This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2629
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2629 of 8 October 2024 renewing the authorisation for the placing on the market of products containing, consisting of or produced from genetically modified maize MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 and eight of its sub-combinations pursuant to Regulation (EC) No 1829/2003 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2024) 6892)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2629 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena n-athnuaitear an t-údarú maidir le táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus ocht gcinn dá fho-chumaisc a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6892)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2629 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2024 lena n-athnuaitear an t-údarú maidir le táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus ocht gcinn dá fho-chumaisc a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6892)
C/2024/6892
IO L, 2024/2629, 10.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2629/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2629 |
10.10.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2629 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Deireadh Fómhair 2024
lena n-athnuaitear an t-údarú maidir le táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus ocht gcinn dá fho-chumaisc a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 6892)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagail 11(3) agus 23(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/650/AE ón gCoimisiún (2) údaraíodh bia agus beatha ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122. Cumhdaíodh le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh ach ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122, le haghaidh na n-úsáidí céanna atá ag arbhar Indiach d’aon chineál eile, cé is moite de shaothrú. |
(2) |
Thairis sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/650/AE údaraíodh bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, arb e atá iontu nó a tháirgtear as ocht bhfo-chumasc de na teagmhais trasfhoirmithe aonair arb é arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 iad: MON 89034 × 1507 × MON 88017, MON 89034 × 1507 × 59122, MON 89034 × MON 88017 × 59122, 1507 × MON 88017 × 59122, MON 89034 × 1507, MON 89034 × 59122, 1507 × MON 88017 agus MON 88017 × 59122. |
(3) |
An 7 Deireadh Fómhair 2022 chuir Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, agus Bayer Agriculture B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Bayer CropScience LP atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhar le chéile chun an t-údarú sin a athnuachan. |
(4) |
An 29 Aibreán 2024 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir leis an measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus ocht gcinn dá bhfo-chumaisc (3). Thángthas ar an gconclúid sa tuairim nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan maidir le haon ghuais nua, nochtadh modhnaithe nó éiginnteacht eolaíoch nua a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh, measúnú a ghlac an tÚdarás in 2010 (4) agus a chomhlánaigh sé in 2011 (5). |
(5) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
(6) |
An plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil a chuir na hiarratasóirí isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
(7) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, ba cheart athnuachan a dhéanamh ar an údarú maidir le bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus na fo-chumaisc MON 89034 × 1507 × MON 88017, MON 89034 × 1507 × 59122, MON 89034 × MON 88017 × 59122, 1507 × MON 88017 × 59122, MON 89034 × 1507, MON 89034 × 59122, 1507 × MON 88017 agus MON 88017 × 59122, agus ar an údarú maidir le táirgí ina bhfuil siad nó arb é sin atá iontu a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú. |
(8) |
I gcomhthéacs an údaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/650/AE, tá aitheantóirí uathúla sannta d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus do na hocht bhfo-chumasc MON 89034 × 1507 × MON 88017, MON 89034 × 1507 × 59122, MON 89034 × MON 88017 × 59122, 1507 × MON 88017 × 59122, MON 89034 × 1507, MON 89034 × 59122, 1507 × MON 88017 agus MON 88017 × 59122, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (6). Ba cheart leanúint de na haitheantóirí uathúla sin a úsáid. |
(9) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). D’fhonn a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bhia, nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
(10) |
Ba cheart do shealbhóirí an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (8). |
(11) |
Ní thugann an tuairim ón Údarás údar le coinníollacha sonracha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le húsáid agus láimhseáil, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iarmhargaidh i ndáil le bia agus le beatha a chaitheamh ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus na hocht bhfo-chumasc de, ná maidir le héiceachórais/comhshaoil agus/nó limistéir gheografacha ar leith a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
(12) |
Ba cheart gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo a chur isteach i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
(13) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do na Páirtithe i bPrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
(14) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an cathaoirleach faoi bhráid an Choiste Achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar na haitheantóirí uathúla seo a leanas do chineálacha arbhair Indiaigh ghéinmhodhnaithe (Zea mays L.), mar atá sonraithe i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo:
(a) |
an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122; |
(b) |
an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017; |
(c) |
an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × DAS-59122-7 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × 59122; |
(d) |
an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × MON 88017 × 59122; |
(e) |
an t-aitheantóir uathúil DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe 1507 × MON 88017 × 59122; |
(f) |
an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507; |
(g) |
an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-59122-7 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 59122; |
(h) |
an t-aitheantóir uathúil DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe 1507 × MON 88017; |
(i) |
an t-aitheantóir uathúil MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 88017 × 59122. |
Airteagal 2
Athnuachan an údaraithe
An t-údarú chun na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1; |
(b) |
beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1; |
(c) |
táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ainm na n-orgánach.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir leis an arbhar Indiach agus a fho-chumaisc dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhrath.
Airteagal 5
Faireachán ar éifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóirí an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóirí an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirfear isteach í i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóirí an údaraithe
Is iad na gnóthais seo a leanas sealbhóirí an údaraithe:
(a) |
Corteva Agriscience LLC, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience BV, an Bheilg; |
(b) |
Bayer CropScience LP, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture B.V., an Bheilg. |
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra ina leith.
Airteagal 9
Seolaí
Is chuig na gnóthais seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:
(a) |
Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road, Indianapolis, IN 46268-1054, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV., Rue Montoyer 25, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg; agus |
(b) |
Bayer CropScience LP, 800 N. Lindbergh Boulevard, St. Louis, MO 63167, na Stáit Aontaithe, arna ionadú san Aontas ag Bayer Agriculture B.V., Scheldelaan 460, 2040 Antuairp, an Bheilg. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Deireadh Fómhair 2024
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/650/AE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2013 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe (GM) MON 89034 × 1507 × MON88017 × 59122 (MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7), ceithre arbhar Indiacha ghéinmhodhnaithe ghaolmhara ina gcomhcheanglaítear trí cinn de na teagmhais trasfhoirmithe dhifriúla aonair (MON89034 × 1507 × MON88017 (MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3), MON89034 × 1507 × 59122 (MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × DAS-59122-7), MON89034 × MON88017 × 59122 (MON-89Ø34-3 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7), 1507 × MON 88017 × 59122 (DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7)) agus ceithre arbhar Indiacha ghéinmhodhnaithe ghaolmhara ina gcomhcheanglaítear dhá cheann de na teagmhais dhifriúla trasfhoirmithe aonair (MON89034 × 1507 (MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1), MON89034 × 59122 (MON-89Ø34-3 × DAS-59122-7), 1507 × MON88017 (DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3), MON 88017 × 59122 (MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7)) a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 302, 13.11.2013, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2013/650/oj).
(3) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2024. Tuairim Eolaíoch maidir le measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 agus ocht dá dheich fho-chumasc i ndáil lena údarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (sainchomhad GMFF-2022-9170) EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(4):8715, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8715.
(4) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2010. Tuairim Eolaíoch maidir le hiarratas chun arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 atá frithsheasmhach in aghaidh feithidí agus atá luibhicídfhulangach agus fo-chumaisc uile na dteagmhas aonar mar atá ina sliocht deighilte a chur ar an margadh, lena n-úsáid i mbia agus beatha, lena n-allmhairiú agus lena bpróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Dow AgroSciences agus Monsanto (sainchomhad EFSA-GMO-CZ-2008-62). EFSA Journal [Iris EFSA] 2010; 8(9):1781 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2010.1781.
(5) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2011. Ráiteas lena gcomhlánaítear an tuairim eolaíoch maidir le harbhar Indiach MON 89034 × 1507 × MON 88017 × 59122 ó Phainéal OGM EFSA (iarratas EFSA-GMO-CZ-2008-62), chun na fo-chumaisc uile a chumhdach gan beann ar a mbunús. EFSA Journal [Iris EFSA] 2011; 9(10):2399, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2011.2399.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(8) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
(a) |
Iarratasóirí agus sealbhóirí an údaraithe:
|
(b) |
Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3 na géinte cry1A.105 agus cry2Ab2, lena dtugtar cosaint ar lotnaidí léipidipteireacha áirithe. Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-Ø15Ø7-1 an ghéin cry1F, lena dtugtar cosaint ar lotnaidí léipidipteireacha áirithe, agus an ghéin pat, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí ina bhfuil amóiniam glúfosanáite. Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-88Ø17-3 an ghéin cry3Bb1, lena dtugtar cosaint ar lotnaidí coiléipteireacha áirithe, agus an ghéin CP4 epsps, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí bunaithe ar ghliofosáit. Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-59122-7 an ghéin cry34Ab1 agus cry35Ab1, lena dtugtar cosaint ar lotnaidí coiléipteireacha áirithe, agus an ghéin pat, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí ina bhfuil amóiniam glúfosanáite. |
(c) |
Lipéadú:
|
(d) |
Modh braite:
|
(e) |
Aitheantóirí uathúla: MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × DAS-59122-7 MON-89Ø34-3 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 MON-89Ø34-3 × DAS-59122-7 DAS-Ø15Ø7-1 × MON-88Ø17-3 MON-88Ø17-3 × DAS-59122-7 |
(f) |
Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch: [Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é]. |
(g) |
Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil: Ní gá. |
(h) |
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil: Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). [Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe] |
(i) |
Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine: Ní gá.
|
(1) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2629/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)