This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0459
Commission Implementing Decision (EU) 2024/459 of 1 February 2024 on setting up the European Digital Infrastructure Consortium for Networked Local Digital Twins towards the CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/459 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2024 maidir leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun le haghaidh Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/459 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2024 maidir leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun le haghaidh Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC)
C/2024/391
IO L, 2024/459, 7.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/459/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/459 |
7.2.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/459 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Feabhra 2024
maidir leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun le haghaidh Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (1), agus go háirithe Airteagal 14(3)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2022/2481 cumhachtaítear an Coimisiún Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (‘EDICanna’) a chur ar bun. |
(2) |
An 20 Nollaig 2023, d’iarr an Chróit, an Eastóin, an Fhrainc, an Laitvia, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an Spáinn ar an gCoimisiún an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun le haghaidh Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC). Chuaigh an tSeicia isteach san iarraidh sin an 4 Eanáir. |
(3) |
Mar an Ballstát óstach, chuir an Spáinn dearbhú ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(d) de Chinneadh (AE) 2022/2481 lena n-aithnítear LDT CitiVERSE EDIC mar chomhlacht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 143(1), pointe (g) agus Airteagal 151(1), pointe (b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (2)agus mar eagraíocht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (3), ón dáta a chuirfear EDIC ar bun. |
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas de bhun Airteagal 14(2) de Chinneadh (AE) 2022/2481 agus tháinig sé ar an gconclúid gur chomhlíon sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 13 go 21 de Chinneadh (AE) 2022/2481. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Chinneadh (AE) 2022/2481, chuathas i gcomhairle leis an gcoiste a bunaíodh faoi Airteagal 23(1) den Chinneadh sin chun a thuairim a fháil maidir le LDT CitiVERSE EDIC a chur ar bun agus thug sé tuairim dhearfach uaidh. |
(6) |
Tá an intleacht shaorga ina príomhspreagadh i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm na gCúplaí Digiteacha Áitiúla, rud a chabhraíonn le cathracha feidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla. Ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú le nuálaíocht fhreagrach san intleacht shaorga iontaofa, cuirfidh LDT CitiVERSE EDIC chun cinn réimse feidhme atá ag teacht chun tosaigh le haghaidh nuálaíochtaí intleachta saorga agus cuirfidh sé deiseanna nua ar fáil d’fhorbróirí agus do ghnólachtaí nuathionscanta na hintleachta saorga. |
(7) |
Is é an cúram a bheidh ar LDT CitiVERSE EDIC na Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE a chur chun feidhme i réimse tionscadail iltíre an bhonneagair choitinn sonraí Eorpaigh agus seirbhísí a bhaineann leis an intleacht shaorga. Ina chuid gníomhaíochtaí sa réimse seo, forbróidh LDT CitiVERSE EDIC comhghníomhaíocht ó Bhallstáit an Aontais chun éiceachóras digiteach a chur chun feidhme maidir le comhpháirteanna bonneagair comhroinnte agus teicneolaíochtaí úrscothacha le haghaidh sonraí, seirbhísí na hintleachta saorga agus gnéithe gaolmhara le haghaidh Pobal Cliste Néalbhunaithe. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an Deacáid Dhigiteach a bunaíodh le hAirteagal 23(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Bunaítear leis seo an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach le haghaidh Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC).
2. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag LDT CitiVERSE EDIC agus beidh aige i ngach ceann de na Ballstáit an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil agus a dhiúscairt, féadfaidh sé an mhaoin sin a bheith faoina úinéireacht, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3. Tá gnéithe fíor-riachtanacha de reachtanna LDT CitiVERSE EDIC, mar a chomhaontaigh a chomhaltaí iad, i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 323, 19.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2481/oj.
(2) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(3) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).
IARSCRÍBHINN
GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA DE REACHTANNA LDT CitiVERSE ERIC
1) A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(c) de Chinneadh (AE) 2022/2481:
Airteagal 2
Ainm, oifig, suíomh agus teanga oibre
[…]
2. Is é a bheidh in ainm EDIC dá dtagraítear i mír (1) ‘Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE EDIC’, dá ngairtear LDT CitiVERSE EDIC anseo feasta.
3. Beidh oifig chláraithe LDT CitiVERSE EDIC in Valencia (an Spáinn).
2) A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(d) de Chinneadh (AE) 2022/2481:
Airteagal 30
Fad ama
1. Beidh LDT CitiVERSE EDIC ann go ceann tréimhse ama éiginnte.
Airteagal 31
Foirceannadh
1. Is í Tionól na gComhaltaí a chinnfidh foirceannadh LDT CitiVERSE EDIC i gcomhréir le hAirteagal 11.
2. Gan moill mhíchuí agus, in aon chás laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh LDT CitiVERSE EDIC a fhoirceannadh, tabharfaidh LDT CitiVERSE EDIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.
3. Sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha LDT CitiVERSE EDIC a íoc, déanfar iad a chionroinnt i measc na gcomhaltaí lena ranníocaíocht bhliantúil charntha le LDT CitiVERSE EDIC, mar a shonraítear in Airteagal 10, nó aistreofar iad chuig eintiteas dlíthiúil eile, má leanann an t-eintiteas sin le gníomhaíochtaí EDIC.
4. Gan moill mhíchuí agus, in aon chás laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh LDT CitiVERSE EDIC fógra faoi sin don Choimisiún.
3) A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(e) de Chinneadh (AE) 2022/2481:
Airteagal 22
Dliteanas agus árachas
1. Beidh EDIC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach.
2. Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha EDIC teoranta dá ranníocaíochtaí faoi seach arna soláthar do EDIC, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III.
3. Ní bheidh an tAontas Eorpach faoi dhliteanas i leithfhiacha LDT CitiVERSE EDIC.
4) A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1)(i) de Chinneadh (AE) 2022/2481:
Airteagal 21
Díolúintí ó cháin agus ó dhleacht mháil
1. Díolúintí CBL bunaithe ar Airteagal 143(1)(g) agus Airteagal 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh LDT CitiVERSE EDIC agus comhaltaí LDT CitiVERSE EDIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag LDT CitiVERSE EDIC ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha LDT CitiVERSE EDIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin.
2. Beidh díolúintí CBL teoranta do cheannacháin ar mó a luach ná EUR 300.
3. Díolúintí ó dhleacht mháil bunaithe ar Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh LDT CitiVERSE EDIC atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag LDT CitiVERSE EDIC ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha LDT CitiVERSE EDIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin, agus gur mó luach an cheannacháin ná EUR 300
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/459/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)