This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2869
Council Decision (EU) 2024/2869 of 5 November 2024 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Specialised Committee on Energy established by the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part, on the establishment of the Working Group on Security of Supply
Cinneadh (AE) 2024/2869 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
Cinneadh (AE) 2024/2869 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
ST/14230/2024/INIT
IO L, 2024/2869, 7.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2869/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2869 |
7.11.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2869 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Samhain 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/689 (1) maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’). Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. |
|
(2) |
Le hAirteagal 8(1), pointe (l), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaíodh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh. Leagtar amach a inniúlachtaí in Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
|
(3) |
Le hAirteagal 8(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh Meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh. De bhun Airteagal 9(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá aon Mheitheal a bhunófar, faoi mhaoirseacht Coiste, le cúnamh a thabhairt don Choiste sin i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh sí obair an Choiste sin agus déanfaidh sí aon chúram a shannfaidh an Coiste sin don Mheitheal. Foráiltear le hAirteagal 9(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil aon Mheitheal a bhunófar lena rialacha nós imeachta féin, a sceideal cruinnithe féin agus a clár oibre féin a shocrú de chomhthoil. |
|
(4) |
Is iomchuí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh, de bhun Airteagal 8(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, Meitheal um Shlándáil an tSoláthair, chun oibriú faoina mhaoirseacht. Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair a rialacha nós imeachta a shocrú i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/2193 ón gComhairle (3) agus ba cheart di tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh. |
|
(5) |
Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair feabhas a chur ar an gcomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i réimse shlándáil an tsoláthair. Ba cheart di fónamh mar fhóram don chomhar, don mhalartú faisnéise, don phlé teicniúil agus don chomhairliúchán frithpháirteach. Cé is moite dá rialacha nós imeachta féin a shocrú, níl sé beartaithe go nglacfaidh an Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair gníomhartha ná bearta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh, arna bhunú le hAirteagal 8(1), pointe (l), den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, sa Dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Fhuinneamh i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).
(2) IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.
(3) Cinneadh (AE) 2023/2193 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sna meithleacha arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, nó arna mbunú ina dhiaidh sin faoin gcomhaontú sin, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh (IO L, 2023/2193, 16.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2193/oj).
IARSCRÍBHINN
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2024 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM FHUINNEAMH ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(l) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,
an …
a mhéid a bhaineann le bunú na Meithle um Shlándáil an tSoláthair
TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM FHUINNEAMH,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 8(4)(f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021. |
|
(2) |
Le hAirteagal 8(1)(l) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh. Leagtar amach a chumhachtaí i leith saincheisteanna a bhaineann lena réimse inniúlachta in Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. |
|
(3) |
Le hAirteagal 8(4)(f) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh Meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 9(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tabharfaidh aon Mheitheal a bhunófar, faoi mhaoirseacht Coiste, cúnamh don Choiste sin i gcomhlíonadh a chúraimí agus, go háirithe, ullmhóidh sí obair an Choiste sin agus déanfaidh sí aon chúram a shannfaidh an Coiste sin don Mheitheal. |
|
(5) |
Le hAirteagal 9(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, foráiltear go mbeidh ionadaithe ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe ar aon Mheitheal a bhunófar agus go ndéanfaidh ionadaí ón Aontas agus ionadaí ón Ríocht Aontaithe comhchathaoirleacht orthu. |
|
(6) |
Le hAirteagal 9(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, foráiltear go socróidh aon Mheitheal a bhunófar a rialacha nós imeachta féin, a sceideal cruinnithe féin agus a clár oibre féin de chomhthoil. |
|
(7) |
Is iomchuí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Fhuinneamh, de bhun Airteagal 8(4)(f) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, Meitheal um Shlándáil an tSoláthair, chun oibriú faoina mhaoirseacht. Ba cheart don Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair a rialacha nós imeachta a shocrú. Ba cheart di tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Bunaítear leis seo an Mheitheal um Shlándáil an tSoláthair.
2. Socróidh sí a rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú a bheidh aici.
Airteagal 2
1. Beidh cruinniú ag an Meitheal nuair a chinnfidh na Comhchathaoirligh amhlaidh, de chomhthoil.
2. Tuairisceoidh sí go tráthrialta don Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh maidir le torthaí agus conclúidí a cruinnithe.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa …, …
Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Fhuinneamh
Na Comhchathaoirligh
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2869/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)