxana MÎNZATU

Teresa RIBERA RODRÍGUEZ

Jessika ROSWALL

Maroš ŠEFČOVIČ

Stéphane SÉJOURNÉ

Piotr Arkadiusz SERAFIN

Jozef SÍKELA

Ekaterina SPASOVA GECHEVA-ZAHARIEVA

Dubravka ŠUICA

Apostolos TZITZIKOSTAS

Olivér VÁRHELYI

Henna Maria VIRKKUNEN.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Nollaig 2024.

Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle Eorpaigh

An tUachtarán

C. MICHEL


(1)  Cinneadh (AE) 2019/1989 ón gComhairle Eorpach an 28 Samhain 2019 lena gceaptar an Coimisiún Eorpach (IO L 308, 29.11.2019, lch. 100).

(2)  Cinneadh 2013/272/AE ón gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 a bhaineann le líon chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (IO L 165, 18.6.2013, lch. 98).

(3)  Cinneadh (AE) 2024/1862 ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 lena moltar iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa ar Uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh (IO L, 2024/1862, 1.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1862/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2024/2086 ón gComhairle Eorpach an 24 Iúil 2024 lena gceaptar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (IO L, 2024/2086, 26.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2086/oj).

(5)  Cinneadh (AE) 2024/2517 ón gComhairle, a glacadh de chomhthoil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, an 19 Meán Fómhair 2024 lena nglactar an liosta de na daoine eile a mholann an Chomhairle a cheapadh mar chomhaltaí den Choimisiún (IO L, 2024/2517, 23.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2517/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2997/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top