This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2919
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2024/2919 of 20 November 2024 on the reconfirmation of the authorisation of the European Union military operation in the Mediterranean (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/6/2024)
Cinneadh (CBES) 2024/2919 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 20 Samhain 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/6/2024)
Cinneadh (CBES) 2024/2919 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 20 Samhain 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/6/2024)
ST/15119/2024/INIT
IO L, 2024/2919, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2919/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/03/2025
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2919 |
28.11.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2919 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 20 Samhain 2024
maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú
(EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/6/2024)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472, lenar bunaíodh agus lenar seoladh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) don tréimhse go dtí an 31 Márta 2021. |
(2) |
Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2020/472 go bhfuil, d’ainneoin na tréimhse sin, údarú na hoibríochta le hathdhearbhú gach 4 mhí agus go bhfuil an oibríocht le fadú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) mura bhfuil éifeacht tarraingthe ag imscaradh shócmhainní muirí na hoibríochta ar imirce ar bhonn fianaise chuí-réasúnaithe arna bailiú de réir na gcritéar a leagtar amach sa Phlean Oibríochta. |
(3) |
An 20 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/653 (2), lenar cuireadh síneadh le EUNAVFOR MED IRINI go dtí an 31 Márta 2025, faoi réir an nós imeachta athdhearbhúcháin chéanna. |
(4) |
An 16 Iúil 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/1996 (3), lenar athdhearbhaíodh an fadú le EUNAVFOR MED IRINI don 14ú fothréimhse 4 mhí, ón 1 Lúnasa 2024 go dtí an 30 Samhain 2024. |
(5) |
Sholáthair an Ceannasaí Oibríochta tuarascálacha míosúla maidir le tosca tarraingthe. |
(6) |
Ba cheart údarú EUNAVFOR MED IRINI a athdhearbhú don 15ú fothréimhse 4 mhí dá shainordú agus ba cheart an oibríocht a fhadú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, athdhearbhaítear údarú EUNAVFOR MED IRINI agus déantar an oibríocht a fhadú ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 31 Márta 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An tUachtarán
D. PRONK
(1) IO L 101, 1.4.2020, lch. 4.
(2) Cinneadh (CBES) 2023/653 ón gComhairle an 20 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 81, 21.3.2023, lch. 27).
(3) Cinneadh (CBES) 2024/1996 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 16 Iúil 2024 maidir le húdarú oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir a athdhearbhú (EUNAVFOR MED IRINI) (EUNAVFOR MED IRINI/4/2024) (IO L, 2024/1996, 19.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1996/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2919/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)