This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024A03208
Commission Opinion of 17 May 2024 relating to the plan for the disposal of radioactive waste arising from the decommissioning and dismantling of the Emsland (KKE) nuclear power plant in the Federal State of Lower Saxony, Germany (Only the German text is authentic)
Tuairim ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Emsland (KKE) i Stát Cónaidhme na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin (Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
Tuairim ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2024 a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Emsland (KKE) i Stát Cónaidhme na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin (Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
C/2024/3222
IO C, C/2024/3208, 21.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3208/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3208 |
21.5.2024 |
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Bealtaine 2024
a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Emsland (KKE) i Stát Cónaidhme na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(C/2024/3208)
Déantar an measúnú thíos de réir fhorálacha Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).
An 26 Bealtaine 2023 fuair an Coimisiún Eorpach ó Rialtas na Gearmáine, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, na Sonraí Ginearálta a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí (2) a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Emsland.
Ar bhonn na sonraí sin agus na faisnéise breise a d’iarr an Coimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 agus a chuir údaráis na Gearmáine ar fáil an 8 Samhain 2023 agus an 11 Eanáir 2024, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, tá an tuairim seo a leanas tarraingthe suas ag an gCoimisiún:
1. |
Is é 20 km an t-achar idir an láithreán agus an teorainn is gaire le Ballstát eile, sa chás seo an Ísiltír. |
2. |
Le linn ghnáthoibríochtaí díchoimisiúnacháin agus díchóimeála ghléasra cumhachta núicléiche Emsland (KKE), ní dócha go bhfágfaidh na heisiltigh radaighníomhacha leachtacha agus ghásacha a scaoilfear go mbeidh nochtadh a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de ann i gcás an daonra i mBallstát eile, a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha dáileoige a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta (3). |
3. |
Déantar dramhaíl radaighníomhach sholadach a chóireáil agus a stóráil go sealadach ar an láthair (i bhFoirgneamh nua Teicneolaíochta agus Lóistíochta Emsland, TLE) sula seolfar í chuig saoráidí ceadúnaithe cóireála nó diúscartha atá suite sa Ghearmáin. |
4. |
Dramhaíl sholadach agus ábhair iarmharacha eile atá i gcomhréir leis na leibhéil imréitigh, scaoilfear iad ón rialú rialála lena ndiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó lena n-athúsáid nó lena n-athchúrsáil. Déanfar é sin i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta. |
5. |
I gcás ina ndéanfaí eisiltigh radaighníomhacha a scaoileadh gan é sin a bheith pleanáilte de thoradh timpistí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta, ní dócha go mbeidh na heisiltigh sin ina gcúis le héilliú radaighníomhach an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i ndáil le leibhéil tagartha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta. |
Mar chonclúid, i dtaca le cur chun feidhme an phlean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí cibé foirm ina bhfuil sí, agus ar dramhaíl í a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil ghléasra cumhachta núicléiche Emsland (KKE), atá suite i Stát Cónaidhme na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin, le linn an ghnáthoibrithe agus i gcás timpistí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta araon, is é tuairim an Choimisiúin nach dócha go mbeidh cur chun feidhme an phlean sin ina chúis le héilliú radaighníomhach a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte, an uisce, na hithreach nó an aerspáis de i mBallstát eile, a mhéid a bhaineann leis na forálacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart na gnéithe comhshaoil a mheasúnú a thuilleadh. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol, agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat le haghaidh ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.
(2) Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).
(3) Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3208/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)