Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2871

Cinneadh (AE) 2024/2871 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún

ST/14742/2024/INIT

IO L, 2024/2871, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2871/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2871/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2871

8.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2871 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Samhain 2024

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Beilge,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 12 Márta 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2024/863 (2), lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Oliver PAASCH éirí as oifig.

(4)

Mhol Rialtas na Beilge Liesa SCHOLZEN, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Abgeordnete im Parlament der Deutschsprachigen Gemeinschaft Belgiens (Comhalta de Pharlaimint Phobal Labhartha Gearmáinise na Beilge), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Liesa SCHOLZEN, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach, Abgeordnete im Parlament der Deutschsprachigen Gemeinschaft Belgiens (Comhalta de Pharlaimint Phobal Labhartha Gearmáinise na Beilge), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/863 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún (IO L 2024/863, 15.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/863/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2871/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top