EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023Y0831(01)

Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 6 Iúil 2023 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir leis an measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach na mbeart sin (BERS/2023/4) 2023/C 307/01

OJ C 307, 31.8.2023, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

31.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 307/1


MOLADH ÓN MBORD EORPACH UM RIOSCA SISTÉAMACH

an 6 Iúil 2023

lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir leis an measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach na mbeart sin

(BERS/2023/4)

(2023/C 307/01)

TÁ BORD GINEARÁLTA AN BHOIRD EORPAIGH UM RIOSCA SISTÉAMACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), go háirithe Iarscríbhinn IX de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht macrastuamachta an Aontais Eorpaigh ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (2), agus go háirithe Airteagail, 3 agus 16 go 18 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 458(8) de,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (4), agus go háirithe Roinn II de Chaibidil 4 de Theideal VII de,

Ag féachaint do Chinneadh BERS/2011/1 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Eanáir 2011 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (5), agus go háirithe Airteagail 18 go 20 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun bearta beartais macrastuamachta náisiúnta atá éifeachtach agus comhsheasmhach a áirithiú, is den tábhacht é an t-aitheantas a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais a chomhlánú le cómhalartacht dheonach.

(2)

Is é is aidhm don chreat maidir le cómhalartacht dheonach i ndáil le bearta beartais macrastuamachta a leagtar amach i Moladh BERS/2015/2 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (6) a áirithiú go ndéantar na bearta beartais macrastuamachta ar fad atá bunaithe ar neamhchosaintí agus a ghníomhachtaítear i mBallstát amháin a chómhalartú sna Ballstáit eile.

(3)

I Moladh BERS/2017/4 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (7) moltar go ndéanfaidh an t-údarás gníomhachtaithe ábhartha tairseach ábharthachta uasta a mholadh nuair a bhíonn iarraidh ar chómhalartú á cur faoi bhráid an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS), ar faoina bhun is féidir a mheas gur neamhchosaint neamhábhartha í neamhchosaint an tsoláthraí aonair seirbhísí airgeadais ar an riosca macrastuamachta sainaitheanta sa dlínse ina gcuireann an t-údarás gníomhachtaithe an beart beartais macrastuamachta i bhfeidhm. Féadfaidh BERS tairseach eile a mholadh má mheastar gur gá sin.

(4)

Le héifeacht ón 31 Nollaig 2018, na hinstitiúidí creidmheasa arna n-údarú sa tSualainn a úsáideann an cur chuige atá bunaithe ar rátálacha inmheánacha (IRB) chun ceanglais caipitil rialála a ríomh, tá siad faoi réir íosteorainn 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúid creidmheasa maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí miondíola ar oibleagáideoirí atá ina gcónaí sa tSualainn atá urraithe le maoin dhochorraithe i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Tá feidhm ag an mbeart náisiúnta níos déine sin go dtí an 31 Nollaig 2023 agus chinn Bord Ginearálta BERS an 15 Eanáir 2019 (8) an beart náisiúnta níos déine sin a áireamh ar an liosta de bhearta beartais macrastuamachta a mholtar a chómhalartú faoi Mholadh BERS/2015/2.

(5)

Le héifeacht ón 30 Meán Fómhair 2023, tá institiúidí creidmheasa arna n-údarú sa tSualainn a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais chaipitil rialála a ríomh faoi réir íosleibhéal (urlár) 35 % i ndáil le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí corparáideacha áirithe sa tSualainn atá urraithe le haonaid réadmhaoine tráchtála dhochorraithe agus faoi réir íosleibhéal (urlár) a bhaineann go sonrach le hinstitiúid creidmheasa de 25 % i ndáil le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí corparáideacha áirithe sa tSualainn atá urraithe le haonaid réadmhaoine chónaithe dhochorraithe, i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an mbeart náisiúnta níos déine go ceann dhá bhliain, agus go bhféadfaí síneadh a chur leis, nó (más luaithe) go dtí go mbeidh deireadh leis na rioscaí macrastuamachta nó sistéamacha.

(6)

An 12 Bealtaine 2023, chuir Finansinspektionen (Údarás Maoirseachta Airgeadais na Sualainne) iarraidh faoi bhráid BERS inar moladh go ndéanfaí an beart beartais macrastuamachta réamhluaite a chómhalartú de bhun Airteagal 458(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ionas nach réadófar éifeachtaí diúltacha trasteorann i bhfoirm sceití agus arbatráiste rialála a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme an bhirt beartais macrastuamachta arna chur i bhfeidhm sa tSualainn i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chinn Bord Ginearálta BERS an beart sin a chuimsiú sa liosta de bhearta beartais macrastuamachta a moltar iad a chómhalartú faoi Mholadh BERS/2015/2.

(7)

Chinn Bord Ginearálta BERS freisin uastairseach ábharthachta institiúidsonrach SEK 5 bhilliún a mholadh chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail de minimis ag an mBallstát cómhalartúcháin.

(8)

Leis an leasú seo ar Mholadh BERS/2015/2 ní dhéantar difear do leanúnachas an mholta go gcómhalartófaí na bearta macrastuamachta náisiúnta a chuir údaráis na Sualainne i ngníomh an 31 Nollaig 2018 agus a mhol BERS lena gcómhalartú i Moladh BERS/2019/1.

(9)

Mar sin, ba cheart Moladh BERS/2015/2 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

LEASUITHE

Leasaítear Moladh BERS/2015/2 faoi mar a leanas:

(1)

i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fho-mholadh C(1):

‘1.

Maidir leis na bearta beartais macrastuamachta arna nglacadh ag údaráis ábhartha eile agus arna moladh lena gcómhalartú ag BERS, moltar do na húdaráis ábhartha na bearta sin a chómhalartú. Moltar na bearta seo a leanas, a thuairiscítear tuilleadh san Iarscríbhinn, a chómhalartú:

 

An Bheilg:

ráta maolánach um riosca sistéamach 9 % ar gach neamhchosaint mhiondíola IRB ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le maoin chónaithe dhochorraithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg;

 

An Ghearmáin:

ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % ar (i) gach neamhchosaint IRB atá urraithe le réadmhaoin chónaithe dhochorraithe atá lonnaithe sa Ghearmáin, agus (ii) gach neamhchosaint atá bunaithe ar SA atá urraithe go huile agus go hiomlán le maoin chónaithe dhochorraithe, dá dtagraítear in Airteagal 125(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), atá lonnaithe sa Ghearmáin;

 

An Fhrainc:

géarú ar an teorainn ar neamhchosaint mhór dá bhforáiltear in Airteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí móra neamhairgeadais ag a bhfuil fiachas ollmhór agus a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc, go 5 % de chaipiteal Leibhéal 1, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach (global systemically important institutions, G-SIInna) agus ar institiúidí eile lena bhfuil tábhacht shistéamach (other systemically important institutions, O-SIInna) ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde dá n-imlíne stuamachta baincéireachta;

 

An Liotuáin:

ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % ar gach neamhchosaint mhiondíola ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Liotuáine atá urraithe le maoin chónaithe.

 

Lucsamburg:

teorainneacha um chóimheas iasachta/luacha (LTV) atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh iasachtaí morgáiste nua ar réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe i Lucsamburg, lena ngabhann teorainneacha éagsúla LTV is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla iasachtaithe:

(a)

Teorainn LTV 100 % le haghaidh ceannaitheoirí céaduaire atá ag éadáil a bpríomháite cónaithe;

(b)

Teorainn LTV 90 % le haghaidh ceannaitheoirí eile i.e. daoine nach ceannaitheoirí céaduaire iad atá ag éadáil a bpríomháite cónaithe. Cuirtear an teorainn sin i bhfeidhm ar bhealach comhréireach trí bhíthin liúntas punainne. Go sonrach, féadfaidh iasachtóirí 15 % den phunann morgáistí nua a dheonaítear a eisiúint do na hiasachtaithe sin a bhfuil LTV acu atá os cionn 90 % ach faoi bhun an LTV uasta 100 %;

(c)

Teorainn LTV 80 % le haghaidh iasachtaí eile morgáiste (lena n-áirítear an deighleog “ceannach le ligean ar cíos”);

 

An Ísiltír:

meánualú riosca íosta arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe san Ísiltír agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais chaipitil rialála a ríomh i ndáil lena bpunanna neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le maoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír. Maidir le gach ítim neamhchosanta aonair a thagann faoi raon feidhme an bhirt, sanntar ualú riosca 12 % don sciar den iasacht nach mó ná 55 % de mhargadhluach na maoine a úsáidtear chun an iasacht a urrú, agus sanntar ualú riosca 45 % don sciar atá fágtha den iasacht. Is ionann meánualú riosca íosta na punainne agus meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a ghabhann leis na hiasachtaí aonair.

 

An Iorua:

ráta maoláin um riosca sistéamach 4,5 % maidir le neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua, arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua ón 31 Nollaig 2022 de bhun théarmaí an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (11) (Comhaontú LEE) (dá ngairtear “CRD de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022” anseo feasta), ar na hinstitiúidí creidmheasa uile atá údaraithe san Iorua;

íosteorainn 20 % le haghaidh meánualuithe riosca (neamhchosaint-ualaithe) le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe san Iorua, arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022 de bhun théarmaí Chomhaontú LEE (dá ngairtear “CRR de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022” anseo feasta), ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe san Iorua agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh;

íosteorainn 35 % le haghaidh meánualuithe riosca (neamhchosaint-ualaithe) le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála atá lonnaithe san Iorua, arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 458(2)(d)(iv) de CRR de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022 ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe san Iorua agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh;

 

An tSualainn:

íosteorainn 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa áirithe maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí miondíola ar oibleagáideoirí atá ina gcónaí sa tSualainn atá urraithe le maoin dhochorraithe a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh.

íosleibhéal (urlár) 35 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa áirithe maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí corparáideacha ar mhaoin dhochorraithe tráchtála (maoin atá lonnaithe go fisiceach sa tSualainn chun críocha tráchtála chun ioncam ó chíos a ghiniúint) agus íosleibhéal (urlár) 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa áirithe maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí corparáideacha atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dhochorraithe (foirgnimh árasán atá lonnaithe go fisiceach sa tSualainn atá faoi úinéireacht chun críche tráchtála chun ioncam cíosa a ghiniúint, i gcás ina bhfuil níos mó ná trí áit chónaithe sa mhaoin) a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh;’;

(2)

cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 06 Iúil 2023

Ceann Rúnaíocht BERS,

Ar son Bhord Ginearálta BERS

Francesco MAZZAFERRO


(1)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(2)  IO L 331, 15.12.2010, lch. 1.

(3)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(4)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(5)  IO C 58, 24.2.2011, lch. 4.

(6)  Moladh BERS/2015/2 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 15 Nollaig 2015 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann agus ar chómhalartacht dheonach beart beartais macrastuamachta (IO C 97, 12.3.2016, lch. 9).

(7)  Moladh BERS/2017/4 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 20 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach i leith na mbeart sin (IO C 431, 15.12.2017, lch. 1).

(8)  Moladh BERS/2019/1 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 15 Eanáir 2019 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach ina leith (IO C 106, 20.3.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.)

(10)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(11)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

An Bheilg

Ráta maolánach um riosca sistéamach 9 % ar gach neamhchosaint mhiondíola IRB atá urraithe le maoin chónaithe dhochorraithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg;

I.   Tuairisc ar an mbeart

1.

Le beart na Beilge, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE, forchuirtear ráta maoláin um riosca sistéamach 9 % ar neamhchosaintí miondíola IRB ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le maoin chónaithe dhochorraithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg (neamhchosaintí nár mhainnigh agus neamhchosaintí a mhainnigh araon).

II.   Cómhalartú

2.

Moltar do na húdaráis ábhartha beart na Beilge a chómhalartú trína chur i bhfeidhm ar neamhchosaintí miondíola IRB ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le maoin chónaithe dhochorraithe a bhfuil an chomhthaobhacht ina leith lonnaithe sa Bheilg (mar neamhchosaintí nár mhainnigh agus mar neamhchosaintí a mhainnigh araon). De rogha air sin, is féidir an beart a chómhalartú trí úsáid a bhaint as an raon feidhme seo a leanas i dtuairisciú COREP: Neamhchosaintí IRB ar mhiondíol a urraítear le maoin chónaithe dhochorraithe i leith daoine aonair atá lonnaithe sa Bheilg (mar neamhchosaintí nár mhainnigh agus mar neamhchosaintí a mhainnigh araon).

3.

Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta a chur i bhfeidhm, ar beart beartais macrastuamachta é atá ar fáil ina ndlínse agus a bhfuil an éifeacht is coibhéisí aige leis an mbeart thuasluaite atá molta lena chómhalartú, lena n-áirítear bearta maoirseachta agus cumhachtaí a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Roinn IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

III.   Tairseach ábharthachta

4.

Comhlánaítear an beart le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm féideartha an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha atá ag cómhalartú an bhirt. Féadfar institiúidí a dhíolmhú ón gceanglas um maolán um riosca sistéamach ar acht nach mó ná EUR 2 bhilliún a neamhchosaintí earnálacha ábhartha. Dá bhrí sin, ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a sháraítear an tairseach institiúidsonrach.

5.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is uasleibhéal molta tairsí í an tairseach ábharthachta EUR 2 bhilliún. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

An Ghearmáin

Ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % (i) ar gach neamhchosaint IRB atá urraithe le réadmhaoin chónaithe dhochorraithe atá lonnaithe sa Ghearmáin, agus (ii) ar gach neamhchosaint atá bunaithe ar SA atá urraithe go huile agus go hiomlán le maoin chónaithe dhochorraithe, dá dtagraítear in Airteagal 125(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá lonnaithe sa Ghearmáin.

I.   Tuairisc ar an mbeart

1.

Forchuirtear le beart na Gearmáine, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % ar gach neamhchosaint (i.e. neamhchosaintí miondíola agus neamh-mhiondíola) ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha atá urraithe le réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe sa Ghearmáin. Tá feidhm ag an mbeart (i) maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin agus a úsáideann an cur chuige IRB chun a méideanna neamhchosanta atá ualaithe de réir riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí a urraítear le maoin chónaithe dhochorraithe atá lonnaithe sa Ghearmáin, agus (ii) maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Ghearmáin agus a úsáideann an SA chun a méideanna neamhchosanta atá ualaithe de réir riosca a ríomh le haghaidh neamhchosaintí a urraítear go huile agus go hiomlán le maoin chónaithe dhochorraithe, dá dtagraítear in Airteagal 125(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, atá lonnaithe sa Ghearmáin.

II.   Cómhalartú

2.

Moltar d’údaráis ábhartha beart na Gearmáine a chómhalartú trína chur i bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre.

3.

Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta a chur i bhfeidhm, ar beart beartais macrastuamachta é atá ar fáil ina ndlínse agus a bhfuil an éifeacht is coibhéisí aige leis an mbeart thuasluaite atá molta lena chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Roinn IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh.

4.

Moltar do na húdaráis ábhartha a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart cómhalartach agus go gcomhlíonfar é ón 1 Feabhra 2023 amach.

III.   Tairseach ábharthachta

5.

Comhlánaítear an beart le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm féideartha an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha atá ag cómhalartú an bhirt. Féadfar institiúidí creidmheasa a dhíolmhú ón gceanglas maoláin um riosca sistéamach mura mó ná EUR 10 mbilliún a neamhchosaintí earnála ábhartha. Dá bhrí sin, ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a sháraítear an tairseach institiúidsonrach.

6.

Ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí. I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is uasleibhéal molta tairsí í an tairseach ábharthachta EUR 10 mbilliún. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

An Fhrainc

Géarú ar an teorainn ar neamhchosaint mhór dá bhforáiltear in Airteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí móra neamhairgeadais ag a bhfuil fiachas ollmhór agus a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc, go 5 % de chaipiteal Leibhéal 1, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí domhanda lena bhfuil tábhacht shistéamach (G-SIInna) agus ar institiúidí eile lena bhfuil tábhacht shistéamach (O-SIInna) ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde dá n-imlíne stuamachta baincéireachta.

I.   Tuairisc ar na bearta

1.

Cuimsítear i mbeart na Fraince, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus arna fhorchur ar G-SIInna agus O-SIInna ar leibhéal comhdhlúthúcháin is airde a n-imlíne stuamachta baincéireachta (ní ar leibhéal fo-chomhdhlúite), an teorainn ar neamhchosaint mhór a ghéarú go 5 % dá gcaipiteal Leibhéal 1, is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí móra neamhairgeadais a bhfuil fiachas ollmhór acu agus a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc.

2.

Sainmhínítear corparáid neamhairgeadais mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach faoin dlí príobháideach a bhfuil a hoifig chláraithe sa Fhrainc aige, agus a bhaineann, ar a leibhéal agus ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde, le hearnáil na gcorparáidí neamhairgeadais mar a shainmhínítear i bpointe 2.45 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

3.

Tá feidhm ag an mbeart maidir le neamhchosaintí ar chorparáidí neamhairgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc agus maidir le neamhchosaintí ar ghrúpaí corparáidí neamhairgeadais nasctha mar a leanas:

(a)

Maidir le corparáidí neamhairgeadais ar cuid de ghrúpa corparáidí neamhairgeadais nasctha iad a bhfuil a n-oifig chláraithe acu ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde sa Fhrainc, tá feidhm ag an mbeart maidir le suim na nglan-neamhchosaintí i ndáil leis an ngrúpa agus lena eintitis ghaolmhara de réir bhrí phointe (39) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

Maidir le corparáidí neamhairgeadais ar cuid de ghrúpa corparáidí neamhairgeadais nasctha iad a bhfuil a n-oifig chláraithe acu ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde lasmuigh den Fhrainc, tá feidhm ag an mbeart maidir le suim na nithe seo a leanas:

(i)

na neamhchosaintí ar na corparáidí neamhairgeadais sin a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc;

(ii)

na neamhchosaintí ar na heintitis sa Fhrainc nó ar an gcoigríoch a bhfuil rialú díreach nó indíreach ag na corparáidí neamhairgeadais dá dtagraítear in (i) orthu de réir bhrí phointe (39) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(iii)

na neamhchosaintí ar na heintitis sa Fhrainc nó ar an gcoigríoch atá spleách go heacnamaíoch ar na corparáidí neamhairgeadais dá dtagraítear in (i) de réir bhrí phointe (39) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Dá bhrí sin, corparáidí neamhairgeadais nach bhfuil a n-oifig chláraithe sa Fhrainc acu agus nach fochuideachta nó eintiteas iad atá spleách go heacnamaíoch ar chorparáid neamhairgeadais a bhfuil a hoifig chláraithe aici sa Fhrainc, agus nach bhfuil á rialú go díreach nó go hindíreach ag corparáid den sórt sin, ní thagann siad faoi raon feidhme an bhirt.

I gcomhréir le hAirteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá an beart infheidhme tar éis éifeacht na dteicnící um maolú riosca creidmheasa agus na ndíolúintí a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 399 go hAirteagal 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

4.

Ní mór do G-SII nó O-SII a mheas go bhfuil corparáid neamhairgeadais ag a bhfuil a hoifig chláraithe sa Fhrainc mór, más cothrom le EUR 300 milliún nó níos mó ná sin a neamhchosaint bhunaidh ar an gcorparáid neamhairgeadais, nó ar an ngrúpa de chorparáidí neamhairgeadais nasctha de réir bhrí mhír 3. Ríomhtar luach na neamhchosanta bunaidh i gcomhréir le hAirteagal 389 agus le hAirteagal 390 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sula gcuirtear san áireamh éifeacht na dteicnící um maolú riosca creidmheasa agus na ndíolúintí a leagtar amach in Airteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún (2).

5.

Meastar go bhfuil fiachas ollmhór ag corparáid neamhairgeadais má tá cóimheas giarála atá níos mó ná 100 % aici agus cóimheas cumhdaigh muirear airgeadais atá faoi bhun a trí, arna ríomh ar an leibhéal is airde comhdhlúthúcháin grúpa mar a leanas:

(a)

Is ionann an cóimheas giarála agus an cóimheas idir an fiachas iomlán glan ar airgead tirim agus ar chothromas; agus

(b)

Is ionann an cóimheas cumhdaigh muirear airgeadais agus an cóimheas idir, ar thaobh amháin, an breisluach móide fóirdheontais oibriúcháin lúide: (i) párolla; (ii) cánacha agus dleachtanna oibriúcháin; (iii) gnáthchaiteachas oibriúcháin eile gan ús glan agus muirir chomhchosúla a áireamh; agus (iv) dímheas agus amúchadh, agus, ar an taobh eile, ús agus muirir chomhchosúla.

Ríomhtar na cóimheasa bunaithe ar chomhiomláin chuntasaíochta arna sainiú i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme, mar a léirítear i ráitis airgeadais na corparáide neamhairgeadais, arna ndeimhniú i gcás inarb iomchuí ag cuntasóir cairte.

II.   Cómhalartú

6.

Moltar d’údaráis ábhartha beart na Fraince a chómhalartú trína chur i bhfeidhm ar G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde laistigh de dhlínse a n-imlíne stuamachta baincéireachta.

7.

Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, i gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar lena cómhalartú a chur i bhfeidhm. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

III.   Tairseach ábharthachta

8.

Déantar an beart a chomhlánú le tairseach ábharthachta chomhcheangailte chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha atá ag cómhalartú an bhirt, ina gcuimsítear:

(a)

Tairseach EUR 2 bhilliún le haghaidh neamhchosaintí bunaidh iomlána G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre ar leibhéal comhdhlúthúcháin is airde na himlíne stuamachta baincéireachta le hearnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince;

(b)

Tairseach EUR 300 milliún is infheidhme maidir le G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre atá comhionann leis an tairseach a luaitear in (a) nó níos mó ná sin i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)

neamhchosaint lena ngabhann bunadh aonair ar chorparáid neamhairgeadais a bhfuil a hoifig chláraithe aici sa Fhrainc;

(ii)

suim na neamhchosaintí bunaidh ar ghrúpa de chorparáidí neamhairgeadais nasctha, a bhfuil a oifig chláraithe aige ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán sa Fhrainc, arna ríomh i gcomhréir le mír 3(a);

(iii)

suim na neamhchosaintí bunaidh ar chorparáidí neamhairgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc ar cuid de ghrúpa de chorparáidí neamhairgeadais nasctha iad a bhfuil a n-oifig chláraithe ar an leibhéal is airde comhdhlúthúchán acu lasmuigh den Fhrainc mar a thuairiscítear i dteimpléid C 28.00 agus C 29.00 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014;

(c)

Tá tairseach 5 % de chaipiteal Leibhéal 1 G-SII nó O-SII ar an leibhéal comhdhlúthúcháin is airde, le haghaidh neamhchosaintí arna sainiú in (b) tar éis éifeacht na dteicnící um maolú riosca creidmheasa agus na ndíolúintí a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Tá na tairseacha dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) le cur i bhfeidhm gan beann ar an bhfuil fiachas ollmhór ag an eintiteas ábhartha nó ag an gcorparáid neamhairgeadais nó nach bhfuil.

Ríomhtar luach na neamhchosanta bunaidh dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) i gcomhréir le hAirteagal 389 agus le hAirteagal 390 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sula gcuirtear san áireamh éifeacht na dteicnící um maolú riosca creidmheasa agus na ndíolúintí a leagtar amach in Airteagail 399 go 403 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014.

9.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, féadfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann díolmhú a thabhairt do G-SIInna nó O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre ar leibhéal comhdhlúthúcháin is airde a n-imlíne stuamachta baincéireachta agus nach sáraíonn an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8. Agus an tairseach ábharthachta á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre le hearnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince mar aon le comhchruinniú neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre maidir le corparáidí móra neamhairgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc, agus moltar dóibh beart na Fraince a chur i bhfeidhm ar G-SIInna nó O-SIInna a díolmhaíodh roimhe sin ar leibhéal comhdhlúthúcháin is airde a n-imlíne stuamachta baincéireachta i gcás ina sáraítear an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8. Moltar d’údaráis ábhartha freisin na rioscaí sistéamacha a bhaineann le giaráil mhéadaithe na gcorparáidí móra neamhairgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc a chur in iúl do rannpháirtithe eile sa mhargadh ina ndlínse.

10.

I gcás nach bhfuil G-SIInna nó O-SIInna ar leibhéal comhdhlúthúcháin is airde a n-imlíne stuamachta baincéireachta atá údaraithe sna Ballstáit lena mbaineann agus a bhfuil neamhchosaintí acu ar earnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince os cionn na tairsí ábharthachta dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Roinn 2.2.1 de Mholadh ESRB/2015/2, a chinneadh gan beart na Fraince a chómhalartú. Sa chás sin ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre le hearnáil corparáidí neamhairgeadais na Fraince mar aon le comhchruinniú neamhchosaintí G-SIInna agus O-SIInna atá údaraithe ar bhonn intíre maidir le corparáidí móra neamhairgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc, agus moltar dóibh beart na Fraince a chómhalartú i gcás ina sáraíonn G-SII nó O-SII ar leibhéal comhdhlúthúcháin is airde a n-imlíne stuamachta baincéireachta an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8. Moltar d’údaráis ábhartha freisin na rioscaí sistéamacha a bhaineann le giaráil mhéadaithe na gcorparáidí móra neamhairgeadais a bhfuil a n-oifig chláraithe acu sa Fhrainc a chur in iúl do rannpháirtithe eile sa mhargadh ina ndlínse.

11.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is ionann an tairseach ábharthachta chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 8 agus leibhéal uasta tairsí atá molta. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

An Liotuáin

Ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % do gach neamhchosaint mhiondíola ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na Liotuáine atá urraithe le maoin chónaithe.

I.   Tuairisc ar an mbeart

1.

Le beart na Liotuáine, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 133 de Threoir 2013/36/AE, forchuirtear ráta maoláin um riosca sistéamach 2 % maidir le gach neamhchosaint mhiondíola ar dhaoine nádúrtha sa Liotuáin atá urraithe le maoin chónaithe.

II.   Cómhalartú

2.

Moltar do na húdaráis ábhartha beart na Liotuáine a chómhalartú trína chur i bhfeidhm ar bhrainsí atá lonnaithe sa Liotuáin de bhainc atá údaraithe ar bhonn intíre agus ar neamhchosaintí trasteorann díreacha ar dhaoine nádúrtha sa Liotuáin atá urraithe le maoin chónaithe. Tá sciar suntasach de na suíomhanna morgáiste iomlána i seilbh brainsí eachtracha bainc atá ag feidhmiú sa Liotuáin, dá bhrí sin, le cómhalartú an bhirt ag Ballstáit eile chabhrófaí le cothrom iomaíochta a chothú agus d’áiritheofaí go gcuirfeadh gach rannpháirtí suntasach sa mhargadh an riosca méadaithe réadmhaoine cónaithe sa Liotuáin san áireamh agus go méadófaí a n-athléimneacht.

3.

Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse a chur i bhfeidhm, ar beart beartais macrastuamachta é lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis an mbeart thuas a mholtar a chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Roinn IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

III.   Tairseach ábharthachta

4.

Comhlánaítear an beart le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm féideartha an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha atá ag cómhalartú an bhirt. Féadfar institiúidí a dhíolmhú ón gceanglas maidir leis an maolán um riosca sistéamach mura sáraíonn a neamhchosaintí earnála ábhartha EUR 50 milliún, arb ionann é agus thart ar 0,5 % de neamhchosaintí ábhartha earnáil iomlán na n-institiúidí creidmheasa sa Liotuáin. Dá bhrí sin, ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a sháraítear an tairseach institiúidsonrach.

5.

Réasúnú le haghaidh tairseach den sórt sin:

(a)

Is gá an acmhainn le haghaidh ilroinnt rialála a íoslaghdú, toisc go mbeidh feidhm ag an tairseach ábharthachta chéanna freisin maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe sa Liotuáin;

(b)

Chuideodh cur i bhfeidhm na tairsí ábharthachta sin le cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhéid is go bhfuil institiúidí a bhfuil neamhchosaintí comhchosúla acu faoi réir an cheanglais maidir leis an maolán um riosca sistéamach;

(c)

Tá an tairseach ábhartha don chobhsaíocht airgeadais, toisc go mbraithfidh forbairt bhreise ar riosca réadmhaoine cónaithe go príomha ar ghníomhaíocht sa mhargadh tithíochta, a bhraitheann go páirteach ar mhéid na n-iasachtaí nua a eisítear chun tithe a cheannach. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeart maidir le rannpháirtithe sa mhargadh atá gníomhach sa mhargadh seo cé nach bhfuil a bpunanna iasachtaí morgáiste chomh mór le punanna na soláthraithe iasachta is mó.

6.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is ionann an tairseach ábharthachta EUR 50 milliún agus leibhéal uasta tairsí atá molta. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

Lucsamburg

Teorainneacha um chóimheas iasachta/luacha (LTV) atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh iasachtaí morgáiste nua ar réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe i Lucsamburg, lena ngabhann teorainneacha éagsúla LTV is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla iasachtaithe:

(a)

Teorainn LTV 100 % le haghaidh ceannaitheoirí céaduaire atá ag éadáil a bpríomháite cónaithe;

(b)

Teorainn LTV 90 % le haghaidh ceannaitheoirí eile i.e. daoine nach ceannaitheoirí céaduaire iad atá ag éadáil a bpríomháite cónaithe. Cuirtear an teorainn sin i bhfeidhm ar bhealach comhréireach trí bhíthin liúntas punainne. Go sonrach, féadfaidh iasachtóirí 15 % den phunann morgáistí nua a dheonaítear a eisiúint do na hiasachtaithe sin a bhfuil LTV acu atá os cionn 90 % ach faoi bhun an LTV uasta 100 %;

(c)

Teorainn LTV 80 % le haghaidh iasachtaí morgáiste eile (lena n-áirítear an deighleog “ceannach le ligean ar cíos”).

I.   Tuairisc ar an mbeart

1.

Ghníomhachtaigh údaráis Lucsamburg teorainneacha LTV atá ceangailteach go dlíthiúil le haghaidh iasachtaí nua morgáiste ar mhaoin chónaithe dhochorraithe atá lonnaithe i Lucsamburg. Tar éis Moladh ón Comité du Risque Systémique (an Coiste um Riosca Sistéamach) (3), ghníomhachtaigh an Commission de Surveillance du Secteur Financier (Coimisiún Maoirseachta na hEarnála Airgeadais) (4), ag gníomhú dó i gcomhar le Banque centrale du Lucsamburg, na teorainneacha LTV atá difriúil de réir trí chatagóir iasachtaithe. Is iad seo a leanas na teorainneacha LTV le haghaidh gach ceann de na trí chatagóir:

(a)

Teorainn LTV 100 % le haghaidh ceannaitheoirí céaduaire atá ag éadáil a bpríomháite cónaithe;

(b)

Teorainn LTV 90 % le haghaidh ceannaitheoirí eile i.e. daoine nach ceannaitheoirí céaduaire iad atá ag éadáil a bpríomháite cónaithe. Cuirtear an teorainn sin i bhfeidhm ar bhealach comhréireach trí bhíthin liúntas punainne. Go sonrach, féadfaidh iasachtóirí 15 % den phunann morgáistí nua a dheonaítear a eisiúint do na hiasachtaithe sin a bhfuil LTV acu atá os cionn 90 % ach faoi bhun an LTV uasta 100 %;

(c)

Teorainn LTV 80 % le haghaidh iasachtaí morgáiste eile (lena n-áirítear an deighleog “ceannach le ligean ar cíos”).

2.

Is éard atá in LTV an cóimheas idir suim na n-iasachtaí go léir nó na dtráinsí iasachtaí go léir arna dtacú ag an iasachtaí le maoin chónaithe tráth a ndeonaítear an iasacht agus luach na maoine ag an am céanna.

3.

Tá feidhm ag na teorainneacha LTV go neamhspleách ar an gcineál úinéireachta (e.g. úinéireacht iomlán, cearta úsáide, úinéireacht lom).

4.

Tá feidhm ag an mbeart maidir le haon iasachtaí príobháideach a fhaigheann iasacht mhorgáiste chun réadmhaoin chónaithe a cheannach i Lucsamburg chun críocha neamhthráchtála. Tá feidhm ag an mbeart freisin má úsáideann an t-iasachtaí struchtúr dlíthiúil amhail cuideachta infheistíochta réadmhaoine chun an t-idirbheart sin a chur i gcrích, agus i gcás comhiarratas. Áirítear le “réadmhaoin chónaithe” talamh foirgníochta, cibé acu a dhéantar an obair foirgníochta díreach i ndiaidh an cheannaigh nó blianta dá éis sin. Tá feidhm ag an mbeart chomh maith má dheonaítear iasacht d’iasachtaí chun maoin lena ngabhann comhaontú léasa fhadtéarmaigh a cheannach. Féadfaidh an réadmhaoin a bheith le háitiú ag an úinéir nó le ceannach lena ligean ar cíos.

II.   Cómhalartú

5.

Na Ballstáit a bhfuil neamhchosaintí ábhartha creidmheasa ábhartha i Lucsamburg ag a gcuid institiúidí creidmheasa, corparáidí árachais agus gairmithe a dhéanann gníomhaíochtaí iasachtaithe (iasachtóirí morgáiste) trí chreidmheas trasteorann díreach, moltar dóibh beart Lucsamburg a chómhalartú ina ndlínse féin. Mura bhfuil an beart céanna ar fáil ina ndlínse maidir le gach neamhchosaint trasteorann ábhartha, ba cheart do na húdaráis ábhartha bearta atá ar fáil agus a bhfuil an éifeacht is coibhéisí leo agus atá leis an mbeart beartais macrastuamachta a gníomhachtaíodh a chur i bhfeidhm.

6.

Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt do BERS gur chómhalartaigh siad beart Lucsamburg nó gur úsáid siad díolúintí de minimis i gcomhréir le Moladh D de Mholadh BERS/2015/2. Ba cheart an fógra a sholáthar tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an beart cómhalartúcháin a ghlacadh, agus úsáid á baint as an teimpléad faoi seach arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BERS. Foilseoidh BERS na fógraí ar shuíomh gréasáin BERS, agus ar an tslí sin cuirfear na cinntí náisiúnta maidir le cómhalartú in iúl don phobal. Cuimseofar san fhoilseachán sin aon díolúintí arna ndéanamh ag Ballstáit chómhalartúcháin agus a dtiomantas faireachán a dhéanamh ar sceitheadh agus gníomhú más gá.

7.

Moltar do na Ballstáit beart a chómhalartú laistigh de thrí mhí ó fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

III.   Tairseach ábharthachta

8.

Déantar an beart a chomhlánú le dhá thairseach ábharthachta chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na Ballstáit chómhalartúcháin a stiúradh: tairseach ábharthachta thírshonrach agus tairseach ábharthachta institiúidsonrach. Is é EUR 350 milliún an tairseach ábharthachta thírshonrach le haghaidh iomlán na n-iasachtaí morgáiste trasteorann do Lucsamburg, rud a chomhfhreagraíonn do thart ar 1 % den mhargadh morgáiste réadmhaoine cónaithe intíre iomlán i mí na Nollag 2020. Is é EUR 35 mhilliún an tairseach ábharthachta institiúidsonrach le haghaidh iomlán na n-iasachtaí morgáiste trasteorann do Lucsamburg, rud a chomhfhreagraíonn do thart ar 0.1 % den mhargadh morgáiste réadmhaoine cónaithe intíre iomlán i Lucsamburg i mí na Nollag 2020. Ní iarrtar an cómhalartú ach amháin nuair a sháraítear an tairseach thírshonrach agus an tairseach institiúidsonrach araon.

An Ísiltír

Meánualú riosca íosta arna chur i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB maidir lena bpunanna neamhchosaintí ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le maoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír. Maidir le gach ítim neamhchosanta aonair a thagann faoi raon feidhme an bhirt, sanntar ualú riosca 12 % do sciar den iasacht nach mó ná 55 % de mhargadhluach na maoine a úsáidtear chun an iasacht a urrú, agus sanntar ualú riosca 45 % don sciar atá fágtha den iasacht. Is ionann meánualú riosca íosta na punainne agus meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a ghabhann leis na hiasachtaí aonair.

I.   Tuairisc ar an mbeart

1.

Le beart na hÍsiltíre arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 forchuirtear meánualú riosca íosta do phunann neamhchosaintí institiúidí creidmheasa IRB ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír. Tá iasachtaí a chumhdaítear sa scéim um Ráthaíocht Morgáiste Náisiúnta díolmhaithe ón mbeart.

2.

Ríomhtar an meánualú riosca íosta mar seo a leanas:

(a)

Maidir le gach ítim neamhchosanta aonair a thagann faoi raon feidhme an bhirt, sanntar ualú riosca 12 % don sciar den iasacht nach mó ná 55 % de mhargadhluach na maoine a úsáidtear chun an iasacht a urrú, agus sanntar ualú riosca 45 % don sciar atá fágtha den iasacht. Ba cheart an cóimheas LTV a úsáidfear sa ríomh sin a chinneadh i gcomhréir le forálacha infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(b)

Is ionann meánualú riosca íosta na punainne agus meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a ghabhann leis na hiasachtaí aonair, arna ríomh mar a mhínítear thuas. Déantar neamhshuim de na hiasachtaí aonair atá díolmhaithe ón mbeart nuair a bhíonn an meánualú riosca íosta á ríomh.

3.

Ní chuirtear an beart seo in ionad na gceanglas caipitil reatha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thagann as an rialachán sin. Ní mór do bhainc lena mbaineann an beart meánualú riosca na coda sin den phunann morgáistí a thagann faoi raon feidhme an bhirt seo a ríomh ar bhonn na bhforálacha rialta is infheidhme atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ar bhonn an mhodha mar a leagtha amach sa bheart. Agus a gceanglais chaipitil á ríomh acu, ní mór dóibh an meánualú is airde den dá mheánualú riosca a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

II.   Cómhalartú

4.

Moltar do na húdaráis ábhartha beart na hÍsiltíre a chómhalartú trína chur i bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe go hinmheánach a úsáideann an cur chuige IRB agus a bhfuil neamhchosaintí acu ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le maoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír, mar go bhféadfadh a n-earnáil baincéireachta, trína mbrainsí, a bheith neamhchosanta nó teacht chun bheith neamhchosanta ar an riosca sistéamach i margadh tithíochta na hÍsiltíre go díreach nó go hindíreach.

5.

I gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha an beart céanna a chur i bhfeidhm agus an beart atá curtha chun feidhme san Ísiltír ag an údarás gníomhachtúcháin laistigh den teorainn ama atá sonraithe i bhfo-mholadh C(3).

6.

Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta a chur i bhfeidhm, ar beart beartais macrastuamachta é atá ar fáil ina ndlínse agus a bhfuil an éifeacht is coibhéisí aige leis an mbeart thuasluaite atá molta lena chómhalartú, lena n-áirítear bearta agus cumhachtaí maoirseachta a leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 2, Roinn IV de Threoir 2013/36/AE a ghlacadh. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

III.   Tairseach ábharthachta

7.

Comhlánaítear an beart le tairseach ábharthachta institiúidsonrach chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm féideartha an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha atá ag cómhalartú an bhirt. Féadfar institiúidí a dhíolmhú ón meánualach riosca íosta ar phunann neamhchosaintí de chuid institiúidí creidmheasa IRB ar dhaoine nádúrtha atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe atá lonnaithe san Ísiltír mura mó an luach sin ná EUR 5 bhilliún. Ní dhéanfar iasachtaí a chumhdaítear leis an scéim Náisiúnta um Ráthaíocht Morgáiste a ríomh ina gcuid den tairseach ábharthachta.

8.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is uasleibhéal tairsí molta í an tairseach ábharthachta sin EUR 5 bhilliún. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

An Iorua

ráta maoláin um riosca sistéamach 4,5 % maidir le neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua, arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 133 de Threoir 2013/36/AE, de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022 de bhun théarmaí an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE) (dá ngairtear “CRD de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022” anseo feasta), maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa uile atá údaraithe san Iorua;

íosteorainn 20 % le haghaidh meánualuithe riosca (neamhchosaint-ualaithe) le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe san Iorua, arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022 de bhun théarmaí Chomhaontú LEE (dá ngairtear “CRR mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua an 31 Nollaig 2022” anseo feasta), ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe san Iorua agus a úsáideann an cur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha (IRB) chun ceanglais caipitil rialála a ríomh;

íosteorainn 35 % le haghaidh ualuithe riosca (neamhchosaint-ualaithe) le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála atá lonnaithe san Iorua, arna chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 458(2)(d)(iv) de CRR de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022 ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe san Iorua agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh.

I.   Tuairisc síos ar na bearta

1.

Le héifeacht ón 31 Nollaig 2020, thug Finansdepartet (Aireacht Airgeadais na hIorua) trí bheart macrastuamachta isteach, eadhon (i) maolán um riosca sistéamach maidir le neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua, de bhun Airteagal 133 de CRD de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022; (ii) íosteorainn riosca le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe atá lonnaithe san Iorua, de bhun Airteagal 458(2)(d)(iv) de CRR de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022; agus (iii) íosteorainn riosca le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála atá lonnaithe san Iorua, de bhun Airteagal 458(2)(d)(iv) de CRR de réir mar is infheidhme maidir leis an Iorua agus san Iorua ón 31 Nollaig 2022.

2.

Tá an ráta maolánach um riosca sistéamach socraithe ag 4,5 % agus tá feidhm aige maidir le neamhchosaintí intíre na n-institiúidí creidmheasa uile atá údaraithe san Iorua. Maidir le hinstitiúidí creidmheasa nach n-úsáideann an cur chuige ardleibhéil IRB, áfach, tá an ráta maoláin um riosca sistéamach is infheidhme maidir le gach neamhchosaint socraithe ag 3 % go dtí an 30 Nollaig 2023; ina dhiaidh sin, socrófar an ráta maoláin um riosca sistéamach is infheidhme maidir le neamhchosaintí intíre ag 4,5 %.

3.

Beart na híosteorainneacha meánualaigh riosca um réadmhaoin chónaithe, is ionann é agus íosteorainn meánualaigh riosca institiúidsonrach le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe san Iorua, is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB. Baineann an íosteorainn ualaigh riosca réadmhaoine leis an meánualach riosca neamhchosaint-ualaithe sa phunann réadmhaoine cónaithe. Ba cheart neamhchosaintí ar réadmhaoin chónaithe na hIorua a thuiscint mar neamhchosaintí miondíola arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe san Iorua.

4.

Beart na híosteorainneacha meánualaigh riosca um réadmhaoin tráchtála, is ionann é agus íosteorainn meánualaigh riosca institiúidsonrach le haghaidh neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála san Iorua, is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB. Baineann an íosteorainn ualaigh riosca réadmhaoine leis an meánualach riosca neamhchosaint-ualaithe sa phunann réadmhaoine tráchtála. Ba cheart neamhchosaintí ar réadmhaoin tráchtála na hIorua a thuiscint mar neamhchosaintí corparáideacha arna gcomhthaobhú le maoin dhochorraithe san Iorua.

II.   Cómhalartú

5a.

Moltar do na húdaráis ábhartha bearta na hIorua maidir le neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua a chómhalartú i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de Threoir 2013/36/AE agus le hAirteagal 458(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, faoi seach. Moltar do na húdaráis ábhartha an ráta maolánach um riosca sistéamach a chómhalartú laistigh de 18 mí tar éis fhoilsiú Mholadh BERS/2021/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (5) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart na híosteorainneacha ualaigh riosca le haghaidh neamhchosaintí réadmhaoine cónaithe agus tráchtála san Iorua a chómhalartú laistigh den idirthréimhse chaighdeánach trí mhí tar éis fhoilsiú Mholadh BERS/2021/3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5b.

Ós rud é go bhféadfadh sé, le hísliú na tairsí ábharthachta dá dtagraítear i Moladh BERS/2023/1 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (6), go gceanglófaí ar údarás ábhartha beart cómhalartúcháin náisiúnta nua a ghlacadh nó bearta náisiúnta atá ann cheana a leasú lena gcómhalartaítear beart maolánach um riosca sistéamach na hIorua, beidh feidhm ag an idirthréimhse chaighdeánach trí mhí tar éis Moladh BERS/2023/1 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun bearta cómhalartacha a chur chun feidhme.

6.

Mura bhfuil na bearta beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, i gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, bearta beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis na bearta thuas a mholtar lena gcómhalartú a chur i bhfeidhm. Moltar do na húdaráis ábhartha bearta coibhéiseacha a ghlacadh chun íosteorainneacha meánualaigh riosca a chómhalartú le haghaidh neamhchosaintí réadmhaoine cónaithe agus tráchtála laistigh de 12 mhí agus chun an ráta maoláin um riosca sistéamach a chómhalartú laistigh de 18 mí, faoi seach, tar éis fhoilsiú Moladh BERS/2021/3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Sa mhéid go gceanglaítear le hísliú na tairsí ábharthachta ar údarás ábhartha beart cómhalartúcháin náisiúnta nua a ghlacadh mar a thuairiscítear san fhomhír seo nó leasú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta atá ann cheana féin lena gcómhalartaítear beart maolánach um riosca sistéamach na hIorua, beidh feidhm ag an idirthréimhse chaighdeánach trí mhí tar éis fhoilsiú Mholadh BERS/2023/1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le bearta cómhalartacha a chur chun feidhme.

[7.

Scriosadh mír 7 le Moladh BERS/2023/1.]

III.   Tairseach ábharthachta

8.

Déantar na bearta sin a chomhlánú le tairseach ábharthachta institiúidsonrach atá bunaithe ar neamhchosaintí atá lonnaithe san Iorua chun cur i bhfeidhm ionchasach an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha a mbeidh an beart á chómhalartú acu a stiúradh mar a leanas:

(a)

maidir leis an maolán um riosca sistéamach, socraítear an tairseach ábharthachta ag méid neamhchosanta riosca-ualaithe NOK 5 bhilliún, a chomhfhreagraíonn do thart ar 0.16 % de neamhchosaintí riosca-bhunaithe iomlána na n- institiúidí creidmheasa a thuairiscíonn san Iorua;

(b)

maidir leis an íosteorainn ualaigh riosca réadmhaoine cónaithe, socraítear an tairseach ábharthachta de réir olliasachtú NOK 32,3 billiún, a chomhfhreagraíonn do thart ar 1 % den olliasachtú comhthaobhaithe réadmhaoine cónaithe do chustaiméirí na hIorua;

(c)

maidir leis an íosteorainn ualaigh riosca réadmhaoine tráchtála, socraítear an tairseach ábharthachta de réir olliasachtú NOK 7,6 billiún, a chomhfhreagraíonn do thart ar 1 % den olliasachtú comhthaobhaithe réadmhaoine tráchtála do chustaiméirí na hIorua.

9.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, féadfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann institiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre agus a bhfuil neamhchosaintí neamhábhartha acu san Iorua a dhíolmhú. Meastar go bhfuil neamhchosaintí neamhábhartha má tá siad faoi bhun na dtairseach ábharthachta institiúidsonrach atá leagtha síos faoi mhír 8 thuas. Agus an tairseach ábharthachta á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh bearta na hIorua a chur i bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre agus a díolmhaíodh roimhe sin nuair a sháraítear na tairseacha ábharthachta atá leagtha síos faoi mhír 8 thuas.

10.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is uasleibhéil tairsí mholta iad na tairseacha ábharthachta atá leagtha síos faoi mhír 8 thuas. Dá bhrí sin, in ionad na tairseacha molta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseacha níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí, nó na bearta a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

11.

I gcás nach bhfuil aon institiúidí creidmheasa údaraithe sna Ballstáit a bhfuil neamhchosaintí ábhartha san Iorua acu, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Chuid 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, cinneadh a dhéanamh gan bearta na hIorua a chómhalartú. Sa chás sin, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh bearta na hIorua a chómhalartú i gcás ina sáraíonn institiúid creidmheasa na tairseacha ábharthachta faoi seach.

An tSualainn

íosteorainn 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa áirithe maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí miondíola ar oibleagáideoirí atá ina gcónaí sa tSualainn atá urraithe le maoin dhochorraithe a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh.

íosleibhéal (urlár) 35 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa áirithe maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí corparáideacha ar mhaoin dhochorraithe tráchtála (maoin atá lonnaithe go fisiceach sa tSualainn chun críocha tráchtála chun ioncam ó chíos a ghiniúint) agus íosleibhéal (urlár) 25 % a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa áirithe maidir le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann de neamhchosaintí corparáideacha atá urraithe le morgáistí ar mhaoin chónaithe dhochorraithe (foirgnimh árasán atá lonnaithe go fisiceach sa tSualainn atá faoi úinéireacht chun críche tráchtála chun ioncam cíosa a ghiniúint, i gcás ina bhfuil níos mó ná trí áit chónaithe sa mhaoin) a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh.

I.   Tuairisc ar na bearta

1.

Is éard atá i mbeart na Sualainne, arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn a úsáideann an cur chuige IRB, ná íosteorainn a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí creidmheasa de 25 % i ndáil le meán neamhchosaint-ualaithe na n-ualaí riosca a chuirtear i bhfeidhm ar an bpunann neamhchosaintí miondíola ar oibleagáideoirí a bhfuil cónaí orthu sa tSualainn atá urraithe le maoin dhochorraithe. Is ionann an meán neamhchosaint-ualaithe agus meán ualaí riosca na neamhchosaintí aonair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 154 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna n-ualú le luach na neamhchosaintí ábhartha.

2.

Is éard atá i mbeart na Sualainne arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 458(2)(d)(iv) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a fhorchuirtear ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe sa tSualainn agus a úsáideann an cur chuige IRB, íosleibhéal (urlár) 35 % um ualú riosca ualaithe neamhchosaint-ualaithe le haghaidh institiúid creidmheasa shonrach i ndáil le neamhchosaintí corparáideacha áirithe sa tSualainn atá urraithe le morgáistí ar mhaoin tráchtála dhochorraithe agus íosleibhéal (urlár) 25 % um ualú riosca ualaithe neamhchosaint-ualaithe le haghaidh institiúid creidmheasa shonrach i ndáil le neamhchosaintí corparáideacha áirithe sa tSualainn atá urraithe le morgáistí ar mhaoin cónaithe dhochorraithe. Is ionann an meán neamhchosaint-ualaithe agus meán ualaí riosca na neamhchosaintí aonair arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 153 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna n-ualú le luach na neamhchosaintí ábhartha. Ní chumhdaítear leis an mbeart seo neamhchosaintí corparáideacha atá urraithe le: (i) maoin talmhaíochta; (ii) maoin atá faoi úinéireacht dhíreach bardas, stát nó réigiún; (iii) maoin ina n-úsáidtear níos mó ná 50 % den mhaoin le haghaidh gnó dílis; agus (iv) maoin ilteaghaisí i gcás nach cuspóir tráchtála atá leis an maoin (mar shampla comhlachais tithíochta atá faoi úinéireacht na gcónaitheoirí agus atá neamhbhrabúsach) nó i gcás ina bhfuil líon na dteaghaisí níos lú ná ceithre theaghais.

II.   Cómhalartú

3.

I gcomhréir le hAirteagal 458(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, moltar d’údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann bearta na Sualainne a chómhalartú trína gcur i bhfeidhm ar bhrainsí atá lonnaithe sa tSualainn d’institiúidí creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh. I gcomhréir le hAirteagal 458(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, moltar d’údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann bearta na Sualainne a chómhalartú trína gcur i bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre agus a úsáideann an cur chuige IRB chun ceanglais caipitil rialála a ríomh a bhfuil neamhchosaintí miondíola acu ar oibleagáideoirí atá ina gcónaí sa tSualainn atá urraithe le morgáistí ar aonaid mhaoine dhochorraithe agus/nó neamhchosaintí corparáideacha sa tSualainn atá urraithe le morgáistí ar mhaoin tráchtála nó ar mhaoin chónaithe. I gcomhréir le fo-mholadh C(2), moltar do na húdaráis ábhartha bearta arb ionann iad agus na bearta a chuir an t-údarás gníomhachtaithe chun feidhme sa tSualainn a chur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis fhoilsiú an Mholta chomhfhreagraigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (7).

4.

Mura bhfuil an beart beartais macrastuamachta céanna ar fáil ina ndlínse, moltar do na húdaráis ábhartha, tar éis dul i gcomhairle le BERS, beart beartais macrastuamachta atá ar fáil ina ndlínse lena bhfuil an éifeacht is coibhéisí leis na bearta thuas a mholtar lena gcómhalartú a chur i bhfeidhm. Moltar do na húdaráis ábhartha an beart coibhéiseach a ghlacadh tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis fhoilsiú an Mholta seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8).

III.   Tairseach ábharthachta

5.

Comhlánaítear na bearta le tairseach ábharthachta institiúidsonrach SEK 5 bhilliún le haghaidh gach ceann de na bearta a thuairiscítear i míreanna 1 agus 2, faoi seach, chun stiúradh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phrionsabail de minimis ag na húdaráis ábhartha atá ag cómhalartú an bhirt.

6.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, féadfaidh údaráis ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann institiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre a dhíolmhú agus a úsáideann an cur chuige IRB a bhfuil neamhchosaintí acu atá faoi bhun na tairsí ábharthachta SEK 5 bhilliún le haghaidh na mbeart a thuairiscítear i míreanna 1 agus 2, faoi seach. Agus an tairseach ábharthachta á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh bearta ábhartha na Sualainne a chur i bhfeidhm ar institiúidí creidmheasa aonair atá údaraithe ar bhonn intíre agus a díolmhaíodh roimhe sin nuair a sháraítear an tairseach ábharthachta SEK 5 bhilliún i leith an bhirt sin.

7.

I gcás nach bhfuil neamhchosaintí miondíola, mar a thuairiscítear i mír 1, ag aon institiúid creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre agus a úsáideann an cur chuige IRB, ar mó ná SEK 5 bhilliún iad, trí bhrainsí atá lonnaithe sa tSualainn agus/nó trí ghníomhaíocht dhíreach trasteorann, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, cinneadh a dhéanamh gan an beart a chómhalartú. Sa chás sin ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh an beart a thuairiscítear i mír 1 a chómhalartú i gcás ina sáraíonn institiúid creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB an tairseach SEK 5 bhilliún.

8.

I gcás nach bhfuil neamhchosaintí corparáideacha, mar a thuairiscítear i mír 2, ag aon institiúid creidmheasa atá údaraithe ar bhonn intíre agus a úsáideann an cur chuige IRB, ar mó ná SEK 5 bhilliún iad, trí bhrainsí atá lonnaithe sa tSualainn agus/nó trí ghníomhaíocht dhíreach trasteorann, féadfaidh údaráis ábhartha na mBallstát lena mbaineann, de bhun Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, cinneadh a dhéanamh gan an beart a chómhalartú. Sa chás sin ba cheart do na húdaráis ábhartha faireachán a dhéanamh ar ábharthacht na neamhchosaintí agus moltar dóibh an beart a thuairiscítear i mír 2 a chómhalartú i gcás ina sáraíonn institiúid creidmheasa a úsáideann an cur chuige IRB an tairseach SEK 5 bhilliún.

9.

I gcomhréir le Roinn 2.2.1 de Mholadh BERS/2015/2, is uasleibhéal tairsí molta í an tairseach ábharthachta sin SEK 5 bhilliún. Dá bhrí sin, in ionad an tairseach mholta a chur i bhfeidhm, féadfaidh údaráis ábhartha atá ag cómhalartú tairseach níos ísle a shocrú dá ndlínsí i gcás inarb iomchuí nó an beart a chómhalartú gan aon tairseach ábharthachta.

(1)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le córas Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta ar institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 191, 28.6.2014, lch. 1.)

(3)  Recommandation du comité du risque systémique du 9 novembre 2020 relative aux crédits portant sur des biens immobiliers à usage résidentiel situés sur le territoire du Luxembourg (CRS/2020/005).

(4)  CSSF Régulation N.20-08 du 3 décembre 2020 fixant des conditions pour l’octroi de crédits relatifs à des biens immobiliers à usage résidentiel situés sur le territoire du Luxembourg.

(5)  Moladh BERS/2021/3 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach i leith na mbeart sin (IO C 222, 11.6.2021, lch. 1).

(6)  Moladh BERS/2023/1 ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 6 Márta 2023 lena leasaítear Moladh BERS/2015/2 maidir le measúnú ar éifeachtaí trasteorann beart beartais macrastuamachta agus ar chómhalartacht dheonach i leith na mbeart sin (IO C 158, 4.5.2023, lch. 1).

(7)  Féach Moladh BERS/2019/1 maidir leis an mbeart beartais macrastuamachta a gníomhachtaíodh an 31 Nollaig 2018

(8)  Féach Moladh BERS/2019/1 maidir leis an mbeart beartais macrastuamachta a gníomhachtaíodh an 31 Nollaig 2018.


Top