This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024C02377
European Declaration on Cycling
An Dearbhú Eorpach maidir le Rothaíocht
An Dearbhú Eorpach maidir le Rothaíocht
ST/6215/2024/INIT
IO C, C/2024/2377, 3.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2377/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2377 |
3.4.2024 |
AN DEARBHÚ EORPACH MAIDIR LE ROTHAÍOCHT
(C/2024/2377)
Déanann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach an Dearbhú Comhpháirteach seo a leanas maidir leis an Rothaíocht a fhógairt go sollúnta
Brollach
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá an t-iompar ríthábhachtach don chuimsiú sóisialta agus don fhorbairt eacnamaíoch, agus chun poist a chruthú agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha eile a chur chun cinn, mar shampla, an fhostaíocht, an t-oideachas, an tsláinte agus an cúram. Mar sin féin, tá sé fós ina fhoinse shuntasach d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir, torainn agus uisce. Is dúshlán tromchúiseach i gcónaí é an plódú d’éifeachtúlacht na gcóras iompair agus laghdaítear freisin inmharthanacht na limistéar atá buailte, rud a dhéanann an-dochar don tsochaí agus don gheilleagar. |
(2) |
Tá foirmeacha inbhuanaithe iompair ríthábhachtach chun cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid, truailliú nialasach agus éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Ina measc sin, tá an rothaíocht ar cheann de na modhanna iompair is inbhuanaithe, is sláintiúla agus is éifeachtúla, agus tá acmhainneacht shuntasach aici chun tacú le dícharbónú an iompair uirbigh agus cuidiú leis an sprioc uile-Aontais a bhaint amach maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le 1990 agus maidir le haeráidneodracht faoi 2050 i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach (1). Cuideoidh sé linn freisin dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach (2), agus beidh go leor comhthairbhí i réimsí eile. Tá sé tábhacht go ndéanfar an rothaíocht a fhorbairt a thuilleadh do bhailte agus do chathracha na hEorpa mar chuid dár gcuspóirí aeráide. |
(3) |
Cuimsíonn an rothaíocht raon leathan dinimiciúil feithiclí bóthair faoi chumhacht an duine, lena n-áirítear rothair le haghaidh tír-raonta éagsúla, rothair lasta, rothair chun leanaí a iompar, rothair do dhaoine faoi mhíchumas, trírothaigh, rothair shínteacha, feithiclí rothair, rothair beirte, r-rothair agus leantóirí rothar. Freastalaíonn siad ar réimse leathan riachtanas iompair agus soghluaisteachta agus teastaíonn bonneagar iomchuí uathu. Tá ról níos tábhachtaí ag an rothaíocht in iompar uirbeach earraí, go háirithe seachadtaí beartán agus siopadóireacht, a bhuí le rothair lasta agus a macasamhail. Chun acmhainneacht iomlán na rothaíochta a bhaint amach, ba cheart go léireodh beartais rothaíochta an éagsúlacht sin. |
(4) |
Chun a hacmhainneacht iomlán a bhaint amach, ní mór aghaidh a thabhairt ar an rothaíocht mar is ceart i mbeartais maidir le soghluaisteacht ar gach leibhéal rialachais agus maoinithe, i bpleanáil iompair, in ardú feasachta, i leithdháileadh an spáis, i rialacháin sábháilteachta agus i mbonneagar leordhóthanach, lena n-áirítear béim ar leith ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe. Mar shampla, i gcoincheap an Aontais le haghaidh pleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe (3), cuirtear soghluaisteacht ghníomhach, lena n-áirítear an rothaíocht, i gcroílár na soghluaisteachta uirbí. Ní mór bearta chun tacú leis an rothaíocht a thuairisciú faoi cholún dícharbónaithe na bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus ní mór iad a mheas mar is ceart i bpleananna mhisean Fís Eorpach maidir le 100 Cathair Aeráid-Neodrach Chliste faoi 2030. |
(5) |
Feabhsaíonn an rothaíocht cuimsiú sóisialta, rud a chuireann le sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus le folláine daoine. Is gníomhaíocht choirp mheasartha í a laghdaíonn rioscaí sláinte agus básanna anabaí a bhaineann le stíleanna maireachtála neamhghníomhacha. Tá méadú ag teacht ar an tóir a bhíonn ar rothair a bhfuil cúnamh leictreach acu agus cuireann siad ar chumas daoine achair níos faide a chlúdach, freastalaíonn siad ar riachtanais soghluaisteachta agus iompair teaghlach, fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), agus sroicheann siad grúpaí breise, mar shampla, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe. |
(6) |
Tá tuilleadh bonneagair rothaíochta agus bonneagar rothaíochta níos sábháilte ar fud an Aontais ríthábhachtach chun níos mó daoine a mhealladh chuig an rothaíocht, i gceantair uirbeacha agus tuaithe agus i gceantair nach iad. Rachaidh bonneagar rothaíochta níos fearr chun tairbhe modhanna eile freisin, mar shampla, réitigh mhicrea-shoghluaisteachta. |
(7) |
Tá gá le maoiniú ábhartha atá dírithe ar an rothaíocht – ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach – chun freastal ar an uaillmhian atá ann níos mó daoine a chur ag rothaíocht. Is réamhriachtanas é leibhéal iomchuí infheistíochta chun feabhas suntasach a chur ar dhálaí rothaíochta agus chun bonneagar a chothabháil. |
(8) |
Is réamhriachtanas í an tsábháilteacht chun daoine a mhealladh chun rothaíochta. Chomh maith le bonneagar níos sábháilte, mar shampla, conairí rothar deighilte agus páirceáil shlán, ba cheart feidhm a bheith ag pleananna agus straitéisí sábháilteachta ar bhóithre a leanann cur chuige rioscabhunaithe nó comhtháite (mar shampla cur chuige an Chórais Shábháilte) maidir le rothaíocht agus maidir le mótarfheithiclí agus tiománaithe a roinneann an bóthar le rothaithe. Áirítear leis sin luasanna sábháilte, úsáid shábháilte ar bhóithre agus feithiclí sábháilte, a bhfuil forfheidhmiú láidir na rialacha maidir le trácht ar bhóithre mar bhonn taca leo. Dá bhforbrófaí caighdeáin le haghaidh lánaí rothaíochta, chuirfí le sábháilteacht deartha le haghaidh bonneagar nua rothaíochta. Is féidir le hoiliúint agus oideachas, mar shampla, i scoileanna, rothaíocht shábháilte a chur chun cinn. |
(9) |
Is nuálaí agus ceannaire domhanda é tionscal rothaíochta na hEorpa chomh maith le hearnáil thábhachtach den gheilleagar atá ag fás. Faoi láthair, is ionann é agus breis agus 1 000 FBManna (4) agus 1 mhilliún post, agus an fhéidearthacht go leor eile a dhéanamh. |
(10) |
Is príomhchumasóir don turasóireacht inbhuanaithe í an rothaíocht freisin agus cuireann sí leis an nascacht laistigh de limistéir thuaithe agus uirbeacha agus i gceantair nach iad, go háirithe i gcomhcheangal le traenacha, busanna agus modhanna eile chun seirbhísí soghluaisteachta ilmhódúla a chruthú. Tugann sé tairbhí follasacha don gheilleagar áitiúil, go háirithe do FBManna. |
(11) |
Ní bhailítear sonraí rothaíochta go comhsheasmhach san Aontas. Déanann sé sin difear do rogha optamach na n-infheistíochtaí iompair agus don mheastóireacht ar éifeachtacht na mbeart a rinneadh cheana. |
(12) |
Meastar go gcuideoidh na prionsabail atá sa Dearbhú seo le spriocanna aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear go háirithe an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach (5) agus cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (6), agus Creat Nua an Aontais don tSoghluaisteacht Uirbeach (7). |
(13) |
Ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le straitéis rothaíochta an Aontais a fhorbairt i mí Feabhra 2023 (8). In 2022, d’ullmhaigh sé Bhallstát den Aontas Dearbhú Rothaíochta Eorpach, rud a shínigh tromlach na mBallstát go dtí seo (9). |
(14) |
Is é atá sa Dearbhú seo rún polaitiúil de chuid an Aontais na prionsabail a áirítear ann a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Níl sé ceangailteach go dlíthiúil. Tá an tAontas freagrach as an Dearbhú seo a chur chun feidhme i gcomhar lena Bhallstáit, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais. Ní dhéanann an Dearbhú seo difear do leithdháileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit. |
An Dearbhú maidir le Rothaíocht
Tá sé mar aidhm againn leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na rothaíochta san Aontas. Aithnítear sa Dearbhú seo go bhfuil an rothaíocht ar cheann de na cineálacha iompair agus áineasa is inbhuanaithe, is inrochtana agus is cuimsithí, is neamhchostasaí agus is sláintiúla, agus a ríthábhachtaí atá sí do shochaí agus do gheilleagar na hEorpa. Ba cheart go mbeadh an Dearbhú ina threoir straitéiseach do bheartais agus do thionscnaimh atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a bhaineann leis an rothaíocht.
Dá bhrí sin, dearbhaímid an méid seo a leanas:
Caibidil I: Beartais rothaíochta a fhorbairt agus a neartú
Tá ról lárnach ag an Aontas agus ag na Ballstáit, in éineacht leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, maidir le tacú le glacadh breise rothaíochta.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
1. |
beartais agus straitéisí rothaíochta a fhorbairt, a ghlacadh agus a neartú ar gach leibhéal ábhartha rialachais; |
2. |
bearta riachtanacha a dhéanamh chun na beartais agus na straitéisí rothaíochta sin a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir; |
3. |
tús áite a thabhairt do bhearta a chuireann an rothaíocht san áireamh i bpleanáil soghluaisteachta inbhuanaithe i limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha, agus i gceantair thuaithe, i gcás inarb ábhartha; |
4. |
cuideachtaí, eagraíochtaí agus institiúidí a spreagadh chun an rothaíocht a chur chun cinn trí scéimeanna bainistíochta soghluaisteachta, mar shampla, dreasachtaí rothaíochta chun na hoibre, soláthar (r-)rothair de chuid na cuideachta, páirceáil agus saoráidí leordhóthanacha rothaíochta, agus úsáid seirbhísí seachadta rotharbhunaithe; |
5. |
an rothaíocht a chur chun cinn mar bhealach sláintiúil iompair nó áineasa, trí fheasacht a ardú, feachtais abhcóideachta, fothú acmhainneachta agus oiliúint a chur ar ghairmithe, lena n-áirítear ag fóraim ábhartha idirnáisiúnta. |
Caibidil II: Soghluaisteacht chuimsitheach, inacmhainne agus shláintiúil a spreagadh
Ba cheart rochtain ar shoghluaisteacht a bheith ag gach duine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe agus gan beann ar aois agus inscne, agus is féidir leis an rothaíocht cuidiú go mór chun é sin a chumasú. Ba cheart go mbeadh an rothaíocht inacmhainne gan beann ar leibhéal an ioncaim agus ba cheart í a chur chun cinn mar rud a théann chun tairbhe don mheabhairshláinte agus don tsláinte fhisiciúil.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
6. |
úsáid na rothaíochta a mhéadú chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí aird ar leith a thabhairt ar riachtanais na mban, na leanaí, na ndaoine scothaosta agus na ngrúpaí leochaileacha agus imeallaithe; |
7. |
bearta a dhéanamh chun rochtain níos fearr ar an rothaíocht a chumasú do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a gcuid soghluaisteachta laghdaithe; |
8. |
bearta a dhéanamh chun borradh a chur faoi shoghluaisteacht ghníomhach daoine scothaosta agus, ar an gcaoi sin, cur le haosú gníomhach; |
9. |
oiliúint rothaíochta spriocdhírithe a chur ar fáil go háirithe do leanaí agus do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe; |
10. |
bearta a mholadh chun inacmhainneacht na rothaíochta a mhéadú (10). |
Caibidil III: Tuilleadh bonneagair rothaíochta agus bonneagar rothaíochta níos fearr a chruthú
Tá sé ríthábhachtach cáilíocht, cainníocht, leanúnachas agus tarraingteacht an bhonneagair rothaíochta a fheabhsú chun úsáid rothaíochta níos fearr a chur chun cinn.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
11. |
bonneagar rothaíochta sábháilte agus comhleanúnach a mhéadú go suntasach ar fud na hEorpa; |
12. |
treoir ón Aontas a fhorbairt agus a úsáid maidir le caighdeáin do cheanglais cháilíochta i ndáil le húsáideoirí soghonta bóithre, lena n-áirítear rothaithe, faoi Threoir (AE) 2019/1936 maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (11); |
13. |
leibhéil sábháilteachta a mhéadú trí spás leordhóthanach a thabhairt do rothaithe agus d’úsáideoirí soghonta eile bóithre, go háirithe trí na conairí rothaíochta a scaradh go fisiciúil ó mhótarthrácht i gcás inarb ábhartha, nó trí luasanna sábháilte i dtrácht measctha a áirithiú; |
14. |
oibriú i dtreo líonra comhtháite rothaíochta a chruthú i gcathracha agus feabhas a chur ar an nascacht idir ceantair fho-uirbeacha agus thuaithe agus lárionaid chathrach, lena n-áirítear mórbhealaí rothaíochta; |
15. |
a áirithiú go soláthrófar spásanna páirceála do rothair atá sábháilte agus slán i gceantair uirbeacha agus thuaithe, lena n-áirítear ag stáisiúin iarnróid agus bus agus moil shoghluaisteachta; |
16. |
úsáid pointí luchtaithe do r-rothair a chur chun cinn i bpleanáil uirbeach agus i spásanna páirceála rothar laistigh agus lasmuigh d’fhoirgnimh. |
Caibidil IV: Infheistíochtaí a mhéadú agus dálaí fabhracha a chruthú don rothaíocht
Tá gá le tuilleadh infheistíochtaí chun leas a bhaint as an acmhainneacht rothaíochta.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
17. |
tacaíocht theicniúil, cistiú agus maoiniú a chur ar fáil chun cabhrú le straitéisí rothaíochta agus infheistíochtaí a bhaineann leis an rothaíocht a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí ionstraimí ábhartha an Aontais agus faoi na coinníollacha a leagtar amach iontu; |
18. |
an rothaíocht a léiriú in infheistíochtaí ar gach leibhéal rialachais (12). |
Caibidil V: Sábháilteacht agus slándáil ar bhóithre a fheabhsú
Ba cheart go mbeadh gach duine in ann a bheith ag rothaíocht ar bhealach slán sábháilte.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
19. |
oibriú i dtreo na ngealltanas a leagtar amach i nDearbhú Vaileite (13) a chomhlíonadh, eadhon an sprioc chun líon na ngortuithe tromchúiseacha san Aontas a laghdú faoina leath faoi 2030 ó bhonnlíne 2020 agus úsáid á baint as an sainmhíniú i nDearbhú Vaileite, agus faoi chuimsiú straitéis fhoriomlán um shábháilteacht ar bhóithre don tréimhse sin (Creat Beartais an Choimisiúin um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 (14), lena n-athdhearbhaítear an sprioc uaillmhianach fhadtéarmach chun deireadh a chur le básanna ar bhóithre faoi 2050, agus straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta um shábháilteacht ar bhóithre); |
20. |
forfheidhmiú rialacha agus reachtaíochta maidir le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú chun cómhaireachtáil modhanna éagsúla iompair a áirithiú, agus béim á leagan ar rothaithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre a chosaint; |
21. |
a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir leis na ceanglais sábháilteachta is infheidhme maidir le r-rothair substaintiúil, agus a n-úsáid a chur chun cinn; |
22. |
feabhas a chur ar an tslándáil ag spásanna páirceála poiblí do rothair (lena n-áirítear comhroinnt rothar agus moil ilmhódacha), agus iarrachtaí a mhéadú chun dul i ngleic le saincheist na gadaíochta rothar; |
23. |
oiliúint rothaíochta a neartú — lena n-áirítear páistí agus daoine óga a mhúineadh conas rothaíocht a dhéanamh — agus feachtais ardaithe feasachta maidir le sábháilteacht ar bhóithre, go háirithe maidir leis na rioscaí is mó do rothaithe, agus tacú le húsáid shábháilte rothar agus r-rothar, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an bhfeasacht ar shábháilteacht úsáideoirí soghonta bóithre le linn oiliúint tiománaithe. |
Caibidil VI: Tacú le poist ardcháilíochta agus le tionscal rothaíochta Eorpach den chéad scoth a fhorbairt
Mar gheall ar ghlacadh níos mó na rothaíochta, tá níos mó post áitiúil ar ardchaighdeán agus téann sé chun tairbhe do gheilleagar agus do thionscal rothaíochta an Aontais, agus cuireann sé freisin le cuspóirí straitéis tionsclaíochta an Aontais.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
24. |
dálaí a chruthú chun táirgeadh Eorpach raon leathan rothar a mhéadú (lena n-áirítear r-rothair agus rothair do dhaoine faoi mhíchumas) agus a gcomhpháirteanna, lena n-áirítear rochtain ar ábhair, ar threalamh agus cothroime iomaíochta domhanda a choinneáil ar bun trí ionstraimí cosanta trádála an Aontais atá ann cheana; |
25. |
tacú le hearnáil na seirbhíse rothar, lena n-áirítear eintitis an gheilleagair shóisialta agus úsáid chiorclach rothar (athúsáid, deisiú agus cíos); |
26. |
dálaí fabhracha a chruthú chun poist ar ardchaighdeán agus moil rothaíochta a spreagadh, lena n-áirítear sa turasóireacht rothaíochta, chun líon na bpost ar ardchaighdeán a bhaineann leis an rothaíocht a mhéadú go suntasach, tacú le FBManna agus borradh a chur faoi scileanna agus gairmoiliúint ábhartha; |
27. |
an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí agus aistrithe tábhachtacha ó phost go post ó thionscail ábhartha eile a chumasú; |
28. |
tionscal rothaíochta na hEorpa a aithint mar chomhpháirtí sa chóras soghluaisteachta chun athléimneacht, inbhuanaitheacht, ciorclaíocht agus digitiú a neartú in earnáil na rothaíochta; |
29. |
tacú le tionscail seirbhíse rothaíochta, mar shampla, comhroinnt rothar agus lóistíocht rothaíochta, go háirithe i gcathracha, lena n-áirítear trí chomhtháthú lóistíochta rothaíochta sa chóras lóistíochta a neartú. |
Caibidil VII: Tacú le hilmhódúlacht agus turasóireacht rothaíochta
Ba cheart ról lárnach a bheith ag an rothaíocht maidir leis an nascacht ilmhódach agus an turasóireacht a fheabhsú, go háirithe i gcomhcheangal le traenacha, busanna agus modhanna eile, i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
30. |
réitigh ilmhódacha a chur chun cinn agus a chur chun feidhme i gceantair uirbeacha, fho-uirbeacha agus thuaithe, chomh maith le turais chianaistir, trí níos mó sineirgí a chruthú idir an rothaíocht agus modhanna eile iompair, mar shampla, níos mó rothar a iompar ar bhusanna agus ar thraenacha, agus limistéir pháirceála níos sábháilte agus slána a sholáthar do rothair ag stáisiúin agus moil shoghluaisteachta; |
31. |
tacú le scéimeanna comhroinnte rothar mar réiteach ar rochtain na chéad mhíle agus an mhíle dheireanaigh ar sheirbhísí iompair phoiblí; |
32. |
dálaí fabhracha a chruthú chun tacú leis an rothaíocht mar mhodh inbhuanaithe áineasa agus turasóireachta. |
Caibidil VIII: Feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le rothaíocht
Ní mór sonraí rothaíochta a bhailiú ar an mbealach céanna ar fud an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar faireachán éifeachtach ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na bprionsabal agus na ngealltanas atá sa Dearbhú seo.
Geallaimid go ndéanfaimid an méid seo a leanas:
33. |
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ár ngealltanas; |
34. |
tomhas leanúnach ar an dul chun cinn maidir le húsáid na rothaíochta san Aontas a chumasú trí bhonnlíne uile-Aontais a bhunú, lena n-áirítear fad, dlús líonra, cáilíocht agus inrochtaineacht an bhonneagair rothaíochta agus seirbhísí do roinnt cineálacha úsáideoirí, sciar na rothaíochta i ngníomhaíocht iomlán iompair agus soghluaisteachta, agus líon na ngortuithe tromchúiseacha agus na mbásanna i measc rothaithe; |
35. |
táscairí comhchuibhithe a bhaineann leis an rothaíocht a fhorbairt le haghaidh nóid uirbeacha an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T); |
36. |
staidreamh a fhorbairt maidir leis an rothaíocht agus a bonneagar ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear comhar idir na Ballstáit agus Eurostat chun sonraí rothaíochta a bhailiú. |
(1) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(2) Leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (Cinneadh (AE) 2022/591), iarrtar ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar na páirtithe leasmhara, de réir mar is iomchuí, dreasachtaí atá dearfach ó thaobh an chomhshaoil de a neartú agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol, go háirithe fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.
(3) Moladh (AE) 2023/550 ón gCoimisiún an 8 Márta 2023 maidir le Cláir Tacaíochta Náisiúnta don Phleanáil maidir le Soghluaisteacht Uirbeach Inbhuanaithe (IO L 73, 10.3.2023, lch. 23).
(4) Go háirithe seirbhís rothaíochta agus deisiúcháin, miondíoltóirí etc.
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: [‘Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta an Aontais’] ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ COM(2021) 400 [‘I dTreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú’].
(6) COM(2020) 789.
(7) COM(2021) 811.
(8) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2023-0058_GA.html
(9) https://www.benelux.int/fr/publication/european-cycling-declaration/
(10) Mar shampla, foráiltear le Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle (IO L 107, 6.4.2022, lgh. 1) go bhféadfaidh na Ballstáit rátaí laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm le haghaidh seirbhísí soláthair, cíosa agus deisithe rothar, lena n-áirítear r-rothair.
(11) Treoir (AE) 2019/1936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (IO L 305, 26.11.2019, lgh. 1).
(12) Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide san áireamh (arna dtabhairt isteach le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le rialachas an aontais fuinnimh agus na gníomhaíochta aeráide)
(13) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9994-2017-INIT/ga/pdf
(14) SWD(2019) 283 final
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2377/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)