Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2840

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2840 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

    C/2023/8939

    IO L, 2023/2840, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2840/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2840/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2840

    15.12.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2840 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Nollaig 2023

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear beart coimirce cinntitheach maidir le hallmhairí táirgí cruach áirithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 20 de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (2), agus go háirithe Airteagal 16 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   CÚLRA

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 (3) forchuireann an tAontas beart coimirce cinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach. Is i bhfoirm taraif-chuóta ar allmhairí atá an beart, agus ceadaítear allmhairí saor ó dhleacht laistigh de chuóta atá bunaithe ar shreafaí trádála stairiúla. Tá feidhm ag an gcuóta saor ó dhleacht maidir le hallmhairí isteach i gcríoch an Aontais. Tá feidhm ag dleacht chosanta 25 % maidir le hallmhairí a théann thar an gcuóta is infheidhme.

    (2)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2777 (4) ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm ar tháirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann.

    (3)

    Mar thoradh ar an leasú seo, maidir leis na catagóirí táirgí cruach seo a leanas atá sa bheart coimirce, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann trí iompar díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, beidh siad incháilithe le haghaidh cóireála de bhun na dtaraif-chuótaí de chuid an Aontais má scaoiltear na hearraí sin le haghaidh saorchúrsaíocht i gcríoch Thuaisceart Éireann. Leatháin agus Stiallacha Teorollta Dosmálta (6) (catagóir 8), Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta (7) (catagóir 9), Barraí Treisiúcháin (8) (catagóir 13), Feadáin Mhóra Tháite (9) (catagóir 25A) agus Sreang Neamh-Chóimhiotail (10) (catagóir 28).

    (4)

    Chun a áirithiú nach dtarlóidh sreafaí trádála ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann faoi chuóta iarmharach sna catagóirí sin mura mbeidh taraif-chuóta tiomnaithe na Ríochta Aontaithe – Thuaisceart Éireann ídithe ar dtús, níor cheart an cuóta ‘tíortha eile’ le haghaidh aistrithe earraí ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann a úsáid go dtí go mbeidh an cuóta ‘an Ríocht Aontaithe (go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)’ ídithe. Dá bhrí sin, ní dhéanfaí úsáideoirí de chuid an Aontais a bhrú amach go míchuí ón gcuóta iarmharach de réir sreafaí trádála atá ceaptha chun bheith ag tarlú faoi tharaif-chuóta eile.

    2.   NÓS IMEACHTA

    (5)

    An 6 Samhain 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún Fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (11) inar míníodh, tar éis Rialachán (AE) 2020/2170 a leasú, gur ghá don Choimisiún Rialachán (AE) 2019/159 maidir le bearta a leasú trí tharaif-chuótaí tiomnaithe nua a chruthú a bheadh teoranta d’aistrithe go Tuaisceart Éireann de na catagóirí táirgí a áirítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2777 ón gCoimisiún, ar táirgí iad de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a choinsínítear go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh aistrithe na dtáirgí laistigh de na catagóirí táirgí sin de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, agus a choinsínítear go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, dul isteach saor ó dhleacht i dTuaisceart Éireann go dtí go mbeidh an cuóta leithdháilte ídithe. Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a mbarúil a chur in iúl maidir le hábhar an Fhógra.

    (6)

    Chun méid leordhóthanach na dtaraif-cuótaí tiomnaithe nua a ríomh lena n-áiritheofaí, mar a fhoráiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2777 ón gCoimisiún, inmharthanacht eacnamaíoch na n-aistrithe díreacha sin go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, i bhfianaise na n-imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, rinne an Coimisiún anailís ar an staidreamh a bhí ar fáil (12) chun méid na n-aistrithe go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe a ríomh.

    (7)

    Tá na taraif-chuótaí a chruthaítear leis an Rialachán seo le húsáid go heisiach ag earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2777, agus a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann trí iompar díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíocht i gcríoch Thuaisceart Éireann. Dá bhrí sin, ní dhéanann na taraif-chuótaí nua sin difear do leithdháileadh ná do mhéideanna na dtaraif-cuótaí atá ann cheana le haghaidh tríú tíortha, isteach i gcríoch an Aontais.

    3.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA

    (8)

    Leis an bhFógra Tionscnaimh, tugadh an deis do pháirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach laistigh de sprioc-am a leagadh síos. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ó aon pháirtí leasmhar.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Choimircí arna bhunú faoi Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2015/478 agus faoi Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2015/755 faoi seach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/159 mar a leanas:

    Is mar seo a leanas a léifear codanna den tábla in IARSCRÍBHINN IV, IV.1 – Méideanna na dtaraif-chuótaí:

    Uimhir an Táirge

    Catagóir an táirge

    Cóid AC

    Leithdháileadh de réir tíre (i gcás inarb infheidhme)

    Bliain 6

    Dleachtráta breise

     

    Ón 1.1.2024 go dtí an 31.3.2024

    Ón 1.4.2024 go dtí an 30.6.2024

    Sraithuimhir

     

     

    ‘8

    Leatháin agus Stiallacha Teorollta Dosmálta

    7219 11 00 , 7219 12 10 , 7219 12 90 , 7219 13 10 , 7219 13 90 , 7219 14 10 , 7219 14 90 , 7219 22 10 , 7219 22 90 , 7219 23 00 , 7219 24 00 , 7220 11 00 , 7220 12 00

    Tíortha eile

    108 314,26

    108 314,26

    25  %

    (10)

    an Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

    13,13

    13,13

    25  %

    09.8491

    9

    Leatháin agus Stiallacha Fuar-rollta Dosmálta

    7219 31 00 , 7219 32 10 , 7219 32 90 , 7219 33 10 , 7219 33 90 , 7219 34 10 , 7219 34 90 , 7219 35 10 , 7219 35 90 , 7219 90 20 , 7219 90 80 , 7220 20 21 , 7220 20 29 , 7220 20 41 , 7220 20 49 , 7220 20 81 , 7220 20 89 , 7220 90 20 , 7220 90 80

    an Chóiré (Poblacht na Cóiré)

    49 010,58

    49 010,58

    25  %

    09.8846

    an Téaváin

    45 449,15

    45 449,15

    25  %

    09.8847

    an India

    30 376,69

    30 376,69

    25  %

    09.8848

    an Afraic Theas

    26 432,63

    26 432,63

    25  %

    09.8853

    na Stáit Aontaithe

    24 714,52

    24 714,52

    25  %

    09.8849

    an Tuirc

    20 565,57

    20 565,57

    25  %

    09.8850

    an Mhalaeisia

    13 029,20

    13 029,20

    25  %

    09.8851

    Tíortha eile

    52 263,55

    52 263,55

    25  %

    (12)

    an Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

    30,76

    30,76

    25  %

    09.8492

    13

    Barraí treisiúcháin

    7214 20 00 , 7214 99 10

    an Tuirc

    93 208,76

    93 208,76

    25  %

    09.8866

    Cónaidhm na Rúise

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    25  %

    09.8867

    an Úcráin

    43 393,39

    43 393,39

    25  %

    09.8868

    an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

    33 531,95

    33 531,95

    25  %

    09.8869

    an Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)

    28 025,13

    28 025,13

    25  %

    09.8870

    Tíortha eile

    136 103,03

    136 103,03

    25  %

    (14)

    an Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

    2 127,24

    2 127,24

    25  %

    09.8493

    25.A

    Feadáin mhóra tháite

    7305 11 00 , 7305 12 00

    Tíortha eile

    118 743,72

    118 743,72

    25  %

    (25)

    an Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

    13,70

    13,70

    25  %

    09.8494

    28

    Sreang neamh-chóimhiotail

    7217 10 10 , 7217 10 31 , 7217 10 39 , 7217 10 50 , 7217 10 90 , 7217 20 10 , 7217 20 30 , 7217 20 50 , 7217 20 90 , 7217 30 41 , 7217 30 49 , 7217 30 50 , 7217 30 90 , 7217 90 20 , 7217 90 50 , 7217 90 90

    an Bhealarúis

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    25  %

    09.8961

    an tSín

    77 963,72

    77 963,72

    25  %

    09.8962

    cónaidhm na Rúise

    neamhbhainteach

    neamhbhainteach

    25  %

    09.8963

    an Tuirc

    50 733,63

    50 733,63

    25  %

    09.8964

    an Úcráin

    38 259,97

    38 259,97

    25  %

    09.8965

    Tíortha eile

    48 776,62

    48 776,62

    25  %

    (29)

    an Ríocht Aontaithe (go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

    187,47

    187,47

    25  %

    09.8495’

    Airteagal 2

    I gcás aistrithe earraí ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann, úsáidfear an cuóta ‘an Ríocht Aontaithe (go Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)’ faoi seach ar dtús. Ach amháin nuair a bheidh an cuóta sin ídithe, d’fhéadfadh na haistrithe earraí sin an cuóta ‘tíortha eile’ a úsáid le haghaidh gach ceann de na catagóirí táirgí a liostaítear sa Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 83, 27.3.2015, lch. 16 (‘an Rialachán maidir le bearta coimirce’).

    (2)   IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear beart coimirce chinntitheach in aghaidh allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2777 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm ar tháirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann (IO L, 2023/2777, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2777/oj).

    (5)  Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm (IO L 432, 21.12.2020, lch. 1).

    (6)  Cóid AC (ar mhaithe le faisnéis): 7219 11 00, 7219 12 10, 7219 12 90, 7219 13 10, 7219 13 90, 7219 14 10, 7219 14 90, 7219 22 10, 7219 22 90, 7219 23 00, 7219 24 00, 7220 11 00, 7220 12 00.

    (7)  Cóid AC (ar mhaithe le faisnéis): 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20, 7220 90 80.

    (8)  Cóid AC (ar mhaithe le faisnéis): 7214 20 00 7214 99 10

    (9)  Cóid AC (ar mhaithe le faisnéis): 7305 11 00 7305 12 00

    (10)  Cóid AC (ar mhaithe le faisnéis): 7217 10 10, 7217 10 31, 7217 10 39, 7217 10 50, 7217 10 90, 7217 20 10, 7217 20 30, 7217 20 50, 7217 20 90, 7217 30 41, 7217 30 49, 7217 30 50, 7217 30 90, 7217 90 20, 7217 90 50, 7217 90 90.

    (11)  Fógra maidir le taraif-chuótaí áirithe a chruthú faoin mbeart coimirce cruach i ndáil leis an leasú ar Rialachán (AE) 2020/2170, C(2023) 7358 (IO C, C/2023/591, 6.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/591/oj).

    (12)  Sonraí atá le fáil ón gcóras leictreonach a bunaíodh ar bhonn Airteagail 55 agus 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2840/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top