Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1967

Cinneadh (CBES) 2024/1967 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ST/11167/2024/INIT

IO L, 2024/1967, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1967/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1967/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1967

15.7.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1967 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Iúil 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999 (1).

(2)

An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

(3)

Sa ráiteas uaidh an 16 Nollaig 2023, leag an tArdionadaí béim ar an imní atá ar an Aontas faoin méadú atá tagtha ar an bhforéigean in aghaidh na bPalaistíneach atá á dhéanamh ag lonnaitheoirí antoisceacha ar an mBruach Thiar atá faoi fhorghabháil, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Leanann an tAontas dá ghéarcháineadh ar fhoréigean na lonnaitheoirí agus tá cuntasacht á hiarraidh aige. Chomh maith leis sin, d’iarr an tAontas ar Iosrael cosc a chur ar fhoréigean na lonnaitheoirí agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí na gcoireanna chun cuntais. Tháinig méadú as cuimse ar fhoréigean na lonnaitheoirí ón tráth a ndearna Hamas na hionsaithe sceimhlitheoireachta i gcoinne Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023.

(4)

Sa ráiteas comhpháirteach uathu an 20 Bealtaine 2024 maidir le hionsaithe ar an mbonneagar leighis agus sibhialtach in Gaza agus ar an mBruach Thiar, dúirt an tArdionadaí agus an Coimisinéir um Bainistiú Géarchéime gur tragóid dhaonna í fulaingt an phobail shibhialta in Gaza agus chuir siad in iúl gur cúis mhór imní don Aontas í. D’iarr siad an athuair go mbeadh sos cogaidh láithreach ann, go scaoilfí saor na gialla uile gan choinníoll, agus go dtabharfaí rochtain dhaonnúil iomlán.

(5)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart cúigear agus trí eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY I.


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘110.

Moshe SHARVIT

משה שרביט

(Litriú Eabhraise)

Dáta breithe: 13.11.1994

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 206223000

Seoladh: Urphost Tirzah Valley Farm, an Bruach Thiar, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Eintitis chomhlachaithe: Moshe’s Farm

Is lonnaitheoir Iosraelach i nGleann na hIordáine é Moshe Sharvit, atá ina chónaí in urphost gar do shráidbhaile, ar a dtugtar “Tirza Valley Farm”, agus ar a dtugtar “Moshe’s Farm” freisin.

Tá baint ag Moshe Sharvit leis an bhforéigean agus na bagairtí a dhéanann na lonnaitheoirí i leith na gcónaitheoirí Palaistíneacha i bpobail na n-aoirí atá gar dá urphost atá suite ar bharr cnoic ar an mBruach Thiar. Tá géarú tagtha ar an gciapadh atá á dhéanamh aige ar na pobail sin ó mhí Dheireadh Fómhair 2023.

Is minic a rinne Moshe Sharvit ciapadh ar Phalaistínigh ó bhéal agus go fisiciúil, trína éileamh go bhfágfaidís a dtithe agus a gcuid réadmhaoine ina ndiaidh. Mar thoradh ar an iompar sin, i mí Dheireadh Fómhair 2023, theith sibhialtaigh Phalaistíneacha óna sráidbhaile, Ein Shibli. D’úsáid sé teanga bhagrach i gcoinne fir, mná agus leanaí Palaistíneacha agus d’ionsaigh sé seanduine go fisiciúil. Áirítear ar na gníomhaíochtaí a rinne sé, clocha a chaitheamh ar Phalaistínigh agus ar a mbeostoc, tiomáint d’aon ghnó trí thréada agus trí pháirceanna saothraithe, madraí a úsáid chun Palaistínigh agus a mbeostoc a ionsaí, agus mí-úsáid fhisiciúil a bhaint as ainmhithe le cleitheanna agus fuipeanna.

Dá bhrí sin, tá Moshe Sharvit freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáid ar an gceart atá ag gach duine an caighdeán iomláine coirp agus meabhraí is airde is féidir a theachtadh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024

111.

Zvi BAR YOSEF

ar a dtugtar freisin Zvi BAR-YOSEF

 

Dáta breithe: 20.9.1992

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 204377998

Eintitis chomhlachaithe: Zvi’s Farm

Bhunaigh Zvi Bar Yosef an t-urphost neamhúdaraithe ar a dtugtar “Zvi’s Farm” ar an mBruach Thiar, soir ó lonnaíocht Halamish. Ghlac an t-urphost seilbh ar thart ar 2 500 dunam / 620 acra ar a ndearna sráidbhailte Jibya, Kaubar (Kobar), agus Umm Safa saothrú.

In 2019, 2021 agus 2023, rinne Zvi Bar Yosef ionsaithe agus gníomhartha foréigin arís agus arís eile i gcoinne Palaistínigh as na sráidbhailte sin, rud a d’fhág gur gortaíodh cuid acu go tromchúiseach.

Dá bhrí sin, tá Zvi Bar Yosef freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha córasacha chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáidí ar an gceart chun iomláine coirp agus meabhraí, an chirt chun maoine agus an chirt chun saoil phríobháidigh agus saol an teaghlaigh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024

112.

Isaschar MANNE

ar a dtugtar freisin Issachar MANN

יששכר מן

(Litriú Eabhraise)

Dáta breithe: 10.5.1983

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 038826939

Rinne Isaschar Manne, a bhunaigh urphost neamhúdaraithe darb ainm “Manne Farm” i gCnoic Hebron Theas, ionradh arís agus arís eile ar thailte príobháideacha chónaitheoirí shráidbhaile Ta’ala agus chuir sé cosc ar Phalaistínigh gluaiseacht faoi shaoirse, mar shampla, trí chosc a chur ar leanaí Palaistíneacha a scoil a bhaint amach in Tuba, Masafer Yatta.

Ó 2018 i leith, tuairiscíodh roinnt uaireanta gur réab Isaschar Manne isteach i dtithe aoirí, agus gur bhagair sé orthu agus gur chiap sé iad. Chuir Manne, a bhíonn armtha go minic, cosc ar aoirí Palaistíneacha rochtain a fháil ar a bhféaraigh, rud a fhágann nach mbíonn an deis acu a gcuid talún a shaothrú agus riar ar a gcuid riachtanas.

Dá bhrí sin, tá Isaschar Manne freagrach as mí-úsáidí córasacha agus tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáidí an chirt chun maoine, an chirt chun saoil phríobháidigh agus saol an teaghlaigh agus an chirt chun oideachais. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024

113.

Baruch MARZEL

 

Post/poist: Comhalta de Otzma Yehudit

Dáta breithe: 23.4.1959

Áit bhreithe: Bostún, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Náisiúntacht: Meiriceánach, Iosraelach

Inscne: fireann

Seoladh: Lonnaíocht Tel Rumeida, Hebron, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Tá Baruch Marzel ina bhall den pháirtí polaitiúil “Otzma Yehudit” atá i bhfad amach ar an eite dheis, arb ionann é agus ceann de na hidé-eolaíochtaí is antoiscí in Iosrael, atá mar chuid den ghluaiseacht Kahanachas. Sna 1990idí, bhí sé ina cheannaire ar pháirtí Kahane go dtí gur chuir údaráis Iosrael cosc air in 1994.

In 2019, chuir Cúirt Uachtarach Iosrael cosc ar Baruch Marzel seasamh i dtoghcháin pharlaiminteacha, toisc gur chinn an chúirt go raibh go leor ráitis chiníocha déanta aige.

Dá bhrí sin, iarrann Baruch Marzel go gcruthófaí Iosrael Mór nach mbeadh aon áit ag na Palaistínigh ann. Iarrann sé go hoscailte go ndéanfaí glanadh eitneach ar na Palaistínigh agus séanann sé ceart na bPalaistíneach chun a dtalún féin.

Tá Baruch Marzel freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe a bheith ag tacú go córasach le fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach, arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024

114.

Ben-Zion “Bentzi” GOPSTEIN

ציון גופשטיין

(Litriú Eabhraise)

Post: Bunaitheoir agus ceannaire “Lehava”

Dáta breithe: 10.9.1969

Náisiúntacht: Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais: 024526394

Seoladh: Givat HaAvot, Kiryat Arba, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Eintitis chomhlachaithe: Lehava

Is é Ben-Zion “Bentzi” Gopstein, atá ina chónaí i lonnaíocht Kiryat Arba (an Bruach Thiar), bunaitheoir agus ceannaire na heagraíochta antoiscí Lehava, díorthach de chuid na gluaiseachta Kahanachas, agus é mar aidhm aige “comhshamhlú sa Talamh Naofa a chomhrac”.

Cuireann Ben-Zion “Bentzi” Gopstein fís chun cinn lena séantar ar na Palaistínigh go léir a gcearta agus lena n-iarrtar deireadh a chur le láithreacht na bPalaistíneach in Iosrael agus sna críocha Palaistíneacha.

Dʼiarr Ben-Zion “Bentzi” Gopstein go hoscailte go gcuirfí cogadh ar na Palaistínigh. Chuir Cúirt Uachtarach Iosrael cosc air seasamh sna toghcháin don Knesset in 2019 toisc “go ngríosaíonn sé go córasach ciníochas in aghaidh an phobail Arabaigh”.

Dá bhrí sin, tá Ben-Zion “Bentzi” Gopstein freagrach as mí-úsáidí córasacha tromchúiseacha ar chearta an duine, eadhon as bheith ag tacú le fuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach, arb ionann é agus gríosú chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024’

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘29.

Moshe’s Farm

ar a dtugtar “Tirza Valley Farm Outpost” freisin

החווה של משה

(Litriú Eabhraise)

Seoladh: An Bruach Thiar, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Dáta clárúcháin: 2021

Daoine aonair comhlachaithe: Moshe Sharvit

Is leis an lonnaitheoir Iosraelach Moshe Sharvit Moshe’s Farm, agus is é a bhunaigh é, in 2020. Tá baint ag Moshe Sharvit leis an bhforéigean a bhíonn á dhéanamh ag na lonnaitheoirí agus tá baint aige leis na bagairtí atá á ndéanamh ar chónaitheoirí Palaistíneacha i bpobail na n-aoirí atá gar dá urphost ar an mBruach Thiar.

Is urphost neamhdhleathach é Moshe’s Farm atá suite thart ar 1,5 ciliméadar soir ó dheas ó lonnaíocht Hamra, ar an mBruach Thiar. Tá méadú tagtha ar Moshe’s Farm ó bunaíodh é agus faoi láthair, tá roinnt foirgneamh cónaithe ar an bhfeirm, lóiste aíonna do thaistealaithe agus ionad imeachtaí. Is féidir leis an lóiste aíonna freastal ar suas le 100 duine, agus cuireadh gach foirgneamh suas gan chead agus dá bhrí sin tá siad mídhleathach. Ó bunaíodh Moshe’s Farm, tá sé mar lárionad d’fhoréigean agus de chiapadh i gcoinne phobail aoirí na Palaistíne agus is é an bhunáit é óna ndéanann Moshe Sharvit agus cónaitheoirí feirme eile foréigean agus ciapadh i gcoinne na bPalaistíneach.

Dá bhrí sin, is eintiteas é Moshe’s Farm a bhfuil baint aige le Moshe Sharvit, duine atá liostaithe i ngeall ar mhí-úsáidí tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáid ar an gceart atá ag gach duine an caighdeán iomláine coirp agus meabhraí is airde is féidir a theachtadh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024

30.

Zvi’s Farm

החווה של צב

(Litriú Eabhraise)

Seoladh: Halamish, an Bruach Thiar, an chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

Daoine aonair comhlachaithe: Zvi Bar Yosef

Is urphost neamhdhleathach, neamhúdaraithe feirmeoireachta é Zvi’s Farm ar chríoch na Palaistíne, gar do Halamish, ar an mBruach Thiar.

Tá Zvi’s Farm suite i stráice den Bhruach Thiar atá faoi rialú míleata iomlán Iosrael agus ina bhfuil Palaistínigh ina gcónaí ann.

Tá Zvi’s Farm á oibriú ag Zvi Bar Yosef, a úsáideann an t-urphost mar bhunáit as a ndéanann sé foréigean i gcoinne na gcónaitheoirí Palaistíneacha agus as a gcuireann sé cosc ar fheirmeoirí Palaistíneacha rochtain a fháil ar a dtailte agus iad a úsáid. Ghlac an t-urphost seilbh ar thart ar 2 500  dunam / 620 acra ar a ndearna sráidbhailte Jibya, Kaubar (Kobar), agus Umm Safa saothrú.

In 2019, 2021 agus 2023, rinne Zvi Bar Yosef ionsaithe agus gníomhartha foréigin arís agus arís eile i gcoinne Palaistínigh as na sráidbhailte sin, rud a d’fhág gur gortaíodh cuid acu go tromchúiseach.

Dá bhrí sin, is eintiteas é Zvi’s Farm a bhfuil baint ag Zvi Bar Yosef leis, duine atá liostaithe i ngeall ar mhí-úsáidí tromchúiseacha córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáidí ar an gcheart chun iomláine coirp agus meabhraí, an chirt chun maoine agus an chirt chun saoil phríobháidigh agus saol an teaghlaigh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024

31.

Tzav 9

ar a dtugtar freisin Tsav 9; Order 9

 

Suíomh gréasáin: https://www.tzav9.co.il/faq/

Is grúpa Iosraelach de ghníomhaithe foréigneacha é Tzav 9, a chomhbhunaigh Reut Ben Haim agus Aviad Shlomo Sarid i mí Eanáir 2024. Is iad Reut Ben Haim agus Yossef (Sefi) Ben Haim atá i gceannas ar an ngrúpa faoi láthair.

De réir shuíomh gréasáin an ghrúpa, is é an phríomh-mhisean atá ag Tzav 9 bac a chur ar thrucailí soláthair a sheachadann cabhair dhaonnúil, lena n-áirítear bia, uisce agus breosla, go Gaza agus smál a chaitheamh ar dhlisteanacht Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear in Iosrael.

Ó mhí Eanáir 2024 i leith, tá bac á chur ag Tzav 9 ar thrucailí cabhrach daonnúla go rialta. An 18 Eanáir 2024, rinne an grúpa na chéad bhaic ar sheachadtaí cabhrach in Kerem Shalom. An 13 Bealtaine 2024 ag seicphointe Tarqumiyah, ghlac Tzav 9 páirt in agóid fhoréigneach i gcoinne tiománaí trucaile. An 16 Bealtaine 2024 in Binyamin, bhí baint ag Tzav 9 le hionsaí i gcoinne trucail bia. Tharla eachtraí eile, inter alia, i réigiúin Kerem Shalom agus Nitzana. I measc na ngníomhaíochtaí a rinneadh bhí agóidí foréigneacha, ionsaithe ar thrucailí bia agus scriosadh bia. Déanann na gníomhaíochtaí sin staid an phobail shibhialta in Gaza níos measa, ar staid í a bhí uafásach cheana féin.

Dá bhrí sin, tá Tzav 9 freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear mí-úsáid ar an gceart atá ag gach duine an caighdeán iomláine coirp agus meabhraí is airde is féidir a theachtadh. Is cúis mhór imní iad na mí-úsáidí sin freisin a mhéid a bhaineann le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

15.7.2024’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1967/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top