This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2785
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2785 of 14 December 2023 amending Implementing Regulation (EU) 2021/2325 as regards the recognition of certain control authorities and control bodies for the purpose of importing organic products into the Union
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2785 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2785 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
C/2023/8607
IO L, 2023/2785, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2785/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2785 |
15.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2785 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 48(3) agus Airteagal 57(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2) leagtar amach an liosta de thríú tíortha a n-aithnítear go bhfuil a gcórais táirgthe agus a mbearta rialaithe chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh go horgánach coibhéiseach leis na córais táirgthe agus bearta rialaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (3). I bhfianaise faisnéis nua a fuair an Coimisiún ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann le tríú tíortha áirithe. |
(2) |
Chuir Ceanada in iúl don Choimisiún gur tharraing a údarás inniúil siar na comhlachtaí rialaithe ‘British Columbia Association for Regenerative Agriculture (BCARA)’ (CA-ORG-002) agus ‘International Certification Services, Inc.’ (ICS) (CA-ORG-009) ón liosta de chomhlachtaí rialaithe a aithníonn Ceanada agus gur athraíodh ainm an chomhlacht rialaithe ‘Centre for Systems Integration (CSI)’ (CA-ORG-004). |
(3) |
Chuir Iosrael in iúl don Choimisiún gur chuir a údarás inniúil an comhlacht rialaithe ‘Agrior Ltd-Organic Inspection & Certification’ (IL-ORG-002) ar fionraí ó liosta na gcomhlachtaí rialaithe a aithníonn Iosrael agus go bhfuil comhlacht rialaithe creidiúnaithe nua ‘Lab-path Ltd’ (IL-ORG-005) aitheanta aige. |
(4) |
Chuir an tSeapáin in iúl don Choimisiún gur chuir a údarás inniúil an comhlacht rialaithe ‘Rice Research Organic Food Institute’ (JP-BIO-023) ar fionraí ó liosta na gcomhlachtaí rialaithe a aithníonn an tSeapáin agus go bhfuil comhlacht rialaithe creidiúnaithe nua ‘Miyazaki Organic Agriculture Association’ (JP-BIO-043) aitheanta aici. |
(5) |
Chuir Poblacht na Cóiré in iúl don Choimisiún gur chuir a údarás inniúil na comhlachtaí rialaithe ‘OCK’ (KR-ORG-005), ‘Korea Environment-Friendly Organic Certification Centre’ (KR-ORG-007), ‘Neo environmentally-friendly Certification Center’ (KR-ORG-019), ‘ISC Agriculture development research institute’ (KR-ORG-021) agus ‘Greenstar Agrifood Certification Center’ (KR-ORG-022) ar fionraí ó liosta na gcomhlachtaí rialaithe a aithníonn Poblacht na Cóiré agus go bhfuil na comhlachtaí rialaithe creidiúnaithe nua ‘Sungnong’ (KR-ORG-039), ‘Tojo Glonics co. Ltd.’ (KR-ORG-040), ‘YANGPYEONG ENVIRONMENT-FRIENDLY CERTIFICATION CENTER’ (KR-ORG-041), ‘Haezin Corporation’ (KR-ORG-042), ‘Institute of Green Certification’ (KR-ORG-043) agus ‘DODAM Eco-Friendly’ (KR-ORG-044) aitheanta aici. |
(6) |
Chuir Poblacht na Cóiré in iúl don Choimisiún freisin gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an chomhlachta rialaithe ‘Doalnara Organic Certificated Korea’ (KR-ORG-002), gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an chomhlachta rialaithe ‘Global Organic Agriculturalist Association’ (KR-ORG-004), gur athraíodh seoladh idirlín an chomhlachta idirlín ‘KAFCC’ (KR-ORG-006), gur athraíodh ainm an chomhlachta rialaithe ‘Konkuk Ecocert Certification Service’ (KR-ORG-008), gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an comhlachta rialaithe ‘Green Environmentally-Friendly certification center’ (KR-ORG-020), gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an comhlachta rialaithe ‘Eco Agriculture Institute Inc’ (KR-ORG-029), gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an comhlachta rialaithe ‘Korea organic certification’ (KR-ORG-031) gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an chomhlachta rialaithe ‘Ctforum. Ltd’ (KR-ORG-037) agus gur athraíodh ainm agus seoladh idirlín an chomhlachta rialaithe ‘ORGANIC PROMOTION’ (KR-ORG-038). |
(7) |
Chuir na Stáit Aontaithe in iúl don Choimisiún gur athraíodh ainm an chomhlachta rialaithe‘Department of Plant Industry — Clemson University’ (US-ORG-009) go ‘Clemson University’ agus gur athraíodh ainm an chomhlachta rialaithe ‘Ecocert S.A’ (US-ORG-010) go ‘Ecocert S.A.S’. |
(8) |
Chuir na Stáit Aontaithe in iúl don Choimisiún freisin go ndearna na comhlachtaí rialaithe ‘Ecocert ICO, LLC’ (US-ORG-016), ‘International Certification Services, Inc.’ (US-ORG-017), ‘LACON GmbH’ (US-ORG-020), ‘New Jersey Department of Agriculture’ (US-ORG-034) agus ‘New Mexico Department of Agriculture, Organic Program’ (US-ORG-035) a gcuid gníomhaíochtaí a scor agus, dá bhrí sin, gur tarraingíodh siar iad ó liosta na gcomhlachtaí rialaithe a aithníonn na Stáit Aontaithe. Thairis sin, chuir na Stáit Aontaithe in iúl don Choimisiún go bhfuil comhlacht rialaithe creidiúnaithe nua ‘Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.’ (US-ORG-069) aitheanta acu. |
(9) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 leagtar amach an liosta de na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. I bhfianaise faisnéis nua agus iarrataí nua a fuair an Coimisiún ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an liosta sin. |
(10) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó ‘Ecogruppo Italia’ (BIO-187) a aitheantas i leith na dtríú tíortha uile a n-aithnítear é ina leith a tharraingt siar. |
(11) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó ‘TÜV Nord Integra’ (BIO-160) a aitheantas i leith na dtríú tíortha uile a n-aithnítear é ina leith a tharraingt siar. |
(12) |
Chuir ‘Ecovivendi d.o.o. Belgrade’ (BIO-183) in iúl don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh. |
(13) |
Fuair an Coimisiún iarraidh ó ‘Oregon Tilth’ (BIO-116) a aitheantas i leith na Bolaive, na Sile agus Hondúras a tharraingt siar. Fuair an Coimisiún iarraidh ó ‘Ekoagros’ (BIO-170) a aitheantas i gcás gach catagóir táirgí i leith Chónaidhm na Rúise agus Phoblacht na Bealarúise a tharraingt siar, agus a aitheantas i gcás catagóirí táirgí D agus F i leith na Casacstáine agus na Táidsíceastáine a tharraingt siar. |
(14) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a leasú dá réir sin. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um tháirgeadh orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:
(1) |
san iontráil le haghaidh ‘CANADA’, leasaítear an tábla i bpointe 5 mar a leanas:
|
(2) |
san iontráil le haghaidh ‘ISRAEL’, leasaítear an tábla i bpointe 5 mar a leanas:
|
(3) |
san iontráil le haghaidh ‘JAPAN’, leasaítear an tábla i bpointe 5 mar a leanas:
|
(4) |
san iontráil le haghaidh ‘REPUBLIC OF KOREA’, leasaítear an tábla i bpointe 5 mar a leanas:
|
(5) |
san iontráil le haghaidh ‘UNITED STATES’, leasaítear an tábla i bpointe 5 mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:
(1) |
scriostar an iontráil le haghaidh ‘Ecogruppo Italia’; |
(2) |
scriostar an iontráil le haghaidh ‘TÜV Nord Integra’; |
(3) |
san iontráil le haghaidh ‘Ecovivendi d.o.o. Belgrade’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
|
(4) |
san iontráil le haghaidh ‘Oregon Tilth’, sa tábla i bpointe 3, scriostar na rónna le haghaidh na Bolaive, na Sile agus Hondúras; |
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘Ekoagros’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2785/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)