This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2417
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2417 of 13 September 2024 postponing the expiry date of the approval of alkyl (C12-16) dimethylbenzyl ammonium chloride for use in biocidal products of product-type 8 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2417 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2417 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2024/6410
IO L, 2024/2417, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2417/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2417 |
16.9.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2417 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meán Fómhair 2024
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Áiríodh clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar í a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
(2) |
An formheas maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an formheas’), rachaidh sé in éag an 31 Eanáir 2025. An 28 Iúil 2023 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an t-iarratas’). |
(3) |
An 11 Aibreán 2024, chuir údarás inniúil meastóireachta na hIodáile an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(6) |
Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh maidir leis an meastóireacht ag an údarás inniúil meastóireachta agus maidir leis an tuairim ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a ullmhú agus a chur isteach, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 á chur san áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Iúil 2027. |
(7) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, beidh clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) formheasta go fóill lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le clóiríd amóiniam démheitilbeinsile ailcile (C12-16) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Iúil 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2417/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)