Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D0947

Cinneadh (AE) 2024/947 ón gComhairle an 4 Márta 2024 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú ón Aontas Eorpach chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh

ST/5388/2024/INIT

IO L, 2024/947, 25.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/947/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/947/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/947

25.3.2024

CINNEADH (AE) 2024/947 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Márta 2024

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú ón Aontas Eorpach chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 (2) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn Comhaontú a thabhairt i gcrích idir an Aontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú ón Aontas Eorpach chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’).

(2)

Ba cheart don Chomhaontú cearta bunúsacha a urramú, agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a chomhlíonadh, go háirithe go n-urramófaí an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh mar a aithnítear in Airteagal 7 den Chairt, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint mar a aithnítear in Airteagal 8 den Chairt, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa a fháil mar a aithnítear in Airteagal 47 den Chairt. Ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt.

(3)

Ba cheart forálacha an Chomhaontaithe a leagan amach i gcomhréir leis na gcaighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme maidir le PNR, mar atá sa Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, eadhon in Iarscríbhinn 9 (Éascú), Caibidil 9 (Córais um malartú sonraí paisinéirí), Roinn D (Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR)) de.

(4)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus thug sé tuairim an 30 Deireadh Fómhair 2023.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 15 Feabhra 2024, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

(6)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE , níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Íoslainn le haghaidh Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Íoslainn maidir le sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú ón Aontas Eorpach chuig an Íoslainn ar mhaithe le cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

2.   Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, déantar an Coimisiún a ainmniú leis seo mar idirbheartaí an Aontais.

Airteagal 3

1.   Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Malartú Faisnéise CGB (IXIM), faoi réir aon treoracha a d’fhéadfadh an Chomhairle a eisiúint ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle maidir le seoladh agus toradh na caibidlíochta araon ar bhonn rialta agus aon uair a iarrfaidh an Chomhairle air, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar aghaidh chuici a luaithe is féidir chun go mbeidh tréimhse ama réasúnta ag comhaltaí de chuid na Comhairle chun iad féin a ullmhú i gceart le haghaidh na caibidlíochta a bheidh ann amach anseo.

I gcás inarb iomchuí, nó arna iarraidh sin don Chomhairle, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i scríbhinn ar fáil.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiúin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VERLINDEN


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/947/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top