This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2772
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/2772 of 31 July 2023 supplementing Directive 2013/34/EU of the European Parliament and of the Council as regards sustainability reporting standards
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2772 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta
C/2023/5303
IO L, 2023/2772, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2772/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
01/01/2025
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2772 |
22.12.2023 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2772 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Iúil 2023
lena bhforlíontar Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 ar na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuairiscí gaolmhara de chuid chineálacha áirithe gnóthais, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 29b(1), an chéad fhomhír, di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2013/34/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ceanglaítear ar ghnóthais mhóra, ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ag a bhfuil urrúis atá ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte an Aontais, chomh maith le máthairghnóthais grúpaí móra, an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar thionchair na ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d’fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais, a áireamh i roinn ar leith dá dtuarascáil bhainistíochta nó den tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite. Tá an fhaisnéis sin le hullmhú ag gnóthais i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ó thús na bliana airgeadais a léirítear in Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464 i gcás gach catagóire gnóthas. |
|
(2) |
Ceanglaítear ar an gCoimisiún an chéad tacar caighdeán a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2023 lena sonrófar an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le hAirteagal 19a(1) agus (2), agus Airteagal 29a(1) agus (2) den Treoir sin, lena n-áirítear ar a laghad an fhaisnéis a theastaíonn ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun na hoibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (3). |
|
(3) |
Tá an chomhairle theicniúil a sholáthair EFRAG curtha san áireamh ag an gCoimisiún. Comhlíonann comhairle theicniúil neamhspleách EFRAG na critéir a leagtar amach in Airteagal 49(3b), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír, de Threoir 2013/34/AE. Chun comhréireacht na gcaighdeán a áirithiú agus a gcur i bhfeidhm ceart ag gnóthais a éascú, thug an Coimisiún isteach modhnuithe ar chomhairle theicniúil EFRAG a mhéid a bhaineann leis an gcur chuige ábharthachta, tabhairt isteach céimnithe ceanglas áirithe, tiontú ceanglas áirithe ina bpointí sonraí deonacha, tabhairt isteach solúbthachtaí i roinnt ceanglas maidir le nochtadh, tabhairt isteach modhnuithe teicniúla chun comhleanúnachas le creat dlíthiúil an Aontais agus ardleibhéil idir-inoibritheachta le tionscnaimh dhomhanda maidir le socrú caighdeán a áirithiú, chomh maith le modhnuithe eagarthóireachta. |
|
(4) |
Comhlíonann na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE. |
|
(5) |
Ba cheart dá bhrí sin caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna a ghlacadh. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 29b(1), an ceathrú fomhír, de Threoir 2013/34/AE, níor cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm níos luaithe ná 4 mhí tar éis don Choimisiún é a ghlacadh. Ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464 ar chatagóirí áirithe gnóthas na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin a chur i bhfeidhm le haghaidh blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 49(3b), an ceathrú fomhír, de Threoir 2013/34/AE, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). I gcomhréir le hAirteagal 49(3b), an cúigiú fomhír, de Threoir 2013/34/AE, d’iarr an Coimisiún tuairim ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), ón Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus ón Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC), go háirithe maidir le comhsheasmhacht an Rialacháin seo le Rialachán (AE) 2019/2088 agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin. I gcomhréir le hAirteagal 49(3b), an séú fomhír, de Threoir 2013/34/AE, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, leis an mBanc Ceannais Eorpach, le Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta agus leis an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe a bunaíodh de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2020/852, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá le húsáid ag gnóthais chun a dtuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE de réir an tráthchláir a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 182, 29.6.2013, lch. 19.
(2) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
(3) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
CAIGHDEÁIN EORPACHA MAIDIR LE TUAIRISCIÚ UM INBHUANAITHEACHT (ESRS)
|
ESRS 1 |
Ceanglais ghinearálta |
|
ESRS 2 |
Nochtaí ginearálta |
|
ESRS E1 |
Athrú aeráide |
|
ESRS E2 |
Truailliú |
|
ESRS E3 |
Uisce agus acmhainní muirí |
|
ESRS E4 |
Bithéagsúlacht agus éiceachórais |
|
ESRS E5 |
Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach |
|
ESRS S1 |
Lucht saothair dílis |
|
ESRS S2 |
Oibrithe sa slabhra luacha |
|
ESRS S3 |
Pobail dá ndéantar difear |
|
ESRS S4 |
Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh |
|
ESRS G1 |
Iompar gnó |
ESRS 1
CEANGLAIS GHINEARÁLTA
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
|
1. |
Catagóirí Chaighdeáin ESRS, réimsí tuairiscithe agus coinbhinsiúin maidir le dréachtú |
|
1.1 |
Catagóirí Chaighdeáin ESRS |
|
1.2 |
Réimsí tuairiscithe agus íoscheanglais maidir le nochtadh ábhair i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, spriocanna agus méadracht |
|
1.3 |
Coinbhinsiúin maidir le dréachtú |
|
2. |
Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise |
|
3. |
Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta |
|
3.1 |
Páirtithe leasmhara agus an bhaint atá acu leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta |
|
3.2 |
Ábhair ábhartha agus ábharthacht na faisnéise |
|
3.3 |
Ábharthacht dhúbailte |
|
3.4 |
Ábharthacht tionchair |
|
3.5 |
Ábharthacht airgeadais |
|
3.6 |
Tionchair nó rioscaí ábhartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inbhuanaitheachta |
|
3.7 |
Leibhéal an dí-chomhiomlánaithe |
|
4. |
Dícheall cuí |
|
5. |
Slabhra luacha |
|
5.1 |
Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha |
|
5.2 |
Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála |
|
6. |
Tréimhsí ama |
|
6.1 |
Tréimhse tuairiscithe |
|
6.2 |
An t-am atá thart, an lá atá inniu ann agus an todhchaí a nascadh |
|
6.3 |
Tuairisciú ar dhul chun cinn in aghaidh na bonnbhliana |
|
6.4 |
Sainmhíniú ar gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach chun críoch tuairiscithe |
|
7 |
Faisnéis inbhuanaitheachta a ullmhú agus a chur i láthair |
|
7.1 |
Faisnéis chomparáideach a chur i láthair |
|
7.2 |
Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí |
|
7.3 |
Nochtaí maidir le teagmhais a thabhairt cothrom le dáta tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe |
|
7.4 |
Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta |
|
7.5 |
Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú |
|
7.6 |
Tuairisciú comhdhlúite agus díolúine fochuideachta |
|
7.7 |
Faisnéis rúnaicmithe agus íogair, agus faisnéis faoi mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí na nuálaíochta |
|
7.8 |
Tuairisciú ar dheiseanna |
|
8. |
Struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta |
|
8.1 |
Ceanglas ginearálta maidir le cur i láthair |
|
8.2 |
Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta |
|
9. |
Naisc le codanna eile den tuairisciú corparáideach agus faisnéis nasctha |
|
9.1 |
Cuimsiú de réir tagartha |
|
9.2 |
Faisnéis nasctha agus nascacht leis na ráitis airgeadais |
|
10. |
Forálacha idirthréimhseacha |
|
10.1 |
Foráil idirthréimhseach a bhaineann le nochtaí eintiteas-sonracha |
|
10.2 |
Foráil idirthréimhseach a bhaineann le caibidil 5 Slabhra luacha |
|
10.3 |
Foráil idirthréimhseach a bhaineann le roinn 7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair |
|
10.4 |
Foráil idirthréimhseach: Liosta na gCeanglas maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
Nochtaí eintiteas-sonracha |
|
– |
Ábharthacht dhúbailte |
|
– |
Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála |
|
– |
Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta |
|
Foscríbhinn B: |
Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise |
|
Foscríbhinn C: |
Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach |
|
Foscríbhinn D: |
Struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS |
|
Foscríbhinn E: |
Sreabhchairt chun na nochtaí atá le háireamh a chinneadh |
|
Foscríbhinn F: |
Sampla de struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS |
|
Foscríbhinn G: |
Sampla de chuimsiú de réir tagartha |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir na gCaighdeán Eorpach maidir le Tuairisciú um Inbhuanaitheacht (ESRS) an fhaisnéis inbhuanaitheachta a shonrú a nochtfaidh gnóthas i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (1) arna leasú le Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (2) Le tuairisciú i gcomhréir le ESRS, ní dhíolmhaítear gnóthais ó oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais. |
|
2. |
Go sonrach, sonraítear in ESRS an fhaisnéis a nochtfaidh gnóthas faoina thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta chomhshaoil, shóisialta agus rialachais. Le ESRS, ní cheanglaítear ar ghnóthais aon fhaisnéis a nochtadh maidir le topaicí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a chumhdaítear le ESRS nuair a rinne an gnóthas measúnú ar an topaic i gceist mar neamhábhartha (Féach Foscríbhinn E den Chaighdeán seo ‘Sreabhchairt chun na nochtaí atá le háireamh a chinneadh’). Leis an bhfaisnéis a nochtar i gcomhréir le ESRS, cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha an ghnóthais ar dhaoine agus ar an gcomhshaol agus éifeachtaí ábhartha ábhar inbhuanaitheachta ar fhorbairt, ar fheidhmíocht agus ar shuíomh an ghnóthais a thuiscint. |
|
3. |
Is é is cuspóir don Chaighdeán seo (ESRS 1) tuiscint a thabhairt ar ailtireacht ESRS, ar na coinbhinsiúin maidir le dréachtú agus ar na coincheapa bunúsacha a úsáidtear, agus ar na ceanglais ghinearálta maidir le faisnéis inbhuanaitheachta a ullmhú agus a chur i láthair i gcomhréir le Treoir 2013/34, arna leasú le Treoir 2022/2464. |
1. Catagóirí Chaighdeáin ESRS, réimsí tuairiscithe agus coinbhinsiúin maidir le dréachtú
1.1. Catagóirí chaighdeáin ESRS
|
4. |
Tá trí chatagóir ESRS ann:
Tá caighdeáin thrasearnálacha agus caighdeáin thopaicshonracha il-oiriúnach ó thaobh earnála de, rud a chiallaíonn go bhfuil feidhm acu maidir le gach gnóthas gan beann ar an earnáil nó ar na hearnálacha ina bhfuil an gnóthas ag oibriú. |
|
5. |
Tá feidhm ag caighdeáin thrasearnálacha ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí ginearálta maidir leis na hábhair inbhuanaitheachta a chumhdaítear le caighdeáin thopaicshonracha agus le caighdeáin earnáilsonracha. |
|
6. |
Sa chaighdeán seo (ESRS 1), déantar cur síos ar ailtireacht chaighdeáin ESRS, mínítear coinbhinsiúin maidir le dréachtú agus coincheapa bunúsacha, agus leagtar amach ceanglais ghinearálta maidir le faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a ullmhú agus a chur i láthair. |
|
7. |
Le ESRS 2 bunaítear Ceanglais maidir le Nochtadh i dtaobh na faisnéise a sholáthróidh an gnóthas ar an leibhéal ginearálta thar gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha maidir leis na réimsí tuairiscithe rialachas, straitéis, tionchar, bainistiú rioscaí agus deiseanna, agus méadracht agus spriocanna. |
|
8. |
Le ESRS topaicshonracha, cumhdaítear topaic inbhuanaitheachta agus tá siad struchtúrtha i dtopaicí agus i bhfothopaicí, agus, i gcás inar gá, i bhfo-fhothopaicí. Sa tábla i gCeanglas maidir le Cur i bhFeidhm 16 (AR 16) a ghabhann leis an gcaighdeán sin, tugtar forléargas ar na topaicí inbhuanaitheachta, ar na fothopaicí agus ar na fo-fhothopaicí (ar a dtugtar ‘ábhair inbhuanaitheachta’ i dteannta a chéile) a chumhdaítear le ESRS topaicshonracha. |
|
9. |
D’fhéadfadh ceanglais shonracha a chomhlánaíonn na Ceanglais maidir le Nochtadh ar an leibhéal ginearálta a bhaineann le ESRS 2 a bheith san áireamh in ESRS topaicshonracha. Le ESRS 2 Foscríbhinn C Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme i gcomhpháirt le ESRS 2 Nochtaí Ginearálta soláthraítear liosta de na ceanglais bhreise in ESRS topaicshonracha a chuirfidh an gnóthas i bhfeidhm i gcomhar leis na ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh in ESRS 2. |
|
10. |
Tá caighdeáin earnáilsonracha infheidhme maidir le gach gnóthas laistigh d’earnáil. Tugtar aghaidh leo ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ar dócha go mbeidh siad ábhartha do gach gnóthas in earnáil shonrach agus nach gcumhdaítear, nó nach gcumhdaítear go leormhaith, le caighdeáin thopaicshonracha. Baineann na caighdeáin earnáilsonracha le hilábhair agus cumhdaítear leo na hábhair is ábhartha don earnáil atá i gceist. Baineann caighdeáin earnáilsonracha leibhéal ard inchomparáideachta amach. |
|
11. |
I dteannta na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar síos sna trí chatagóir ESRS, i gcás ina gcinneann gnóthas nach bhfuil tionchar, riosca nó deis cumhdaithe ag ESRS nó nach bhfuil sé cumhdaithe le gráinneacht leormhaith ach go bhfuil sé ábhartha mar gheall ar a fhíorais agus a chúinsí sonracha, soláthróidh sé nochtaí breise eintiteas-sonracha chun go mbeidh úsáideoirí in ann tionchair, rioscaí nó deiseanna an ghnóthais, ar tionchair, rioscaí nó deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht iad, a thuiscint. Le ceanglais maidir le cur i bhfeidhm AR 1 go AR 5, tugtar treoraíocht bhreise maidir le nochtaí eintiteas-sonracha. |
1.2. Réimsí tuairiscithe agus íoscheanglais maidir le nochtadh ábhair i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, spriocanna agus méadracht
|
12. |
Na Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS 2, in ESRS topaicshonracha agus in ESRS earnáilsonracha, tá siad struchtúrtha sna réimsí tuairiscithe seo a leanas:
|
|
13. |
Áirítear le ESRS 2:
Cuirfidh an gnóthas na híoscheanglais maidir le nochtadh i bhfeidhm i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, méadracht agus spriocanna mar aon leis na Ceanglais maidir le Nochtadh chomhfhreagracha in ESRS topaicshonracha agus earnáilsonracha. |
1.3. Coinbhinsiúin maidir le dréachtú
|
14. |
I ngach ESRS:
Tagraítear dóibh sin i gcomhpháirt mar ‘thionchair, rioscaí agus deiseanna’ (IROnna). Léiríonn siad peirspictíocht ábharthachta dhúbailte ESRS a thuairiscítear i roinn 3. |
|
15. |
Ar fud ESRS, cuirtear na téarmaí a shainmhínítear i ngluais na sainmhínithe (Iarscríbhinn II) i gcló trom iodálach, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear téarma sainmhínithe níos mó ná uair amháin san mhír chéanna. |
|
16. |
Le ESRS déantar an fhaisnéis a struchtúrú a bheidh le nochtadh faoi Cheanglais maidir le Nochtadh. Is éard atá i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh pointe sonraí ar leith amháin nó níos mó. Is féidir freisin go dtagraítear leis an téarma ‘pointe sonraí’ d’fho-eilimint insinte de Cheanglas maidir le Nochtadh. |
|
17. |
Chomh maith leis na Ceanglais maidir le Nochtadh, tá Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm sa chuid is mó de ESRS freisin. Tacaíonn Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le cur i bhfeidhm na gCeanglas maidir le Nochtadh agus tá an t-údarás céanna acu agus atá ag codanna eile de ESRS. |
|
18. |
Baineann ESRS úsáid as na téarmaí seo a leanas chun idirdhealú a dhéanamh idir céimeanna éagsúla oibleagáide ar an ngnóthas faisnéis a nochtadh:
Ina theannta sin, úsáideann ESRS an téarma “breithneoidh” agus tagairt á déanamh do shaincheisteanna, d’acmhainní nó do mhodheolaíochtaí a mheastar a chuirfidh an gnóthas san áireamh nó a úsáidfidh sé agus nochtadh ar leith á ullmhú más infheidhme. |
2. Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise
|
19. |
Le linn dó a ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú, cuirfidh an gnóthas na nithe seo a leanas i bhfeidhm:
|
|
20. |
Déantar saintréithe cáilíochtúla sin na faisnéise a shainmhíniú agus a thuairisciú i bhFoscríbhinn B den Chaighdeán seo. |
3. Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta
|
21. |
Tuairisceoidh an gnóthas ar ábhair inbhuanaitheachta bunaithe ar an bprionsabal maidir le hábharthacht dhúbailte mar a shainmhínítear agus mar a mhínítear sa chaibidil seo. |
3.1 Páirtithe leasmhara agus an bhaint atá acu leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta
|
22. |
Is iad na páirtithe leasmhara na páirtithe sin ar féidir leo difear a dhéanamh don ghnóthas nó dá ndéanann an gnóthas difear. Tá dhá phríomhghrúpa páirtithe leasmhara ann:
|
|
23. |
D’fhéadfadh roinnt páirtithe leasmhara ach ní gach páirtí leasmhar a bheith sa dá ghrúpa dá dtagraítear i mír 22. |
|
24. |
Tá rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear lárnach do phróiseas leanúnach díchill chuí an ghnóthais (féach caibidil 4 Dícheall cuí) agus don mheasúnú ar ábharthacht inbhuanaitheachta. Áirítear leis sin na próisis atá aige chun tionchair dhiúltacha iarbhír agus ionchasacha a shainaithint agus a mheasúnú, rud a threoraíonn an próiseas measúnaithe chun na tionchair ábhartha chun críoch tuairisciú um inbhuanaitheacht a shainaithint (féach roinn 3.4 den Chaighdeán seo). |
3.2 Ábhair ábhartha agus ábharthacht na faisnéise
|
25. |
Is gá measúnú ábharthachta a dhéanamh (féach ranna 3.4 Ábharthacht tionchair agus 3.5 Ábharthacht airgeadais) ionas go mbeidh an gnóthas in ann na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheidh le tuairisciú a shainaithint. |
|
26. |
Is é an measúnú ábharthachta an túsphointe le haghaidh tuairisciú um inbhuanaitheacht faoi ESRS. Áirítear in IRO-1 i roinn 4.1 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca le próiseas an ghnóthais chun tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-ábharthacht. Soláthraíonn SBM-3 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a eascraíonn as measúnú ábharthachta an ghnóthais. |
|
27. |
Áirítear leis na Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm i bhFoscríbhinn A den Chaighdeán seo liosta ábhar inbhuanaitheachta a chumhdaítear in ESRS topaicshonracha, roinnte i gcatagóirí de réir topaicí, fothopaicí agus fo-fhothopaicí, mar thaca leis an measúnú ábharthachta. Foscríbhinn E Sreabhchairt chun na nochtaí atá le háireamh a chinneadh den Chaighdeán seo ina soláthraítear léaráid den mheasúnú ábharthachta ar a dtugtar tuairisc sa roinn seo. |
|
28. |
Tá ábhar inbhuanaitheachta ‘ábhartha’ nuair a chomhlíonann sé na critéir a shainmhínítear le haghaidh ábharthacht tionchair (féach roinn 3.4 den Chaighdeán seo) nó le haghaidh ábharthacht airgeadais (féach roinn 3.5 den Chaighdeán seo) nó an dá cheann. |
|
29. |
Gan beann ar thoradh a mheasúnaithe ábharthachta, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas i gcónaí a cheanglaítear le: ESRS 2 Nochtadh Ginearálta (i.e. na Ceanglais uile maidir le Nochtadh agus na pointí sonraí uile a shonraítear in ESRS 2) agus na Ceanglais maidir le Nochtadh (lena n-áirítear a bpointí sonraí) in ESRS topaicshonracha a bhaineann leis an gCeanglas maidir le Nochtadh IRO-1 Tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, mar a liostaítear in ESRS 2 Foscríbhinn C Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme go comhpháirteach le ESRS 2 Nochtadh Ginearálta. |
|
30. |
I gcás ina dtagann an gnóthas ar an gconclúid go bhfuil ábhar inbhuanaitheachta ábhartha de thoradh a mheasúnaithe ábharthachta, ar a leagann ESRS 2 IRO-1, IRO-2 agus SBM-3 síos ceanglais maidir le nochtadh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
31. |
An fhaisnéis is infheidhme arna forordú laistigh de Cheanglas maidir le Nochtadh, lena n-áirítear a pointí sonraí, nó laistigh de nochtadh eintiteas-sonrach, nochtfar í nuair a mheasann an gnóthas, mar chuid dá mheasúnú ar fhaisnéis ábhartha, í a bheith ábhartha ó cheann amháin nó níos mó de na peirspictíochtaí seo a leanas:
|
|
32. |
Má chinneann an gnóthas nach bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé ar lár na ceanglais uile maidir le nochtadh in ESRS E1 Athrú Aeráide, nochtfaidh sé míniú mionsonraithe ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta maidir leis an athrú aeráide (féach ESRS 2 IRO-2 Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais), lena n-áirítear anailís réamhbhreathnaitheach ar na dálaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an ngnóthas a theacht ar an gconclúid go bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha amach anseo. Má thagann an gnóthas ar an gconclúid nach bhfuil topaic ábhartha, topaic seachas an t-athrú aeráide, agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé na Ceanglais uile maidir le Nochtadh ar lár san ESRS topaicshonrach comhfhreagrach, féadfaidh sé míniú gairid a thabhairt ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta don topaic sin. |
|
33. |
Le linn don ghnóthas a bheith ag nochtadh faisnéise maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna i ndáil le hábhar inbhuanaitheachta a ndearnadh measúnú air mar ábhar ábhartha, cuirfidh an gnóthas san áireamh an fhaisnéis arna forordú leis na Ceanglais uile maidir le Nochtadh agus na pointí sonraí san ESRS topaicshonrach agus earnáilsonrach a bhaineann leis an ábhar sin agus san Íoscheanglas maidir le Nochtadh comhfhreagrach i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí, agus spriocanna a cheanglaítear faoi ESRS 2. Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a nochtadh arna forordú leis na Ceanglais maidir le Nochtadh agus na pointí sonraí san ESRS topaicshonrach nó earnáilsonrach, nó leis na hÍoscheanglais maidir le Nochtadh in ESRS 2 i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna, toisc nár ghlac sé na beartais faoi seach, nár chuig sé na gníomhaíochtaí faoi seach chun feidhme, agus nár leag sé síos na spriocanna faoi seach, nochtfaidh sé go bhfuil sé sin amhlaidh agus féadfaidh sé tréimhse ama a thuairisciú ina bhfuil sé d’aidhm aige iad sin a bheith i bhfeidhm aige. |
|
34. |
Nuair a bhíonn faisnéis á nochtadh ag an ngnóthas maidir le méadracht le haghaidh ábhar inbhuanaitheachta ábhartha de réir na roinne Méadrachta agus Spriocanna den ESRS topaicshonrach ábhartha:
|
|
35. |
Má fhágann an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le pointe sonraí a eascraíonn as reachtaíocht eile de chuid an Aontais a liostaítear i bhFoscríbhinn B de ESRS 2 ar lár, luafaidh sé go sainráite nach bhfuil an fhaisnéis atá i gceist ‘ábhartha’. |
|
36. |
Suífidh an gnóthas conas a chuireann sé critéir i bhfeidhm, lena n-áirítear tairseacha iomchuí, chun na nithe seo a leanas a chinneadh:
|
3.3 Ábharthacht dhúbailte
|
37. |
Tá dhá ghné ag baint le hábharthacht dhúbailte, is iad sin: ábharthacht tionchair agus ábharthacht airgeadais. Mura sonraítear a mhalairt, úsáidtear na téarmaí ‘ábhartha’ agus ‘ábharthacht’ ar fud ESRS chun tagairt a dhéanamh d’ábharthacht dhúbailte. |
|
38. |
Tá measúnuithe ar ábharthacht tionchair agus ar ábharthacht airgeadais idirghaolmhar agus breithneofar an chaoi a mbíonn an dá ghné sin ag brath ar a chéile. Go ginearálta, is é an túsphointe an measúnú ar thionchair, cé go bhféadfadh rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith ann freisin nach mbaineann le tionchair an ghnóthais. D’fhéadfadh tionchar inbhuanaitheachta a bheith ábhartha ó thaobh airgeadais de óna thionscnamh nó d’fhéadfadh sé teacht chun bheith ábhartha ó thaobh airgeadais de, nuair a d’fhéadfaí coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfadh sé difear do staid airgeadais, d’fheidhmíocht airgeadais, nó do shreafaí airgid an ghnóthais, dá rochtain ar mhaoiniú nó do chostas caipitil sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Déantar tionchair a ghabháil leis an bpeirspictíocht ábharthachta tionchair is cuma cé acu atá siad ábhartha ó thaobh airgeadais de nó nach bhfuil. |
|
39. |
Agus na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna i slabhra luacha an ghnóthais á sainaithint agus á measúnú chun a n-ábharthacht a chinneadh, díreoidh an gnóthas ar réimsí ina meastar gur dóigh go n-eascróidh tionchair, rioscaí agus deiseanna, bunaithe ar chineál na ngníomhaíochtaí, na ngaolmhaireachtaí gnó, na limistéar geografach nó na dtosca eile lena mbaineann. |
|
40. |
Breithneoidh an gnóthas conas a dhéantar difear dó mar gheall ar a spleáchais ar infhaighteacht acmhainní nádúrtha, daonna agus sóisialta ar phraghsanna agus ar cháilíocht iomchuí, gan beann ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar na hacmhainní sin. |
|
41. |
Tuigtear go bhfuil príomhthionchair, príomhrioscaí agus príomhdheiseanna gnóthais mar an gcéanna leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithnítear faoin bprionsabal maidir le hábharthacht dhúbailte agus dá bhrí sin ar a dtuairiscítear ina ráiteas inbhuanaitheachta. |
|
42. |
Cuirfidh an gnóthas na critéir a leagtar síos faoi ranna 3.4 agus 3.5 den Chaighdeán seo i bhfeidhm, agus úsáid á baint as tairseacha cainníochtúla agus/nó cáilíochtúla iomchuí. Tá gá le tairseacha iomchuí chun a chinneadh cé na tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithníonn an gnóthas agus a dtugann sé aghaidh orthu mar chinn ábhartha agus chun a chinneadh cé na hábhair inbhuanaitheachta atá ábhartha chun críoch tuairiscithe. Baineann roinnt caighdeán agus creataí atá ann cheana úsáid as an téarma ‘na tionchair is suntasaí’ agus tagairt á déanamh don tairseach a úsáidtear chun na tionchair a shainaithint a ndéantar cur síos orthu in ESRS mar ‘thionchair ábhartha’. |
3.4 Ábharthacht tionchair
|
43. |
Tá ábhar inbhuanaitheachta ábhartha ó pheirspictíocht tionchair de i gcás ina bhfuil baint aige le tionchair ábhartha iarbhír nó ionchasacha, dhearfacha nó dhiúltacha an ghnóthais ar dhaoine nó ar an gcomhshaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Áirítear le tionchair na cinn sin a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína tháirgí agus trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. Áirítear le gaolmhaireachtaí gnó na cinn sin atá i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais agus níl siad teoranta do ghaolmhaireachtaí conarthacha díreacha. |
|
44. |
Sa chomhthéacs sin, áirítear le tionchair ar dhaoine nó ar an gcomhshaol tionchair i ndáil le hábhair chomhshaoil, shóisialta agus rialachais. |
|
45. |
Tá an measúnú ábharthachta ar thionchar diúltach bunaithe ar an bpróiseas díchill chuí a shainmhínítear in ionstraimí idirnáisiúnta Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta. Maidir le tionchair dhiúltacha iarbhír, tá ábharthacht bunaithe ar dhéine an tionchair, agus i dtaca le tionchair dhiúltacha ionchasacha tá sé bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht an tionchair. Tá an déine bunaithe ar na tosca seo a leanas:
I gcás tionchar diúltach ionchasach ar chearta an duine, bíonn tosaíocht ag déine an tionchair ar a dhóchúlacht. |
|
46. |
I gcás tionchar dearfach, tá ábharthacht bunaithe ar:
|
3.5 Ábharthacht airgeadais
|
47. |
Is síneadh ar raon feidhme na hábharthachta a úsáideadh sa phróiseas a bhaineann le cinneadh a dhéanamh faoin bhfaisnéis ba cheart a áireamh i ráitis airgeadais an ghnóthais é raon feidhme na hábharthachta airgeadais le haghaidh tuairisciú um inbhuanaitheacht. |
|
48. |
Comhfhreagraíonn an measúnú ábharthachta airgeadais do shainaithint na faisnéise a mheastar a bheith ábhartha do phríomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ilchuspóirigh agus cinntí á ndéanamh a bhaineann le hacmhainní a sholáthar don eintiteas. Go háirithe, meastar gur faisnéis ábhartha atá ann do phríomhúsáideoirí an tuairiscithe airgeadais ilchuspóirigh más rud é, mar gheall ar an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár, míráiteas a dhéanamh ina taobh nó í a fholú, go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go n-imreofaí tionchar ar na cinntí a dhéanann siad ar bhonn ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais. |
|
49. |
Tá ábhar inbhuanaitheachta ábhartha ó pheirspictíocht airgeadais de má spreagann sé éifeachtaí airgeadais ábhartha ar an ngnóthas nó más rud é go bhféadfadh coinne réasúnach a bheith ann go ndéanfadh sé amhlaidh. Is amhlaidh atá i gcás ina ngineann ábhar inbhuanaitheachta rioscaí nó deiseanna a bhfuil tionchar ábhartha acu, nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go mbeadh tionchar ábhartha acu, ar fhorbairt, ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais, ar shreafaí airgid, ar rochtain ar mhaoiniú nó ar chostas caipitil an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. D’fhéadfadh rioscaí agus deiseanna eascairt as teagmhais roimhe seo nó teagmhais amach anseo. Níl ábharthacht airgeadais ábhair inbhuanaitheachta srianta d’ábhair atá laistigh de smacht an ghnóthais ach áirítear faisnéis ar rioscaí agus ar dheiseanna ábhartha atá inchurtha i leith gaolmhaireachtaí gnó thar raon feidhme an chomhdhlúthaithe arna úsáid in ullmhú na ráiteas airgeadais. |
|
50. |
Féadfaidh spleáchais ar acmhainní nádúrtha, daonna agus sóisialta a bheith ina bhfoinsí rioscaí nó deiseanna airgeadais. D’fhéadfadh spleáchais éifeachtaí a spreagadh ar dhá bhealach fhéideartha:
|
|
51. |
Déantar measúnú ar ábharthacht rioscaí agus deiseanna bunaithe ar mheascán den dóchúlacht go dtarlóidh siad agus de mhéid fhéideartha na n-éifeachtaí airgeadais. |
3.6 Tionchair nó rioscaí ábhartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inbhuanaitheachta
|
52. |
D’fhéadfadh sé go n-eascródh as próiseas measúnaithe ábharthachta an ghnóthais cásanna a shainaithint ina bhféadfadh a chuid gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair nó ar rioscaí áirithe, nó chun tairbhiú de dheiseanna áirithe i ndáil le hábhar inbhuanaitheachta, tionchair dhiúltacha ábhartha a bheith acu nó a bheith ina gcúis le rioscaí ábhartha i ndáil le hábhar inbhuanaitheachta amháin eile nó níos mó. Mar shampla:
|
|
53. |
I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
3.7 Leibhéal an dí-chomhiomlánaithe
|
54. |
I gcás inar gá sin chun tuiscint cheart a fháil ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha, dí-chomhiomlánóidh an gnóthas an fhaisnéis a thuairisceofar:
|
|
55. |
I gcás ina ndéantar sainmhíniú ar an leibhéal dí-chomhiomlánaithe iomchuí i gcomhair tuairisciú, breithneoidh an gnóthas an dí-chomhiomlánú a glacadh ina mheasúnú ábharthachta. Ag brath ar fhíorais agus ar imthosca sonracha an ghnóthais, d’fhéadfadh gá a bheith le dí-chomhiomlánú de réir fochuideachta. |
|
56. |
I gcás ina ndéantar sonraí ó leibhéil éagsúla, nó ó shuíomhanna éagsúla laistigh de leibhéal, a chomhiomlánú, áiritheoidh an gnóthas nach ndéanfaidh an comhiomlánú sin folú ar an tsainiúlacht agus ar an gcomhthéacs is gá chun an fhaisnéis a léirmhíniú. Ní dhéanfaidh an gnóthas comhiomlánú ar mhíreanna ábhartha atá difriúil ina gcineál. |
|
57. |
Nuair a chuireann an gnóthas faisnéis i láthair arna comhiomlánú de réir earnálacha, glacfaidh sé an t-aicmiú earnála ESRS atá le sonrú i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 29b(1) an tríú fomhír, pointe (ii), de Threoir 2013/34/AE. I gcás ina gceanglaítear le ESRS topaicshonrach nó earnáilsonrach go nglacfar leibhéal sonrach dí-chomhiomlánaithe chun mír shonrach faisnéise a ullmhú, beidh tosaíocht ag an gceanglas san ESRS topaicshonrach nó earnáilsonrach. |
4. Dícheall cuí
|
58. |
Le toradh phróiseas díchill chuí inbhuanaitheachta an ghnóthais (dá dtagraítear mar ‘dícheall cuí’ sna hionstraimí idirnáisiúnta a luaitear thíos) tugtar treoir do mheasúnú an ghnóthais ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha. Ní fhorchuirtear le ESRS aon cheanglas iompair i ndáil le dícheall cuí; ná ní dhéanann siad ról chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an ghnóthais maidir le hiompar díchill chuí a leathnú ná a mhodhnú. |
|
59. |
Is éard is dícheall cuí ann an próiseas faoina ndéanann gnóthais tionchair dhiúltacha iarbhír agus ionchasacha ar an gcomhshaol agus ar dhaoine atá nasctha lena ngnó a shainaithint, a chosc agus a mhaolú agus faoina gcoinníonn siad cuntas ar an dóigh a dtugann siad aghaidh ar na tionchair sin. Áirítear leo sin tionchair dhiúltacha a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína tháirgí agus trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. Is cleachtas leanúnach é dícheall cuí a fhreagraíonn d’athruithe ar straitéis, samhail ghnó, gníomhaíochtaí, gaolmhaireachtaí gnó, oibriú, foinsiú agus comhthéacsanna díolacháin an ghnóthais, agus a d’fhéadfadh athruithe a spreagadh sna nithe sin. Tugtar tuairisc ar an bpróiseas sin in ionstraimí idirnáisiúnta Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i dTreoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta. |
|
60. |
Sainaithnítear leis na hionstraimí idirnáisiúnta sin roinnt céimeanna sa phróiseas díchill chuí, lena n-áirítear sainaithint agus measúnú na dtionchar diúltach a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. I gcás nach féidir leis an ngnóthas aghaidh a thabhairt ar na tionchair uile ag an am céanna, bítear in ann leis an bpróiseas díchill chuí tosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht na dtionchar. Is í an ghné sin den phróiseas díchill chuí a threoraíonn an measúnú ar thionchair ábhartha (féach roinn 3.4 den Chaighdeán seo). Trí thionchair ábhartha a shainaithint tacaítear freisin le rioscaí agus deiseanna inbhuanaitheachta ábhartha a shainaithint, ar rioscaí agus deiseanna iad a tharlaíonn go minic de bharr na dtionchar sin. |
|
61. |
Léirítear croí-eilimintí an díchill chuí go díreach i gCeanglais maidir le Nochtadh a leagtar amach in ESRS 2 agus san ESRS topaicshonrach, mar a thaispeántar thíos:
|
5. Slabhra luacha
5.1 Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha
|
62. |
Is le haghaidh an ghnóthais tuairiscithe chéanna leis na ráitis airgeadais a bheidh an ráiteas inbhuanaitheachta. Más máthairchuideachta é an gnóthas tuairiscithe, mar shampla, a gceanglaítear uirthi ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú, is don don ghrúpa a bheidh an ráiteas inbhuanaitheachta. Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás nach gceanglaítear ar an ngnóthas tuairiscithe ráitis airgeadais a tharraingt suas nó i gcás ina bhfuil tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite á ullmhú ag an ngnóthas tuairiscithe de bhun Airteagal 48i de Threoir 2013/34/AE. |
|
63. |
Déanfar an fhaisnéis maidir leis an ngnóthas tuairiscithe arna soláthar sa ráiteas inbhuanaitheachta a leathnú chun faisnéis a áireamh maidir leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha atá nasctha leis an ngnóthas trína ghaolmhaireachtaí gnó díreacha agus indíreacha sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach (‘faisnéis slabhra luacha’). Agus an fhaisnéis maidir leis an ngnóthas tuairiscithe á leathnú, áireoidh an gnóthas tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha atá nasctha lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach:
|
|
64. |
Ní cheanglaítear le mír 63 faisnéis faoi gach uile ghníomhaí sa slabhra luacha, ach díreach faisnéis ábhartha faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chur san áireamh. Is féidir le hábhair inbhuanaitheachta éagsúla a bheith ábhartha i ndáil le codanna éagsúla de shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais. Leathnófar an fhaisnéis ionas go n-áireofar inti faisnéis maidir leis an slabhra luacha i ndáil leis na codanna den slabhra luacha a bhfuil an t-ábhar ábhartha ina leith agus i ndáil leis na codanna sin amháin. |
|
65. |
Áireoidh an gnóthas faisnéis slabhra luacha ábhartha i gcás inar gá sin chun:
|
|
66. |
I gcás ina mbíonn cinneadh á dhéanamh faoin leibhéal laistigh dá oibríochtaí dílse agus dá shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ag a n-eascraíonn ábhar inbhuanaitheachta ábhartha, úsáidfidh an gnóthas a mheasúnú ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ag leanúint an phrionsabail maidir le hábharthacht dhúbailte (féach caibidil 3 den Chaighdeán seo). |
|
67. |
I gcás ina bhfuil comhlaigh nó comhfhiontair, ar a bhfuil cuntas faoi mhodh an chothromais nó a chomhdhlúthaítear go comhréireach sna ráitis airgeadais, mar chuid de shlabhra luacha an ghnóthais, mar shampla mar sholáthróirí, áireoidh an gnóthas faisnéis a bhaineann leis na comhlaigh nó na comhfhiontair sin, i gcomhréir le mír 63, go comhsheasmhach leis an gcur chuige arna ghlacadh do na gaolmhaireachtaí gnó eile sa slabhra luacha. Sa chás sin, agus méadracht an tionchair á cinneadh, ní bheidh sonraí an chomhlaigh nó an chomhfhiontair teoranta don sciar cothromais arna shealbhú, ach cuirfear san áireamh iad ar bhonn na dtionchar atá nasctha le táirgí agus seirbhísí an ghnóthais trína ghaolmhaireachtaí gnó. |
5.2 Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála
|
68. |
Féadfaidh cumas an ghnóthais an fhaisnéis is gá faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a fháil a bheith éagsúil ag brath ar thosca éagsúla, amhail socruithe conarthacha an ghnóthais, an leibhéal rialaithe atá aige ar na hoibríochtaí lasmuigh den raon feidhme comhdhlúthaithe agus a chumhacht cheannaigh. I gcás nach bhfuil sé de chumas ag an ngnóthas gníomhaíochtaí a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus/nó iartheachtaigh agus a ghaolmhaireachtaí gnó a rialú, d’fhéadfadh sé a bheith níos dúshlánaí faisnéis slabhra luacha a fháil. |
|
69. |
Is ann d’imthosca a fhágann nach féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a bhailiú maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach mar a cheanglaítear le mír 63 tar éis iarrachtaí réasúnta déanamh amhlaidh. Sna himthosca sin, tabharfaidh an gnóthas meastachán ar an bhfaisnéis a bheidh le tuairisciú maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, trí gach faisnéis réasúnta agus gach faisnéis ar féidir tacú léi a úsáid, amhail meánsonraí earnála agus ionadaithe eile. |
|
70. |
D’fhéadfadh dúshlán a bheith ag baint le faisnéis slabhra luacha a fháil freisin i gcás FBManna agus eintitis eile sa slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach nach bhfuil faoi raon feidhme an tuairiscithe um inbhuanaitheacht a cheanglaítear le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE (féach ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha). |
|
71. |
I dtaca le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna, áireofar i dtuairisciú an ghnóthais faisnéis faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach a mhéid a bhaineann na beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna sin le gníomhaithe sa slabhra luacha. I dtaca le méadracht, i roinnt mhaith cásanna, go háirithe le haghaidh ábhair chomhshaoil dá bhfuil ionadaithe ar fáil, d’fhéadfadh an gnóthas a bheith in ann na ceanglais maidir le tuairisciú a chomhlíonadh gan sonraí a bhailiú ó na gníomhaithe ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, go háirithe ó FBManna, mar shampla, le linn dó astaíochtaí Scóip 3 GCT de chuid an ghnóthais a ríomh. |
|
72. |
Ní bheidh faisnéis nach gcomhlíonann saintréithe cáilíochtúla na faisnéise (féach caibidil 2 agus roinn 7.2 Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí an Chaighdeáin seo) mar thoradh ar mheastacháin a chur san áireamh a dhéantar trí úsáid a bhaint as meánsonraí earnála nó ionadaithe eile. |
6. Tréimhsí ama
6.1 Tréimhse tuairiscithe
|
73. |
Beidh an tréimhse tuairiscithe le haghaidh ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais comhsheasmhach le tréimhse tuairiscithe a ráiteas airgeadais. |
6.2 An t-am atá thart, an lá atá inniu ann agus an todhchaí a nascadh
|
74. |
Bunóidh an gnóthas naisc iomchuí ina ráiteas inbhuanaitheachta idir faisnéis chúlghabhálach agus faisnéis réamhbhreathnaitheach, i gcás inarb ábhartha, chun tuiscint shoiléir a chothú ar an mbaint atá ag faisnéis stairiúil le faisnéis atá dírithe ar an todhchaí. |
6.3 Tuairisciú ar dhul chun cinn in aghaidh na bonnbhliana
|
75. |
Is í an bhonnbhliain an dáta tagartha stairiúil nó an tréimhse dá bhfuil faisnéis ar fáil agus ar féidir faisnéis ina dhiaidh sin a chur i gcomparáid léi le himeacht ama. |
|
76. |
Cuirfidh an gnóthas faisnéis chomparáideach i láthair i leith na bonnbhliana le haghaidh méideanna arna dtuairisciú sa tréimhse reatha le linn dó tuairisciú ar na forbairtí agus ar dhul chun cinn i dtreo sprice, mura sainmhínítear cheana féin sa Cheanglas ábhartha maidir le Nochtadh conas tuairisciú ar dhul chun cinn. Féadfaidh an gnóthas faisnéis stairiúil a áireamh freisin faoi gharspriocanna a baineadh amach idir an bhonnbhliain agus an tréimhse tuairiscithe nuair is faisnéis ábhartha é sin. |
6.4 Sainmhíniú ar gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach chun críocha tuairiscithe
|
77. |
Le linn dó a ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú, glacfaidh an gnóthas na heatraimh ama seo a leanas ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe:
|
|
78. |
Úsáidfidh an gnóthas miondealú breise don tréimhse ama fhadtéarmach i gcás ina bhfuil coinne le tionchair nó le gníomhaíochtaí i dtréimhse is faide ná 5 bliana más gá sin chun faisnéis ábhartha a sholáthar d’úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta. |
|
79. |
Má cheanglaítear sainmhínithe difriúla ar thréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha le haghaidh míreanna sonracha nochta in ESRS eile, beidh tosaíocht ag na sainmhínithe sna ESRS sin. |
|
80. |
D’fhéadfadh imthosca a bheith ann ina bhfuil faisnéis neamhábhartha mar thoradh ar úsáid na dtréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha a shainmhínítear i mír 77, toisc go mbaineann an gnóthas úsáid as sainmhíniú difriúil do na nithe seo (i) a phróisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a bhainistiú nó (ii) an sainmhíniú ar a chuid gníomhaíochtaí agus chun spriocanna a leagan síos. D’fhéadfadh na himthosca sin a bheith ann mar gheall ar shaintréithe a bhaineann go sonrach leis an tionscal, amhail sreabhadh airgid agus timthriallta gnó, an fad a bhfuil coinne leis i dtaca le hinfheistíochtaí caipitil, na tréimhsí ama ar lena linn a dhéanfaidh úsáideoirí na ráiteas inbhuanaitheachta a gcuid measúnuithe nó na tréimhsí ama pleanála a úsáidtear de ghnáth i dtionscal an ghnóthais i gcomhair cinnteoireachta. Sna himthosca sin, féadfaidh an gnóthas sainmhíniú difriúil ar thréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha a ghlacadh (féach ESRS 2 BP—2, mír 9). |
|
81. |
Tagraíonn tagairtí do ‘ghearrthéarmach’/‘gearrthéarma’, ‘meántéarmach’/‘meántéarma’ agus ‘fadtéarmach’/’fadtéarma’ in ESRS don tréimhse ama arna cinneadh ag an ngnóthas de réir na bhforálacha i míreanna 77 go 80. |
7. Faisnéis inbhuanaitheachta a ullmhú agus a chur i láthair
|
82. |
Soláthraítear ceanglais ghinearálta sa chaibidil seo a bheidh le cur i bhfeidhm nuair a bheidh faisnéis inbhuanaitheachta á hullmhú agus á cur i láthair. |
7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair
|
83. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis chomparáideach maidir leis an tréimhse roimhe sin le haghaidh na méadrachta cainníochtúla agus na méideanna airgeadaíochta uile a nochtadh sa tréimhse reatha. I gcás inarb ábhartha maidir le tuiscint ar ráiteas inbhuanaitheachta na tréimhse reatha, nochtfaidh an gnóthas faisnéis chomparáideach freisin le haghaidh nochtaí insinte. |
|
84. |
I gcás ina dtuairiscíonn an gnóthas faisnéis chomparáideach atá difriúil leis an bhfaisnéis a tuairiscíodh sa tréimhse roimhe sin nochtfaidh sé:
|
|
85. |
Bíonn sé dodhéanta uaireanta faisnéis chomparáideach a choigeartú le haghaidh tréimhse amháin nó níos mó roimhe sin chun inchomparáideacht a bhaint amach leis an tréimhse reatha. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nár bailíodh sonraí sa tréimhse (sna tréimhsí) roimhe sin ar bhealach lena rabhthas in ann sainmhíniú nua ar mhéadracht nó ar sprioc a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, nó athráiteas cúlghabhálach chun earráid réamhthréimhse a cheartú, agus d’fhéadfadh sé a bheith dodhéanta an fhaisnéis a athchruthú (féach ESRS 2 BP-2). I gcás ina mbíonn sé dodhéanta faisnéis chomparáideach a choigeartú le haghaidh tréimhse amháin nó níos mó roimhe sin, nochtfaidh an gnóthas é sin. |
|
86. |
I gcás ina gceanglaíonn ESRS ar an ngnóthas níos mó ná tréimhse chomparáideach amháin a chur i láthair le haghaidh méadrachta nó pointe sonraí, beidh tosaíocht ag ceanglais an ESRS sin. |
7.2 Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí
|
87. |
I gcás nach féidir méadracht cainníochtúla agus méideanna airgeadaíochta, lena n-áirítear faisnéis faoin slabhra luacharéamhtheachtach agus iartheachtach (féach caibidil 5 den Chaighdeán seo), a thomhas go díreach agus nach féidir ach meastachán a thabhairt maidir leo, d’fhéadfadh neamhchinnteacht tomhais a bheith ann. |
|
88. |
Nochtfaidh gnóthas faisnéis chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí na héiginnteachtaí is mó a dhéanann difear do na méadrachtaí cainníochtúla agus do na méideanna airgeadaíochta a thuairiscítear ina ráiteas inbhuanaitheachta a thuiscint. |
|
89. |
Cuid fhíor-riachtanach d’fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a ullmhú is ea toimhdí agus meastacháin réasúnacha a úsáid, lena n-áirítear anailís ar chásanna nó anailís íogaireachta, agus ní dhéanann sé dochar d’úsáideacht na faisnéise sin, ar choinníoll go dtugtar tuairisc chruinn ar na toimhdí agus ar na meastacháin agus go mínítear go cruinn iad. Fiú le leibhéal ard neamhchinnteachta tomhais ní gá go gcuirfí cosc ar thoimhde ná ar mheastachán den sórt sin faisnéis úsáideach a sholáthar nó saintréithe cáilíochtúla na faisnéise a chomhlíonadh (féach Foscríbhinn B den Chaighdeán seo). |
|
90. |
Na sonraí agus na toimhdí a úsáidfear chun an ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú, beidh siad comhsheasmhach a mhéid is féidir leis na sonraí agus na toimhdí airgeadais comhfhreagracha a úsáidtear i ráitis airgeadais an ghnóthais. |
|
91. |
Ceanglaíonn roinnt ESRS go nochtfaí faisnéis amhail mínithe maidir le teagmhais fhéideartha sa todhchaí ag a mbeidh torthaí neamhchinnte. Agus breithiúnas á thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis maidir le teagmhais fhéideartha den sórt sin sa todhchaí ábhartha, tagróidh an gnóthas do na critéir i gCaibidil 3 den Chaighdeán seo agus breithneoidh sé an méid seo a leanas:
|
|
92. |
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na torthaí féideartha, breithneoidh an gnóthas gach fíoras agus toisc ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le torthaí lena mbaineann dóchúlacht íseal agus tionchar ard, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, ach iad a bheith comhiomlánaithe. Mar shampla, d’fhéadfadh an gnóthas a bheith neamhchosanta ar roinnt tionchar nó rioscaí, agus d’fhéadfadh gach ceann acu cur isteach air ar an mbealach céanna, mar shampla cur isteach ar shlabhra soláthair an ghnóthais. D’fhéadfadh faisnéis faoi fhoinse aonair riosca a bheith neamhábhartha más rud é gur fíor-chaolseans go dtarlódh cur isteach ón bhfoinse sin. D’fhéadfadh faisnéis maidir leis an riosca comhiomlán go gcuirfear isteach ar an slabhra soláthair ó gach foinse a bheith ábhartha, áfach (féach ESRS 2 BP-2). |
7.3 Nochtaí maidir le teagmhais a thabhairt cothrom le dáta tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe
|
93. |
I roinnt cásanna, d’fhéadfadh an gnóthas faisnéis a fháil tar éis na tréimhse tuairiscithe ach sula gceadaítear an tuarascáil bhainistíochta lena heisiúint. Má sholáthraítear fianaise nó léargais i bhfaisnéis den sórt sin maidir leis na dálaí arbh ann dóibh ag deireadh na tréimhse, tabharfaidh an gnóthas, i gcás inarb iomchuí, meastacháin agus nochtaí inbhuanaitheachta cothrom le dáta, i bhfianaise na faisnéise nua. |
|
94. |
I gcás ina soláthraíonn faisnéis den sórt sin fianaise nó léargais faoi idirbhearta ábhartha, faoi imeachtaí eile agus faoi dhálaí a eascraíonn tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe, soláthróidh an gnóthas, i gcás inarb iomchuí, faisnéis insinte ina dtabharfaidh sé le fios gurbh ann do na teagmhais sin tar éis dheireadh na bliana, tabharfaidh sé a gcineál le fios agus a n-iarmhairtí féideartha. |
7.4 Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta
|
95. |
An sainmhíniú ar mhéadracht agus ríomh méadrachta, lena n-áirítear méadracht a úsáidtear chun spriocanna a leagan síos agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin, beidh siad comhsheasmhach le himeacht ama. Soláthróidh an gnóthas figiúirí comparáideacha athluaite, mura rud é nach bhfuil sé indéanta déanamh amhlaidh (féach ESRS 2 BP-2), i gcás inar fíor an méid seo a leanas:
|
7.5 Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú
|
96. |
Ceartóidh an gnóthas earráidí réamhthréimhse ábhartha trí na méideanna comparáideacha a athlua don réamhthréimhse / do na réamhthréimhsí a nochtadh, mura bhfuil sé dodhéanta déanamh amhlaidh. Ní bhaineann an ceanglas sin le tréimhsí tuairiscithe roimh an gcéad bhliain de chur i bhfeidhm ESRS ag an ngnóthas. |
|
97. |
Is earráidí réamhthréimhse iad easnaimh agus míráitis i ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais le haghaidh réamhthréimhse amháin nó níos mó. Tarlaíonn earráidí den sórt sin nuair nach n-úsáidtear faisnéis iontaofa, nó nuair a bhaintear mí-úsáid as faisnéis iontaofa:
|
|
98. |
Cuimsítear le hearráidí den sórt sin: éifeachtaí botúin mhatamaiticiúla, botúin maidir leis na sainmhínithe ar mhéadracht nó ar spriocanna a chur i bhfeidhm, dearmaid nó míchialla a bhaint as fíorais, agus calaois. |
|
99. |
Déantar earráidí ionchasacha sa tréimhse reatha ar thángthas orthu sa tréimhse sin a cheartú sula ndéantar an tuarascáil bhainistíochta a údarú lena heisiúint. Ní thagtar ar earráidí ábhartha uaireanta áfach go dtí tréimhse ina dhiaidh sin. |
|
100. |
Nuair a bhíonn sé dodhéanta cinneadh a dhéanamh maidir le héifeacht earráide ar gach tréimhse roimhe sin a chuirtear i láthair, athluafaidh an gnóthas an fhaisnéis chomparáideach chun an earráid a cheartú ón dáta is túisce atá indéanta. Agus nochtaí le haghaidh tréimhse roimhe sin á gceartú, ní bhreathnóidh an gnóthas siar le linn dó toimhdí a dhéanamh faoina mbeadh mar rún ag an mbainistíocht a dhéanamh i dtréimhse roimhe sin nó le linn dó meastachán a thabhairt ar na méideanna arna nochtadh i dtréimhse roimhe sin. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir le nochtaí siarbhreathnaitheacha agus réamhbhreathnaitheacha araon a cheartú. |
|
101. |
Déantar idirdhealú idir ceartuithe ar earráidí agus athruithe ar mheastacháin. D’fhéadfadh sé gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar mheastacháinde réir mar a bheidh faisnéis bhreise ar eolas (féach ESRS 2 BP-2). |
7.6 Tuairisciú comhdhlúite agus díolúine fochuideachta
|
102. |
I gcás ina dtuairiscíonn an gnóthas ar leibhéal comhdhlúite, déanfaidh sé a mheasúnú ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha don ghrúpa comhdhlúite ina iomláine, gan beann ar struchtúr dlíthiúil an ghrúpa. Áiritheoidh sé go mbeidh na fochuideachtaí uile cumhdaithe ar bhealach lena mbeifear in ann tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint go neamhchlaonta. Déanfar na critéir agus na tairseacha chun tionchar, riosca nó deis a mheasúnú mar cheann ábhartha a chinneadh bunaithe ar chaibidil 3 den Chaighdeán seo. |
|
103. |
I gcás ina sainaithníonn an gnóthas difríochtaí móra idir tionchair, rioscaí nó deiseanna ábhartha ar leibhéal grúpa agus tionchair, rioscaí nó deiseanna ábhartha ceann amháin nó níos mó dá chuid fochuideachtaí, soláthróidh an gnóthas tuairisc leormhaith ar thionchair, rioscaí agus deiseanna, de réir mar is iomchuí, na fochuideachta nó na bhfochuideachtaí lena mbaineann. |
|
104. |
I gcás ina ndéantar measúnú an mór iad na difríochtaí idir tionchair, rioscaí nó deiseanna ábhartha ar leibhéal grúpa agus tionchair, rioscaí nó deiseanna ceann amháin nó níos mó dá fhochuideachtaí, féadfaidh an gnóthas imthosca difriúla a chur san áireamh, amhail cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn an fhochuideachta nó na fochuideachtaí in earnáil dhifriúil i gcomparáid leis an gcuid eile den ghrúpa nó na himthosca a léirítear i roinn 3.7 Leibhéal an dí-chomhiomlánaithe. |
7.7 Faisnéis rúnaicmithe agus íogair, agus faisnéis faoi mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí na nuálaíochta
|
105. |
Ní cheanglaítear ar an ngnóthas faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair a nochtadh, fiú má mheastar gur faisnéis ábhartha í an fhaisnéis sin. |
|
106. |
Le linn dó faisnéis a nochtadh maidir lena straitéis, a phleananna agus a ghníomhaíochtaí, i gcás ina bhfuil píosa sonrach faisnéise a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí nuálaíochta ábhartha chun an cuspóir a bhíonn ag Ceanglas maidir le Nochtadh a chomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas an píosa sonrach faisnéise sin a fhágáil ar lár mar sin féin i gcás faisnéise:
|
|
107. |
Má fhágann an gnóthas faisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair ar lár, nó píosa sonrach faisnéise a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, do shaineolas nó do thorthaí nuálaíochta toisc go gcomhlíonann sé na critéir a bunaíodh sa mhír roimhe seo, comhlíonfaidh sé an ceanglas maidir le nochtadh atá i gceist trí gach faisnéis eile is gá a nochtadh. |
|
108. |
Déanfaidh an gnóthas gach iarracht réasúnta chun a áirithiú, sa bhreis ar an bhfaisnéis rúnaicmithe nó faisnéis íogair a fhágáil ar lár, nó sa bhreis ar an bpíosa sonrach faisnéise a chomhfhreagraíonn do mhaoin intleachtúil, saineolas nó torthaí nuálaíochta, nach lagófar ábharthacht fhoriomlán an nochta atá i gceist. |
7.8 Tuairisciú ar dheiseanna
|
109. |
Agus tuairisciú á dhéanamh ar dheiseanna, ba cheart faisnéis thuairisciúil a bheith sa nochtadh lena bhféadfaidh an léitheoir an deis don ghnóthas nó don earnáil ina hiomláine a thuiscint. Agus tuairisciú á dhéanamh ag an ngnóthas ar dheiseanna, cuirfidh sé ábharthacht na faisnéise atá le nochtadh san áireamh. Sa chomhthéacs sin, breithneoidh sé, i measc tosca eile:
|
8. Struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta
|
110. |
Soláthraítear an bunús sa chaibidil seo do chur i láthair na faisnéise faoi ábhair inbhuanaitheachta a ullmhaíodh i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE (i.e., an ráiteas inbhuanaitheachta) laistigh de thuarascáil bhainistíochta an ghnóthais. Cuirtear faisnéis den sórt sin i láthair i roinn thiomnaithe den tuarascáil bhainistíochta a sainaithníodh mar an ráiteas inbhuanaitheachta. Foscríbhinn F Sampla de struchtúr ráitis inbhuanaitheachta ESRS den Chaighdeán seo ina soláthraítear sampla léiritheach de ráiteas inbhuanaitheachta agus é leagtha amach de réir cheanglais na caibidle seo. |
8.1 Ceanglas ginearálta maidir le cur i láthair
|
111. |
Cuirfear faisnéis inbhuanaitheachta i láthair:
|
8.2 Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta
|
112. |
Seachas an fhéidearthacht atá ann faisnéis a chuimsiú de réir tagartha i gcomhréir le roinn 9.1 Cuimsiú de réir tagartha den Chaighdeán seo, tuairisceoidh an gnóthas na nochtaí uile is infheidhme a cheanglaítear le ESRS de réir chaibidil 1 den Chaighdeán seo, laistigh de roinn thiomnaithe den tuarascáil bhainistíochta. |
|
113. |
Áireoidh an gnóthas ina ráiteas inbhuanaitheachta na nochtaí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus de bhun na Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena sonraítear ábhar agus módúlachtaí eile na nochtaí sin. Áiritheoidh an gnóthas go mbeidh na nochtaí sin inaitheanta ar leithligh laistigh den ráiteas inbhuanaitheachta. Déanfar na nochtaí a bhaineann le gach ceann de na cuspóirí comhshaoil a shainítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur i láthair le chéile i gcuid atá inaitheanta go soiléir den roinn comhshaoil den ráiteas inbhuanaitheachta. Níl na nochtaí sin faoi réir fhorálacha ESRS, cé is moite den mhír seo agus den chéad abairt de mhír 115 den chaighdeán seo. |
|
114. |
Nuair a chuireann an gnóthas nochtaí breise san áireamh ina ráiteas inbhuanaitheachta a eascraíonn as (i) reachtaíocht eile lena gceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh, nó (ii) caighdeáin agus creataí tuairiscithe um inbhuanaitheacht a nglactar leo go ginearálta, lena n-áirítear treoraíocht neamhéigeantach agus treoraíocht earnáilsonrach, arna bhfoilsiú ag comhlachtaí socraithe caighdeán eile (amhail ábhar teicniúil arna eisiúint ag Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta nó ag an Tionscnamh Tuairiscithe Domhanda), beidh an méid seo a leanas fíor i gcás nochtaí den sórt sin:
|
|
115. |
Leagfaidh an gnóthas a ráiteas inbhuanaitheachta amach i gceithre chuid, san ord seo a leanas: faisnéis ghinearálta, faisnéis chomhshaoil (lena n-áirítear nochtaí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852), faisnéis shóisialta agus faisnéis rialachais. Ag urramú na forála i roinn 3.6 Tionchair nó rioscaí ábhartha a eascraíonn as gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair inbhuanaitheachta den Chaighdeán seo, i gcás ina bhfuil san fhaisnéis a sholáthraítear i gcuid amháin faisnéis a bheidh le tuairisciú i gcuid eile, féadfaidh an gnóthas tagairt i gcuid amháin d’fhaisnéis a chuirtear i láthair i gcuid eile, agus dúbailtí a sheachaint. Féadfaidh an gnóthas an struchtúr mionsonraithe a thaispeántar i bhFoscríbhinn F den Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm. |
|
116. |
Déanfar na nochtaí a cheanglaítear le ESRS earnáilsonrach a ghrúpáil de réir an réimse tuairiscithe agus, i gcás inarb infheidhme, de réir topaic inbhuanaitheachta. Cuirfear i láthair iad in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 agus an ESRS topaicshonrach comhfhreagrach. |
|
117. |
I gcás ina bhforbraíonn an gnóthas nochtaí eintiteas-sonracha ábhartha i gcomhréir le mír 11, tuairisceoidh sé na nochtaí sin in éineacht leis na nochtaí earnáil-il-oiriúnacha agus earnáilsonracha is ábhartha. |
9. Naisc le codanna eile den tuairisciú corparáideach agus faisnéis nasctha
|
118. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí a ráitis inbhuanaitheachta na naisc idir píosaí éagsúla faisnéise sa ráiteas, agus na naisc idir an fhaisnéis sa ráiteas inbhuanaitheachta agus faisnéis eile a nochtann an gnóthas i gcodanna eile dá thuairisciú corparáideach a thuiscint. |
9.1 Cuimsiú de réir tagartha
|
119. |
Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 120, féadfar faisnéis arna forordú le Ceanglas maidir le Nochtadh de ESRS, lena n-áirítear pointe sonraí sonrach arna fhorordú ag Ceanglas maidir le Nochtadh, féadfar iad a chuimsiú sa ráiteas inbhuanaitheachta trí thagairt don mhéid seo a leanas:
|
|
120. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis a chuimsiú trí thagairt do na doiciméid, nó do chuid de na doiciméid, arna liostú i mír 119, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i dtaca leis na nochtaí arna gcuimsiú de réir tagartha:
|
|
121. |
Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a bhunaítear i mír 120, féadfar faisnéis arna forordú le Ceanglas maidir le Nochtadh in ESRS, lena n-áirítear pointe sonraí sonrach arna fhorordú le Ceanglas maidir le Nochtadh, féadfar í a chuimsiú sa ráiteas inbhuanaitheachta trí thagairt do thuarascáil an ghnóthais arna hullmhú de réir Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil an Aontais (EMAS) Rialachán (AE) Uimh. 1221/2009 (12). Sa chás seo, áiritheoidh an gnóthas go dtáirgtear an fhaisnéis arna cuimsiú de réir tagartha ag úsáid an bhunúis chéanna chun faisnéis ESRS a ullmhú, lena n-áirítear raon feidhme chomhdhlúthaithe agus chóireála na faisnéise sa slabhra luacha. |
|
122. |
Agus an ráiteas inbhuanaitheachta á ullmhú agus cuimsiú de réir tagartha in úsáid, breithneoidh an gnóthas comhtháiteacht fhoriomlán na faisnéise tuairiscithe agus áiritheoidh sé nach lagaíonn an cuimsiú de réir tagartha inléiteacht an ráitis inbhuanaitheachta. Foscríbhinn G Sampla de chuimsiú de réir tagartha den Chaighdeán seo ar sampla léiritheach é de chuimsiú de réir tagartha (Féach ESRS 2 BP-2). |
9.2 Faisnéis nasctha agus nascacht le ráitis airgeadais
|
123. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na gaolmhaireachtaí idir píosaí difriúla faisnéise. Chun é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé gur ghá faisnéis insinte maidir le rialachas, straitéis agus bainistiú riosca a bhaineann le méadracht agus spriocanna a nascadh. Mar shampla, agus faisnéis nasctha á soláthar aige, d’fhéadfadh sé gur ghá don ghnóthas míniú a thabhairt ar éifeacht nó ar éifeacht dhóchúil a straitéise ar a ráitis airgeadais nó ar a phleananna airgeadais, nó míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann a straitéis le méadracht agus le spriocanna a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas in aghaidh feidhmíochta. Thairis sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don ghnóthas míniú a thabhairt ar an dóigh a bhféadfadh an úsáid a bhaineann sé as acmhainní nádúrtha agus as athruithe laistigh dá shlabhra soláthair a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a mhéadú, a athrú nó a laghdú. D’fhéadfadh sé gur ghá dó an fhaisnéis sin a nascadh le faisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair nó a bhfuil coinne leo ar a chostais táirgthe, lena fhreagairt straitéiseach chun na tionchair nó rioscaí sin a mhaolú, agus lena infheistíocht ghaolmhar i sócmhainní nua. D’fhéadfadh sé gur ghá don ghnóthas freisin faisnéis insinte a nascadh leis na méadrachtaí agus na spriocanna gaolmhara agus leis an bhfaisnéis sna ráitis airgeadais. Beidh an fhaisnéis ina dtugtar tuairisc ar naisc soiléir agus gonta. |
|
124. |
Nuair a áirítear sa ráiteas inbhuanaitheachta méideanna airgeadaíochta nó pointí sonraí cainníochtúla eile a sháraíonn tairseach ábharthachta agus a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais (nascacht dhíreach idir faisnéis a nochtar sa ráiteas inbhuanaitheachta agus faisnéis a nochtar i ráitis airgeadais), áireoidh an gnóthas tagairt don mhír ábhartha dá ráitis airgeadais inar féidir teacht ar an bhfaisnéis chomhfhreagrach. |
|
125. |
Féadfar a áireamh sa ráiteas inbhuanaitheachta méideanna airgeadaíochta nó pointí sonraí cainníochtúla eile a sháraíonn tairseach ábharthachta agus ar comhiomlán, nó cuid, iad de mhéideanna airgeadaíochta nó sonraí cainníochtúla a chuirtear i láthair i ráitis airgeadais an ghnóthais (nascacht indíreach idir faisnéis a nochtar i ráiteas inbhuanaitheachta agus faisnéis a nochtar i ráitis airgeadais). Más amhlaidh atá, míneoidh an gnóthas conas a bhaineann na méideanna nó na pointí sonraí sin sa ráiteas inbhuanaitheachta leis na méideanna is ábhartha a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais. Áireofar leis an nochtadh sin tagairt don mhír líne agus/nó do na míreanna ábhartha dá ráitis airgeadais inar féidir teacht ar an bhfaisnéis chomhfhreagrach. I gcás inarb iomchuí, féadfar réiteach a sholáthar, agus féadfar é a chur i láthair i bhfoirm tábla. |
|
126. |
I gcás faisnéise nach gcumhdaítear le míreanna 124 agus 125, míneoidh an gnóthas, bunaithe ar thairseach ábharthachta, comhsheasmhacht sonraí suntasacha, toimhdí suntasacha agus faisnéis cháilíochtúil shuntasach a áirítear ina ráiteas inbhuanaitheachta leis na sonraí comhfhreagracha, na toimhdí comhfhreagracha agus an fhaisnéis cháilíochtúil chomhfhreagrach a áirítear sna ráitis airgeadais. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás ina gcuimsítear leis an ráiteas inbhuanaitheachta an méid seo a leanas:
|
|
127. |
Comhsheasmhacht mar a cheanglaítear le mír 126 beidh sé ar leibhéal pointe sonraí aonair agus áireofar leis tagairt don mhír líne ábhartha nó don mhír de nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais. I gcás nach bhfuil sonraí suntasacha, toimhdí suntasacha agus faisnéis cháilíochtúil shuntasach comhsheasmhach, luafaidh an gnóthas é sin agus míneoidh sé an chúis atá leis. |
|
128. |
Seo a leanas samplaí d’ítimí a bhfuil an míniú i mír 126 ag teastáil ina leith:
|
|
129. |
Féadfar a áireamh le ESRS topaicshonracha agus earnáilsonracha ceanglais chun réitigh a áireamh nó chun comhsheasmhacht na sonraí agus na dtoimhdí le haghaidh Ceanglais shonracha maidir le Nochtadh a léiriú. Sna cásanna sin, beidh tosaíocht ag na ceanglais sna ESRS sin. |
10 Forálacha idirthréimhseacha
10.1 Foráil idirthréimhseach a bhaineann le nochtaí eintiteas-sonracha
|
130. |
Tá coinne leis go dtiocfaidh forbairt ar a mhéid a chumhdaítear ábhair inbhuanaitheachta le ESRS de réir mar a fhorbraítear tuilleadh Ceanglas maidir le Nochtadh. Dá bhrí sin, is dócha go dtiocfaidh laghdú ar an ngá atá le nochtaí eintiteas-sonracha le himeacht ama, go háirithe mar thoradh ar chaighdeáin earnáilsonracha atá le glacadh amach anseo. |
|
131. |
Agus a nochtaí eintiteas-sonracha á sainiú aige, féadfaidh an gnóthas bearta idirthréimhseacha a ghlacadh lena n-ullmhú sna chéad trí ráiteas inbhuanaitheachta bhliantúla faoina bhféadfaidh sé an méid seo a leanas a dhéanamh mar thosaíocht:
|
10.2 Foráil idirthréimhseach a bhaineann le caibidil 5 Slabhra luacha
|
132. |
Do na chéad 3 bliana de thuairisciú inbhuanaitheachta an ghnóthais faoi ESRS, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ar fáil, míneoidh an gnóthas na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis uile is gá a fháil, agus a phleananna chun an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo. |
|
133. |
Do na chéad trí bliana dá thuairisciú inbhuanaitheachta faoi ESRS, chun aird a thabhairt ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gnóthais agus faisnéis á bailiú acu ó ghníomhaithe ar fud a slabhra luacha agus chun an t-ualach ar FBManna sa slabhra luacha a theorannú:
|
|
134. |
Beidh feidhm ag míreanna 132 agus 133 gan beann ar cé acu is FBM é an gníomhaí ábhartha sa slabhra luacha nó nach ea. |
|
135. |
Ag tosú ón gceathrú bliain dá thuairisciú faoin ESRS, áireoidh an gnóthas faisnéis slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach de réir mhír 63. Sa chomhthéacs sin, an fhaisnéis a cheanglaítear le ESRS a fháil ó ghnóthais FBM i slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach an ghnóthais, ní bheidh sí níos mó ná ábhar an ESRS sa todhchaí i gcás FBManna liostaithe. |
10.3 Foráil idirthréimhseach a bhaineann le roinn 7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair
|
136. |
Chun cur i bhfeidhm céaduaire an Chaighdeáin seo a éascú, ní cheanglaítear ar an ngnóthas an fhaisnéis chomparáideach a cheanglaítear le roinn 7.1 Faisnéis chomparáideach a chur i láthair a nochtadh sa chéad bhliain d’ullmhú an ráitis inbhuanaitheachta faoin ESRS. I gcás na gceanglas maidir le nochtadh a liostaítear i bhFoscríbhinn C Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach, tá feidhm ag an bhforáil idirthréimhseach seo maidir leis an gcéad bhliain de chur i bhfeidhm sainordaitheach an cheanglais maidir le nochtadh atá céimnithe isteach. |
10.4 Foráil idirthréimhseach: Liosta na gCeanglas maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach
|
137. |
Le Foscríbhinn C Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach sa Chaighdeán seo, leagtar síos forálacha céimnithe isteach le haghaidh na gCeanglas maidir le Nochtadh nó pointí sonraí na gCeanglas maidir le Nochtadh in ESRS topaicshonrach a d’fhéadfaí a fhágáil ar lár nó nach bhfuil infheidhme sa chéad bhliain / sna céad bhlianta d’ullmhú an ráitis inbhuanaitheachta faoin ESRS. |
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.
Nochtaí eintiteas-sonracha
|
AR 1. |
Cuirfidh na nochtaí eintiteas-sonracha ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar thionchair, rioscaí agus deiseanna an ghnóthais i ndáil le hábhair chomhshaoil, shóisialta nó rialachais. |
|
AR 2. |
Agus nochtaí eintiteas-sonracha á bhforbairt ag an ngnóthas, áiritheoidh sé an méid seo a leanas:
|
|
AR 3. |
Agus úsáideacht na méadrachta a bheidh le háireamh ina nochtaí eintiteas-sonracha á cinneadh aige, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
|
AR 4. |
Agus a nochtaí eintiteas-sonracha á bhforbairt aige, breithneoidh an gnóthas go cúramach:
|
|
AR 5. |
Is féidir treoraíocht bhreise a fháil chun nochtaí eintiteas-sonracha a fhorbairt ach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi ESRS topaicshonrach a bhreithniú, faisnéis ina dtugtar aghaidh ar ábhair inbhuanaitheachta den chineál céanna. |
Ábharthacht dhúbailte
Páirtithe leasmhara agus an bhaint atá acu leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta
|
AR 6. |
Anuas ar na catagóirí páirtithe leasmhara atá liostaithe i mír 22, is catagóirí comónta páirtithe leasmhara iad seo a leanas: fostaithe agus oibrithe eile, soláthróirí, tomhaltóirí, custaiméirí, úsáideoirí deiridh, pobail áitiúla agus daoine atá i staideanna leochaileacha, agus údaráis phoiblí, lena n-áirítear rialtóirí, maoirseoirí agus bainc cheannais. |
|
AR 7. |
Is féidir an dúlra a mheas mar pháirtí leasmhar ciúin. Sa chás sin, d’fhéadfadh sonraí éiceolaíocha agus sonraí maidir le caomhnú speiceas tacú le measúnú ábharthachta an ghnóthais. |
|
AR 8. |
Faigheann measúnú ábharthachta treoir ón idirphlé le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear. Féadfaidh an gnóthas oibriú le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear nó lena n-ionadaithe (amhail fostaithe nó ceardchumainn), mar aon le húsáideoirí an tuairiscithe um inbhuanaitheacht agus le saineolaithe eile, chun ionchuir nó aiseolas a sholáthar ar a chonclúidí maidir lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha. |
Measúnú ar ábharthacht tionchair
|
AR 9. |
Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht tionchair agus cinneadh á dhéanamh faoi na hábhair ábhartha a bheidh le tuairisciú, breithneoidh an gnóthas na trí chéim seo a leanas:
|
Saintréithe na déine
|
AR 10. |
Cinntear an déine leis na tosca seo a leanas:
|
|
AR 11. |
Is féidir le haon cheann de na trí shaintréith (scála, raon feidhme, agus carachtar doleigheasta) tionchar diúltach a dhéanamh tromchúiseach. I gcás tionchar diúltach ionchasach ar chearta an duine, bíonn tosaíocht ag déine an tionchair ar a dhóchúlacht. |
Tionchair a bhaineann leis an ngnóthas
|
AR 12. |
Mar léiriú:
|
Measúnú ar ábharthacht airgeadais
|
AR 13. |
Is samplaí iad seo a leanas den chaoi ar foinsí rioscaí nó deiseanna iad tionchair agus spleáchais:
|
|
AR 14. |
Is é túsphointe an mheasúnaithe ábharthachta airgeadais rioscaí agus deiseanna a shainaithint a dhéanann difear, nó a bhféadfadh coinne réasúnach a bheith leis go ndéanfadh sé difear, do riocht airgeadais, feidhmíocht airgeadais, sreafaí airgid, rochtain ar mhaoiniú nó costas caipitil an ghnóthais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Sa chomhthéacs seo, breithneoidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 15. |
A luaithe agus a shainaithníonn an gnóthas a chuid rioscaí agus deiseanna, cinnfidh sé cé acu atá ábhartha i gcomhair tuairisciú. Beidh sé sin bunaithe ar mheascán de (i) an dóchúlacht go dtarlóidh siad agus (ii) méid ionchasach na n-éifeachtaí airgeadais a cinneadh ar bhonn tairseacha iomchuí. Sa chéim sin cuirfidh sé rannchuidiú na rioscaí agus na ndeiseanna sin le héifeachtaí airgeadais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma san áireamh bunaithe ar:
|
Ábhair inbhuanaitheachta a bheidh le háireamh sa mheasúnú ábharthachta
|
AR 16. |
Le linn don ghnóthas a mheasúnú ábharthachta a dhéanamh, breithneoidh sé an liosta seo a leanas d’ábhair inbhuanaitheachta a chumhdaítear san ESRS topaicshonrach. I gcás, de thoradh mheasúnú ábharthachta an ghnóthais (féach ESRS 2 IRO-1), go ndéantar measúnú ar ábhar inbhuanaitheachta áirithe sa liosta seo mar ábhar ábhartha, tuairisceoidh an gnóthas de réir na gCeanglas comhfhreagrach maidir le Nochtadh san ESRS topaicshonrach ábhartha. Ní úsáidtear an liosta sin in ionad an phróisis maidir le hábhair ábhartha a chinneadh. Is uirlis é an liosta seo chun tacú le measúnú ábharthachta an ghnóthais. Is gá don ghnóthas i gcónaí a imthosca sonracha féin a chur san áireamh le linn dó a ábhair ábhartha a chinneadh. Forbróidh an gnóthas, i gcás inar gá, nochtaí eintiteas-sonracha freisin maidir le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha nach gcumhdaítear le ESRS mar a thuairiscítear i mír 11 den Chaighdeán seo.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Meastachán ag úsáid meánchostais agus ionadaithe earnála
|
AR 17. |
I gcás nach féidir leis an ngnóthas faisnéis maidir leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a bhailiú mar a cheanglaítear le mír 63 tar éis dó iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh é sin a dhéanamh, déanfaidh sé an fhaisnéis atá le tuairisciú a mheas trí úsáid a bhaint as gach faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil don ghnóthas ar an dáta tuairiscithe gan costas nó iarracht mhíchuí. Áirítear leis sin faisnéis inmheánach agus sheachtrach, ach gan a bheith teoranta dóibh, amhail sonraí ó fhoinsí indíreacha, meánsonraí earnála, anailísí samplacha, sonraí ó ghrúpaí margaidh agus piarghrúpaí, ionadaithe eile nó sonraí atá bunaithe ar chaiteachas. |
Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta
|
AR 18. |
Mar léiriú le haghaidh mhír 115 i roinn 8.2 Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta den Chaighdeán seo, d’fhéadfadh an gnóthas a chumhdaíonn ábhair chomhshaoil agus shóisialta sa bheartas céanna crostagairt a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh an gnóthas tuairisciú ar an mbeartas ina nochtaí comhshaoil agus crostagairt a dhéanamh dó ó na nochtaí sóisialta ábhartha nó vice versa. Ceadaítear cur i láthair comhdhlúite a dhéanamh ar bheartais thar ábhair. |
Foscríbhinn B
Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise
Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán. Sainítear san fhoscríbhinn seo na saintréithe cáilíochtúla a chomhlíonfaidh an fhaisnéis a chuirtear i láthair sa ráiteas inbhuanaitheachta arna ullmhú de réir ESRS.
Ábharthacht
|
QC 1. |
Tá faisnéis inbhuanaitheachta ábhartha i gcás ina bhféadfadh sé difríocht a dhéanamh i gcinntí úsáideoirí faoi chur chuige ábharthachta dúbailte (féach caibidil 3 den Chaighdeán seo). |
|
QC 2. |
D’fhéadfadh faisnéis difríocht a dhéanamh maidir le cinneadh fiú má roghnaíonn roinnt úsáideoirí gan leas a bhaint aisti nó má tá siad ar an eolas maidir léi cheana féin ó fhoinsí eile. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag faisnéis inbhuanaitheachta ar chinntí úsáideoirí má tá luach tuarthach, luach deimhniúcháin nó an dá cheann aige. Tá luach tuarthach ag faisnéis más féidir í a úsáid mar ionchur i bpróisis arna gcur in úsáid ag úsáideoirí chun torthaí a thuar sa todhchaí. Ní gá gur tuar nó réamhaisnéis a bheadh i bhfaisnéis inbhuanaitheachta le go mbeadh luach tuarthach aici, ach ina ionad sin beidh luach tuarthach aici má chuireann úsáideoirí in úsáid í chun a dtuartha féin a dhéanamh. |
|
QC 3. |
Tá luach deimhniúcháin ag faisnéis má thugtar aiseolas inti (ag deimhniú nó ag athrú) faoi mheastóireachtaí roimhe sin. |
|
QC 4. |
Is gné ábharthachta eintiteas-sonrach é an ábharthacht bunaithe ar chineál nó ar mhéid, nó an dá cheann, na míreanna lena mbaineann an fhaisnéis, agus measúnú á dhéanamh i gcomhthéacs thuairisciú um inbhuanaitheacht an ghnóthais (féach caibidil 3 den Chaighdeán seo). |
Léiriú dílis
|
QC 5. |
Le bheith úsáideach, ní hamháin nach mór don fhaisnéis feiniméin ábhartha a léiriú, ní mór di léiriú dílis a thabhairt freisin ar shubstaint an fheiniméin a airbheartaíonn sí a léiriú. Ceanglaítear le léiriú dílis go mbeadh an fhaisnéis (i) comhlánaithe, (ii) neodrach agus (iii) cruinn. |
|
QC 6. |
Áirítear le léiriú iomlán ar thionchar, riosca nó deis an fhaisnéis uile is gá do na húsáideoirí chun an tionchar, riosca nó deis sin a thuiscint. Áirítear leis sin an chaoi ar chuir an gnóthas a straitéis, a bhainistíocht riosca agus a rialachas in oiriúint mar fhreagairt ar an tionchar, an riosca nó an deis sin, chomh maith leis an méadracht a sainaithníodh chun spriocanna a leagan síos agus chun feidhmíocht a thomhas. |
|
QC 7. |
Tá léiriú neodrach gan chlaonadh sa roghnú nó sa nochtadh a dhéanann sé ar fhaisnéis. Tá faisnéis neodrach mura bhfuil sí claonta, ualaithe, curtha i dtábhacht, má tá an bhéim bainte de nó má ionramháiltear í ar shlí eile ionas go mbeidh sé níos dóchúla go bhfaighidh na húsáideoirí an fhaisnéis sin go fabhrach nó go neamhfhabhrach. Beidh sí cothrom, chun gnéithe fabhracha/deimhneacha agus neamhfhabhracha/diúltacha a chumhdach. Tabharfar an aird chéanna ar thionchair ábhartha idir dhiúltach agus dearfach ó pheirspictíocht ábharthachta tionchair de chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha ó pheirspictíocht ábharthachta airgeadais de. Aon fhaisnéis inbhuanaitheachta mhianaidhme, mar shampla spriocanna nó pleananna, cumhdóidh sí mianaidhmeanna agus tosca araon a d’fhéadfadh cosc a chur ar an ngnóthas na mianaidhmeanna sin a bhaint amach chun léiriú neodrach a bheith aige. |
|
QC 8. |
Tacaítear leis an neodracht nuair a fheidhmítear stuamacht ar feidhmiú réamhchúraim é nuair a bhíonn breithiúnais á ndéanamh faoi dhálaí neamhchinnteachta. Ní dhéanfar faisnéis a ghlanluacháil ná a chúiteamh le bheith neodrach. Ciallaíonn feidhmiú stuamachta nach ndéantar áibhéil faoi dheiseanna agus nach ndéantar beag is fiú de rioscaí. Mar an gcéanna, ní cheadaítear le feidhmiú stuamachta go ndéanfaí beag is fiú de dheiseanna ná go ndéanfaí áibhéil faoi rioscaí. Féadfaidh an gnóthas faisnéis ghlan a chur i láthair, mar aon le holl-luachanna, mura bhfolaíonn cur i láthair den sórt sin faisnéis ábhartha agus má áirítear míniú soiléir léi maidir le héifeachtaí na glanluachála agus na cúiseanna atá leis an nglanluacháil. |
|
QC 9. |
Is féidir le faisnéis a bheith cruinn gan a bheith iomlán beacht i ngach cás. Tugann faisnéis chruinn le tuiscint go bhfuil próisis agus rialuithe inmheánacha leormhaithe curtha chun feidhme ag an ngnóthas chun earráidí ábhartha nó míráitis ábhartha a sheachaint. Dá bharr sin, cuirfear meastacháin i láthair le béim shoiléir ar na lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus an neamhchinnteacht a ghabhann leis sin (féach roinn 7.2 den Chaighdeán seo). An méid beachtais a theastóidh agus a bheifear in ann a bhaint amach, agus na tosca a fhágann go mbíonn faisnéis cruinn, beidh siad ag brath ar chineál na faisnéise agus ar chineál na n-ábhar ar a dtugtar aghaidh inti. Ceanglaítear mar shampla le cruinneas:
|
Inchomparáideacht
|
QC 10. |
Tá faisnéis inbhuanaitheachta inchomparáide nuair is féidir í a chur i gcomparáid le faisnéis arna soláthar ag an ngnóthas i dtréimhsí roimhe sin agus, nuair is féidir í a chur i gcomparáid le faisnéis arna soláthar ag gnóthais eile, go háirithe iad sin ag a raibh gníomhaíochtaí den chineál céanna nó a bhí ag feidhmiú laistigh den tionscal céanna. Is féidir sprioc, bonnlíne, tagarmharc tionscail, faisnéis inchomparáide ó ghnóthais eile nó ó eagraíocht ag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta, etc. a úsáid mar phointe tagartha i gcomhair comparáide. |
|
QC 11. |
Baineann comhsheasmhacht le hinchomparáideacht, ach ní hionann iad. Tagraíonn comhsheasmhacht don úsáid a bhaintear as na cuir chuige nó na modhanna céanna don ábhar inbhuanaitheachta céanna, ó thréimhse go tréimhse ag an ngnóthas agus gnóthais eile. Cuidíonn comhsheasmhacht chun sprioc na hinchomparáideachta a bhaint amach. |
|
QC 12. |
Ní rud uilíoch í inchomparáideacht. Ionas go mbeidh faisnéis inchomparáide, beidh comhpháirteanna comhchosúla cosúil lena chéile agus beidh cuma dhifriúil ar chomhpháirteanna difriúla. Ní fheabhsaítear inchomparáideacht na faisnéise inbhuanaitheachta trí rudaí nach bhfuil cosúil lena chéile a dhéanamh cosúil lena chéile aon ní ná mar a fheabhsaítear í trí chuma dhifriúil a chur ar rudaí. |
Infhíoraitheacht
|
QC 13. |
Cuidíonn infhíoraitheacht chun muinín a thabhairt d’úsáideoirí go bhfuil faisnéis iomlán, neodrach agus cruinn. Tá faisnéis inbhuanaitheachta infhíoraithe más féidir comhthacú leis an bhfaisnéis inti féin nó leis na hionchuir a úsáideadh chun í a dhíorthú. |
|
QC 14. |
Ciallaíonn infhíoraitheacht go bhféadfadh breathnóirí eolasacha agus neamhspleácha éagsúla teacht ar chomhthoil, cé nach gá go mbeidís go hiomlán ar aon intinn, gur léiriú dílis é léiriú áirithe. Soláthrófar faisnéis inbhuanaitheachta ar bhealach lena bhfeabhsaítear a hinfhíoraitheacht, mar shampla:
|
|
QC 15. |
Beidh roinnt faisnéise inbhuanaitheachta i bhfoirm mínithe nó faisnéise réamhbhreathnaithí. Is féidir tacú leis na nochtaí sin trí léiriú dílis a dhéanamh ar bhonn fíorasach mar shampla ar straitéisí, pleananna agus anailísí riosca an ghnóthais. Chun cuidiú le húsáideoirí cinneadh a dhéanamh cé acu faisnéis den sórt sin a úsáid nó gan a úsáid, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na toimhdí agus na modhanna bunúsacha trínar cuireadh an fhaisnéis le chéile, chomh maith le tosca eile a sholáthraíonn fianaise go léiríonn sé na pleananna nó na cinntí iarbhír a rinne an gnóthas. |
Sothuigtheacht
|
QC 16. |
Tá faisnéis inbhuanaitheachta sothuigthe nuair atá sí soiléir agus gonta. Cuireann faisnéis intuigthe ar a chumas d’aon úsáideoir réasúnta eolasach an fhaisnéis atá á cur in iúl a thuiscint go héasca. |
|
QC 17. |
Chun go mbeidh nochtaí inbhuanaitheachta gonta, ní mór dóibh (a) faisnéis chineálach ina bhfuil ‘téacs réamhshocraithe’ a sheachaint, faisnéis nach mbaineann go sonrach leis an ngnóthas; (b) dúbailt gan ghá na faisnéise a sheachaint, lena n-áirítear faisnéis a sholáthraítear freisin i ráitis airgeadais; agus (c) teanga shoiléir agus abairtí agus míreanna dea-struchtúrtha a úsáid. Ní áireofar ach faisnéis ábhartha amháin le nochtaí gonta. Déanfar faisnéis chomhlántach a chuirtear i láthair de bhun mhír 113 a sholáthar ar bhealach a sheachnaíonn folú faisnéise ábhartha. |
|
QC 18. |
D’fhéadfaí soiléireacht a fheabhsú trí fhaisnéis maidir le forbairtí sa tréimhse tuairiscithe a idirdhealú ó fhaisnéis ‘sheasta’ ar beag athrú a ndéantar uirthi, ó thréimhse go chéile. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí thuairisc ar leith a thabhairt ar ghnéithe de rialachas an ghnóthais a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus próisis bainistithe riosca ar tháinig athrú orthu ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin i gcomparáid leo siúd nár tháinig aon athrú orthu. |
|
QC 19. |
Bíonn iomláine, soiléireacht agus inchomparáideacht na nochtaí inbhuanaitheachta uile ag brath ar fhaisnéis a bheith á cur i láthair mar fhaisnéis iomlán comhleanúnach. Ionas go mbeidh nochtaí inbhuanaitheachta comhleanúnach, cuirfear i láthair iad ar bhealach a mhíníonn an comhthéacs agus na naisc idir an fhaisnéis ghaolmhar. Le comhleanúnachas, ceanglaítear ar an ngnóthas freisin faisnéis a sholáthar ar bhealach a ligeann d’úsáideoirí faisnéis maidir lena thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht a cheangal le faisnéis i ráitis airgeadais an ghnóthais. |
|
QC 20. |
Má bhíonn impleachtaí ag rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht a pléadh sna ráitis airgeadais do thuairisciú um inbhuanaitheacht, áireoidh an gnóthas sa ráiteas inbhuanaitheachta an fhaisnéis a theastaíonn ó úsáideoirí chun measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí sin agus cuirfidh sé naisc iomchuí i láthair chuig na ráitis airgeadais (féach caibidil 9 den Chaighdeán seo). Beidh an leibhéal faisnéise, gráinneachta agus teicniúlachta ailínithe le riachtanais agus le hionchais úsáideoirí. Seachnófar giorrúcháin agus saineofar agus nochtfar na haonaid tomhais. |
Foscríbhinn C
Liosta de Cheanglais maidir le Nochtadh atá céimnithe isteach
Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.
|
ESRS |
Ceanglas maidir le Nochtadh |
Ainm iomlán an Cheanglais maidir le Nochtadh |
Dáta céimnithe isteach nó dáta éifeachtach (lena n-áirítear an chéad bhliain) |
|
ESRS 2 |
SBM-1 |
Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha |
Tuairisceoidh an gnóthas an fhaisnéis a fhorordaítear le ESRS 2 SBM-1 mír 40 (b) (miondealú ar ioncam iomlán de réir earnáil shuntasach ESRS) agus 40(c) (liosta de na hearnálacha móra breise ESRS) ag tosú ón dáta cur i bhfeidhm a shonraítear i nGníomh Tarmligthe ón gCoimisiún atá le glacadh de bhun Airteagal 29b(1) tríú fomhír, pointe (ii), de Threoir 2013/34/AE. |
|
ESRS 2 |
SBM-3 |
Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS 2 SBM-3, mír 48 (e), (éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo) a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS 2 SBM-3, mír 48 (e), a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta, má bhíonn sé dodhéanta nochtaí cainníochtúla a ullmhú. |
|
ESRS E1 |
E1-6 |
Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT |
Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad na pointí sonraí a fhágáil ar lár maidir le hastaíochtaí scóip 3 agus iomlán na n-astaíochtaí GCT don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS E1 |
E1-9 |
Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E1-9 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS E1-9 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta, má bhíonn sé dodhéanta nochtaí cainníochtúla a ullmhú. |
|
ESRS E2 |
E2-6 |
Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E2-6 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Seachas an fhaisnéis arna forordú le mír 40(b) maidir leis an gcaiteachas oibriúcháin agus caiteachas caipitiúil a rinneadh sa tréimhse tuairiscithe i gcomhar le mórtheagmhais agus taiscí, féadfaidh an gnóthas ESRS E2-6 a chomhlíonadh agus gan a thuairisciú ach nochtaí cáilíochtúla, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS E3 |
E3-5 |
Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E3-5 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS E3-5 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS E4 |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS E4 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS E4 |
E4-6 |
Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E4-6 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS E4-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS E5 |
E5-6 |
Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS E5-6 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. Féadfaidh an gnóthas ESRS E5-6 a chomhlíonadh trí nochtaí cáilíochtúla a thuairisciú, agus iad sin amháin, ar feadh na chéad 3 bliana d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S1 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-7 |
Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais |
Féadfaidh an gnóthas tuairisciú a fhágáil ar lár le haghaidh na bpointí sonraí uile sa Cheanglas maidir le Nochtadh sin don chéad bhliain d’ullmhú a ráiteas inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-8 |
Cumhdach na cómhargála agus idirphlé sóisialta |
Féadfaidh an gnóthas an Ceanglas sin maidir le Nochtadh a fhágáil ar lár maidir lena fhostaithe féin i dtíortha nach tíortha LEE iad don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-11 |
Cosaint shóisialta |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-11 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-12 |
Céatadán na bhfostaithe faoi mhíchumas |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-12 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-13 |
Oiliúint agus forbairt scileanna |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-13 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-14 |
Sláinte agus sábháilteacht |
Féadfaidh an gnóthas na pointí sonraí a fhágáil ar lár maidir le cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair agus maidir leis an líon laethanta a cailleadh de dheasca gortuithe, timpistí, básanna agus drochshláinte a bhaineann leis an obair don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-14 |
Sláinte agus sábháilteacht |
Féadfaidh an gnóthas tuairisciú ar dhaoine nach fosaithe iad a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S1 |
S1-15 |
Cothromaíocht oibre is saoil |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis arna forordú le ESRS S1-15 a fhágáil ar lár don chéad bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S2 |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S2 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S3 |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S3 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
|
ESRS S4 |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gach ceanglas maidir le nochtadh |
Gnóthais nó grúpaí nach sáraíonn ar a ndátaí dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais (ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme), féadfaidh siad an fhaisnéis a shainaithnítear sna ceanglais maidir le nochtadh in ESRS S4 a fhágáil ar lár don chéad 2 bhliain d’ullmhú a ráitis inbhuanaitheachta. |
Foscríbhinn D
Struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS
Is dlúthchuid de ESRS 1 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán i ndáil le tuairisciú i gceithre chuid mar a leagtar amach i mír 115.
|
Cuid den tuarascáil bhainistíochta |
Códú ESRS |
Teideal |
||
|
ESRS 2 |
Nochtaí ginearálta, lena n-áirítear faisnéis arna soláthar faoi Cheanglais maidir le Cur i BhFeidhm ESRS topaicshonracha a liostaítear in ESRS 2 Foscríbhinn C. |
||
|
Ní bhaineann le hábhar |
Nochtaí de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht) |
||
|
|
ESRS E1 |
Athrú aeráide |
||
|
|
ESRS E2 |
Truailliú |
||
|
|
ESRS E3 |
Uisce agus acmhainní muirí |
||
|
|
ESRS E4 |
Bithéagsúlacht agus éiceachórais |
||
|
|
ESRS E5 |
Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach |
||
|
ESRS S1 |
Lucht saothair dílis |
||
|
|
ESRS S2 |
Oibrithe sa slabhra luacha |
||
|
|
ESRS S3 |
Pobail dá ndéantar difear |
||
|
|
ESRS S4 |
Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh |
||
|
ESRS G1 |
Iompar gnó |
Foscríbhinn E
Sreabhchairt chun na nochtaí a chinneadh faoi ESRS
Is é an measúnú ábharthachta an túsphointe le haghaidh tuairisciú um inbhuanaitheacht faoi ESRS. Tugann an fhoscríbhinn seo léiriú neamhcheangailteach ar an measúnú ar ábharthacht tionchair agus ar ábharthacht airgeadais a leagtar amach i gcaibidil 3. Áirítear in IRO-1 i roinn 4.1 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca le próiseas an ghnóthais chun tionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar a n-ábharthacht. Soláthraíonn SBM-3 de ESRS 2 ceanglais ghinearálta maidir le nochtadh i dtaca leis an tionchar, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a eascraíonn as measúnú ábharthachta an ghnóthais. Is féidir leis an ngnóthas na ceanglais uile maidir le nochtadh a fhágáil ar lár i gcaighdeán topaicshonrach má mheas sé nach bhfuil an topaic atá i gceist ábhartha. Sa chás sin, féadfaidh sé míniú gearr a nochtadh ar chonclúidí an mheasúnaithe ábharthachta maidir leis an topaic sin, ach nochtfaidh sé míniú mionsonraithe i gcás ESRS E1 athrú aeráide (IRO-2 ESRS 2). Ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos le ESRS, seachas ceanglais iompraíochta. Tá na ceanglais maidir le nochtadh i ndáil le pleananna gníomhaíochta, spriocanna, beartais, anailís ar chásanna agus pleananna aistrithe comhréireach toisc go bhfuil siad ag brath ar an ngnóthas iad sin a bheith acu, rud a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar mhéid, ar acmhainneacht, ar acmhainní, agus ar scileanna an ghnóthais. Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Ní chumhdaítear leis an sreabhchairt thíos an cás ina ndéanann an gnóthas measúnú ar ábhar inbhuanaitheachta mar ábhartha ach nach gcumhdaítear é le caighdeán topaicshonrach, agus sa chás sin déanfaidh an gnóthas nochtaí breise eintiteas-sonracha (ESRS 1 (30 (b)).
Foscríbhinn F
Sampla de struchtúr ráiteas inbhuanaitheachta ESRS
Comhlánaíonn an fhoscríbhinn seo ESRS 1. Tugann sé léiriú neamhcheangailteacha de struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta a leagtar amach i roinn 8.2 den Chaighdeán seo. Sa léiriú sin, tháinig an gnóthas ar an gconclúid nach ábhar iad an bhithéagsúlacht agus na héiceachórais, an truailliú agus na pobail dá ndéantar difear.
Foscríbhinn G
Sampla de chuimsiú de réir tagartha
Comhlánaíonn an fhoscríbhinn seo ESRS 1. Tugann sé léirithe neamhcheangailteacha ar chuimsiú de réir tagartha de roinn eile den tuarascáil bhainistíochta sa ráiteas inbhuanaitheachta mar a leagtar amach i roinn 9.1 den Chaighdeán seo.
ESRS 2
NOCHTAÍ GINEARÁLTA
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
|
1. |
An bonn leis an ullmhúchán |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráitis inbhuanaitheachta a ullmhú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 — Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha |
|
2. |
Rialachas |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta |
|
3. |
Straitéis |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
|
4. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna |
|
4.1 |
Nochtaí maidir leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais |
|
4.2 |
Íoscheanglas maidir le nochtadh i ndáil le beartais agus gníomhaíochtaí |
|
– |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú |
|
– |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha |
|
5. |
Méadracht agus spriocanna |
|
– |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Méadracht MDR-M — Méadracht i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha |
|
– |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
1. |
An bonn leis an ullmhúchán |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú |
|
2. |
Rialachas |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta |
|
3. |
Straitéis |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
|
4. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais |
|
– |
Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú |
|
– |
Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha |
|
5. |
Méadracht agus spriocanna |
|
– |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna |
|
Foscríbhinn B: |
Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais |
|
Foscríbhinn C: |
Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme go comhpháirteach le ESRS 2 Nochtaí Ginearálta |
Cuspóir
|
1. |
Leagtar amach in ESRS na ceanglais maidir le nochtadh a bhfuil feidhm acu maidir le gach gnóthas gan beann ar a n-earnáil gníomhaíochta (i.e. an earnáil il-oiriúnach) agus a bhfuil feidhm acu ar fud na dtopaicí inbhuanaitheachta (i.e., trasearnálach). Cumhdaítear leis an ESRS seo na réimsí tuairiscithe a shainítear in ESRS 1 Ceanglais ghinearálta roinn 1.2 Caighdeáin Thrasearnálacha agus réimsí tuairiscithe. |
|
2. |
Agus nochtaí á n-ullmhú faoin gCaighdeán seo, cuirfidh an gnóthas i bhfeidhm na Ceanglais maidir le Nochtadh (lena n-áirítear a bpointí sonraí) a leagtar amach in ESRS topaicshonracha, mar a liostaítear i bhFoscríbhinn C den Chaighdeán seo Ceanglais maidir le Nochtadh/Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme go comhpháirteach le ESRS 2 Nochtadh Ginearálta . Cuirfidh an gnóthas na ceanglais a liostaítear i bhFoscríbhinn C i bhfeidhm:
|
1. An bonn leis an ullmhúchán
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú
|
3. |
Nochtfaidh an gnóthas an bonn ginearálta chun a ráiteas inbhuanaitheachta a ullmhú. |
|
4. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a n-ullmhaíonn an gnóthas a ráiteas inbhuanaitheachta, lena n-áirítear raon feidhme an chomhdhlúthaithe, faisnéis faoinslabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, i gcás inarb ábhartha, cé acu a d’úsáid nó nár úsáid an gnóthas aon cheann de na roghanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí d) agus e) a fhágáil ar lár sa mhír seo a leanas. |
|
5. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 — Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha
|
6. |
Nochtfaidh an gnóthas nochtaí i ndáil le himthosca sonracha. |
|
7. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar éifeacht na n-imthosca sonracha sin ar ullmhú an ráitis inbhuanaitheachta. |
|
8. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis sin a thuairisciú in éineacht leis na nochtaí dá dtagraíonn siad. |
Tréimhsí ama
|
9. |
I gcás inar imigh an gnóthas ó na tréimhsí ama meántéarmacha nó fadtéarmacha arna sainiú ag ESRS 1 roinn 6.4 Sainmhíniú ar gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach chun críocha tuairiscithe, tabharfaidh sé tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
Meastachán slabhra luacha
|
10. |
I gcás ina n-áirítear i méadracht sonraí maidir leis an slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a mheastar agus úsáid á baint as foinsí indíreacha, amhail meánsonraí earnála nó ionadaithe eile, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí
|
11. |
I gcomhréir le ESRS 1 roinn 7.2 Foinsí neamhchinnteachta meastacháin agus neamhchinnteachta torthaí, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
12. |
Agus faisnéis réamhbhreathnaitheach á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a chur in iúl go measann sé go bhfuil an fhaisnéis sin neamhchinnte. |
Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta
|
13. |
I gcás ina dtarlaíonn athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe nó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin, (féach ESRS 1 roinn 7.4 Athruithe ar ullmhú agus ar chur i láthair na faisnéise inbhuanaitheachta), déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú
|
14. |
I gcás ina sainaithníonn an gnóthas earráidí réamhthréimhse ábhartha (féach ESRS 1 roinn 7.5 Earráidí i dtréimhsí roimhe sin a thuairisciú), nochtfaidh sé an méid seo a leanas:
|
Nochtaí a eascraíonn as reachtaíocht eile nó as fógraí tuairiscithe inbhuanaitheachta a nglactar leo go ginearálta
|
15. |
I gcás ina n-áiríonn an gnóthas ina ráiteas inbhuanaitheachta faisnéis a eascraíonn as reachtaíocht eile lena gceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh nó as caighdeáin agus creataí tuairiscithe inbhuanaitheachta a nglactar leo go ginearálta (féach roinn ESRS 1 roinn 8.2 Ábhar agus struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta), chomh maith leis an bhfaisnéis a fhorordaíonn ESRS, nochtfaidh sé an fíoras sin. I gcás ina gcuirtear caighdeáin nó creataí tuairiscithe eile i bhfeidhm go páirteach, soláthróidh an gnóthas tagairt bheacht do mhíreanna an chaighdeáin nó an chreata a chuirtear i bhfeidhm. |
Cuimsiú de réir tagartha
|
16. |
I gcás ina gcuimsíonn an gnóthas faisnéis de réir tagartha (féach ESRS 1 roinn 9.1 Cuimsiú de réir tagartha), nochtfaidh sé liosta de cheanglais maidir le nochtadh ESRS, nó na pointí sonraí sonracha a shainordaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh, a ionchorpraíodh de réir tagartha. |
Forálacha céimnithe isteach a úsáid i gcomhréir le Foscríbhinn C de ESRS 1
|
17. |
Gnóthas nó grúpa nach sáraíonn ar a dháta dúnta cuntais an meánlíon 750 fostaí le linn na bliana airgeadais, má chinneann sé an fhaisnéis a cheanglaítear le ESRS E4, ESRS S1, ESRS S2, ESRS S3 nó ESRS S4 a fhágáil ar lár i gcomhréir le Foscríbhinn C de ESRS 1, nochtfaidh sé mar sin féin cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh measúnú ar na topaicí inbhuanaitheachta a chumhdaítear le ESRS E4, ESRS S1, ESRS S2, ESRS S3 agus ESRS S4 faoi seach mar thopaicí ábhartha, mar thoradh ar mheasúnú ábharthachta an ghnóthais. Ina theannta sin, má tá measúnú déanta ar cheann amháin nó níos mó de na topaicí sin a bheith ábhartha, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas, i gcás gach topaice ábhartha:
|
2. Rialachas
|
18. |
Is é cuspóir na caibidle seo ceanglais maidir le nochtadh a shocrú lena gcumasófar tuiscint ar na próisis rialachais, na rialuithe agus na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun faireachán, bainistiú agus maoirseacht a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta. |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta
|
19. |
Nochtfaidh an gnóthas comhdhéanamh na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, a róil agus a bhfreagrachtaí agus rochtain ar shaineolas agus ar scileanna maidir le cúrsaí inbhuanaitheachta. |
|
20. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
|
21. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis a leanas maidir le comhdhéanamh agus éagsúlacht chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais:
|
|
22. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir le róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta:
|
|
23. |
Áireofar sa nochtadh tuairisc ar an gcaoi a ndéanann na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na scileanna agus an saineolas iomchuí ar fáil nó maidir le cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iad a fhorbairt chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta, lena n-áirítear:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu
|
24. |
Nochtfaidh an gnóthas conas a chuirtear na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ar an eolas faoi ábhair inbhuanaitheachta agus conas a tugadh aghaidh ar na hábhair sin le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
25. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta ar an eolas faoi ábhair inbhuanaitheachta, chomh maith leis an bhfaisnéis agus na hábhair ar thug siad aghaidh orthu le linn na tréimhse tuairiscithe. Leis sin ansin bítear in ann tuiscint a fháil ar cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh comhaltaí na gcomhlachtaí sin ar an eolas go leordhóthanach agus cibé acu a bhí siad in ann a gcuid róil a chomhlíonadh. |
|
26. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta
|
27. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir le comhtháthú a chuid feidhmíochta a bhaineann le hinbhuanaitheacht i scéimeanna dreasachta. |
|
28. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar cé acu a thairgtear nó nach dtairgtear scéimeanna dreasachta do chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta atá nasctha le hábhair inbhuanaitheachta. |
|
29. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas faoi na scéimeanna dreasachta agus na beartais luacha saothair a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais, i gcás inar ann dóibh:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV—4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí
|
30. |
Nochtfaidh an gnóthas mapáil ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ina ráiteas inbhuanaitheachta faoin bpróiseas díchill chuí. |
|
31. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a éascú ar phróiseas díchill chuí an ghnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta. |
|
32. |
Baineann príomhghnéithe agus príomhchéimeanna an díchill chuí dá dtagraítear faoi ESRS 1 caibidil 4 Dícheall cuíle roinnt Ceanglas um Nochtadh trasearnálacha agus topaicshonracha faoi ESRS. Soláthróidh an gnóthas mapáil ina míneofar conas agus cá háit a léirítear cur i bhfeidhm phríomhghnéithe agus phríomhchéimeanna phróiseas an díchill chuí ina ráiteas inbhuanaitheachta, chun gur féidir léiriú a dhéanamh ar chleachtais iarbhír an ghnóthais maidir le dícheall cuí (15). |
|
33. |
Leis an gceanglas sin maidir le nochtadh, ní shainordaítear aon cheanglas iompraíochta sonrach maidir le gníomhaíochtaí díchill chuí agus ní leathnaítear ná ní mhodhnaítear ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta mar atá sainordaítear i reachtaíocht nó i rialachán eile. |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV–5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta
|
34. |
Nochtfaidh an gnóthas príomhghnéithe a bhainistíochta riosca agus a chórais rialaithe inmheánaigh i ndáil leis an bpróiseas (na próisis) tuairiscithe um inbhuanaitheacht. |
|
35. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar phróisis bhainistithe riosca agus rialaithe inmheánaigh an ghnóthais i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta. |
|
36. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
3. Straitéis
|
37. |
Leagtar síos sa chaibidil seo ceanglais maidir le nochtadh lenar féidir an méid seo a leanas a thuiscint:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha
|
38. |
Nochtfaidh an gnóthas na heilimintí dá straitéis a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta, lena shamhail ghnó agus lena shlabhra luacha, nó a bhfuil tionchar acu orthu. |
|
39. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuairisc a thabhairt ar phríomheilimintí straitéis ghinearálta an ghnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta nó a dhéanann difear dóibh, agus ar phríomheilimintí shamhail ghnó agus shlabhra luacha an ghnóthais, chun tuiscint a thabhairt ar a neamhchosaint ar thionchair, rioscaí agus deiseanna agus ar an áit as a dtagann siad. |
|
40. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas faoi phríomheilimintí a straitéise ginearálta a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta nó a dhéanann difear dóibh:
|
|
41. |
Má tá an gnóthas bunaithe i mBallstát den Aontas Eorpach lena gceadaítear díolúine ó nochtadh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 18, mír 1, fophointe (a) de Threoir 2013/34/AE (22), agus má bhain an gnóthas úsáid as an díolúine sin, féadfaidh sé an miondealú ar ioncam de réir earnáil shuntasach ESRS a cheanglaítear le mír 40(b) a fhágáil ar lár. Sa chás sin, nochtfaidh an gnóthas mar sin féin liosta na n-earnálacha ESRS atá suntasach don ghnóthas. |
|
42. |
Nochtfaidh an gnóthas tuairisc ar a shamhail ghnó agus ar a shlabhra luacha, lena n-áirítear:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
43. |
Nochtfaidh an gnóthas an chaoi a gcuirtear leasanna agus tuairimí a pháiritithe leasmhara san áireamh le straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais. |
|
44. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann leasanna agus tuairimí na bpáirtithe leasmharabonn eolais faoi straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais. |
|
45. |
Nochtfaidh an gnóthas tuairisc achomair ar na nithe a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
46. |
Nochtfaidh an gnóthas a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn siad lena straitéis agus lena shamhail ghnó. |
|
47. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha de réir mar a eascraíonn siad as measúnú ábharthachta an ghnóthais agus ar an gcaoi a dtagann siad as straitéis agus samhail ghnó an ghnóthais, lena n-áirítear a leithdháileadh acmhainní, agus ar an gcaoi a spreagann siad oiriúnú na straitéise agus na samhla sin. Déantar an fhaisnéis atá le nochtadh faoi bhainistiú thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais a fhorordú in ESRS topaicshonracha agus i gcaighdeáin earnáilsonracha, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar leis na hÍoscheanglais maidir le Nochtadh i dtaca le beartais, gníomhaíochtaí agus spriocanna a bhunaítear sa Chaighdeán seo. |
|
48. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
|
49. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis thuairisciúil a cheanglaítear i mír 46 a nochtadh in éineacht leis na nochtaí a sholáthraítear faoin ESRS topaicshonrach comhfhreagrach, agus sa chás sin cuirfidh sé ráiteas i láthair fós ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha in éineacht lena nochtaí arna n-ullmhú faoin gcaibidil seo de ESRS 2. |
4. Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
4.1 Nochtaí maidir leis an bpróiseas measúnaithe ábharthachta
|
50. |
Leagtar síos sa chaibidil seo ceanglais maidir le nochtadh lenar féidir an méid seo a leanas a thuiscint:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-1 — Tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú
|
51. |
Nochtfaidh an gnóthas a phróiseas chun a thionchair, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh cé na cinn atá ábhartha. |
|
52. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a thabhairt ar an bpróiseas trína sainaithníonn an gnóthas tionchair, rioscaí agus deiseanna agus lena ndéantar measúnú ar a n- ábharthacht, mar bhonn chun na nochtaí ina ráiteas inbhuanaitheachta a chinneadh (féach ESRS 1 caibidil 3 agus a Cheanglais ghaolmhara maidir le Cur i bhFeidhm, lena leagtar amach ceanglais agus prionsabail maidir leis an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú bunaithe ar phrionsabal na hábharthachta dúbailte). |
|
53. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais
|
54. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na Ceanglais maidir le Nochtadh a comhlíonadh ina ráitis inbhuanaitheachta. |
|
55. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na Ceanglais maidir le Nochtadh a áirítear i ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais agus ar na topaicí a fágadh ar lár mar toisc nach topaicí ábhartha iad, mar thoradh ar an measúnú ábharthachta. |
|
56. |
Áireoidh an gnóthas liosta de na Ceanglais maidir le Nochtadh a comhlíonadh agus an ráiteas inbhuanaitheachta á ullmhú, tar éis thoradh an mheasúnaithe ábharthachta (féach ESRS 1 caibidil 3), lena n-áirítear uimhreacha na leathanach ar a bhfuil na nochtaí gaolmhara agus/nó na míreanna ina bhfuil na nochtaí gaolmhara sa ráiteas inbhuanaitheachta. Féadfar iad sin a chur i láthair mar innéacs ábhair. Áireoidh an gnóthas freisin tábla de na pointí sonraí uile a dhíorthaíonn ó reachtaíocht eile de chuid an Aontais a liostaítear i bhFoscríbhinn B den chaighdeán seo, ina léireofar an áit ar féidir teacht orthu sa ráiteas inbhuanaitheachta agus lena n-áirítear na pointí sin a mheas an gnóthas nach pointí ábhartha iad, agus sa chás sin léireoidh an gnóthas “Neamhábhartha” sa tábla i gcomhréir le ESRS 1, mír 35. |
|
57. |
Má chinneann an gnóthas nach bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé ar lár na ceanglais uile maidir le nochtadh in ESRS E1 Athrú Aeráide, nochtfaidh sé míniú mionsonraithe ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta maidir leis an athrú aeráide (féach ESRS 2 IRO-2 Ceanglais maidir le nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais), lena n-áirítear anailís réamhbhreathnaitheach ar na dálaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an ngnóthas a theacht ar an gconclúid go bhfuil an t-athrú aeráide ábhartha amach anseo. |
|
58. |
Má thagann an gnóthas ar an gconclúid nach bhfuil topaic ábhartha, topaic seachas an t-athrú aeráide, agus, dá bhrí sin, go bhfágann sé na Ceanglais uile maidir le Nochtadh ar lár san ESRS topaicshonrach comhfhreagrach, féadfaidh sé míniú gairid a thabhairt ar chonclúidí a mheasúnaithe ábharthachta don topaic sin. |
|
59. |
Soláthróidh an gnóthas míniú ar an gcaoi ar chinn sé an fhaisnéis ábhartha atá le nochtadh maidir leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna a ndearna sé measúnú orthu mar chinn ábhartha, lena n-áirítear úsáid tairseach agus/nó an chaoi ar chuir sé na critéir in ESRS 1 roinn 3.2 Ábhair ábhartha agus ábharthacht na faisnéise chun feidhme |
4.2 Íoscheanglais maidir le nochtadh i ndáil le beartais agus gníomhaíochtaí
|
60. |
Leagtar amach sa roinn seo na híoscheanglais maidir le nochtadh atá le cur san áireamh nuair a nochtann an gnóthas faisnéis faoina bheartais agus faoina ghníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha iarbhír agus ionchasacha a chosc, a mhaolú agus a leigheas, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus/nó chun deiseanna ábhartha a shaothrú (i dteannta a chéile, chun ‘ábhair inbhuanaitheachtaábhartha a bhainistiú’). Cuirfear i bhfeidhm iad in éineacht leis na Ceanglais maidir le Nochtadh, lena n-áirítear Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm, dá bhforáiltear in ESRS ábhartha topaicshonracha agus/nó earnáilsonracha. Cuirfear i bhfeidhm iad freisin nuair a ullmhóidh an gnóthas nochtaí eintiteas-sonracha. |
|
61. |
Beidh na nochtaí comhfhreagracha taobh le nochtaí arna bhforordú ag an ESRS ábhartha. Nuair a thugann beartas aonair nó na gníomhaíochtaí céanna aghaidh ar roinnt ábhar inbhuanaitheachta idirnasctha, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis is gá a nochtadh ina thuairisciú faoi ESRS topaicshonrach amháin agus crostagairt a dhéanamh dó ina thuairisciú faoi ESRS topaicshonracha eile. |
|
62. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis maidir le beartais agus gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi ESRS ábhartha a nochtadh, toisc nár ghlac sé beartais agus/nó gníomhaíochtaí faoi threoir an ábhair inbhuanaitheachta shonraigh lena mbaineann, nochtfaidh sé go bhfuil sé sin amhlaidh, agus tabharfaidh sé cúiseanna nár ghlac sé beartais agus/nó gníomhaíochtaí. Féadfaidh an gnóthas tráthchlár a nochtadh ina mbeidh sé d’aidhm aige iad a ghlacadh. |
Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú
|
63. |
Cuirfidh an gnóthas na híoscheanglais maidir le nochtadh a shainítear san fhoráil seo i bhfeidhm nuair a nochtfaidh sé na beartais atá i bhfeidhm aige maidir le gach ábhar inbhuanaitheachta a shainaithnítear mar ábhar ábhartha. |
|
64. |
Is é cuspóir an Íoscheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun tionchair iarbhír agus fhéideartha a chosc, a mhaolú agus a leigheas, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus chun deiseanna a shaothrú. |
|
65. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis faoi bheartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh:
|
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha
|
66. |
Cuirfidh an gnóthas i bhfeidhm na ceanglais maidir le hábhar na nochtaí san fhoráil seo le linn dó tuairisc a thabhairt ar na gníomhaíochtaí trína mbainistíonn sé gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha lena n-áirítear pleananna gníomhaíochta agus acmhainní atá leithdháilte agus/nó beartaithe. |
|
67. |
Is é is cuspóir don Íoscheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus/nó atá beartaithe chun tionchair iarbhír agus fhéideartha a chosc, a mhaolú agus a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna, agus i gcás inarb infheidhme cuspóirí agus spriocanna na mbeartas gaolmhar a bhaint amach. |
|
68. |
I gcás ina n-éilíonn cur chun feidhme beartais gníomhaíochtaí, nó plean gníomhaíochta cuimsitheach, chun a chuspóirí a bhaint amach, agus nuair a chuirtear gníomhaíochtaí chun feidhme gan beartas sonrach, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
69. |
I gcás ina bhfuil gá le caiteachas mór oibriúcháin (Opex) agus/nó caiteachas mór caipitiúil (Capex) chun plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, déanfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
5. Méadracht agus spriocanna
|
70. |
Leagtar amach sa chaibidil seo na hÍoscheanglais maidir le Nochtadh a chuirfear san áireamh nuair a nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena mhéadracht agus a spriocanna a bhaineann le gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha. Cuirfear i bhfeidhm iad in éineacht leis na Ceanglais maidir le Nochtadh, lena n-áirítear Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm, dá bhforáiltear san ESRS ábhartha topaicshonrach. Cuirfear i bhfeidhm iad freisin nuair a ullmhóidh an gnóthas nochtaí eintiteas-sonracha. |
|
71. |
Beidh na nochtaí comhfhreagracha taobh le nochtaí arna bhforordú ag an ESRS topaicshonrach. |
|
72. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis maidir le spriocanna a nochtadh a éilítear faoin ESRS topaicshonrach ábhartha, toisc nár ghlac sé spriocanna faoi threoir an ábhair inbhuanaitheachta shonraigh lena mbaineann, nochtfaidh sé go bhfuil sé sin amhlaidh, agus tabharfaidh sé cúiseanna nár ghlac sé spriocanna. Féadfaidh an gnóthas tráthchlár a nochtadh ina mbeidh sé d’aidhm aige iad a ghlacadh. |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Méadracht MDR-M — Méadracht i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha
|
73. |
Cuirfidh an gnóthas na ceanglais le haghaidh ábhar na nochtaí san fhoráil seo i bhfeidhm le linn dó nochtadh a dhéanamh maidir leis an méadracht atá i bhfeidhm aige i ndáil le gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha. |
|
74. |
Is é is cuspóir don Íoscheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an méadracht a úsáideann an gnóthas chun éifeachtacht a chuid gníomhaíochtaí a rianú chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. |
|
75. |
Nochtfaidh an gnóthas aon mhéadracht a úsáideann sé chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar éifeachtacht, i ndáil le tionchar, riosca nó deis ábhartha. |
|
76. |
Áireofar i méadracht an mhéadracht sin a shainítear in ESRS, chomh maith le méadracht a shainaithnítear ar bhonn eintiteas-sonrach, gan beann ar cé acu a tógadh ó fhoinsí eile iad nó a d’fhorbair an gnóthas féin iad. |
|
77. |
Maidir le gach méadracht, déanfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna
|
78. |
Cuirfidh an gnóthas na ceanglais le haghaidh ábhar na nochtaí san fhoráil seo i bhfeidhm le linn dó faisnéis a nochtadh maidir leis na spriocanna atá leagtha síos aige i ndáil le gach ábhar inbhuanaitheachta ábhartha. |
|
79. |
Is é cuspóir an Íoscheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas i gcás gach ábhair inbhuanaitheachta ábhartha:
|
|
80. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna intomhaiste atá dírithe ar thorthaí agus atá faoi cheangal ama maidir le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha atá leagtha síos aige chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh i gcás gach sprice:
|
|
81. |
Mura bhfuil aon sprioc intomhaiste atá dírithe ar thorthaí leagtha síos ag an ngnóthas:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS 2 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.
1. An bonn leis an ullmhúchán
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-1 — Bonn ginearálta le ráitis inbhuanaitheachta a ullmhú
|
AR 1. |
Agus tuairisc á tabhairt ar a mhéid a chumhdaítear slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais leis an ráiteas inbhuanaitheachta (féach ESRS 1 roinn 5.1 Gnóthas tuairiscithe agus slabhra luacha), féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh idir:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh BP-2 — Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha
|
AR 2. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu atá nó nach bhfuil sé ag brath ar aon chaighdeán Eorpach arna bhformheas ag an gCóras Eorpach um Chaighdeánú (caighdeáin ISO/IEC nó CEN/CENELEC), chomh maith lena mhéid atá na sonraí agus na próisis a úsáidtear chun críoch tuairiscithe inbhuanaitheachta fíoraithe ag soláthraí dearbhúcháin seachtrach agus ar cinneadh ina leith go gcomhlíonann siad an caighdeán comhfhreagrach ISO/IEC nó CEN/CENELEC. |
2. Rialachas
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta
|
AR 3. |
Agus cur síos á dhéanamh ar ról agus ar fhreagrachtaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta maidir le hábhair inbhuanaitheachta, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
AR 4. |
Agus tuairisc á tabhairt ar eagrú rialachais an ghnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta, féadfar cur síos ar struchtúr casta rialachais a chomhlánú lena gcur i láthair i bhfoirm léaráide. |
|
AR 5. |
Féadfar bunús a thabhairt leis an tuairisc ar leibhéal saineolais nó rochtain ar shaineolas na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta trí chomhdhéanamh na gcomhlachtaí a léiriú, lena n-áirítear comhaltaí ar a mbraitheann na comhlachtaí sin le haghaidh saineolais chun maoirseacht a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an chaoi a gcuireann siad le tionchar an tsaineolais sin mar chomhlacht. Sa tuairisc, breithneoidh an gnóthas an chaoi a bhfuil an saineolas agus na scileanna ábhartha maidir le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais agus cé acu atá nó nach bhfuil rochtain ag na comhlachtaí agus/nó ag a chomhaltaí ar fhoinsí eile saineolais, amhail saineolaithe sonracha agus oiliúint shonrach agus tionscnaimh oideachais eile chun saineolas a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorbairt laistigh de na comhlachtaí sin. |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-2 — Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu
|
AR 6. |
Ag brath ar struchtúr an ghnóthais, féadfaidh na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta díriú ar spriocanna uileghabhálacha, agus díríonn an bhainistíocht ar na spriocanna níos mionsonraithe. Sa chás sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an chaoi a n-áirithíonn na comhlachtaí rialachais go bhfuil sásra iomchuí i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht. |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta
|
AR 7. |
I gcás gnóthais liostaithe, ba cheart don Cheanglas maidir le Nochtadh seo a bheith comhsheasmhach leis an tuarascáil luach saothair arna forordú in airteagail 9a agus 9b de Threoir 2007/36/CE maidir le cearta áirithe scairshealbhóirí a fheidhmiú i gcuideachtaí liostaithe. Faoi réir fhorálacha ESRS 1, míreanna 119, 120 agus 122, féadfaidh gnóthas liostaithe tagairt a dhéanamh dá thuarascáil luach saothair. |
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-4 — Ráiteas maidir le dícheall cuí
|
AR 8. |
Féadfar an mhapáil a cheanglaítear le mír 30 a chur i láthair i bhfoirm tábla, agus crostagairt a dhéanamh idir croí-eilimintí an díchill chuí, maidir le tionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus na nochtaí ábhartha i ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais, mar a leagtar amach thíos. |
|
AR 9. |
Féadfaidh an gnóthas colúin bhreise a chur leis an tábla thíos chun na nochtaí sin a bhaineann le tionchair ar dhaoine agus/nó ar an gcomhshaol a shainaithint go soiléir ag glacadh leis, i roinnt cásanna, go bhféadfadh níos mó ná nochtadh amháin faisnéis a sholáthar maidir leis an gcéim díchill chuí chéanna. |
|
AR 10. |
Tá na príomhthagairtí in ionstraimí idirnáisiúnta Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus i dTreoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta maidir le croí-eilimintí an phróisis díchill chuí liostaithe in ESRS 1 caibidil 4.
|
Ceanglas maidir le Nochtadh GOV-5 — Bainistiú riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta
|
AR 11. |
Díríonn an Ceanglas maidir le Nochtadh seo ar na próisis rialaithe inmheánaigh ar an bpróiseas tuairiscithe um inbhuanaitheacht agus orthu sin amháin. Féadfaidh an gnóthas rioscaí a chur san áireamh amhail iomláine agus sláine na sonraí, cruinneas na dtorthaí meastacháin, infhaighteacht shonraí an tslabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh, agus uainiú infhaighteacht na faisnéise. |
3. Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-1 — Straitéis, samhail ghnó agus slabhra luacha
|
AR 12. |
Chun an fhaisnéis faoi earnálacha a cheanglaítear le mír 40 a sholáthar, déanfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí suntasacha a mhapáil i gcomhréir le hearnálacha ESRS. Murab ann do chód le haghaidh fo-earnála, úsáidfear an teideal ‘eile’. |
|
AR 13. |
Chun críocha na nochtaí a cheanglaítear i mír 40, tá grúpa táirgí agus/nó seirbhísí a thairgtear, grúpa margaí agus/nó grúpaí custaiméirí ar a bhfreastalaítear, nó earnáil ESRS, suntasach don ghnóthas má chomhlíonann sé ceann amháin nó an dá cheann de na critéir seo a leanas:
|
|
AR 14. |
Agus nochtaí a bhaineann lena shamhail ghnó agus lena slabhra luacha á n-ullmhú ag an ngnóthas, déanfaidh sé an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 15. |
Féadfaidh faisnéis chomhthéacsúil a bheith ábhartha go háirithe d’úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais, chun tuiscint a fháil ar a mhéid a áirítear faisnéis faoin slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach sna nochtaí tuairiscithe. Ba cheart go dtacódh an tuairisc ar phríomhghnéithe den slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach agus i gcás inarb infheidhme sainaithint príomhshlabhraí luacha le tuiscint ar an gcaoi a gcuireann an gnóthas i bhfeidhm ceanglais ESRS 1 caibidil 5 agus an measúnú ábharthachta a rinne an gnóthas i gcomhréir le ESRS 1 caibidil 3. Féadfar forléargas ardleibhéil a thabhairt sa tuairisc ar phríomhghnéithe na n-eintiteas sa slabhra luacha réamhtheachtach agus/nó iartheachtach lena léirítear a rannchuidiú coibhneasta le feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais agus lena mínítear an chaoi a gcuireann siad le cruthú luacha eacnamaíoch an ghnóthais. |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
AR 16. |
D’fhéadfadh tuairimí agus leasanna na bpáirtithe leasmhara a chuirtear in iúl mar chuid de rannpháirtíocht an ghnóthais le páirtithe leasmhara trína phróiseas díchill chuí nó trína phróiseas/phróisis díchill chuí a bheith ábhartha do ghné amháin nó níos mó dá straitéis nó dá shamhail ghnó. Dá réir sin, d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do chinntí an ghnóthais maidir le treo na straitéise nó na samhla gnó amach anseo. |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
AR 17. |
Agus tuairisc á tabhairt aige ar an áit ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach ina bhfuil tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha comhchruinnithe, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas: limistéir gheografacha, saoráidí nó cineálacha sócmhainní, ionchuir, aschuir agus cainéil dáilte. |
|
AR 18. |
Féadfar an nochtadh sin a shloinneadh i dtéarmaí tionchair amháin, riosca amháin nó deis amháin nó trí ghrúpaí de thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a chomhiomlánú, nuair a sholáthraíonn sé sin faisnéis níos ábhartha agus nuair nach ndéanann sé faisnéis ábhartha a fholú. |
4. Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh IRO-2 — Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS atá cumhdaithe ag ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais
|
AR 19. |
D’ainneoin an bhoinn le haghaidh chur i láthair na faisnéise faoi ábhair inbhuanaitheachta a áirítear in ESRS 1 caibidil 8 Struchtúr an ráitis inbhuanaitheachta, féadfaidh an gnóthas an liosta a nochtadh de na Ceanglais maidir le Nochtadh a comhlíonadh agus an ráiteas inbhuanaitheachta á ullmhú (féach mír 54) sa chuid den ráiteas inbhuanaitheachta a bhaineann le faisnéis ghinearálta nó i gcodanna eile den ráiteas inbhuanaitheachta de réir mar a mheasann sé a bheith iomchuí. Féadfaidh an gnóthas innéacs ábhair a úsáid, i.e., liosta i bhfoirm tábla de na Ceanglais maidir le Nochtadh a áirítear sa ráiteas inbhuanaitheachta, mar aon leis an tásc ar an áit a bhfuil siad (leathanach/míreanna). |
Íoscheanglas maidir le Nochtadh — Beartais MDR-P — Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú
|
AR 20. |
Mar gheall ar an idirspleáchas idir tionchair ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, rioscaí agus deiseanna, féadfaidh feidhm a bheith ag beartas aonair maidir le roinnt ábhar inbhuanaitheachta ábhartha, lena n- áirítear ábhair a dtugann níos mó ná ESRS topaicshonrach amháin aghaidh orthu. Mar shampla, má chumhdaíonn beartas aonair ábhar comhshaoil agus ábhar sóisialta araon, féadfaidh an gnóthas tuairisciú ar an mbeartas sa chuid den ráiteas inbhuanaitheachta a bhaineann leis an gcomhshaol. Sa chás sin, ba chóir go mbeadh crostagairt sa roinn shóisialta don roinn chomhshaoil ina dtuairiscítear an beartas. Ar an gcuma chéanna, féadfar beartas a thuairisciú sa roinn shóisialta agus crostagairt a bheith ann dó sa roinn chomhshaoil. |
|
AR 21. |
Sa tuairisc ar raon feidhme an bheartais, féadfar a mhíniú cé na gníomhaíochtaí agus/nó na codanna d’oibríochtaí an ghnóthais féin nó den slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach lena mbaineann an beartas. Féadfar míniú a thabhairt freisin sa tuairisc ar na teorainneacha breise atá ábhartha don topaic shonrach nó d’imthosca an ghnóthais, mar shampla limistéir gheografacha, saolréanna, etc. I gcásanna áirithe, cuir i gcás mura gcumhdaíonn an beartas an slabhra luacha iomlán, féadfaidh an gnóthas faisnéis shoiléir a sholáthar maidir le méid an tslabhra luacha a chumhdaítear leis an mbeartas. |
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Gníomhaíochtaí MDR-A — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha
|
AR 22. |
Is iad na príomhghníomhaíochtaí i gcomhthéacs an Íoscheanglais seo maidir le Nochtadh na gníomhaíochtaí sin a rannchuidíonn go hábhartha le cuspóirí an ghnóthais a bhaint amach maidir le dul i ngleic le tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha. Ar chúiseanna sothuigtheachta, d’fhéadfaí príomhghníomhaíochtaí a chomhiomlánú i gcás inarb iomchuí. |
|
AR 23. |
Féadfar faisnéis maidir le leithdháileadh acmhainní a chur i láthair i bhfoirm tábla agus í a mhiondealú idir caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibriúcháin, agus thar na tréimhsí ama ábhartha, agus idir acmhainní arna gcur i bhfeidhm sa bhliain tuairiscithe reatha agus an leithdháileadh beartaithe acmhainní thar thréimhsí ama sonracha. |
5. Méadracht agus spriocanna
Íoscheanglas maidir le nochtadh — Spriocanna MDR-T — Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna
|
AR 24. |
Agus spriocanna a bhaineann le tionchair ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú á nochtadh ag an ngnóthas, tabharfaidh sé tús áite do spriocanna a bhaineann leis na tionchair a laghdú i ndearbhthéarmaí seachas i dtéarmaí coibhneasta. Nuair a thugann spriocanna aghaidh ar thionchair shóisialta a chosc nó a mhaolú, féadfar iad a shonrú i dtéarmaí na n-éifeachtaí ar chearta an duine, ar leas an duine nó ar thorthaí dearfacha do pháirtithe leasmhara dá ndéantar difear. |
|
AR 25. |
Féadfar an fhaisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna a bhaint amach a chur i láthair i dtábla cuimsitheach, lena n-áirítear faisnéis faoin luach bonnlíne agus faoin spriocluach, faoi na garspriocanna, agus faoin bhfeidhmíocht a baineadh amach sna tréimhsí roimhe sin. |
|
AR 26. |
I gcás ina ndéanfaidh an gnóthas cur síos ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí beartais a bhaint amach in éagmais sprioc intomhaiste, féadfaidh sé bonnlíne a shonrú a ndéanfar an dul chun cinn a mheas ina leith. Mar shampla, féadfaidh an gnóthas measúnú a dhéanamh ar mhéadú pá faoi chéatadán áirithe dóibh siúd atá faoi bhun pá cóir; nó féadfaidh sé measúnú a dhéanamh ar cháilíocht a ghaolmhaireachtaí le pobail áitiúla trí thagairt do chion na saincheisteanna a tharraing pobail anuas agus a réitíodh chun sástachta dóibh. Bainfidh an bhonnlíne agus an measúnú ar an dul chun cinn leis na tionchair, rioscaí agus deiseanna atá mar bhonn taca le hábharthacht an ábhair a dtugtar aghaidh air sa bheartas. |
Foscríbhinn B
Liosta na bpointí sonraí i gcaighdeáin thrasearnálacha agus i gcaighdeáin thopaicshonracha a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais
Is dlúthchuid de ESRS 2 í an fhoscríbhinn seo. Léirítear sa tábla thíos na pointí sonraí in ESRS 2 agus ESRS topaicshonrach a eascraíonn as reachtaíocht eile de chuid an Aontais.
|
Ceanglas maidir le Nochtadh agus pointe sonraí gaolmhar |
Tagairt (23) RNAI |
Tagairt (24) Cholún 3 |
Tagairt don Rialachán tagarmhairc (25) |
Tagairt do Dhlí Aeráide an Aontais (26) |
|
ESRS 2 GOV-1 Éagsúlacht inscne an Bhoird mír 21 (d) |
Táscaire uimhir 13 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún (27), Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS 2 GOV-1 An céatadán de chomhaltaí an bhoird atá neamhspleách mír 21 (e) |
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS 2 GOV-4 Ráiteas maidir le dícheall cuí mír 30 |
Táscaire uimhir 10 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS 2 SBM-1 Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí breoslaí iontaise fuinneamh mír 40 (d) i |
Táscairí uimhir 4 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún (28) Tábla 1: Faisnéis cháilíochtúil maidir le riosca Comhshaoil agus Tábla 2: Faisnéis cháilíochtúil maidir le riosca Sóisialta |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS 2 SBM-1 Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh ceimiceach mír 40 (d) ii |
Táscaire uimhir 9 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS 2 SBM-1 Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hairm chonspóideacha mír 40 (d) iii |
Táscaire uimhir 14 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (29), Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS 2 SBM-1 Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú agus táirgeadh tobac mír 40 (d) iv |
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS E1-1 Plean aistrithe chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mír 14 |
|
|
|
Rialachán (AE) 2021/1119, Airteagal 2(1) |
|
ESRS E1-1 Gnóthais eisiata ó Thagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras mír 16 (g) |
|
Airteagal 449a Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an Athrú Aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12.1 (d) go (g) agus Airteagal 12.2. |
|
|
ESRS E1-4 Astaíocht GCT spriocanna laghdaithe mír 34 |
Táscaire uimhir 4 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
Airteagal 449a Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: méadrachtaí um ailíniú |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 6 |
|
|
ESRS E1-5 Ídiú fuinnimh ó fhoinsí iontaise dí-chomhiomlánaithe de réir foinsí (earnálacha aeráide ardtionchair amháin) mír 38 |
Táscaire uimhir 5 Tábla #1 agus Táscaire uimhir 5 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E1-5 Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh mír 37 |
Táscaire uimhir 5 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E1-5 Déine fuinnimh bainteach le gníomhaíochtaí in earnálacha aeráide ardtionchair míreanna 40 go 43 |
Táscaire uimhir 6 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E1-6 Oll-astaíochtaí GCT Scóipeanna 1, 2, 3 agus astaíochtaí GCT iomlána mír 44 |
Táscairí uimhir 1 agus uimhir 2 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
Airteagal 449 a; Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 1: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Cáilíocht chreidmheasa na neamhchosaintí de réir na hearnála, astaíochtaí agus aibíocht iarmharach |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagail 5(1), 6 agus 8(1) |
|
|
ESRS E1-6 Déine astaíochtaí comhlána GCT míreanna 53 go 55 |
Táscairí uimhir 3 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún Teimpléad 3: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: méadrachtaí um ailíniú |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 8(1) |
|
|
ESRS E1-7 Aistrithe GCT agus creidmheasanna carbóin mír 56 |
|
|
|
Rialachán (AE) 2021/1119, Airteagal 2(1) |
|
ESRS E1-9 Neamhchosaint na punainne tagarmhairc do rioscaí fisiceacha a bhaineann leis an aeráid mír 66 |
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS E1-9 Méideanna airgeadaíochta a dhí-chomhiomlánú de réir rioscaí fisiceacha géara agus ainsealacha mír 66 (a) ESRS E1-9 Suíomh na sócmhainní suntasacha atá faoi riosca fisiceach ábhartha mír 66 (c). |
|
Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún míreanna 46 agus 47: Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta — Riosca fisiceach maidir leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach. |
|
|
|
ESRS E1-9 Miondealú de shuim ghlanluacha a shócmhainní eastáit réadaigh de réir aicmí éifeachtúlachta fuinnimh mír 67 (c). |
|
Airteagal 449 a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún mír 34;Teimpléad 2:Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe — Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta |
|
|
|
ESRS E1-9 Méid neamhchosaint na punainne do dheiseanna a bhaineann leis an aeráid mír 69 |
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS E2-4 An méid truailleán a liostaítear in Iarscríbhinn II den Rialachán E-PRTR (an Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán) a astaítear san aer, san uisce agus san ithir, mír 28 |
Táscaire uimhir 8 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 Táscaire uimhir 2 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 Táscaire uimhir 1 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 Táscaire uimhir 3 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E3-1 Uisce agus acmhainní muirí mír 9 |
Táscaire uimhir 7 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E3-1 Beartas tiomnaithe mír 13 |
Táscaire uimhir 8 Tábla 2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E3-1 Aigéin agus farraigí inbhuanaithe mír 14 |
Táscaire uimhir 12 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E3-4 An t-uisce iomlán a athchúrsáiltear agus a athúsáidtear mír 28 (c) |
Táscaire uimhir 6.2 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E3-4 An tomhaltas iomlán uisce in m3 in aghaidh an ghlanioncaim ó oibríochtaí dílse mír 29 |
Táscaire uimhir 6.1 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS 2- IRO 1 - E4 mír 16 (a) i |
Táscaire uimhir 7 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS 2- IRO 1 - E4 mír 16 (b) |
Táscaire uimhir 10 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS 2- IRO 1 - E4 mír 16 (c) |
Táscaire uimhir 14 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E4-2 Cleachtais nó beartais talún / talmhaíochta inbhuanaithe mír 24 (b) |
Táscaire uimhir 11 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E4-2 Cleachtais nó beartais aigéan / farraigí inbhuanaithe mír 24 (c) |
Táscaire uimhir 12 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E4-2 Beartais chun aghaidh a thabhairt ar an dífhoraoisiú mír 24 (d) |
Táscaire uimhir 15 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E5-5 Dramhaíl neamh-athchúrsáilte mír 37 (d) |
Táscaire uimhir 13 Tábla #2 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS E5-5 Dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach mír 39 |
Táscaire uimhir 9 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS 2- SBM3 - S1 Riosca i leith teagmhais saothair éignithe mír 14 (f) |
Táscaire uimhir 13 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS 2- SBM3 - S1 Riosca i leith teagmhais saothair leanaí mír 14 (g) |
Táscaire uimhir 12 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-1 Tiomantais sa bheartas maidir le cearta an duine mír 20 |
Táscaire uimhir 9 Tábla #3 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-1 Beartais díchill chuí maidir le saincheisteanna ar a dtugtar aghaidh le Coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1 go 8, mír 21 |
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS S1-1 próisis agus bearta chun gáinneáil ar dhaoine a chosc mír 22 |
Táscaire uimhir 11 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-1 beartas nó córas bainistíochta chun tionóiscí tionsclaíocha a chosc mír 23 |
Táscaire uimhir 1 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-3 sásraí láimhseála casaoidí/gearán mír 32 (c) |
Táscaire uimhir 5 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-14 An líon básanna agus líon agus ráta na dtionóiscí a bhaineann leis an obair mír 88 (b) agus (c) |
Táscaire uimhir 2 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS S1-14 An líon laethanta a cailleadh de dheasca díobhálacha, timpistí, básanna nó tinnis mír 88 (e) |
Táscaire uimhir 3 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-16 Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní mír 97 (a) |
Táscaire uimhir 12 Tábla #1 d’Iarscríbhinn I |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS S1-16 Cóimheas pá POF iomarcach mír 97 (b) |
Táscaire uimhir 8 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-17 Teagmhais idirdhealaithe, mír 103 (a) |
Táscaire uimhir 7 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
|
|
|
ESRS S1-17 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ECFE mír 104 (a) |
Táscaire uimhir 10 Tábla #1 agus Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn I |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1) |
|
|
ESRS 2- SBM3 — S2 Riosca suntasach de shaothar leanaí nó saothar éignithe sa slabhra luacha mír 11 (b) |
Táscairí uimhir 12 agus uimhir 13 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S2-1 Tiomantais sa bheartas maidir le cearta an duine mír 17 |
Táscaire uimhir 9 Tábla #3 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha mír 18 |
Táscaire uimhir 11 agus uimhir 4 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S2-1 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus do threoirlínte ECFE mír 19 |
Táscaire uimhir 10 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1) |
|
|
ESRS S2-1 Beartais díchill chuí maidir le saincheisteanna ar a dtugtar aghaidh le Coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1 go 8, mír 19 |
|
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II |
|
|
ESRS S2-4 Saincheisteanna agus teagmhais maidir le cearta an duine atá nasctha lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach mír 36 |
Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S3-1 Tiomantais i mbeartas chearta an duine mír 16 |
Táscaire uimhir 9 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S3-1 neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, do phrionsabail EIS nó agus do threoirlínte ECFE mír 17 |
Táscaire uimhir 10 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1) |
|
|
ESRS S3-4 Saincheisteanna agus teagmhais maidir le cearta an duine mír 36 |
Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S4-1 Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh mír 16 |
Táscaire uimhir 9 Tábla #3 agus Táscaire uimhir 11 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS S4-1 Neamh-urraim do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus do threoirlínte ECFE mír 17 |
Táscaire uimhir 10 Tábla #1 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, Airteagal 12 (1) |
|
|
ESRS S4-4 Saincheisteanna agus teagmhais maidir le cearta an duine mír 35 |
Táscaire uimhir 14 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS G1-1 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe mír 10 (b) |
Táscaire uimhir 15 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS G1-1 Sceithirí a chosaint mír 10 (d) |
Táscaire uimhir 6 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
|
ESRS G1-4 Fíneálacha i leith sárú ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta mír 24 (a) |
Táscaire uimhir 17 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún, Iarscríbhinn II) |
|
|
ESRS G1-4 Caighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta mír 24 (b) |
Táscaire uimhir 16 Tábla #3 d’Iarscríbhinn 1 |
|
|
|
Foscríbhinn C
Ceanglais maidir le Nochtadh agus Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm in ESRS topaicshonracha is infheidhme i gcomhar le ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Is dlúthchuid de ESRS 2 í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán. Leagtar amach sa tábla seo a leanas na ceanglais in ESRS topaicshonracha nach mór a chur san áireamh agus tuairisciú á dhéanamh in aghaidh na gCeanglas maidir le Nochtadh in ESRS 2.
|
ESRS 2 Nochtadh Ceanglas |
An mhír ghaolmhar de ESRS |
|
GOV—1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta |
ESRS G1 Iompar gnó (mír 5) |
|
GOV—3 Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta |
ESRS E1 Athrú aeráide (mír 13) |
|
SMB —2 Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
ESRS S1 Lucht saothair dílis (mír 12) ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha (mír 9) ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear (mír 7) ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh (mír 8) |
|
SBM—3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
ESRS E1 Athrú Aeráide (míreanna 18 go 19) ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais (mír 16) ESRS S1 Lucht saothair dílis (míreanna 13 go 16) ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha (míreanna 10 go 13) ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear (míreanna 8 go 11) ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh (míreanna 9 go 12) |
|
IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú |
ESRS E1 Athrú aeráide (míreanna 20 go 21) ESRS E2 Truailliú (mír 11) ESRS E3 Uisce agus acmhainní muirí (mír 8) ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais (míreanna 17 go 19) ESRS E5 Úsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach (mír 11) ESRS G1 Iompar gnó (mír 6) |
ESRS E1
ATHRÚ AERÁIDE
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Rialachas
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide |
|
– |
Ceanglais maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh |
|
– |
Ceanglais maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:
|
|
2. |
Cuirtear san áireamh sna Ceanglais maidir le Nochtadh den Chaighdeán seo ceanglais reachtaíocht agus rialachán gaolmhar an Aontais (i.e., an Rialachán maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach (30), an Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide (31), an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI) (32), Tacsanomaíocht AE (33), agus ceanglais maidir le nochtadh i gColún 3 ÚBE (34)). |
|
3. |
Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann leis na hábhair inbhuanaitheachta seo a leanas:‘Maolú ar an athrú aeráide’ agus ‘Oiriúnú don athrú aeráide’. Cumhdaítear ann freisin ábhair a bhaineann le fuinneamh, a mhéid atá siad ábhartha don athrú aeráide. |
|
4. |
Baineannmaolú ar an athrú aeráide le hiarrachtaí an ghnóthais maidir leis an bpróiseas ginearálta chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann leis na seacht ngás ceaptha teasa (GCT), dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), hidreafluaracarbóin (HFCanna), sárfhluaracarbóin (PCFanna), heicseafluairíd sulfair (SF6) agus trífhluairíd nítrigine (NF3) ach gan a bheith teoranta dóibh. Cumhdaítear leis freisin Ceanglais maidir le Nochtadh i dtaca leis an gcaoi a dtugann an gnóthas aghaidh ar a astaíochtaí gás ceaptha teasa chomh maith leis na rioscaí aistrithe gaolmhara. |
|
5. |
Baineannoiriúnú don athrú aeráide le próiseas coigeartaithe an ghnóthais don athrú aeráide iarbhír agus don athrú aeráide a mheastar a bheidh ann. |
|
6. |
Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo Ceanglais maidir le Nochtadh i dtaca le guaiseacha a bhaineann leis an aeráid a bhféadfadh rioscaí fisiceacha aeráide a bheith mar thoradh orthu don ghnóthas agus dá réitigh oiriúnaithe chun na rioscaí sin a laghdú. Cumhdaítear leis freisin rioscaí aistrithe a eascraíonn as an oiriúnú is gá do ghuaiseacha a bhaineann leis an aeráid. |
|
7. |
Leis na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le ‘Fuinneamh’, cumhdaítear gach cineál táirgthe agus tomhaltais fuinnimh. |
Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile
|
8. |
Tásubstaintí ídithe ózóin (ODS), ocsaídí nítrigine (NOX) agus ocsaídí sulfair (SOX), i measc astaíochtaí aeir eile, nasctha leis an athrú aeráide ach cumhdaítear iad faoi na ceanglais tuairiscithe in ESRS E2. |
|
9. |
Na tionchair ar dhaoine a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach, cumhdaítear iad faoi ESRS S1 Lucht saothair dílis, ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha, ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. |
|
10. |
Baineann maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide go dlúth le topaicí a dtugtar aghaidh orthu go háirithe in ESRS E3 Uisce agus acmhainní uisce agus in ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais. Maidir le huisce agus mar a léirítear i dtábla na nguaiseacha a bhaineann leis an aeráid in AR 11, tugann an caighdeán seo aghaidh ar rioscaí fisiceacha géara agus ainsealacha a eascraíonn as guaiseacha a bhaineann le huisce agus leis na haigéin. Tugtar aghaidh archailliúint na bithéagsúlachta agus ar an díghrádú éiceachóras a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca an athraithe aeráide in ESRS E4 Bithéagsúlacht agus éiceachórais. |
|
11. |
Ba cheart an Caighdeán sin a léamh agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí ginearálta. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
12. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh agus a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na nochtuithe a éilítear le ESRS 2 maidir le Caibidil 2 Rialachas, Caibidil 3 Straitéis agus Caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna. Cuirfear na nochtaí a eascraíonn as sin i láthair sa ráiteas inbhuanaitheachta in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, ar ina leith a fhéadfaidh an gnóthas, i gcomhréir le ESRS2 mír 46, na nochtaí a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí eile a cheanglaítear sa chaighdeán topaicshonrach seo. |
Rialachas
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-3 — Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta
|
13. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear breithnithe a bhaineann leis an aeráid san áireamh i luach saothair chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta agus an chaoi a gcuirtear san áireamh iad, lena n-áirítear an ndearnadh measúnú ar a bhfeidhmíocht in aghaidh na spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a tuairiscíodh faoi Cheanglas maidir le Nochtadh E1-4 agus an céatadán den luach saothair a aithnítear sa tréimhse reatha atá nasctha le breithnithe a bhaineann leis an aeráid, mar aon le míniú ar cad iad na breithnithe aeráide. |
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide
|
14. |
Nochtfaidh an gnóthas a phlean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide (35) . |
|
15. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar iarrachtaí maolaithe an ghnóthais san am a chuaigh thart, atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo chun a áirithiú go mbeidh a straitéis agus a shamhail ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus, i gcás inarb ábhartha, leis an neamhchosaint atá ag an ngnóthas ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás. |
|
16. |
Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a cheanglaítear le mír 14:
|
|
17. |
Sa chás nach mbeidh plean aistrithe i bhfeidhm ag an ngnóthas, tabharfaidh sé le fios cé acu a ghlacfaidh sé plean aistrithe agus, má ghlacann, cén uair a ghlacfaidh sé é. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
18. |
I dtaca le gach riosca ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithin an gnóthas, míneoidh sé cé acu a mheasann an t-eintiteas gur riosca fisiceach a bhaineann leis an aeráid nó gur riosca aistrithe a bhaineann leis an aeráid é an riosca. |
|
19. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar athléimneacht a straitéise agus a shamhla gnó i ndáil leis an athrú aeráide. Beidh na nithe seo a leanas sa tuairisc:
|
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú
|
20. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú. Áireofar sa tuairisc sin a phróiseas i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
|
21. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 20(b) agus 20(c) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas conas a d’úsáid sé anailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear raon cásanna aeráide, chun bonn eolais a chur faoi rioscaí fisiceacha agus rioscaí aistrithe agus deiseanna a shainaithint agus a mheasúnú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear: |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide
|
22. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. |
|
23. |
Is é cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar shainaithint, measúnú, bainistiú agus/nó leasú a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin. |
|
24. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 22 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhainistiú a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. |
|
25. |
Cuirfidh an gnóthas in iúl cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na réimsí seo a leanas, agus an chaoi a dtugann siad aghaidh orthu:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide
|
26. |
Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme. |
|
27. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann leis an aeráid a bhaint amach. |
|
28. |
Leanfaidh an tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus ar na hacmhainní a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin na prionsabail a luaitear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha. |
|
29. |
De bhreis ar ESRS 2 MDR-A, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide
|
30. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna a bhaineann leis an aeráid atá leagtha síos aige. |
|
31. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a fháil ar na spriocanna atá leagtha síos ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid. |
|
32. |
Cuimseofar i nochtadh na spriocanna a cheanglaítear i mír 30 an fhaisnéis a cheanglaítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna. |
|
33. |
Maidir leis an nochtadh a cheanglaítear le mír 30, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil agus conas atá spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT leagtha síos aige agus/nó aon spriocanna eile chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a bhainistiú, mar shampla, cur in úsáid fuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, oiriúnú don athrú aeráide, agus maolú riosca fisiceach nó aistrithe. |
|
34. |
Má tá spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT (39) leagtha síos ag an ngnóthas, beidh feidhm ag ESRS 2 MDR-T agus ag na ceanglais seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh
|
35. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir lena ídiú fuinnimh agus a mheascán fuinnimh. |
|
36. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar thomhaltas iomlán fuinnimh an ghnóthais i ndearbhluach, feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar an neamhchosaint ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gual, ola agus gás, agus ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite ina mheascán fuinnimh foriomlán. |
|
37. |
Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 35 an tomhaltas fuinnimh iomlán in MWh a bhaineann le hoibríochtaí dílse arna ndí-chomhiomlánú de réir na nithe seo a leanas:
|
|
38. |
An gnóthas a bhfuil oibríochtaí aige in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid (42), déanfaidh sé a thomhaltas fuinnimh iomlán ó fhoinsí iontaise a dhí-chomhiomlánú a thuilleadh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
39. |
Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh an gnóthas a tháirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite agus a tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite in MWh a dhí-chomhiomlánú agus a nochtadh ar leithligh (43). |
Déine fuinnimh bunaithe ar ghlanioncam (44)
|
40. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis an déine fuinnimh (tomhaltas iomlán fuinnimh in aghaidh an ghlanioncaim) a bhaineann le gníomhaíochtaí in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid. |
|
41. |
Ní dhíorthófar an nochtadh maidir le déine fuinnimh a cheanglaítear le mír 40 ach amháin ón tomhaltas fuinnimh iomlán agus ón nglanioncam ó ghníomhaíochtaí in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid. |
|
42. |
Sonróidh an gnóthas na hearnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid, ar earnálacha iad a úsáidtear chun an déine fuinnimh a cheanglaítear le mír 40 a chinneadh. |
|
43. |
Nochtfaidh an gnóthas an réiteach leis an mír líne ábhartha nó leis na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais maidir le méid an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí in earnálacha ag a bhfuil tionchar mór ar an aeráid (an t-ainmneoir i ríomh na déine fuinnimh a cheanglaítear le mír 40). |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT
|
44. |
Nochtfaidh an gnóthas i dtonaí méadracha CO2eq an méid seo a leanas (45)
:
|
|
45. |
Cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh i mír 44 i leith:
Tá an fhaisnéis ón gCeanglais seo maidir le Nochtadh ag teastáil freisin chun tuiscint a fháil ar rioscaí aistrithe an ghnóthais a bhaineann leis an aeráid. |
|
46. |
Agus an fhaisnéis faoi astaíochtaí GCT a cheanglaítear faoi mhír 44 á nochtadh, déanfaidh an gnóthas tagairt do ESRS 1 míreanna 62 go 67. I bprionsabal, i dtaca leis na sonraí maidir le hastaíochtaí GCT a ghnólachtaí comhlachaithe nó a chomhfhiontar atá mar chuid de shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais (SCR 1 Mír 67), níl siad teoranta don sciar cothromais arna shealbhú. Dá ghnólachtaí comhlachaithe, dá chomhfhiontair, dá fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus dá shocruithe conarthacha ar comhshocruithe iad nach bhfuil struchtúraithe trí eintiteas (i.e., oibríochtaí agus sócmhainní a rialaítear go comhpháirteach), áireoidh an gnóthas na hastaíochtaí GCT i gcomhréir le méid rialú oibriúcháin an ghnóthais orthu. |
|
47. |
I gcás athruithe móra ar an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist leis an ngnóthas tuairiscithe agus ar a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, nochtfaidh an gnóthas na hathruithe sin agus míneoidh sé a n-éifeacht ar inchomparáideacht a astaíochtaí GCT tuairiscithe ó bhliain go bliain (i.e., an éifeacht ar an inchomparáideacht idir astaíochtaí GCT na tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair agus astaíochtaí GCT na tréimhse tuairiscithe a bhí ann roimhe seo). |
|
48. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh maidir le hollastaíochtaí GCT Scóip 1 a cheanglaítear le mír 44 (a):
|
|
49. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh maidir le hollastaíochtaí GCT Scóip 2 a cheanglaítear le mír 44 (b):
|
|
50. |
I gcás astaíochtaí Scóip 1 agus Scóip 2 a nochtar mar a cheanglaítear le míreanna 44 (a) agus (b), déanfaidh an gnóthas an fhaisnéis a dhí-chomhiomlánú, agus astaíochtaí á nochtadh ar leithligh acu:
|
|
51. |
Áireofar le nochtadh oll-astaíochtaí GCT Scóip 3 a cheanglaítear le mír 44 (c) astaíochtaí GCT i dtonaí méadracha CO2eq ó gach catagóir shuntasach de Scóip 3 (i.e. gach catagóir de Scóip 3 atá ina tosaíocht don ghnóthas). |
|
52. |
Is éard a bheidh i nochtadh na n-astaíochtaí GCT iomlána a cheanglaítear le mír 44 (d) suim astaíochtaí GCT Scóip 1, 2 agus 3 a cheanglaítear le míreanna 44 (a) go (c). Nochtfar iomlán na n-astaíochtaí GCT le dí-chomhiomlánú lena ndéantar idirdhealú ar na nithe seo a leanas:
|
Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar ghlanioncam (46)
|
53. |
Nochtfaidh an gnóthas a dhéine astaíochtaí GCT (iomlán na n-astaíochtaí GCT in aghaidh an ghlanioncaim). |
|
54. |
Soláthrófar leis an nochtadh maidir le déine GCT a cheanglaítear le mír 53 na hastaíochtaí GCT iomlána i dtonaí méadracha CO2eq (a cheanglaítear le mír 44 (d)) in aghaidh an ghlanioncaim. |
|
55. |
Nochtfaidh an gnóthas an réiteach leis an mír líne ábhartha nó leis na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais maidir le méideanna an ghlanioncaim (an t-ainmneoir i ríomh dhéine na n-astaíochtaí GCT a cheanglaítear le mír 53). |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin
|
56. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
|
57. |
Seo a leanas cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh:
|
|
58. |
Áireofar sa nochtadh maidir le haistrithe agus stóráil GCT a cheanglaítear le mír 56 (a) an méid seo a leanas, más infheidhme:
|
|
59. |
Áireofar sa nochtadh maidir le hcreidmheasanna carbóin a cheanglaítear le mír 56 (b) an méid seo a leanas, más infheidhme:
|
|
60. |
I gcás ina nochtann an gnóthas sprioc ghlan-nialasachta sa bhreis ar na spriocanna laghdaithe oll-astaíochtaí GCT i gcomhréir leis an gCeanglas maidir le Nochtadh E1-4, mír 30, míneoidh sé an raon feidhme, na modheolaíochtaí agus na creataí a chuirtear i bhfeidhm agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe na hastaíochtaí GCT iarmharacha (tar éis thart ar 90-95 % de laghdú astaíochtaí GCT leis an bhféidearthacht go mbeadh éagsúlachtaí earnálacha a bhfuil údar leo i gcomhréir le conair aitheanta earnálach dhícharbónaithe) a neodrú trí, mar shampla, aistrithe GCT ina chuid oibríochtaí féin agus slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach. |
|
61. |
I gcás ina bhféadfadh sé go ndearna an gnóthas éilimh phoiblí maidir le neodracht GCT a bhaineann le creidmheasanna carbóin a úsáid, míneoidh sé an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin
|
62. |
Nochtfaidh an gnóthas an gcuireann sé scéimeanna inmheánacha praghsála carbóin i bhfeidhm, agus má chuireann, conas a thacaíonn siad lena chinnteoireacht agus conas a dhreasóidh siad cur chun feidhme beartas agus spriocanna a bhaineann leis an aeráid. |
|
63. |
Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a cheanglaítear i mír 62:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid
|
64. |
Nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
65. |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 64 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh:
|
|
66. |
Le nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha a cheanglaítear le mír 64 (a), áireofar an méid seo a leanas (48):
|
|
67. |
Le nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí aistrithe ábhartha a cheanglaítear le mír 64 (b), áireofar an méid seo a leanas:
|
|
68. |
Nochtfaidh an gnóthas réitigh a ghabhann le míreanna líne nó nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais díobh seo a leanas:
|
|
69. |
Maidir le nochtadh na hacmhainneachta chun deiseanna a bhaineann leis an aeráid a shaothrú a cheanglaítear le mír 64 (c), déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas (52):
|
|
70. |
Ní gá cainníochtú a dhéanamh ar na héifeachtaí airgeadais a eascraíonn as deiseanna mura gcomhlíonann nochtadh den sórt sin saintréithe cáilíochtúla na faisnéise úsáidí a áirítear faoi ESRS 1 Foscríbhinn B Saintréithe cáilíochtúla na faisnéise. |
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS E1 í an Fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1 — Plean aistrithe maidir le maolú ar an athrú aeráide
|
AR 1. |
Baineann plean aistrithe le hiarrachtaí an ghnóthais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú. Agus a phlean aistrithe á nochtadh aige, meastar go dtabharfaidh an gnóthas míniú ardleibhéil ar an gcaoi a ndéanfaidh sé a straitéis agus a shamhail ghnó a choigeartú chun comhoiriúnacht leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a áirithiú agus leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras (nó comhaontú idirnáisiúnta nuashonraithe maidir leis an athrú aeráide) agus maidir leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 gan aon sárú nó lena mbaineann sárú teoranta mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), agus i gcás inarb infheidhme, conas a dhéanfaidh sé a neamhchosaint ar ghual, agus ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hola agus gás a choigeartú. |
|
AR 2. |
Níor sainíodh conairí earnála leis na beartais phoiblí do gach earnáil go fóill. Dá bhrí sin, an nochtadh faoi mhír 16 (a) maidir le comhoiriúnacht an phlean aistrithe leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C, ba cheart é a thuiscint mar nochtadh sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT an ghnóthais. Déanfar an nochtadh faoi mhír 16 (a) a thagarmharcáil i ndáil le conair go 1.5 °C. Ba cheart an tagarmharc sin a bheith bunaithe ar chonair dícharbónaithe earnála má tá sé ar fáil d’earnáil an ghnóthais nó ar chás uile-gheilleagair agus aird á tabhairt ar na teorainneacha a bhaineann leis (i.e., is aistriú simplí é ar chuspóirí laghdaithe astaíochtaí ón stát go leibhéal an ghnóthais). Ba cheart an AR seo a léamh freisin i gcomhar le AR 26 agus AR 27 agus leis na conairí dícharbónaithe earnála dá dtagraíonn siad. |
|
AR 3. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16(d) á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a bhreithniú:
|
|
AR 4. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16 (e) á nochtadh ag an ngnóthas, míneoidh sé conas a mheastar go dtiocfaidh forbairt ar ailíniú a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha le forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún le himeacht ama chun tacú lena aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe. Agus an méid sin á dhéanamh aige, cuirfidh an gnóthas san áireamh na príomhtháscairí feidhmíochta is gá a nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (go háirithe ioncam atá ailínithe le tacsanomaíocht agus CapEx agus, más infheidhme, pleananna CapEx). |
|
AR 5. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 16 (f) á nochtadh aige, luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil sí eisiata ó Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras i gcomhréir leis na critéir eisiaimh a luaitear in Airteagal 12.1 (d) go (g) (53) agus Airteagal 12.2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide) (54). |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
AR 6. |
Agus an fhaisnéis maidir le raon feidhme na hanailíse athléimneachta á nochtadh ag an ngnóthas mar a cheanglaítear faoi mhír 19(a), míneoidh sé cén chuid dá oibríochtaí féin agus dá shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach féin mar aon le cé na rioscaí fisiceacha agus na rioscaí aistrithe ábhartha a d’fhéadfadh a bheith eisiata ón anailís. |
|
AR 7. |
Agus an fhaisnéis á nochtadh maidir leis an gcaoi a ndearnadh an anailís athléimneachta mar a cheanglaítear faoi mhír 19(b), míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 8. |
Agus an fhaisnéis á nochtadh maidir torthaí na hanailíse athléimneachta mar a cheanglaítear faoi mhír 19(c), míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an aeráid a shainaithint agus a mheasúnú
|
AR 9. |
Agus an fhaisnéis maidir leis na próisis chun tionchar chomhshaoil a shainaithint agus a mheasúnú á nochtadh aige, mar a cheanglaítear faoi mhír 20(a), míneoidh an gnóthas an chaoi a ndearna sé an méid seo a leanas:
|
|
AR 10. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtar faoi mhíreanna 20 (a) agus AR 9 a nascadh leis an bhfaisnéis a nochtar faoi na Ceanglais maidir le Nochtadh seo a leanas: An Ceanglas maidir le Nochtadh E1-1, mír 16 (d) maidir le hastaíochtaí GCT gaibhnithe; Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 agus Ceanglas maidir le Nochtadh E1-6. |
|
AR 11. |
Agus an fhaisnéis maidir leis na próisis chun rioscaí fisiceacha a shainaithint agus a mheasúnú á nochtadh aige mar a cheanglaítear faoi mhír 20(b), míneoidh an gnóthas cé acu a rinne nó nach ndearna sé an méid seo a leanas agus an chaoi a ndearna sé é:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AR 12. |
Agus an fhaisnéis maidir leis na próisis chun rioscaí aistrithe agus deiseanna a shainaithint agus a mheasúnú á nochtadh aige, mar a cheanglaítear faoi mhír 20 (c), míneoidh an gnóthas cé acu a rinne nó nach ndearna sé an méid seo a leanas agus an chaoi a ndearna sé é:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Anailís ar chás an athraithe aeráide
|
AR 13. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 19, 20, 21, AR 10 agus AR 11 á nochtadh ag an ngnóthas, míneoidh sé conas a d’úsáid sé anailís ar chásanna a bhaineann leis an aeráid atá i gcomhréir lena imthosca chun bonn eolais a chur faoi rioscaí agus deiseanna fisiceacha agus aistrithe a shainaithint agus a mheasúnú sa ghearrthéarma, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, lena n-áirítear:
|
|
AR 14. |
Agus anailís ar chásanna á déanamh ag an ngnóthas, féadfaidh sé an treoraíocht seo a leanas a chur san áireamh: Forlíonadh Teicniúil TCFD maidir le ‘Úsáid na hAnailíse ar Chásanna chun Rioscaí agus Deiseanna a Bhaineann leis an Aeráid a Nochtadh’ (2017); TFCS ‘Treoraíocht maidir le hAnailís ar Chásanna do Chuideachtaí Neamhairgeadais’ (2020); ISO 14091:2021 ‘Oiriúnú don athrú aeráide — Treoirlínte maidir le leochaileacht, tionchair agus measúnú riosca’; aon chaighdeáin tionscail aitheanta eile amhail an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS); agus rialacháin an Aontais, rialacháin náisiúnta, rialacháin réigiúnacha agus rialacháin áitiúla. |
|
AR 15. |
Míneoidh an gnóthas go hachomair conas atá na cásanna aeráide a úsáidtear comhoiriúnach leis na toimhdí criticiúla a bhaineann leis an aeráid a dhéantar sna ráitis airgeadais. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-2 — Beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide
|
AR 16. |
Féadfar beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide nó oiriúnú don athrú aeráide a nochtadh ar leithligh toisc nach ionann na cuspóirí atá leo, na daoine lena mbaineann, na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní is gá chun iad a chur chun feidhme. |
|
AR 17. |
Tugann beartais a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide aghaidh ar bhainistiú astaíochtaí gás ceaptha teasa, aistrithe gás ceaptha teasa agus rioscaí aistrithe an ghnóthais thar thréimhsí ama éagsúla, ina oibríochtaí féin agus/nó sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach. Féadfaidh baint a bheith ag an gceanglas faoi mhír 14 le beartais neamhspleácha maidir le maolú ar an athrú aeráide chomh maith le beartais ábhartha maidir le hábhair eile a thacaíonn go hindíreach le maolú ar an athrú aeráide lena n-áirítear beartais oiliúna, beartais soláthair nó slabhra soláthair, beartais infheistíochta nó beartais forbartha táirgí. |
|
AR 18. |
Tugann beartais a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide aghaidh ar bhainistiú rioscaí fisiceacha aeráide an ghnóthais agus ar na rioscaí aistrithe a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide. Féadfaidh baint a bheith ag an gceanglas faoi mhíreanna 22 agus 25 le beartais neamhspleácha oiriúnaithe don athrú aeráide chomh maith le beartais ábhartha maidir le hábhair eile a thacaíonn go hindíreach le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear beartais oiliúna, agus beartais éigeandála nó beartais sláinte agus sábháilteachta. |
Ceanglais maidir le Nochtadh E1-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le beartais don athrú aeráide
|
AR 19. |
Agus an fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí á nochtadh aige mar a cheanglaítear faoi mhíreanna 29 (a) agus 29 (b), féadfaidh an gnóthas:
|
|
AR 20. |
Agus an fhaisnéis faoi acmhainní á nochtadh mar a cheanglaítear faoi mhír 29 (c), ní nochtfaidh an gnóthas ach na méideanna suntasacha OpEx agus CapEx is gá chun na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme toisc gurb é cuspóir na faisnéise sin inchreidteacht a ghníomhaíochtaí a léiriú seachas na méideanna nochta a réiteach leis na ráitis airgeadais. Is éard a bheidh sna méideanna nochta CapEx agus OpEx na suimiúcháin a dhéantar le sócmhainní inláimhsithe agus sócmhainní doláimhsithe le linn na bliana airgeadais reatha chomh maith leis na suimiúcháin atá beartaithe le haghaidh na dtréimhsí amach anseo ina gcuirfear na gníomhaíochtaí chun feidhme. Ní bheidh sna méideanna nochta ach na hinfheistíochtaí airgeadais incriminteacha a rannchuidíonn go díreach le spriocanna an ghnóthais a bhaint amach. |
|
AR 21. |
I gcomhréir le ceanglais ESRS 2 MDR-A, míneoidh an gnóthas an mbraitheann a chumas na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus a mhéid a bhraitheann sé ar infhaighteacht agus leithdháileadh acmhainní. Féadann rochtain leanúnach ar chostas inacmhainne caipitil a bheith criticiúil i ndáil le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an ghnóthais, lena n-áirítear a choigeartuithe ar athruithe soláthair/éilimh nó a éadálacha gaolmhara agus infheistíochtaí suntasacha i dtaighde agus forbairt. |
|
AR 22. |
Beidh méideanna OpEx agus CapEx a cheanglaítear chun na gníomhaíochtaí a nochtar faoi mhír 29 (c) a chur chun feidhme comhsheasmhach leis na príomhtháscairí feidhmíochta (eochairtháscairí feidhmíochta CapEx agus OpEx) agus, más infheidhme, leis an bplean CapEx a cheanglaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún. Míneoidh an gnóthas aon difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir méideanna móra OpEx agus CapEx a nochtar faoin gCaighdeán seo agus na príomhtháscairí feidhmíochta a nochtar faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún mar gheall, mar shampla, ar nochtadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-incháilithe mar a shainmhínítear sa rialachán tarmligthe sin. Féadfaidh an gnóthas a ghníomhaíochtaí a struchtúrú de réir gníomhaíochta eacnamaíche chun comparáid a dhéanamh idir OpEx agus CapEx, agus más infheidhme a phleananna OpEx agus/nó CapEx lena phríomhtháscairí feidhmíochta ailínithe le Tacsanomaíocht. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-4 — Spriocanna a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide
|
AR 23. |
Faoi mhír 34 (a), féadfaidh an gnóthas spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a nochtadh i luach déine. Déantar spriocanna déine a fhoirmliú mar chóimheasa d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcoibhneas le haonad gníomhaíochta fisicí nó aschuir eacnamaíoch. Déantar tagairt d’aonaid ghníomhaíochta nó aschuir ábhartha i gcaighdeáin earnáilsonracha ESRS. I gcásanna nach bhfuil ach sprioc laghdaithe déine GCT socraithe ag an ngnóthas, nochtfaidh sé mar sin féin na dearbhluachanna gaolmhara don spriocbhliain agus don spriocbhliain eatramhach nó do na spriocbhlianta eatramhacha. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar ghnóthas méadú ar dhearbhastaíochtaí gás ceaptha teasa a nochtadh don spriocbhliain agus don spriocbhliain eatramhach nó do na spriocbhlianta eatramhacha, mar shampla toisc go bhfuil sé ag súil le fás orgánach a ghnó. |
|
AR 24. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 34 (b) á nochtadh aige, sonróidh an gnóthas sciar na sprice a bhaineann le gach Scóip astaíochtaí GCT (1, 2 nó 3) faoi seach. Luafaidh an gnóthas an modh a úsáidtear chun astaíochtaí GCT Scóip 2 a áirítear sa sprioc a ríomh (i.e., an modh suíomhbhunaithe nó modh margadhbhunaithe). Má tá teorainn na sprice maidir le laghdú astaíochtaí GCT éagsúil ó theorainn na n-astaíochtaí GCT a tuairiscíodh faoin gCeanglas maidir le Nochtadh E1-6, nochtfaidh an gnóthas cé na gáis a chumhdaítear, an céatadán faoi seach de Scóip 1, 2, 3 agus iomlán na n-astaíochtaí GCT a chumhdaítear leis an sprioc. I gcás spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT a fhochuideachtaí, cuirfidh an gnóthas na ceanglais sin i bhfeidhm ar an gcaoi chéanna ar leibhéal na fochuideachta. |
|
AR 25. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 34 (c) á nochtadh maidir le bonnbhliain agus luach bonnlíne:
|
|
AR 26. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 34 (d) agus 34 (e) á nochtadh aige, cuirfidh an gnóthas an fhaisnéis i láthair le linn na spriocthréimhse ag tagairt do chonair astaíochtaí a bhaineann go sonrach le hearnáil, má tá sí ar fáil, nó do chonair astaíochtaí trasearnála atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C. Chun na críche sin, ríomhfaidh an gnóthas spriocluach tagartha ailínithe 1.5 °C do Scóip 1 agus 2 (agus, más infheidhme, conair ar leithligh le haghaidh Scóip 3) ar féidir a spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT féin nó a spriocanna eatramhacha féin sna Scóip faoi seach a chur i gcomparáid leis. |
|
AR 27. |
Féadfar an spriocluach tagartha a ríomh trí na hastaíochtaí GCT sa bhonnbhliain a iolrú faoi fhachtóir laghdaithe astaíochtaí earnáilsonrach (modheolaíocht dícharbónaithe earnála) nó faoi fhachtóir laghdaithe astaíochtaí trasearnála (modheolaíocht chraptha). Is féidir na fachtóirí laghdaithe astaíochtaí sin a dhíorthú ó fhoinsí éagsúla. Ba cheart don ghnóthas a áirithiú go bhfuil an fhoinse a úsáidtear bunaithe ar chonair laghdaithe astaíochtaí atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 °C. |
|
AR 28. |
Tá na fachtóirí laghdaithe astaíochtaí faoi réir tuilleadh forbartha. Dá dhroim sin, moltar do ghnóthais gan ach faisnéis atá cothrom le dáta agus ar fáil go poiblí a úsáid.
|
||||||||||||
|
AR 29. |
Tá an spriocluach tagartha ag brath ar an mbonnbhliain agus ar astaíochtaí bonnlíne sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT an ghnóthais. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an spriocluach tagartha do ghnóthais ag a bhfuil bonnbhliain le déanaí nó ó astaíochtaí bonnlíne níos airde chomh dúshlánach céanna leis an spriocluach tagartha do ghnóthais a bhfuil gníomhaíochtaí uaillmhianacha déanta acu cheana féin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Dá bhrí sin, gnóthais a bhfuil laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa bainte amach acu san am a chuaigh thart, ar laghduithe iad atá comhoiriúnach leis an gconair trasearnála nó earnáilsonrach atá ailínithe le 1.5 C, féadfaidh siad a n-astaíochtaí bonnlíne a choigeartú dá réir chun an spriocluach tagartha a chinneadh. Dá réir sin, má tá na hastaíochtaí bonnlíne á gcoigeartú ag an ngnóthas chun an spriocluach tagartha a chinneadh, ní bhreithneoidh sé laghduithe ar astaíochtaí GCT a tháinig roimh 2020 agus cuirfidh sé fianaise iomchuí ar fáil maidir leis an laghdú ar astaíochtaí GCT a baineadh amach roimhe seo. |
|
AR 30. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 34 (f) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas:
|
|
AR 31. |
Féadfaidh an gnóthas a spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i láthair mar aon lena ghníomhaíochtaí chun an t-athrú aeráide a mhaolú (féach mír AR 19) mar thábla nó mar chonair ghrafach ina léirítear forbairtí le himeacht ama. Soláthraítear samplaí de chomhcheangal spriocanna agus seifteanna dícharbónaithe san fhigiúr agus sa tábla a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-5 — Tomhaltas fuinnimh agus meascán fuinnimh
Treoraíocht maidir le ríomh
|
AR 32. |
Agus an fhaisnéis maidir le tomhaltas fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 35 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 33. |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 37 (a) infheidhme má tá an gnóthas ag oibriú in aon earnáil amháin ar a laghad a bhfuil tionchar ard aige ar an aeráid. Áireofar freisin san fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 38 (a) go (e). fuinneamh ó fhoinsí iontaise arna thomhailt in oibríochtaí nach bhfuil in earnálacha a bhfuil tionchar mór acu ar an aeráid. |
|
AR 34. |
Féadfar an fhaisnéis maidir le tomhaltas agus meascán fuinnimh a chur i láthair trí úsáid a bhaint as an bhformáid tháblach seo a leanas d’earnálacha ardtionchair ar an aeráid agus do gach earnáil eile trí rónna (1) go (5) a fhágáil ar lár.
|
|
AR 35. |
Féadfar an tomhaltas fuinnimh iomlán le hidirdhealú idir tomhaltas fuinnimh iontaise, núicléach agus in-athnuaite a chur i láthair go grafach sa ráiteas inbhuanaitheachta ina léirítear forbairtí le himeacht ama (e.g., trí phítchairt nó trí bharrachairt). |
Déine fuinnimh bunaithe ar ghlanioncam
|
AR 36. |
Agus an fhaisnéis maidir le déine fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 40 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 37. |
Féadfar an fhaisnéis chainníochtúil a chur i láthair sa tábla a leanas.
|
|
AR 38. |
Féadfar réiteach an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí in earnálacha a bhfuil tionchar ard acu ar an aeráid leis an ítim ábhartha do líne na ráiteas airgeadais nó nochtadh (mar a cheanglaítear le mír 43) a chur i láthair:
|
Ceanglais maidir le Nochtadh E1-6 — Oll-astaíochtaí Scóip 1, 2, 3 agus Iomlán na n-astaíochtaí GCT
Treoraíocht maidir le ríomh
|
AR 39. |
Agus an fhaisnéis maidir le tuairisciú astaíochtaí GCT a cheanglaítear faoi mhír 44 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 40. |
Agus an fhaisnéis á hullmhú chun tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT óna ghnólachtaí comhlachaithe, ó chomhfhiontair, ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus ó shocruithe conarthacha mar a cheanglaítear le mír 50, déanfaidh an gnóthas 100 % d’astaíochtaí GCT na n-eintiteas a rialaíonn sé go hoibríochtúil a chomhdhlúthú. Sa chleachtas, tarlaíonn sé sin nuair a shealbhaíonn na gnóthais an ceadúnas — nó nuair a cheadaíonn siad — na sócmhainní ó na gnólachtaí comhlachaithe, ó na comhfhiontair, ó fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite (eintitis infheistíochta) agus ó shocruithe conarthacha a oibriú. I gcás ina bhfuil rialú oibríochtúil páirtaimseartha atá sainithe go conarthach ag an ngnóthas, comhdhlúthóidh sé 100 % den GCT a astaítear le linn a rialaithe oibríochtúil. |
|
AR 41. |
I gcomhréir le ESRS 1, caibidil 3.7, déanfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhí-chomhiomlánú de réir mar is iomchuí. Mar shampla, féadfaidh an gnóthas a astaíochtaí GCT Scóip 1, 2, 3 nó iomlána a dhí-chomhiomlánú de réir tíre, deighleoga oibriúcháin, gníomhaíochta eacnamaíche, fochuideachta, catagóir GCT (CO2, CH4, N2O, HFCanna, PFCanna, SF6, NF3, agus GCT eile arna meas ag an ngnóthas) nó cineál foinse (dóchán do-aistrithe, dóchán soghluaiste, astaíochtaí próisis agus astaíochtaí éalaitheacha). |
|
AR 42. |
D’fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse tuairiscithe éagsúil ag gnóthas ó chuid de na heintitis nó ó na heintitis uile ina shlabhra luacha. Sna himthosca sin, ceadaítear don ghnóthas a astaíochtaí GCT a thomhas i gcomhréir le mír 44 agus úsáid á baint as faisnéis le haghaidh tréimhsí tuairiscithe atá éagsúil óna thréimhse tuairiscithe féin má fhaightear an fhaisnéis sin ó eintitis ina shlabhra luacha le tréimhsí tuairiscithe atá éagsúil le tréimhse tuairiscithe an ghnóthais, ar choinníoll:
|
|
AR 43. |
Agus an fhaisnéis maidir le holl-astaíochtaí GCT Scóip 1 a cheanglaítear faoi mhír 48 (a) á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 44. |
Agus an fhaisnéis maidir leis an gcéatadán d’astaíochtaí GCT Scóip 1 ó scéimeanna trádála astaíochtaí rialáilte a cheanglaítear faoi mhír 48 (b) á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 45. |
Agus an fhaisnéis maidir le holl-astaíochtaí GCT Scóip 2 a cheanglaítear faoi mhír 49 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 46. |
Agus an fhaisnéis maidir le holl-astaíochtaí GCT Scóip 3 a cheanglaítear faoi mhír 51 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 47. |
Agus an fhaisnéis faoi iomlán na n- astaíochtaí GCT a cheanglaítear faoi mhír 52 á hullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 48. |
Nochtfaidh an gnóthas a astaíochtaí GCT iomlána arna ndí-chomhiomlánú de réir Scóip 1 agus 2 agus Scóip 3 suntasach i gcomhréir leis an tábla thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AR 49. |
Chun aird a tharraingt ar rioscaí aistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh an gnóthas a astaíochtaí GCT iomlána arna n-imdhealú de réir mórthíortha agus, más infheidhme, de réir deighleoga oibriúcháin a nochtadh (agus na deighleoga céanna á gcur i bhfeidhm le haghaidh na ráiteas airgeadais mar a cheanglaítear leis na caighdeáin chuntasaíochta, i.e. IFRS 8 Deighleoga oibriúcháin nó GAAP áitiúil). Féadfar astaíochtaí GCT Scóip 3 a fhágáil ar lár ó na miondealuithe sin de réir tíre mura bhfuil na sonraí gaolmhara ar fáil go héasca. |
|
AR 50. |
Féadfar astaíochtaí GCT Scóip 3 a thíolacadh freisin de réir na gcatagóirí astaíochtaí indíreacha a shainítear in EN ISO 14064-1:2018. |
|
AR 51. |
Más ábhar é d’astaíochtaí Scóip 3 an ghnóthais, nochtfaidh sé na hastaíochtaí GCT ó sheirbhísí néalríomhaireachta agus lárionaid sonraí ceannaithe mar fhothacar de chatagóir uileghabhálach Scóip 3“earraí agus seirbhísí a ceannaíodh go réamhtheachtach”. |
|
AR 52. |
Féadfar iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna n-imdhealú de réir Scóip 1, 2 agus 3 a chur i láthair go grafach sa ráiteas inbhuanaitheachta (e.g., mar bharrachairt nó mar phíchairt) ina léirítear deighilt na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa thar an slabhra luacha (réamhtheachtach, féinoibríochtaí, Iompar, Downstream). |
Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar ghlanioncam
|
AR 53. |
Agus an fhaisnéis maidir le déine GCT bunaithe ar ghlanioncam a cheanglaítear faoi mhír 53 á nochtadh, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 54. |
Féadfar an fhaisnéis chainníochtúil a chur i láthair san fhormáid tábla seo a leanas.
|
|
AR 55. |
Féadfaidh ceachtar díobh seo a leanas réiteach a dhéanamh ar an nglanioncam a úsáidtear chun déine GCT a ríomh leis an ítim líne ábhartha nó leis na nótaí ábhartha sna ráitis airgeadais (mar a cheanglaítear le mír 55):
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-7 — Aistrithe GCT agus tionscadail maolaithe GCT arna maoiniú trí chreidmheasanna carbóin
GCT a bhaint agus a stóráil ina n-oibríochtaí féin agus sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach
|
AR 56. |
Anuas ar a bhfardail astaíochtaí GCT, soláthróidh na gnóthais trédhearcacht maidir le conas, agus a mhéid, a fheabhsaíonn siad linnte nádúrtha nó a chuireann siad réitigh theicniúla i bhfeidhm chun GCTanna a bhaint as an atmaisféar ina n-oibríochtaí féin agus sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach. Cé nach bhfuil aon choincheapa ná modheolaíochtaí ann a nglactar leo go ginearálta chun cuntas a thabhairt ar aistrithe gás ceaptha teasa, tá sé mar aidhm ag an gCaighdeán seo trédhearcacht a mhéadú maidir le hiarrachtaí an ghnóthais GCTanna a bhaint den atmaisféar (mír 56 (a) agus mír 58). Déanfar aistrithe gás ceaptha teasa lasmuigh den slabhra luacha a dtacaíonn an gnóthas leo trí chreidmheasanna carbóin a cheannach a nochtadh ar leithligh mar a cheanglaítear le míreanna 56 (b) agus 59. |
|
AR 57. |
Agus an fhaisnéis faoi aistrithe agus stóráil GCT ó oibríochtaí an ghnóthais féin agus a shlabhra luacha réamhtheachtach agus srutha a cheanglaítear faoi mhíreanna 56 (a) agus 58 á nochtadh, faisnéis maidir le gach gníomhaíocht aistrithe agus stórála, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
AR 58. |
Agus an fhaisnéis faoi aistriú agus stóráil GCT ó oibríochtaí an ghnóthais féin agus a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a cheanglaítear faoi mhíreanna 56 (a) agus 58 á n-ullmhú, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 59. |
Imdhealóidh an gnóthas na haistrithe GCT a tharlaíonn ina oibríochtaí féin agus iad siúd a tharlaíonn sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus nochtfaidh sé ar leithligh iad. Áireofar ar ghníomhaíochtaí aistrithe gás ceaptha teasa sa slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach na gníomhaíochtaí sin a bhfuil an gnóthas ag tacú go gníomhach leo, mar shampla, trí thionscadal comhair le soláthróir. Níl ar an ngnóthas aon aistriú GCT a d’fhéadfadh tarlú ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, nach bhfuil sé ar an eolas faoi, a chur san áireamh. |
|
AR 60. |
Féadfar an fhaisnéis chainníochtúil maidir le haistrithe GCT a chur i láthair ag úsáid na formáide tábla a leanas.
|
Tionscadail maolaithe GCT a mhaoinítear trí chreidmheasanna carbóin
|
AR 61. |
D’fhéadfadh maoiniú tionscadal laghdaithe astaíochtaí GCT lasmuigh de shlabhra luacha an ghnóthais trí chreidmheasanna carbóin a cheannach a chomhlíonann caighdeáin ardcháilíochta a bheith ina rannchuidiú úsáideach chun an t-athrú aeráide a mhaolú. Leis an gCaighdeán seo ceanglaítear ar an ngnóthas a nochtadh an n-úsáideann sé creidmheasanna carbóin ar leithligh ó na hastaíochtaí GCT (míreanna 56 (b) agus 59) agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí GCT (Ceanglas Nochta E1-4). Ceanglaítear ar an ngnóthas freisin a mhéid a úsáideann sé na critéir cháilíochta a thaispeáint agus cé acu critéir cháilíochta a úsáideann sé do na creidmheasanna carbóin sin. |
|
AR 62. |
Agus an fhaisnéis maidir le creidmheasanna carbóin a cheanglaítear faoi mhíreanna 56 (b) agus 59 á nochtadh aige, nochtfaidh an gnóthas an dí-chomhiomlánú seo a leanas de réir mar is infheidhme:
|
|
AR 63. |
Agus an fhaisnéis faoi chreidmheasanna carbóin a cheanglaítear faoi mhír 56 (b) agus faoi mhír 59 á hullmhú aige, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 64. |
Féadfar an fhaisnéis ar chreidmheasanna carbóin a cealaíodh sa bhliain tuairiscithe agus a bheartaítear a chur ar ceal amach anseo a chur i láthair trí úsáid a bhaint as na formáidí tábla seo a leanas.
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-8 — Praghsáil inmheánach carbóin
|
AR 65. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 62 agus 63 á nochtadh aige, más infheidhme, míneoidh an gnóthas go hachomair an bhfuil na praghsanna carbóin a úsáidtear i scéimeanna praghsála carbóin inmheánacha comhsheasmhach leis na cinn a úsáidtear i ráitis airgeadais agus an chaoi a bhfuil siad comhsheasmhach leo sin a úsáidtear i ráitis airgeadais. Déanfar é sin i gcás praghsanna carbóin inmheánacha a úsáidtear le haghaidh na nithe a leanas:
|
|
AR 66. |
Féadfar an fhaisnéis a chur i láthair tríd an tábla seo a leanas a úsáid:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E1-9 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha agus deiseanna ionchasacha a bhaineann leis an aeráid
Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe ábhartha
|
AR 67. |
D’fhéadfadh rioscaí fisiceacha ábhartha a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí aistrithe difear a dhéanamh do staid airgeadais an ghnóthais (e.g., sócmhainní faoi úinéireacht, sócmhainní faoi rialú airgeadais, agus dliteanais), feidhmíocht (e.g., méadú/laghdú a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar ghlanioncam agus costais i ngeall ar bhriseadh gnó, praghsanna soláthair méadaithe a bhféadfadh creimeadh corrlaigh a bheith mar thoradh orthu), agus sreafaí airgid. Fágann dóchúlacht íseal, déine ard agus tréimhsí ama fadtéarmacha roinnt neamhchosaintí fisiceacha ar riosca a bhaineann leis an aeráid agus de bharr na héiginnteachta a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe go mbeidh éifeachtaí airgeadais ábhartha réamh-mheasta bainteacha atá lasmuigh de raon feidhme cheanglais na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme. |
|
AR 68. |
Faoi láthair, níl aon mhodheolaíocht ann a nglactar go coitianta léi chun measúnú nó tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe difear a dhéanamh do staid airgeadais, do shreafaí airgeadais, feidhmíochta agus airgid an ghnóthais amach anseo. Dá bhrí sin, beidh nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais (mar a cheanglaítear le mír 64, le mír 66 agus le mír 67) ag brath ar mhodheolaíocht inmheánach an ghnóthais agus ar fheidhmiú breithiúnais shuntasaigh agus na hionchuir á gcinneadh, agus ar thoimhdí is gá chun na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo a chainníochtú. |
|
AR 69. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 64 (a) agus 66 á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas agus conas:
|
|
AR 70. |
Agus an fhaisnéis faoi shócmhainní ar riosca fisiciúil ábhartha á hullmhú aige, ar faisnéis í a cheanglaítear a nochtadh faoi mhír 66 (a), déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 71. |
Le linn don ghnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 64 (a) agus 66 (d) a ullmhú, féadfaidh sé an sciar den ghlanioncam ó ghníomhaíochtaí gnó atá i mbaol fisiciúil a mheasúnú agus a nochtadh. Maidir leis an nochtadh sin:
|
|
AR 72. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhíreanna 64 (b) agus 67 (a) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas an méid seo a leanas agus conas:
|
|
AR 73. |
Agus an fhaisnéis faoi shócmhainní faoi riosca trasdula ábhartha á nochtadh mar a cheanglaítear faoi mhíreanna 67 (a) agus (b):
|
|
AR 74. |
Agus an fhaisnéis faoi dhliteanais ionchasacha ó rioscaí aistrithe ábhartha a cheanglaítear faoi mhír 67(d) á nochtadh:
|
|
AR 75. |
Féadfar cineálacha cur chuige agus modheolaíochtaí eile a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh rioscaí aistrithe difear a dhéanamh do staid airgeadais an ghnóthais amach anseo. In aon chás, áireofar le nochtadh na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na sainmhínithe arna n-úsáid ag an ngnóthas. |
|
AR 76. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 67 (e) á hullmhú aige, féadfaidh an gnóthas measúnú agus nochtadh a dhéanamh ar sciar an ghlanioncaim ó ghníomhaíochtaí gnó atá faoi riosca aistrithe. Maidir leis an nochtadh sin:
|
|
AR 77. |
Féadfaidh an gnóthas réiteach an mhéid shuntasaigh sócmhainní, dliteanas agus glanioncaim (atá leochaileach do rioscaí fisiceacha ábhartha nó do rioscaí aistrithe) chuig an ítim líne ábhartha nó nochtadh (e.g. tuairisciú deighleoige) sna ráitis airgeadais (mar a cheanglaítear le mír 68) a thíolacadh mar seo a leanas:
|
|
AR 78. |
Áiritheoidh an gnóthas comhsheasmhacht na sonraí agus na dtoimhdí chun measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar na héifeachtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó rioscaí fisiceacha ábhartha agus rioscaí aistrithe sa ráiteas inbhuanaitheachta leis na sonraí agus na toimhdí comhfhreagracha a úsáidtear le haghaidh na ráiteas airgeadais (e.g., praghsanna carbóin a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar bhearnú sócmhainní, saolré úsáideach sócmhainní, meastacháin agus forálacha). Míneoidh an gnóthas na cúiseanna a bhaineann le haon neamhréir (e.g., i gcás ina mbíonn impleachtaí airgeadais iomlána rioscaí a bhaineann leis an aeráid á measúnú fós nó i gcás nach meastar iad a bheith ábhartha sna ráitis airgeadais). |
|
AR 79. |
Maidir le héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar dhliteanais (mar a cheanglaítear le mír 67 (d)), más infheidhme, déanfaidh an gnóthas crostagairt don tuairisc ar na scéimeanna trádála astaíochtaí sna ráitis airgeadais. |
Deiseanna a bhaineann leis an aeráid
|
AR 80. |
Agus an fhaisnéis faoi mhír 69 (a) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas cineál an choigiltis ar chostais (e.g., ó thomhaltas fuinnimh laghdaithe), na tréimhsí ama agus an mhodheolaíocht a úsáideadh, lena n-áirítear raon feidhme an mheasúnaithe, toimhdí criticiúla, agus teorainneacha, agus cibé acu ar cuireadh anailís ar chásanna i bhfeidhm nó nár cuireadh. |
|
AR 81. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 69 (b) á nochtadh aige, míneoidh an gnóthas conas a rinne sé measúnú ar mhéid an mhargaidh nó ar aon athruithe a bhfuiltear ag súil leo ar ghlanioncam ó tháirgí agus seirbhísí ísealcharbóin nó réitigh oiriúnaithe lena n-áirítear raon feidhme an mheasúnaithe, an tréimhse ama, na toimhdí criticiúla, agus na teorainneacha agus a mhéid atá an margadh sin inrochtana don ghnóthas. Féadfar an fhaisnéis maidir le méid an mhargaidh a chur i bpeirspictíocht i ndáil leis an ioncam atá ann faoi láthair atá ailínithe le tacsanomaíocht a nochtar faoi fhorálacha Rialachán (AE) 2020/852. Féadfaidh an t-eintiteas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a saothróidh sé a dheiseanna a bhaineann leis an aeráid agus, i gcás inar féidir, ba cheart é sin a nascadh leis na nochtuithe maidir le beartais, spriocanna agus gníomhaíochtaí faoi Cheanglais maidir le Nochtadh E1-2, E1-3 agus E1-4. |
ESRS E2
TRUAILLIÚ
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:
|
|
2. |
Leagtar amach sa Chaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann leis na hábhair inbhuanaitheachta seo a leanas: truailliú aeir, uisce, ithreach, substaintí ar údar imní iad, lena n-áirítear substaintí arb údar mór imní iad. |
|
3. |
Tagraíonn “truailliú aeir” d’astaíochtaí an ghnóthais san aer (laistigh agus lasmuigh araon), agus d’astaíochtaí den sórt sin a chosc, a rialú agus a laghdú. |
|
4. |
Tagraíonn “truailliú uisce” d’astaíochtaí an ghnóthais san uisce, agus d’astaíochtaí den sórt sin a chosc, a rialú agus a laghdú. |
|
5. |
Tagraíonn “truailliú ithreach” d’astaíochtaí an ghnóthais san ithir agus d’astaíochtaí den sórt sin a chosc, a rialú agus a laghdú. |
|
6. |
Maidir le “substaintí ar údar imní iad”, cumhdaítear leis an gcaighdeán seo táirgeadh, úsáid agus/nó dáileadh agus tráchtálú substaintí ar údar imní iad ag an ngnóthas, lena n-áirítear substaintí arb údar mór imní iad. Is é is aidhm do cheanglais maidir le substaintí ar údar imní iad tuiscint a thabhairt d’úsáideoirí ar thionchair iarbhír nó ar thionchair fhéideartha a bhaineann le substaintí den sórt sin, agus srianta a d’fhéadfadh a bheith ar a n-úsáid agus/nó ar a ndáileadh agus ar thráchtálú á gcur san áireamh freisin. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
7. |
Tá dlúthnasc idir topaic an truaillithe agus fothopaicí comhshaoil eile amhail an t-athrú aeráide, uisce agus acmhainní muirí, an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Dá bhrí sin, chun forbhreathnú cuimsitheach a sholáthar ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do thruailliú, cumhdaítear na Ceanglais maidir le Nochtadh ábhartha i gCaighdeáin chomhshaoil eile mar seo a leanas:
|
|
8. |
D’fhéadfadh tionchar a bheith ag iarmhairtí truaillithe an ghnóthais ar dhaoine agus ar phobail. Cumhdaítear tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail a ndéantar difear dóibh ó thionchair a bhaineann le truailliú atá inchurtha i leith an ghnóthais i bpobail a bhfuil éifeacht acu ar ESRS S3. |
|
9. |
Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
10. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú a shainaithint agus a mheasúnú
|
11. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú
|
12. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le cosc agus rialú ar thruailliú. |
|
13. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar leasú na dtionchar, na rioscaí agus na ndeiseanna a bhaineann le truailliú ábhartha. |
|
14. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 12 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair ábhartha, a rioscaí agus a dheiseanna a bhaineann le truailliú a bhainistiú i gcomhréir le Beartais MDR-P ESRS 2 arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhair a bhainistiú. |
|
15. |
Léireoidh an gnóthas, maidir lena oibríochtaí féin agus maidir lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtacha, cibé acu a théann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na réimsí seo a leanas ina bhfuil ábhar agus conas a théann siad i ngleic leo:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú
|
16. |
Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann leis an truailliú agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme. |
|
17. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun na cuspóirí agus na spriocanna beartais a bhaineann le truailliú a bhaint amach. |
|
18. |
Beidh an fhaisnéis a fhorordaítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha sa tuairisc ar na pleananna gníomhaíochta agus na hacmhainní a bhaineann le truailliú. |
|
19. |
I dteannta ESRS 2 MDR-A, féadfaidh an gnóthas a shonrú cén tsraith san ordlathas maolaithe seo a leanas ar féidir gníomhaíocht agus acmhainní a leithdháileadh air:
|
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú
|
20. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna a bhaineann le truailliú atá leagtha síos aige. |
|
21. |
Is é cuspóir an Riachtanais Nochta seo tuiscint a chumasú ar na spriocanna atá leagtha síos ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais a bhaineann le truailliú agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le truailliú ábhartha. |
|
22. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna sa tuairisc ar spriocanna. |
|
23. |
Léireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 20 cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann a spriocanna le cosc agus rialú na nithe seo a leanas agus conas a bhaineann siad leis na nithe seo a leanas a chosc agus a rialú:
|
|
24. |
Chomh maith le ESRS 2 MDR-T, féadfaidh an gnóthas a shonrú ar cuireadh tairseacha éiceolaíocha (e.g., sláine an bhithsféir, ídiú ózóin strataisféarach, luchtú aerasóil atmaisféaraigh, ídiú ithreach, aigéadú aigéin) agus leithdháiltí eintiteasshonracha san áireamh agus spriocanna á socrú. Má tá, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
25. |
Sonróidh an gnóthas mar chuid den fhaisnéis chomhthéacsúil cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna atá leagtha síos agus curtha i láthair aige sainordaitheach (a cheanglaítear leis an reachtaíocht) nó deonach. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach
|
26. |
Nochtfaidh an gnóthas na truailleáin a astaíonn sé trína oibríochtaí féin, chomh maith leis na micreaphlaistigh a ghineann sé nó a úsáideann sé. |
|
27. |
Is é cuspóir an cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na hastaíochtaí a ghineann an gnóthas san aer, san uisce agus san ithir ina oibríochtaí féin, agus ar ghiniúint agus úsáid micreaphlaisteach. |
|
28. |
Nochtfaidh an gnóthas méideanna na nithe seo a leanas:
|
|
29. |
Is éard a bheidh sna méideanna dá dtagraítear i mír 28 méideanna comhdhlúite lena n-áirítear na hastaíochtaí ó na saoráidí sin a bhfuil rialú airgeadais ag an ngnóthas orthu agus na hastaíochtaí a bhfuil rialú oibríochtúil aige orthu. Ní áireofar sa chomhdhlúthú ach na hastaíochtaí ó shaoráidí a bhfuil an luach tairsí is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 sáraithe ina leith. |
|
30. |
Tabharfaidh an gnóthas comhthéacs maidir lena nochtadh agus tabharfaidh sé tuairisc ar an méid a leanas:
|
|
31. |
Nuair a roghnaítear modheolaíocht níos ísle i gcomparáid le tomhas díreach astaíochtaí chun astaíochtaí a chainníochtú, leagfaidh an gnóthas amach na cúiseanna leis an modheolaíocht níos ísle sin a roghnú. Má bhaineann an gnóthas úsáid as meastacháin, nochtfaidh sé an caighdeán, an staidéar earnálach nó na foinsí is bunús do na meastacháin, chomh maith le leibhéal féideartha éiginnteachta agus an raon meastachán lena léirítear an éiginnteacht tomhais. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad
|
32. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir le táirgeadh, úsáid, dáileadh, tráchtálú agus allmhairiú/onnmhairiú substaintí ar údar imní iad agus substaintí arb údar mór imní iad, astu féin, i meascáin nó in earraí. |
|
33. |
Is é cuspóir an Riachtanais Nochta seo tuiscint a chumasú ar thionchar an ghnóthais ar shláinte agus ar an gcomhshaol trí shubstaintí ar údar imní iad agus trí shubstaintí ar údar mór imní iad ina n-aonar. Chomh maith leis sin, beifear in ann tuiscint a fháil ar rioscaí agus deiseanna ábhartha an ghnóthais, lena n-áirítear nochtadh do na substaintí sin agus na rioscaí a eascraíonn as athruithe ar rialacháin. |
|
34. |
Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 32 méideanna iomlána na substaintí ar údar imní iad a ghintear nó a úsáidtear le linn an táirgthe nó a fhaightear, agus méideanna iomlána na substaintí ar údar imní iad agus a fhágann a shaoráidí mar astaíochtaí, mar tháirgí, nó mar chuid de tháirgí nó de sheirbhísí agus iad roinnte ina bpríomhaicmí guaise substaintí ar údar imní iad. |
|
35. |
Cuirfidh an gnóthas an fhaisnéis maidir le substaintí ar údar mór imní iad i láthair ar leithligh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú
|
36. |
Nochtfaidh an gnóthas na héifeachtaí airgeadais a mheastar a bheidh ag rioscaí agus deiseanna a bhaineann le truailliú ábhartha. |
|
37. |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 36 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais reatha ar shreabha an ghnóthais, ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar airgead tirim don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). |
|
38. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
|
39. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:
|
|
40. |
Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar faoi mhír 38(a):
|
|
41. |
Nochtfaidh an gnóthas aon fhaisnéis chomhthéacsúil ábhartha lena n-áirítear tuairisc ar theagmhais ábhartha agus ar fhosuithe lena raibh tionchair dhiúltacha ag truailliú ar an gcomhshaol agus/nó lena bhfuiltear ag súil go mbeidh éifeachtaí diúltacha ag an truailliú ar shreafaí airgid airgeadais, ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht airgeadais an ghnóthais le tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. |
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS E2 í an Fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú a shainaithint agus a mheasúnú
|
AR 1. |
Agus measúnú ábharthachta á dhéanamh ar fhothopaicí comhshaoil, déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht an truaillithe ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé na ceithre chéim thíos a mheas, ar a dtugtar cur chuige LEAP freisin:
|
|
AR 2. |
Freagraíonn an measúnú ábharthachta do ESRS E2 do na chéad trí chéim de chur chuige seo LEAP. Tugann an ceathrú céim aghaidh ar thoradh an phróisis. |
|
AR 3. |
Sa phróiseas chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtionchar, na spleáchas, na rioscaí agus na ndeiseanna, breithneofar na forálacha in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú, agus IRO-2 Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS a chumhdaítear le ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais. |
|
AR 4. |
Áirítear an méid seo a leanas ar na fothopaicí a chumhdaítear leis an measúnú ábharthachta faoi ESRS E2:
|
|
AR 5. |
I gCéim 1, chun a aimsiú cén áit ina dtarlaíonn an comhéadan leis an dúlra ina oibríochtaí féin agus ina slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 6. |
Baineann Céim 2 leis an meastóireacht ar thionchair agus ar spleáchais an ghnóthais ar gach láithreán ábhartha nó ar gach earnáil/aonad gnó, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar dhéine agus ar dhóchúlacht na dtionchar ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. |
|
AR 7. |
I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas:
|
|
AR 8. |
Chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar Mholadh (AE) 2021/2279 ón gCoimisiún maidir le húsáid modhanna Lorg Comhshaoil chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl. |
|
AR 9. |
Agus faisnéis á soláthar aige maidir le toradh a mheasúnaithe ábharthachta, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-1 — Beartais a bhaineann leis an truailliú
|
AR 10. |
Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas maidir le Nochtadh seo a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla. |
|
AR 11. |
Áireofar sa tuairisc ar na beartais faisnéis faoin truailleán/faoi na truailleáin nó faoi na substaintí a chumhdaítear. |
|
AR 12. |
Agus faisnéis á nochtadh faoi mhír 11, féadfaidh an gnóthas faisnéis chomhthéacsúil a chur san áireamh maidir leis an gcaidreamh idir a bheartais a chuirfear chun feidhme agus maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh siad rannchuidiú le Plean Gníomhaíochta an Aontais “I dTreo Truaillithe Nialais don Aer, don Uisce agus don Ithir” ina mbeidh gnéithe, mar shampla, maidir leis an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le truailliú
|
AR 13. |
I gcás ina sínfidh gníomhaíochtaí chuig gealltanais réamhtheachtacha nó iartheachtacha sa slabhra luacha, cuirfidh an gnóthas faisnéis ar fáil maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a léiríonn na gealltanais sin. |
|
AR 14. |
Agus acmhainní á mbreithniú, d’fhéadfadh sé gur samplaí de chaiteachas oibríochtúil iad infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt chun roghanna malartacha sábháilte agus inbhuanaithe a fhorbairt ar úsáid substaintí ar údar imní iad nó chun astaíochtaí a laghdú i bpróiseas táirgthe. |
|
AR 15. |
I gcás inarb ábhartha chun a chuspóirí agus a spriocanna beartais a bhaineann le truailliú a bhaint amach, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar ar phleananna gníomhaíochta ar leibhéal an láithreáin. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-3 — Spriocanna a bhaineann leis an truailliú
|
AR 16. |
Má thagraíonn an gnóthas do thairseacha éiceolaíocha agus spriocanna á leagan síos aige, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh don treoir arna soláthar ag an Tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtabhunaithe don Dúlra (SBTN) ina threoir eatramhach (Treoir Tosaigh do Ghnó, Meán Fómhair 2020), nó d’aon treoir eile le modheolaíocht a aithnítear go heolaíoch lenar féidir spriocanna eolaíochtbhunaithe a leagan síos trí thairseacha éiceolaíocha agus, más infheidhme, leithdháiltí eintiteasshonracha a shainaithint. Féadfaidh tairseacha éiceolaíocha a bheith áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda. |
|
AR 17. |
Féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir rannchuidithe shubstaintiúla maidir le cosc agus rialú ar thruailliú mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir ‘gan dochar suntasacha a dhéanamh’ a Chosc agus a Rialú (DNSH) maidir le truailliú a chosc agus a rialú mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh ar easnaimh a bhaineann leis an DNSH critera sin sa sprioc. |
|
AR 18. |
I gcás inarb ábhartha chun tacú leis na beartais atá glactha aige, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar maidir leis na spriocanna a shocraítear ar leibhéal an láithreáin. |
|
AR 19. |
Féadfaidh na spriocanna oibríochtaí an ghnóthais féin agus/nó an slabhra luacha a chumhdach. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-4 — Truailliú aeir, uisce agus ithreach
|
AR 20. |
Áireofar san fhaisnéis atá le soláthar maidir le micreaphlaistigh faoi mhír 28(b) micreaphlaistigh a gineadh nó a úsáideadh le linn próisis táirgthe nó a fuarthas amach, agus a fhágann saoráidí an ghnóthais mar astaíochtaí, mar tháirgí, nó mar chuid de tháirgí nó de sheirbhísí. Féadfar micreaphlaistigh a tháirgeadh go neamhbheartaithe i gcás ina gcaitheann píosaí móra plaistigh amhail boinn ghluaisteáin nó teicstílí sintéiseacha nó nuair is féidir iad a mhonarú d’aon ghnó agus a chur le táirgí chun críocha sonracha (e.g. coirníní exfoliating i scrobarnaí aghaidhe nó cabhlach). |
|
AR 21. |
Cuirfear toirt na dtruailleán i láthair in aonaid mhaise iomchuí, mar shampla i dtonaí nó i gcileagraim. |
|
AR 22. |
Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh a sholáthar ar leibhéal an ghnóthais tuairiscithe. Féadfaidh an gnóthas miondealú breise a nochtadh, áfach, lena n-áirítear faisnéis ar leibhéal an tsuímh nó miondealú ar a astaíochtaí de réir an chineáil foinse, de réir earnála nó de réir limistéir gheografaigh. |
|
AR 23. |
Agus faisnéis chomhthéacsúil faoi na hastaíochtaí á soláthar, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 24. |
Féadfaidh an fhaisnéis a sholáthraítear faoin gCeanglas maidir le Nochtadh seo a bheith ag tagairt don fhaisnéis a gceanglaítear ar an ngnóthas í a thuairisciú faoi reachtaíocht eile atá ann cheana (i.e., IED, E-PRTR, etc.). |
|
AR 25. |
I gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí an ghnóthais faoi réir Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IED) (67) agus na Doiciméid Tagartha ábhartha maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BREFanna), is cuma cé acu laistigh den Aontas Eorpach a dhéantar an ghníomhaíocht nó nach ndéantar, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis bhreise seo a leanas a nochtadh:
|
Modheolaíochtaí
|
AR 26. |
Agus faisnéis faoi thruailleáin á soláthar, breithneoidh an gnóthas cuir chuige maidir le cainníochtú san ord tosaíochta seo a leanas:
|
|
AR 27. |
Maidir le nochtadh modheolaíochtaí a cheanglaítear le mír 30, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-5 — Substaintí ar díol imní iad agus substaintí ar díol mór imní iad
An liosta substaintí atá le cur san áireamh
|
AR 28. |
Ionas go mbeidh an fhaisnéis iomlán, áireofar substaintí in oibríochtaí an ghnóthais féin agus na substaintí sin a sholáthraítear (e.g., leabaithe i gcomhábhair, i dtáirgí leathchríochnaithe, nó sa táirge deiridh). |
|
AR 29. |
Cuirfear toirt na dtruailleán i láthair in aonaid mhaise, mar shampla i dtonaí nó i gcileagraim nó in aonaid mhaise eile atá oiriúnach do thoirteanna agus do chineál na dtruailleán atá á scaoileadh. |
Faisnéis chomhthéacsúil
|
AR 30. |
Féadfaidh an fhaisnéis a sholáthraítear faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis a cheanglaítear ar an ngnóthas cheana féin a thuairisciú faoi reachtaíocht eile atá ann cheana (i.e., Treoir 2010/75/AE, Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 “E-PRTR”, etc.). |
Ceanglas maidir le Nochtadh E2-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le truailliú
|
AR 31. |
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa chaiteachas oibriúcháin agus caipitil a bhaineann le teagmhais agus taiscí, mar shampla:
|
|
AR 32. |
D’fhéadfadh go n-áireofaí ar theagmhais, mar shampla, briseadh sa táirgeadh, cibé acu a eascraíonn siad as an slabhra soláthair agus/nó as a n-oibríochtaí féin, a raibh truailliú mar thoradh orthu. |
|
AR 33. |
Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar. |
|
AR 34. |
Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 38(a). |
ESRS E3
UISCE AGUS ACMHAINNÍ MUIRÍ
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le beartais uisce agus acmhainní muirí |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:
|
|
2. |
Leagtar amach sa Chaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le huisce agus acmhainní mara. Maidir le “uisce”, clúdaíonn an caighdeán seo uisce dromchla agus screamhuisce. Áirítear ann ceanglais nochta maidir le tomhaltas uisce i ngníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí an ghnóthais, chomh maith le faisnéis ghaolmhar maidir le haistarraingtí uisce agus doirteadh uisce. |
|
3. |
Maidir le “hacmhainní muirí”, cumhdaítear leis an gcaighdeán seo eastóscadh agus úsáid na n-acmhainní sin, agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
4. |
Tá dlúthnasc idir ábhar an uisce agus na n-acmhainní muirí agus fo-ábhair chomhshaoil eile amhail an t-athrú aeráide, an truailliú, an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Dá bhrí sin, chun forléargas cuimsitheach a sholáthar ar an méid a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’acmhainní uisce agus mara, cumhdaítear na Ceanglais maidir le Nochtadh ábhartha in ESRS comhshaoil eile mar seo a leanas:
|
|
5. |
Bíonn tionchar ag tionchair an ghnóthais ar uisce agus ar acmhainní muirí ar dhaoine agus ar phobail. Cumhdaítear tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear ó thionchair a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí atá inchurtha i leith an ghnóthais in ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear. |
|
6. |
Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta. |
Ceanglais maidir le nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
7. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú
|
8. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
9. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí (72). |
|
10. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar shainaithint, measúnú, bainistiú agus/nó leasú a dhéanamh ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce ábhartha agus le hacmhainní muirí. |
|
11. |
Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 9 beidh an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a bhainistiú i gcomhréir le Beartais ESRS 2 MDR-P arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhair a bhainistiú. |
|
12. |
Cuirfidh an gnóthas in iúl an dtugann a bheartais aghaidh ar na nithe seo a leanas nuair is ábhartha agus conas a théann siad i ngleic leo:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
15. |
Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme. |
|
16. |
Is é cuspóir an Riachtanais Nochta seo tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní mara a bhaint amach. |
|
17. |
Leanfaidh an tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní na prionsabail a shainítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair ábhartha inbhuanaitheachta. De bhreis ar ESRS 2 MDR-A, féadfaidh an gnóthas a shonrú cén tsraith de ghníomhaíocht san ordlathas maolaithe agus |
|
18. |
Is féidir acmhainní a leithdháileadh orthu seo a leanas:
|
|
19. |
Sonróidh an gnóthas gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le limistéir atá faoi riosca uisce, lena n-áirítear limistéir ina bhfuil strus mór uisce. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
20. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí atá leagtha síos aige. |
|
21. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a fháil ar na spriocanna atá glactha ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais a bhaineann le huisce agus acmhainní mara agus aghaidh a thabhairt ar thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce ábhartha agus le hacmhainní muirí. |
|
22. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna sa tuairisc ar na spriocanna. |
|
23. |
Léireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 20 an mbaineann a spriocanna leis na nithe seo a leanas agus conas a bhaineann siad leo:
|
|
24. |
Chomh maith le ESRS 2 MDR-T, féadfaidh an gnóthas a shonrú ar cuireadh tairseacha éiceolaíocha agus leithdháiltí eintiteas-sonracha san áireamh agus spriocanna á socrú. Má tá, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
25. |
Sonróidh an gnóthas mar chuid den fhaisnéis chomhthéacsúil cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna atá leagtha síos agus curtha i láthair aige sainordaitheach (a cheanglaítear leis an reachtaíocht) nó deonach. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce
|
26. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir le feidhmíocht a thomhaltais uisce i ndáil leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha atá aige. |
|
27. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar ídiú uisce an ghnóthais agus ar aon dul chun cinn atá déanta ag an ngnóthas i ndáil lena spriocanna. |
|
28. |
Baineann an nochtadh a cheanglaítear le mír 26 le hoibríochtaí dílse agus áireofar ann:
|
|
29. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir lena dhéine uisce: tomhaltas iomlán uisce ina chuid oibríochtaí féin in m3 in aghaidh an mhilliúin EUR de ghlanioncam (76). |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
30. |
Nochtfaidh an gnóthas na héifeachtaí airgeadais a mheastar a bheidh ag rioscaí agus deiseanna a bhaineann le huisce ábhartha agus le hacmhainní muirí. |
|
31. |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 30 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais reatha ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). |
|
32. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
|
33. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS E3 í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a shainaithint agus a mheasúnú
|
AR 1. |
Agus measúnú ábharthachta á dhéanamh aige ar fhothopaicí comhshaoil, déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht an uisce agus na n-acmhainní muirí ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé na ceithre chéim thíos a mheas, ar a dtugtar cur chuige LEAP freisin:
|
|
AR 2. |
Freagraíonn an measúnú ábharthachta do ESRS E3 do na chéad trí chéim de chur chuige seo LEAP, tugann an ceathrú céim aghaidh ar thoradh an phróisis. |
|
AR 3. |
Leis na próisis chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtionchar, na rioscaí agus na ndeiseanna, breithneofar na forálacha in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair ábhartha, rioscaí agus deiseanna a shainaithint agus a mheasúnú, agus Ceanglais maidir le Nochtadh IRO-2 in ESRS a chumhdaítear le ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais. |
|
AR 4. |
Áirítear an méid seo a leanas ar na fothopaicí a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí a chumhdaítear leis an measúnú ábharthachta:
|
|
AR 5. |
I gcéim 1, chun a aimsiú cá bhfuil limistéir atá i mbaol uisce, agus limistéir ina bhfuil comhéadan le hacmhainní muirí a bhféadfadh tionchair ábhartha agus spleáchais a bheith mar thoradh orthu ina oibríochtaí féin agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtach, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 6. |
Breithneoidh an gnóthas abhantracha mar an leibhéal ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shuíomhanna agus déanfaidh sé an cur chuige sin a chomhcheangal le measúnú riosca oibriúcháin ar a shaoráidí agus ar shaoráidí soláthróirí a bhfuil tionchair agus rioscaí ábhartha acu. |
|
AR 7. |
Breithneoidh an gnóthas na critéir maidir le stádas dobharlach a shainiú i gcomhréir leis na hIarscríbhinní ábhartha a ghabhann le Treoir 2000/60/CE (an Treoir Réime maidir le hUisce) chomh maith leis na treoirdhoiciméid a sholáthraítear chun an Treoir Réime maidir le hUisce a chur chun feidhme. Is féidir rochtain a fháil ar an liosta treoirdhoiciméad ar leathanach baile Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh. |
|
AR 8. |
I gcéim 2, chun meastóireacht a dhéanamh ar a thionchair agus ar a spleáchais do gach suíomh tosaíochta arna shainaithint faoi AR 5, féadfaidh an gnóthas:
|
|
AR 9. |
Chun spleáchais a bhaineann le huisce agus le hacmhainní muirí a shainaithint, féadfaidh an gnóthas brath ar aicmithe idirnáisiúnta amhail an tAicmiú Coiteann Idirnáisiúnta ar Sheirbhísí Éiceachórais (CICES). |
|
AR 10. |
Agus a chuid spleáchais a bhaineann le hacmhainní muirí á sainaithint aige, breithneoidh an gnóthas an mbraitheann sé ar thráchtearraí tábhachtacha a bhaineann le hacmhainní muirí, lena n-áirítear uaigheanna agus táirgí bia mara ach gan a bheith teoranta dóibh. |
|
AR 11. |
Sainmhínítear acmhainní muirí de réir a n-úsáide ag sochaithe daonna agus ní mór iad a mheas i ndáil leis an mbrú a bhíonn orthu. Cuirtear cuid de na táscairí brú i láthair in ESRS eile, eadhon micreaphlaistigh agus astaíochtaí chuig uisce in ESRS E2 agus dramhaíl phlaisteach in ESRS E5. |
|
AR 12. |
Seo a leanas samplaí de spleáchais acmhainní muirí a d’fhéadfadh an gnóthas a mheas:
|
|
AR 13. |
I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas:
|
|
AR 14. |
Féadfaidh an gnóthas a bheith ag brath ar bhailiú sonraí príomhúil, tánaisteach nó múnlaithe nó ar chineálacha cur chuige ábhartha eile chun measúnú a dhéanamh ar thionchair ábhartha, spleáchais, rioscaí agus deiseanna, lena n-áirítear Moladh 2021/2279 ón gCoimisiún maidir le modhanna an Lorg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (Iarscríbhinn I — Lorg Comhshaoil Táirgí; Iarscríbhinn III — Lorg Comhshaoil Eagraíochta). |
|
AR 15. |
Agus faisnéis á soláthar maidir le toradh an mheasúnaithe ábharthachta, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-1 — Beartais a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
AR 16. |
Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas maidir le Nochtadh seo a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla. |
|
AR 17. |
Agus faisnéis á nochtadh aige faoi mhír 9, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a dhéanann nó nach ndéanann a bheartais an méid seo a leanas:
|
|
AR 18. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis a nochtadh freisin faoi bheartais a dhéanann an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le beartais uisce agus acmhainní muirí
|
AR 19. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 15 á nochtadh aige, breithneoidh an gnóthas na gníomhaíochtaí, nó na pleananna gníomhaíochta, lena rannchuideofar le haghaidh a thabhairt ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha arna sainaithint. Cuireann an Chomhghuaillíocht um Maoirseacht Uisce treoir úsáideach ar fáil. |
|
AR 20. |
Ós rud é gur acmhainní comhroinnte iad acmhainní uisce agus acmhainní muirí a bhféadfadh gníomhaíochtaí comhchoiteanna, nó pleananna gníomhaíochta, a bhfuil baint ag páirtithe leasmhara eile leo, féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar maidir leis na gníomhaíochtaí comhchoiteanna sonracha sin, lena n-áirítear faisnéis faoi pháirtithe eile (iomaitheoirí, soláthraithe, miondíoltóirí, custaiméirí, comhpháirtithe gnó eile, pobail agus údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí rialtais...) agus faisnéis shonrach faoin tionscadal, faoina rannchuidiú sonrach, faoina urraitheoirí agus faoi rannpháirtithe eile. |
|
AR 21. |
Agus faisnéis á soláthar maidir le caiteachais chaipitiúla, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann, mar shampla, le hathshlánú draenála uisce stoirme, píblínte, nó innealra a úsáidtear chun táirgí nua ísealúsáide uisce a mhonarú. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-3 — Spriocanna a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
AR 22. |
Má thagraíonn an gnóthas do thairseacha éiceolaíocha agus spriocanna á socrú aige, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh don treoir a sholáthraíonn an Tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtabhunaithe don Dúlra (SBTN) ina threoir eatramhach (Treoir Tosaigh do Ghnó, Meán Fómhair 2020). D’fhéadfadh sé tagairt a dhéanamh freisin d’aon treoir eile le modheolaíocht a aithnítear go heolaíoch lena gcumasaítear spriocanna eolaíochtbhunaithe a shocrú trí thairseacha éiceolaíocha agus, más infheidhme, leithdháiltí a bhaineann go sonrach leis an eagraíocht a shainaithint. Féadfaidh tairseacha éiceolaíocha a bheith áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda. |
|
AR 23. |
Féadfaidh an gnóthas spriocanna a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
AR 24. |
Má sholáthraíonn an gnóthas spriocanna maidir le haistarraingtí, féadfar a áireamh ann aistarraingt uisce ó ithreacha agus uiscígh thruaillithe, agus uisce a tarraingíodh siar agus a chóireáiltear chun críocha feabhsúcháin. |
|
AR 25. |
Má sholáthraíonn an gnóthas spriocanna maidir le sceitheadh, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sceitheadh uisce chuig screamhuisce amhail athinstealladh do uiscígh, nó uisce a fhilleann ar fhoinse screamhuisce trí shiúdbhealach nó swale. |
|
AR 26. |
Féadfaidh na spriocanna a oibríochtaí féin agus/nó a slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach. |
|
AR 27. |
Féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir rannchuidithe shubstaintiúla le haghaidh Acmhainní Uisce agus Muirí mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe an Choimisiúin arna nglacadh de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir maidir le Dochar Suntasach (DNSH) le haghaidh Acmhainní Uisce agus Mara mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú an dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir DNSH sin. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-4 — Tomhaltas uisce
|
AR 28. |
Féadfaidh an gnóthas feidhmiú i limistéir éagsúla atá faoi riosca uisce. Agus faisnéis faoi mhír 28 (b) á nochtadh aige, ní chuirfidh an gnóthas an fhaisnéis sin san áireamh ach amháin do na réimsí sin a sainaithníodh mar réimsí ábhartha i gcomhréir le ESRS2 IRO-1 agus ESRS2 SBM-3. |
|
AR 29. |
Agus faisnéis chomhthéacsúil á nochtadh maidir le feidhmíocht tomhaltais uisce a cheanglaítear le mír 26, míneoidh an gnóthas na modheolaíochtaí ríomha agus go sonrach an sciar den bheart a fhaightear ó thomhas díreach, ó shampláil agus eachtarshuíomh, nó ó na meastacháin is fearr. |
|
AR 30. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis maidir le miondealuithe eile a sholáthar (i.e. in aghaidh earnála nó deighleoige). |
|
AR 31. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 29 á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas cóimheasa déine breise a sholáthar bunaithe ar ainmneoirí eile. |
|
AR 32. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar freisin maidir lena aistarraingtí uisce agus a sceitheadh uisce. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E3-5 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le huisce agus acmhainní muirí
|
AR 33. |
Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar. |
|
AR 34. |
Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 39(a). |
ESRS E4
BITHÉAGSÚLACHT AGUS ÉICEACHÓRAIS
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó |
|
– |
Ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:
|
|
2. |
Leagtar amach sa Chaighdeán seo Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le gaolmhaireacht an ghnóthais le gnáthóga talún, fionnuisce agus muirí, le héiceachórais agus le pobail de speicis ghaolmhara fauna agus flora, lena n-áirítear éagsúlacht laistigh de speicis, idir speicis agus éiceachórais agus a n-idirghaol le pobail dhúchasacha agus le pobail eile dá ndéantar difear. |
|
3. |
Tagraíonn na téarmaí ‘bithéagsúlacht’ agus ‘éagsúlacht bhitheolaíoch’ don athraitheacht i measc orgánach beo ó gach foinse lena n-áirítear, inter alia, éiceachórais talún, fionnuisce, mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
4. |
Tá ‘anbhithéagsúlacht agus éiceachórais’ nasctha go dlúth le cúrsaí comhshaoil eile. Is iad na nithe is mó a spreagann athrú ar an mbithéagsúlacht agus athrú ar éiceachórais ná an t-athrú aeráide, truailliú, athrú ar úsáid talún, athrú ar úsáid fionnuisceagus athrú ar úsáid na farraige, saothrú díreach ar orgánaigh agus speiceas coimhthíoch ionrach. Cumhdaítear na spreagthaí sin sa chaighdeán seo, seachas an t-athrú aeráide (a chumhdaítear le ESRS E1) agus truailliú (a chumhdaítear le ESRS E2). |
|
5. |
Chun tuiscint chuimsitheach a fháil ar thionchair ábhartha agus ar spleáchais ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, ba cheart na Ceanglais maidir le Nochtadh ESRS comhshaoil eile a léamh agus a léirmhíniú i gcomhar le ceanglais shonracha maidir le nochtadh den Chaighdeán seo. Is iad seo a leanas na ceanglais ábhartha maidir le nochtadh a chumhdaítear in ESRS comhshaoil eile:
|
|
6. |
Déanann tionchair an ghnóthais ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais difear do dhaoine agus do phobail. Agus tuairisciú á dhéanamh ar thionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear de bharr an athraithe ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais faoi ESRS E4, breithneoidh an gnóthas ceanglais ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear. |
|
7. |
Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
8. |
Léifear ceanglais na roinne seo i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 Caibidil 2 Rialachas, Caibidil 3 Straitéis agus Caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna. |
|
9. |
Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis na nochtaí topaicshonracha. |
|
10. |
Sa bhreis ar na ceanglais in ESRS 2, áirítear sa Chaighdeán seo freisin an Ceanglas maidir le Nochtadh topaicshonrach E4-1 Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó. |
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó
|
11. |
Nochtfaidh an gnóthas conas a eascraíonn tionchar, spleáchais, rioscaí agus deiseanna bithéagsúlachta agus éiceachórais as a straitéis agus a shamhail ghnó agus conas a spreagann siad oiriúnú na straitéise agus na samhla gnó sin. |
|
12. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar athléimneacht straitéis agus shamhail ghnó an ghnóthais i ndáil le bithéagsúlacht agus éiceachórais, agus ar chomhoiriúnacht straitéis agus shamhail ghnó an ghnóthais maidir le spriocanna ábhartha beartais phoiblí áitiúla, náisiúnta agus domhanda a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachórais. |
|
13. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar athléimneacht a straitéise agus a shamhla gnó i ndáil le bithéagsúlacht agus éiceachórais. Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt sa tuairisc:
|
|
14. |
Má dhéanann an gnóthas faisnéis a nochtadh a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh mar chuid den fhaisnéis a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis atá nochta aige faoi ESRS 2 SBM-3. |
|
15. |
Féadfaidh an gnóthas a phlean aistrithe a nochtadh chun a shamhail ghnó agus a straitéis ghnó a fheabhsú agus, ar deireadh thiar, chun iad a ailíniú le fís Chreat Bithéagsúlachta Domhanda Kunming-Montreal agus a chuspóirí agus spriocanna ábhartha, le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030, agus chun teorainneacha pláinéadacha a bhaineann le sláine an bhithsféir agus le hathrú ar an gcóras talún a urramú. |
Ceanglas maidir le Nochtadh SBM 3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
16. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú
|
17. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a phróiseas chun tionchair, rioscaí, spleáchais agus deiseanna ábhartha a shainaithint. Áireofar sa tuairisc ar an bpróiseas cé acu a rinne nó nach ndearna an gnóthas na nithe seo a leanas, agus an dóigh a ndearna sé iad:
|
|
18. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a bhain nó nár bhain sé úsáid as anailís ar chásanna bithéagsúlachta agus éiceachóras agus conas a d’úsáid sé í chun bonn eolais a chur faoi rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú thar thréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha. Más rud é gur bhain an gnóthas úsáid as anailís ar chásanna den sórt sin, féadfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:
|
|
19. |
Nochtfaidh an gnóthas go sonrach:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais
|
20. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na beartais atá glactha aige chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí, a spleáchais, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais. |
|
21. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar a thionchair, spleáchais, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus/nó a leigheas. |
|
22. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 20 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí, a spleáchais agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais a bhainistiú i gcomhréir le beartais ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú). |
|
23. |
Chomh maith le forálacha ESRS 2 MDR-P, tabharfaidh an gnóthas tuairisc an fíor an méid seo a leanas agus an chaoi a dtarlaíonn an méid seo a leanas maidir lena bheartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais:
|
|
24. |
Nochtfaidh an gnóthas go sonrach cé acu atá nó nach bhfuil na nithe seo a leanas glactha aige:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais
|
25. |
Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme. |
|
26. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe a chuireann go mór le cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachóraisa bhaint amach. |
|
27. |
Leanfaidh an tuairisc ar na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhacmhainní an t-ábhar sainordaitheach a shainítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha. |
|
28. |
Ina theannta sin, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais
|
29. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá leagtha síos aige a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras. |
|
30. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na spriocanna atá glactha ag an ngnóthas chun tacú lena bheartais bhithéagsúlachta agus éiceachórais agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, na spleáchais, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis. |
|
31. |
Cloífidh an tuairisc ar na spriocanna leis an ábhar sainordaitheach a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna. |
|
32. |
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear le mír 29:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras
|
33. |
Tuairisceoidh an gnóthas méadracht a bhaineann lena thionchair ábhartha ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais. |
|
34. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint ar fheidhmíocht an ghnóthais a chumasú i leith tionchair arna sainaithint mar thionchair ábhartha sa mheasúnú ábharthachta ar athrú bithéagsúlachta agus éiceachórais. |
|
35. |
Má shainaithin an gnóthas láithreáin atá suite i limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de nó gar dóibh agus a bhfuil tionchar diúltach aige orthu (féach mír 19(a)), nochtfaidh an gnóthas an líon láithreán agus limistéar (i heicteáir) na láithreán atá faoi úinéireacht, faoi léas nó faoi bhainistiú sna limistéir faoi chosaint sin nó sna príomhlimistéir bhithéagsúlachta sin nó gar dóibh. |
|
36. |
Má shainaithin an gnóthas tionchair ábhartha maidir le hathrú ar úsáid talún, nó tionchair ar mhéid agus ar riocht na n- éiceachóras, féadfaidh sé a n-úsáid talún a nochtadh freisin bunaithe ar Mheasúnú Saolré. |
|
37. |
I gcás na bpointí sonraí a shonraítear i míreanna 38 go 41, breithneoidh an gnóthas a chuid oibríochtaí féin. |
|
38. |
Má tháinig an gnóthas ar an gconclúid go rannchuidíonn sé go díreach leis na spreagthaí tionchair sin athrú ar úsáid talún, athrú ar úsáid fionnuisceagus/nó athrú ar úsáid na farraige, déanfaidh sé an mhéadracht ábhartha a thuairisciú. Féadfaidh an gnóthas méadracht a nochtadh lena dtomhaistear na nithe seo a leanas:
|
|
39. |
Má tháinig an gnóthas ar an gconclúid go rannchuidíonn sé go díreach le speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach de thaisme nó go deonach, féadfaidh an gnóthas an mhéadracht a nochtadh a úsáideann sé chun bainistiú a dhéanamh ar chonairí ina dtagann speicis choimhthíocha ionrachaisteach agus ina leathann siad agus chun bainistiú a dhéanamh na rioscaí a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú. |
|
40. |
Má shainaithin an gnóthas tionchair ábhartha a bhaineann le staid na speiceas, féadfaidh an gnóthas méadracht a mheasann sé a bheith ábhartha a thuairisciú. Féadfaidh an gnóthas:
|
|
41. |
Má shainaithin an gnóthas tionchair ábhartha a bhaineann le héiceachórais, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras
|
42. |
Nochtfaidh an gnóthas éifeachtaí airgeadais ionchasacha a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras. |
|
43. |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 42 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). |
|
44. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
|
45. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)
Is dlúthchuid de ESRS E4 í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-1 — Plean aistrithe agus breithniú ar bhithéagsúlacht agus éiceachórais sa straitéis agus sa tsamhail ghnó
|
AR 1. |
Má nochtann an gnóthas plean aistrithe, féadfaidh sé an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
AR 2. |
Má nochtar plean aistrithe, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, tagairt a dhéanamh do na spriocanna seo a leanas ó Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030:
|
|
AR 3. |
Má nochtar plean aistrithe, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh freisin do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG), go háirithe:
|
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglais maidir le nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a shainaithint agus a mheasúnú
|
AR 4. |
Áirítear an méid seo a leanas i dtaobh an ghnóthais sa mheasúnú ábharthachta faoi ESRS E4:
|
|
AR 5. |
Agus measúnú á dhéanamh ar ábharthacht tionchar, spleáchais, rioscaí agus deiseanna, breithneoidh an gnóthas na forálacha in ESRS 2 IRO-1 agus ESRS 1 Caibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn le nochtaí inbhuanaitheachta agus tabharfaidh sé tuairisc ar a bhreithnithe. |
|
AR 6. |
Déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé a mheasúnú ábharthachta a dhéanamh i gcomhréir leis na chéad trí chéim de chur chuige LEAP: Aimsiú (mír AR 7), Meastóireacht (mír AR 8) agus Measúnú (mír AR 9). |
|
AR 7. |
Baineann Céim 1 le logánú láithreán ábhartha maidir lena idirphlé leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais. Chun na láithreáin ábhartha sin a shainaithint, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
AR 8. |
I gCéim 2, chun meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair agus ar spleáchais iarbhír nó fhéideartha ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais do láithreáin ábhartha, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
AR9. |
I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas na catagóirí seo a leanas a mheas:
Faisnéis a chur i láthair: |
|
AR 10. |
Féadfaidh an gnóthas na táblaí thíos a chur san áireamh chun a mheasúnú ábharthachta ar láithreáin ábhartha a shainaithnítear faoi mhír AR 7 a éascú:
Maidir le AR 7(e), féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as an tábla thíos:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-2 — Beartais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais
|
AR 11. |
Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla. |
|
AR 12. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis a sholáthar freisin faoin gcaoi a dtagraíonn an beartas do tháirgeadh, d’fhoinsiú nó do thomhaltas amhábhar, agus go háirithe an chaoi a ndéanann sé an méid seo a leanas:
|
|
AR 13. |
Féadfaidh an gnóthas naisc agus ailíniú le spriocanna agus comhaontuithe domhanda eile a nochtadh amhail SDGanna (spriocanna forbartha inbhuanaithe) 2, 6, 14 agus 15 nó aon choinbhinsiún domhanda seanbhunaithe eile a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachórais. |
|
AR 14. |
Agus beartais a bhaineann le hiarmhairtí sóisialta spleáchas agus tionchar a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais á nochtadh faoi 23 (f), féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh go háirithe do Phrótacal Nagoya agus don Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD). |
|
AR 15. |
Agus faisnéis á nochtadh ag an ngnóthas maidir le cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar iarmhairtí sóisialta na dtionchar a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais faoi mhír 23(f), agus an dóigh a dtugann siad aghaidh orthu, féadfaidh sé faisnéis a sholáthar i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
|
AR 16. |
Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a gcuireann a bheartas ar a chumas dó an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
AR 17. |
Agus a bheartais á nochtadh ag an ngnóthas, má tá tagairt á déanamh aige do chaighdeáin iompair tríú páirtí, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcaighdeán a úsáideadh:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-3 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais
|
AR 18. |
Féadfaidh an gnóthas méideanna suntasacha airgeadaíochta CapEx agus OpEx is gá chun na gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá beartaithe a chur chun feidhme a nascadh leis an méid seo a leanas:
|
|
AR 19. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a chuireann nó nach gcuireann sé plean gníomhaíochta ‘seachanta’ san áireamh, rud a chuireann cosc ar ghníomhaíochtaí díobhálacha sula ndéantar iad. Is minic a bhíonn cinneadh i gceist le seachaint imeacht ón gconair forbartha tionscadail ‘gnó mar is gnách’. Is sampla de sheachaint é an lorg bithéagsúlachta agus éiceachórais atá ag tionscadal a athrú chun scriosadh gnáthóige nádúrtha ar an láithreán a sheachaint agus/nó limistéir curtha i leataobh a bhunú a bhfuil luachanna bithéagsúlachta tosaíochta iontu agus ina gcaomhnófar na luachanna sin. Ar a laghad, ba cheart seachaint a chur san áireamh i gcás ina bhfuil luachanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus leis an éiceachóras i gceann de na catagóirí seo a leanas: go bhfuil siad an-leochaileach agus nach féidir iad a fháil ar ais, gur ábhar imní ar leith do pháirtithe leasmhara iad, nó go bhfuil údar le cur chuige faichilleach mar gheall ar éiginnteacht faoin measúnú tionchair nó faoi éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta. Sainmhínítear na trí phríomhchineál seachanta anseo thíos:
|
|
AR 20. |
Maidir le príomhghníomhaíochtaí, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 21. |
I gcomhthéacs an Cheanglais seo maidir le Nochtadh, tagraíonn ‘eolas dúchasach traidisiúnta áitiúil’ do na tuiscintí, na scileanna agus na fealsúnachtaí a d’fhorbair sochaithe a bhfuil stair fhada acu d’idirghníomhaíochta lena dtimpeallacht nádúrtha. Maidir le pobail tuaithe agus pobail dhúchasacha, cuireann eolas áitiúil bonn eolais faoin gcinnteoireacht i dtaobh gnéithe bunúsacha den saol laethúil. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-4 — Spriocanna a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais
|
AR 22. |
Féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir Rannchuidithe Shubstaintiúla le haghaidh Bithéagsúlachta mar a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ (DNSH) maidir leis an mBithéagsúlacht mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), agus Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir DNSH sin. |
|
AR 23. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 29 á nochtadh chun spriocanna a shocrú, breithneoidh an gnóthas an gá atá le toiliú feasach agus toilteanach ó phobail áitiúla agus ó phobail dhúchasacha, an gá atá le comhairliúcháin iomchuí agus an gá atá le cinntí na bpobal sin a urramú. |
|
AR 24. |
Féadfar na spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha a chur i láthair i dtábla mar a léirítear thíos:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AR 25. |
Maidir leis na spriocanna a bhaineann leis na hábhair inbhuanaitheachta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a liostaítear i mír AR 4 den Chaighdeán seo, féadfar iad a chur i láthair i dtábla mar a léirítear thíos:
|
||||||||||||||||
|
AR 26. |
Féadfar spriocanna intomhaiste a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le héiceachórais a chur in iúl mar a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-5 — Méadracht tionchair a bhaineann le hathrú bithéagsúlachta agus éiceachóras
|
AR 27. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh á hullmhú ag an ngnóthas, déanfaidh sé an méid seo a leanas a mheas agus féadfaidh sé tuairisc a thabhairt air:
|
|
AR 28. |
Nochtfaidh an gnóthas méadracht atá infhíoraithe agus atá láidir go teicniúil agus ó thaobh na heolaíochta de, i bhfianaise na n-amscálaí agus na limistéar geografach iomchuí, agus féadfaidh sé an chaoi a gcomhfhreagraíonn a mhéadracht roghnaithe do na critéir sin a nochtadh. Chun a áirithiú go bhfuil an mhéadracht ábhartha, ba cheart gaol soiléir a bheith idir an táscaire agus cuspóir an tomhais. Ba cheart neamhchinnteachtaí a laghdú a mhéid is féidir. Ba cheart d’eagraíochtaí seanbhunaithe tacú leis na sonraí nó leis na sásraí a úsáidtear agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta le himeacht ama. Is féidir sonraí samhaltaithe láidre agus breithiúnas saineolaí a úsáid i gcás ina bhfuil bearnaí sna sonraí. Beidh an mhodheolaíocht mionsonraithe go leor chun gur féidir comparáid fhóinteach a dhéanamh idir tionchair agus gníomhaíochtaí maolúcháin le himeacht ama. Ní mór próisis bailithe faisnéise agus sainmhínithe a chur i bhfeidhm go córasach. Fágann sé sin gur féidir athbhreithniú fóinteach a dhéanamh ar fheidhmíocht an ghnóthais le himeacht ama agus cuidíonn sé le comparáid inmheánach agus piaraí a dhéanamh. |
|
AR 29. |
Má chomhfhreagraíonn méadracht do sprioc, beidh bonnlíne an dá cheann ailínithe. Is cuid riachtanach den mhórphróiseas bainistithe bithéagsúlachta agus éiceachóras í an bhonnlíne bhithéagsúlachta. Tá gá leis an mbonnlíne chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú tionchair agus pleanáil bainistíochta, chomh maith le faireachán agus bainistiú oiriúnaitheach. |
|
AR 30. |
Féadfar modheolaíochtaí atá ann chun sonraí a bhailiú agus chun tionchair na ngnóthas ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais a thomhas a dheighilt i dtrí chatagóir mar a leanas:
|
|
AR 31. |
Maidir le measúnú saolré ar úsáid talún, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh do na ‘Táscairí comhshaoil a bhaineann le húsáid talún le haghaidh Measúnú Saolré’ ón Airmheán Comhpháirteach Taighde. |
|
AR 32. |
Maidir le speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach, féadfaidh an gnóthas na conairí agus an líon speiceas coimhthíoch ionrach agus méid an dromchla a chumhdaítear le speicis choimhthíocha ionracha a nochtadh. |
|
AR 33. |
Maidir le méadracht maidir le méid agus riocht na n-éiceachóras, is féidir treoraíocht úsáideach a fháil in obair Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil de na Náisiúin Aontaithe - Cuntasaíocht Éiceachórais (UN SEEA EA). |
|
AR 34. |
Féadfaidh an gnóthas nochtadh a dhéanamh in aonaid limistéir (e.g., m2 nó ha) ar úsáid talún trí úsáid a bhaint as treoraíocht arna soláthar ag an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) (89):
|
|
AR 35. |
Féadfaidh an gnóthas, mar shampla, athrú ar chumhdach talún a nochtadh, is é sin léiriú fisiceach ar na spreagthaí ‘modhnú gnáthóige’ agus ‘gníomhaíochtaí tionsclaíocha agus tí’, i.e. athrú de dhéantús an duine nó athrú nádúrtha ar airíonna fisiceacha dhromchla an domhain ag suíomh sonrach. |
|
AR 36. |
Is gnáth-athróg é cumhdach talún ar féidir é a mheasúnú le sonraí fhaire na cruinne. |
|
AR 37. |
Agus tuairisciú á dhéanamh ar thionchair ábhartha a bhaineann leis na héiceachórais, féadfaidh an gnóthas, sa bhreis ar mhéid agus riocht na n-éiceachóras, feidhmiú na n-éiceachóras a chur san áireamh freisin tríd an méid seo a leanas a úsáid:
|
|
AR 38. |
Ar leibhéal an éiceachórais, féadfar sraitheanna sonraí lena léirítear an t-athrú ar mhéid agus riocht na n-éiceachóras a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leibhéil ilroinnte agus comhcheangailteachta gnáthóige. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E4-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachóras
|
AR 39. |
Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar. |
|
AR 40. |
Féadfaidh méid aonair nó raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 45(a). |
ESRS E5
ÚSÁID ACMHAINNÍ AGUS AN GEILLEAGAR CIORCLACH
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó thionchair, rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR) |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a shonrú a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta na nithe seo a leanas a thuiscint:
|
|
2. |
Leagtar amach sa Chaighdeán seo na Ceanglais maidir le Nochtadh a bhaineann le ‘húsáid acmhainní’ agus ‘geilleagar ciorclach’ agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
3. |
Ciallaíonn geilleagar ciorclach córas eacnamaíoch ina ndéantar luach na dtáirgí, na n-ábhar agus na n-acmhainní eile sa gheilleagar a chothabháil chomh fada agus is féidir, feabhas a chur ar a n-úsáid éifeachtúil sa táirgeadh agus sa tomhaltas, agus an tionchar atá ag a n-úsáid ar an gcomhshaol a laghdú ar an gcaoi sin, dramhaíl a íoslaghdú agus scaoileadh substaintí guaiseacha i ngach céim dá saolré a íoslaghdú, lena n-áirítear trí ord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm. Is é an sprioc luach na n-acmhainní, na dtáirgí agus na n-ábhar teicniúil agus bitheolaíoch, a uasmhéadú agus a chothabháil trí chóras a chruthú lena bhféadfar marthanacht, úsáid optamach nó athúsáid, athriochtú, athmhonarú, athchúrsáil agus timthriall cothaitheach a bhaint amach. |
|
4. |
Leis an gCaighdeán seo, cuirtear le creataí agus beartais reachtacha ábhartha de chuid an Aontais lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach, Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (90) (an Treoir Réime Dramhaíola) agus an straitéis thionsclaíoch don Eoraip. |
|
5. |
Chun meastóireacht a dhéanamh ar an aistriú ó ghnó mar is gnách, rud a chiallaíonn geilleagar ina mbaintear acmhainní finideacha chun táirgí a dhéanamh a úsáidtear agus a chaitear amach ansin (‘táirgeadh líneach’), chuig córas eacnamaíoch ciorclach, braitheann an Caighdeán seo ar na sreafaí fisiceacha acmhainní, ábhar agus táirgí a úsáideann agus a ghineann an gnóthas a shainaithint trí Cheanglas maidir le Nochtadh E5-4 Insreafaí acmhainní agus trí Cheanglas maidir le Nochtadh E5-5 Eis-sreafaí acmhainní. |
Idirghníomhaíochtaí le ESRS eile
|
6. |
Tá úsáid acmhainní ina spreagadh mór do thionchair chomhshaoil eile amhail an t-athrú aeráide, truailliú, uisce agus acmhainní muirí agus bithéagsúlacht. Is córas é geilleagar ciorclach a bhfuil claonadh ann úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní i dtaca le heastóscadh, próiseáil, táirgeadh, tomhaltas agus bainistiú dramhaíola. Baineann sochair chomhshaoil iomadúla leis an gcóras sin, go háirithe an laghdú ar thomhaltas ábhair agus fuinnimh agus laghdú ar astaíochtaí san aer (astaíochtaí gás ceaptha teasa nó truailliú eile), teorainn a chur le haistarraingtí agus sceitheadh uisce agus athghiniúint an dúlra lena gcuirtear teorainn leis an tionchar ar an mbithéagsúlacht. |
|
7. |
Chun forléargas cuimsitheach a sholáthar maidir le cúrsaí comhshaoil eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le húsáid acmhainní agus maidir leis an ngeilleagar ciorclach, cumhdaítear ceanglais ábhartha maidir le nochtadh in ESRS comhshaoil eile mar a leanas:
|
|
8. |
Is féidir le tionchair an ghnóthais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach, go háirithe na tionchair a bhaineann le dramhaíl, difear a dhéanamh do dhaoine agus do phobail. Cumhdaítear in ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear tionchair dhiúltacha ábhartha ar phobail dá ndéantar difear de bharr úsáid acmhainní agus an gheilleagair chiorclaigh atá inchurtha i leith an ghnóthais. Téann úsáid éifeachtúil chiorclach acmhainní chun tairbhe an iomaíochais agus na folláine eacnamaíche freisin |
|
9. |
Ba cheart an Caighdeán sin a léamh i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta agus ESRS 2 Nochtaí Ginearálta. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
10. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 caibidil 4 Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú
|
11. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint, go háirithe maidir le hinsreafaí acmhainní, eis-sreafaí acmhainní agus dramhaíl, agus soláthróidh sé faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach
|
12. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na beartais atá glactha aige chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí, a spleáchais, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar cioclach. |
|
13. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas a thugann aghaidh ar a thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus/nó a leigheas. |
|
14. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 12 an fhaisnéis faoi na beartais atá i bhfeidhm ag an ngnóthas chun a thionchair, a rioscaí, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a bhainistiú i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú). |
|
15. |
San achoimre, cuirfidh an gnóthas in iúl cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na nithe seo a leanas nuair is ábhartha agus an dóigh a dtéann siad i ngleic leo:
|
|
16. |
Tabharfaidh beartais aghaidh ar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha ina oibríochtaí féin agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach
|
17. |
Nochtfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a dhéanann sé a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach agus na hacmhainní a leithdháiltear ar a gcur chun feidhme. |
|
18. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh agus atá beartaithe chun cuspóirí agus spriocanna beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a bhaint amach. |
|
19. |
Maidir leis an tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus na hacmhainní a leithdháiltear a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach, cloífidh sí leis na prionsabail a shainítear in ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha. |
|
20. |
Chomh maith le ESRS 2 MDR-A, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear an méid seo a leanas le gníomhaíocht agus le hacmhainní agus an dóigh a gcumhdaítear iad:
|
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach
|
21. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá leagtha síos aige a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach. |
|
22. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na spriocanna atá glactha ag an ngnóthas chun tacú lena bheartas maidir le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis. |
|
23. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna sa tuairisc ar na spriocanna. |
|
24. |
Léireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 21 cé acu a bhaineann nó nach mbaineann - agus conas a bhaineann - spriocanna an ghnóthais le hinsreafaí acmhainní agus eis-sreafaí acmhainní, lena n-áirítear dramhaíl agus táirgí agus ábhair, agus, go sonrach leis an méid seo a leanas:
|
|
25. |
Sonróidh an gnóthas cén tsraith d’ord na réiteach dramhaíola lena mbaineann an sprioc. |
|
26. |
Chomh maith le ESRS 2 MDR-T, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a cuireadh nó nár cuireadh tairseacha éiceolaíocha agus leithdháiltí eintiteas-sonracha san áireamh agus spriocanna á socrú. Má cuireadh, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
27. |
Sonróidh an gnóthas mar chuid den fhaisnéis chomhthéacsúil cé acu atá nó nach bhfuil na spriocanna atá leagtha síos agus curtha i láthair aige sainordaitheach (ceanglaítear le reachtaíocht iad) nó deonach. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní
|
28. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena insreafaí acmhainní a bhaineann leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha atá aige. |
|
29. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar úsáid acmhainní in oibríochtaí an ghnóthais féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach. |
|
30. |
Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 28 tuairisc ar a insreafaí acmhainní i gcás inarb ábhartha: táirgí (lena n-áirítear pacáistiú) agus ábhair (lena sonraítear amhábhair chriticiúla agus tearcithir), uisce agus réadmhaoin, gléasra agus trealamh a úsáidtear in oibríochtaí an ghnóthais féin agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh. |
|
31. |
Nuair a mheasann gnóthas gur ábhar inbhuanaitheachta ábhartha é insreafaí acmhainní, nochtfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas faoi na hábhair a úsáidtear chun táirgí agus seirbhísí an ghnóthais a mhonarú le linn na tréimhse tuairiscithe, i dtonaí nó i gcileagraim:
|
|
32. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis na modheolaíochtaí a úsáidtear chun na sonraí a ríomh. Sonróidh sé an bhfaightear na sonraí ó thomhas díreach nó ó mheastacháin, agus nochtfaidh sé na príomhthoimhdí a úsáidtear. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní
|
33. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis maidir lena eis-sreafaí acmhainní, lena n-áirítear dramhaíl, a bhaineann leis na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha atá aige. |
|
34. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
Táirgí agus ábhair
|
35. |
Soláthróidh an gnóthas tuairisc ar na príomhtháirgí agus ar na príomhábhair a thagann as próiseas táirgthe an ghnóthais agus a dheartar de réir prionsabail chiorclacha, lena n-áirítear marthanacht, in-athúsáidteacht, indeisitheacht, díchóimeáil, athmhonarú, athriochtú, athchúrsáil, ath-imshruthú tríd an mbith-thriall, nó optamú úsáid an táirge nó an ábhair trí shamhlacha gnó ciorclacha eile. |
|
36. |
Nochtfaidh gnóthais a bhfuil eis-sreafaí ábhartha acu an méid seo a leanas:
|
Dramhaíl
|
37. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir lena mhéid iomlán dramhaíola óna oibríochtaí féin, i dtonaí nó i gcileagraim:
|
|
38. |
Agus comhdhéanamh na dramhaíola á nochtadh ag an ngnóthas, sonróidh sé an méid seo a leanas:
|
|
39. |
Nochtfaidh an gnóthas freisin méid iomlán na dramhaíola guaisí agus na dramhaíola radaighníomhaí arna nginiúint ag an ngnóthas, i gcás ina sainmhínítear dramhaíl radaighníomhach in Airteagal 3(7) de Threoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (92). |
|
40. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis chomhthéacsúil maidir leis na modheolaíochtaí a úsáidtear chun na sonraí a ríomh agus go háirithe na critéir agus na toimhdí a úsáidtear chun táirgí atá deartha de réir prionsabail chiorclacha faoi mhír 35 a chinneadh agus a aicmiú. Sonróidh sé an bhfaightear na sonraí ó thomhas díreach nó ó mheastacháin; agus nochtfaidh sé na príomhthoimhdí a úsáidtear. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach
|
41. |
Nochtfaidh an gnóthas na héifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo a bheidh ag rioscaí agus deiseanna ábhartha a eascraíonn as tionchair a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach. |
|
42. |
Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 41 sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir leis na héifeachtaí airgeadais atá ann faoi láthair ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis don tréimhse tuairiscithe a cheanglaítear faoi ESRS 2 SBM-3 mír 48 (d). Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar na nithe seo a leanas:
|
|
43. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)
Is dlúthchuid de ESRS E5 í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a shainaithint agus a mheasúnú
|
AR 1. |
Agus measúnú ábharthachta á dhéanamh ag an ngnóthas ar fhothopaicí comhshaoil, déanfaidh an gnóthas measúnú ar ábharthacht úsáid acmhainní agus an gheilleagair chiorclaigh ina oibríochtaí féin agus ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach, agus féadfaidh sé na ceithre chéim thíos a mheas, ar a dtugtar cur chuige LEAP freisin:
|
|
AR 2. |
Maidir le ESRS E5, braitheann céimeanna 1 agus 2 go príomha ar na measúnuithe ábharthachta a dhéantar faoi ESRS E1 (lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh), ESRS E2 (truailliú), ESRS E3 (acmhainní muirí, tomhaltas uisce) agus ESRS E4 (bithéagsúlacht, éiceachórais, amhábhair). Go deimhin, tá sé d’aidhm ag an ngeilleagar ciorclach ar deireadh an tionchar atá ag úsáid táirgí, ábhar agus acmhainní eile ar an gcomhshaol a laghdú, dramhaíl agus scaoileadh substaintí guaiseacha a íoslaghdú agus, dá bhrí sin, tionchair ar an dúlra a laghdú. Leis an gCeanglas seo maidir le Cur i bhFeidhm dírítear go príomha ar an tríú céim den chur chuige LEAP seo, agus tugtar aghaidh sa cheathrú céim ar thoradh an phróisis. |
|
AR 3. |
Sa phróiseas chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na dtionchar, na spleáchas, na rioscaí agus na ndeiseanna, breithneofar na forálacha in ESRS 2 IRO-1 Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú agus IRO-2 Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS a chumhdaítear le ráiteas inbhuanaitheachta an ghnóthais. |
|
AR 4. |
Áirítear an méid seo a leanas leis na fothopaicí a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach a chumhdaítear leis an measúnú ábharthachta:
|
|
AR 5. |
I gCéim 3, chun na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis a mheasúnú bunaithe ar thorthaí Chéim 1 agus Chéim 2, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
AR 6. |
Féadfaidh an gnóthas na modheolaíochtaí seo a leanas a bhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna i dtaca lena oibríochtaí dílse agus feadh a shlabhra luacha réamhtheachtaigh agus iartheachtaigh:
|
|
AR 7. |
Agus faisnéis á soláthar maidir le toradh an mheasúnaithe ábharthachta, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-1 — Beartais a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach
|
AR 8. |
Féadfar na beartais a dtugtar tuairisc orthu faoin gCeanglas seo maidir le Nochtadh a chomhtháthú i mbeartais chomhshaoil nó inbhuanaitheachta níos leithne lena gcumhdaítear fothopaicí éagsúla. |
|
AR 9. |
Agus faisnéis maidir lena bheartais á soláthar aige, breithneoidh an gnóthas cé acu agus conas a thugann nó nach dtugann a bheartais aghaidh ar na nithe seo a leanas:
|
|
AR 10. |
Agus a chuid beartas á sainiú, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh ar an bPáipéar maidir le ‘Córas catagóirithe don gheilleagar ciorclach’, ina dtugtar tuairisc ar shamhlacha deartha agus táirgthe ciorclacha, samhlacha úsáide ciorclacha, samhlacha téarnaimh luacha chiorclaigh agus tacaíocht chiorclach de réir phrionsabail na naoi straitéis nó bprionsabal ‘R’ de chuid an gheilleagair chiorclaigh: diúltú, athmhachnamh, laghdú, athúsáid, deisiú, athriochtú, athmhonarú, athrú cuspóra agus athchúrsáil. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-2 — Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach
|
AR 11. |
Agus faisnéis á soláthar faoi mhír 17 agus de bhrí go ndéantar acmhainní a chomhroinnt agus go bhféadfadh gníomhaíochtaí comhchoiteanna a bheith ag teastáil i straitéisí geilleagair chiorclaigh, féadfaidh an gnóthas na gníomhaíochtaí a rinneadh chun dul i ngleic lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus/nó lena líonra áitiúil a shonrú maidir le comhar nó tionscnaimh a fhorbairt lena méadaítear ciorclaíocht táirgí agus ábhar. |
|
AR 12. |
Go háirithe, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a shonrú:
|
|
AR 13. |
Féadfaidh na gníomhaíochtaí oibríochtaí dílse an ghnóthais agus/nó a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-3 — Spriocanna a bhaineann le húsáid acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach
|
AR 14. |
Má thagraíonn an gnóthas do thairseacha éiceolaíocha chun spriocanna a leagan síos, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh don treoraíocht arna soláthar ag an Tionscnamh um Spriocanna Eolaíochtabhunaithe don Dúlra (SBTN) ina threoraíocht eatramhach (Treoraíocht Tosaigh do Ghnó, Meán Fómhair 2020) nó d’aon treoraíocht eile le modheolaíocht a aithnítear go heolaíoch lenar féidir spriocanna eolaíochtbhunaithe a leagan síos trí thairseacha éiceolaíocha agus, más infheidhme, leithdháiltí a bhaineann go sonrach leis an eagraíocht, a shainaithint. Féadfaidh tairseacha éiceolaíocha a bheith áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda. |
|
AR 15. |
Agus faisnéis maidir le spriocanna á soláthar ag an ngnóthas, tabharfaidh sé tosaíocht do spriocanna de luach absalóideach. |
|
AR 16. |
Agus spriocanna faisnéise á soláthar de réir mhír 24, déanfaidh an gnóthas breithniú ar chéim an táirgthe, ar chéim na húsáide, agus ar dheireadh ré fheidhmeach táirgí agus ábhar. |
|
AR 17. |
Agus faisnéis á soláthar maidir le spriocanna a bhaineann le hamhábhar inathnuaite íon faoi mhír 24(c), breithneoidh an gnóthas an chaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag na spriocanna sin ar chailliúint bithéagsúlachta, i bhfianaise ESRS E4 freisin. |
|
AR 18. |
Féadfaidh an gnóthas spriocanna eile a nochtadh faoi mhír 24(f) lena n-áirítear i ndáil le foinsiú inbhuanaithe. Má nochtann sé amhlaidh, míneoidh an gnóthas an sainmhíniú ar fhoinsiú inbhuanaithe atá glactha aige agus an chaoi a mbaineann sé leis an gcuspóir a leagtar amach i mír 22. |
|
AR 19. |
Féadfaidh na spriocanna oibríochtaí dílse an ghnóthais agus/nó a shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach a chumhdach. |
|
AR 20. |
Féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir Rannchuidithe Shubstaintiúla le haghaidh Geilleagar Ciorclach mar a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2020/852. I gcás nach gcomhlíontar na critéir ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ (DNSH) maidir leis an nGeilleagar Ciorclach mar a shainmhínítear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 14(2), agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, féadfaidh an gnóthas a shonrú cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh sa sprioc ar easnaimh a bhaineann leis na critéir DNSH sin. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-4 — Insreafaí acmhainní
|
AR 21. |
Féadfaidh insreafaí acmhainní na catagóirí seo a leanas a chumhdach: Trealamh TF, teicstílí, troscán, foirgnimh, innealra trom, innealra meánmheáchain, innealra éadrom, iompar trom, iompar meánmheáchain, iompar éadrom agus trealamh stórasaithe. Maidir le hábhair, áirítear le táscairí insreafa acmhainní amhábhair, ábhair phróisis ghaolmhara, agus earraí nó páirteanna leathmhonaraithe. |
|
AR 22. |
Nuair atá an gnóthas faoi réir mhír 31, féadfaidh sé trédhearcacht a sholáthar freisin maidir leis na hábhair a fhoinsítear ó fhotháirgí/sruth dramhaíola (e.g., fuíollghearrthóga ábhair nach raibh i dtáirge roimhe sin). |
|
AR 23. |
Is ionann ainmneoir tháscaire an chéatadáin a cheanglaítear faoi mhíreanna 31(b) agus 31(c) agus meáchan foriomlán na n-ábhar a úsáideadh le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
AR 24. |
Na sonraí úsáide a thuairiscítear, tabharfaidh siad léiriú ar an ábhar ina staid bhunaidh, agus ní chuirfear i láthair iad agus tuilleadh ionramhála déanta orthu, amhail iad a thuairisciú mar ‘mheáchan tirim’. |
|
AR 25. |
I gcásanna ina bhfuil forluí idir catagóirí athúsáide, athchúrsáilte, sonróidh an gnóthas conas a seachnaíodh comhaireamh dúbailte agus na roghanna a rinneadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-5 — Eis-sreafaí acmhainní
|
AR 26. |
Tagraíonn faisnéis faoi tháirgí agus faoi ábhair atá le soláthar faoi mhír 35 do na hábhair agus na táirgí uile a thagann as próiseas táirgeachta an ghnóthais agus a chuireann cuideachta ar an margadh (lena n-áirítear pacáistíocht). |
|
AR 27. |
Agus an ráta á thiomsú, úsáidfidh an gnóthas mar ainmneoir meáchan foriomlán na n-ábhar a úsáideadh le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
AR 28. |
Féadfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i mbainistiú dramhaíola táirge deireadh ré a nochtadh, mar shampla trí scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora nó córais aisghlactha. |
|
AR 29. |
Tuigtear gur dramhaíl ghuaiseach nó dramhaíl neamhghuaiseach an cineál dramhaíola. Féadfar roinnt dramhaíl shonrach, amhail dramhaíl radaighníomhach, a chur i láthair mar chineál ar leithligh freisin. |
|
AR 30. |
Agus na sruthanna dramhaíola atá ábhartha dá earnálacha nó dá ghníomhaíochtaí á mbreithniú ag an ngnóthas, féadfaidh sé liosta na dtuairiscí dramhaíola ón gCatalóg Dramhaíola Eorpach a mheas. |
|
AR 31. |
Tá samplaí de chineálacha eile oibríochtaí aisghabhála faoi mhír 37(b)iii le fáil in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE (an Treoir Réime Dramhaíola). |
|
AR 32. |
Tá samplaí de chineálacha eile oibríochtaí diúscartha faoi mhír 37(c)iii le fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE (an Treoir Réime Dramhaíola). |
|
AR 33. |
Agus faisnéis chomhthéacsúil á soláthar faoi mhír 40, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh E5-6 — Éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le húsáid acmhainní agus an geilleagar ciorclach
|
AR 34. |
Agus faisnéis á soláthar aige faoi mhír 42(b), féadfaidh an gnóthas léiriú agus tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige coinneáil luacha a neartú. |
|
AR 35. |
Féadfaidh an gnóthas measúnú a chur san áireamh ar a tháirgí agus a sheirbhísí gaolmhara atá i mbaol sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ina míneofar an dóigh a sainítear iad, an dóigh a ndéantar meastachán ar mhéideanna airgeadais, agus cé na toimhdí criticiúla a dhéantar. |
|
AR 36. |
Féadfaidh raon a bheith i gcainníochtú na n-éifeachtaí airgeadais a bhfuil coinne leo i dtéarmaí airgeadaíochta faoi mhír 43(a). |
ESRS S1
LUCHT SAOTHAIR DÍLIS
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe dílse agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe dílse ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe fhostaithe an ghnóthais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 — Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá leordhóthanach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht oiliúna agus forbartha scileanna |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Méadracht maidir le cothromaíocht oibre is saoil |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht cúitimh (bearna phá agus cúiteamh iomlán) |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR) |
|
– |
Cuspóir |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí Ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe dílse agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe dílse ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann leis an lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe Fhostaithe an Ghnóthais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 — Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá Leordhóthanach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht Oiliúna agus Forbartha Scileanna |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Cothromaíocht oibre is saoil |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán) |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine |
|
Foscríbhinn A.1: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh nochtaí a bhaineann le ESRS 2 |
|
Foscríbhinn A.2: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-1 Polasaithe a bhaineann le lucht saothair dílis |
|
Foscríbhinn A.3: |
Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin |
|
Foscríbhinn A.4: |
Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
Cuspóir
|
1. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha an ghnóthais ar a lucht saothair dílis a thuiscint, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara, lena n-áirítear:
|
|
2. |
Chun an cuspóir a bhaint amach, leis an gCaighdeán seo éilítear míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar a lucht saothair dílis a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis na tosca nó ábhair shóisialta seo a leanas, lena n-áirítear cinn a bhaineann le cearta an duine:
|
|
3. |
Éilítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú ar conas is féidir le tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar a lucht saothair dílis, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, maidir le comhionannas deiseanna, is féidir le hidirdhealú i bhfruiliú agus in ardú céime na mban rochtain an ghnóthais ar lucht saothair cáilithe a laghdú agus dochar a dhéanamh dá chlú. Os a choinne sin, d’fhéadfadh tionchair dhearfacha a bheith ag beartais chun ionadaíocht ban a mhéadú sa lucht saothair agus in ardleibhéil bhainistíochta, amhail an líon lucht saothair cáilithe a mhéadú agus feabhas a chur ar chlú an ghnóthais. |
|
4. |
Cumhdaíonn an Caighdeán seo lucht saothair dílis an ghnóthais, a thuigtear go n-áirítear leis daoine atá i gcaidreamh fostaíochta leis an ngnóthas (‘fostaithe’) agus oibrithe neamhfhostaithe ar daoine iad a bhfuil conarthaí acu leis an ngnóthas chun saothar a sholáthar (‘daoine féinfhostaithe’) nó daoine a sholáthraíonn gnóthais atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78). Féach Ceanglas 3 maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh samplaí de dhaoine a thagann faoi lucht saothair dílis. Ní dhéanfaidh an fhaisnéis a cheanglaítear a nochtadh maidir le hoibrithe neamhfhostaithe difear dá stádas de bhun an dlí saothair is infheidhme. |
|
5. |
Ní chumhdaítear leis an gCaighdeán seo oibrithe i slabhra luacha réamhtheachtach nó iartheachtach an ghnóthais; cumhdaítear na catagóirí oibrithe sin in ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha. |
|
6. |
Leis an gCaighdeán, ceanglaítear ar ghnóthais tuairisc a thabhairt ar a lucht saothair dílis, lena n-áirítear príomh-shaintréithe na bhfostaithe agus na n-oibrithe neamhfhostaithe atá ina gcuid de. Tugann an cur síos seo tuiscint d’úsáideoirí ar struchtúr lucht saothair dhílis an ghnóthais agus cabhraíonn sé le faisnéis a chuirtear ar fáil trí nochtaí eile a chur i gcomhthéacs. |
|
7. |
Is é cuspóir an Chaighdeáin freisin a chur ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar a mhéid atá an gnóthas ailínithe le hionstraimí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus Eorpacha maidir le cearta an duine nó a mhéid a chomhlíonann sé iad, lena n-áirítear an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus coinbhinsiúin bhunúsacha ILO, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Dhaoine faoi Mhíchumas, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, Cairt Shóisialta na hEorpa athbhreithnithe, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tosaíochtaí beartais an Aontais mar a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear acquis dhlí saothair an Aontais Eorpaigh. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
8. |
Léifear an Caighdeán sin i gcomhar le ESRS 1 Prionsabail ghinearálta agus ESRS 2 Ceanglais ghinearálta. |
|
9. |
Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha, ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. |
|
10. |
Beidh an tuairisciú faoin gCaighdeán seo comhsheasmhach, comhleanúnach agus, i gcás inarb ábhartha, nasctha go soiléir le tuairisciú ar lucht saothair dílis an ghnóthais faoi ESRS S2, chun tuairisciú éifeachtach a áirithiú. |
Ceanglais maidir le nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
11. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de ESRS 2 SBM-3, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach. |
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
12. |
Agus é ag freagairt do ESRS 2 SBM-2, nochtfaidh an gnóthas conas a bheidh leasanna, tuairimí agus cearta daoine ina lucht saothair dílis, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, mar bhonn eolais dá straitéis agus dá shamhail ghnó. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara dá ndéantar difear é lucht saothair dílis an ghnóthais. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
13. |
Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
14. |
Agus ceanglais mhír 48 á gcomhlíonadh ag an ngnóthas, nochtfaidh sé cé acu atá nó nach bhfuil gach duine ina lucht saothair dílis, a bhféadfadh an gnóthas tionchar ábhartha a imirt air, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Áirítear leis na tionchair ábhartha sin tionchair dhiúltacha a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus lena shlabhra luacha, lena n-áirítear trína tháirgí agus trína sheirbhísí, agus trína ghaolmhaireachtaí gnó chomh maith. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
15. |
Agus tuairisc á tabhairt aige ar na príomhchineálacha daoine ina lucht saothair dílis dá ndéantar difear diúltach nó dá bhféadfaí difear diúltach a dhéanamh, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 IRO 1, nochtfaidh an gnóthas cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair sé tuiscint agus conas a d’fhorbair sé tuiscint ar an gcaoi a bhféadfadh daoine a bhfuil tréithe ar leith acu, iad siúd atá ag obair i gcomhthéacsanna ar leith, nó na daoine sin atá i mbun gníomhaíochtaí ar leith a bheith níos mó i mbaol díobhála. |
|
16. |
Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis, más ann dóibh, a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar dhaoine ina lucht saothair dílis a bhaineann le grúpaí sonracha daoine (mar shampla, aoisghrúpaí áirithe, nó daoine atá ag obair i monarcha nó i dtír áirithe) seachas lena lucht saothair dílis uile (mar shampla, gearradh pá ginearálta, nó oiliúint a thairgtear do gach duine ina lucht saothair dílis). |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis
|
17. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun a thionchair ábhartha ar a lucht saothair dílis a bhainistiú, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara. |
|
18. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar leigheas na dtionchar ábhartha ar lucht saothair dílis an ghnóthais go sonrach, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis. |
|
19. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 17 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair, a rioscaí, agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis agus leis an ngeilleagar ciorclach a bhainistiú i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú). Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas an gcumhdaítear leis na beartais sin grúpaí sonracha laistigh dá lucht saothair dílis nó a lucht saothair dílis uile. |
|
20. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais bheartais maidir le cearta an duine (96) atá ábhartha dá lucht saothair dílis, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (97). Díreoidh sé, ina nochtadh, ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas, chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
21. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid beartas maidir lena lucht saothair dílis ailínithe le hionstraimí ábhartha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, agus conas atá siad ailínithe leis na hionstraimí sin (98). |
|
22. |
Luafaidh an gnóthas cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais i ndáil lena lucht saothair dílis aghaidh go sainráite ar gháinneáil ar dhaoine (99), ar shaothar éignithe nó ar shaothar éigeantach agus ar shaothar leanaí. |
|
23. |
Luafaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil beartas coiscthe tionóiscí tionsclaíochta nó córas bainistíochta aige (100). |
|
24. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 — Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair
|
25. |
Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun dul i dteagmháil le daoine ina lucht saothair dílis agus le hionadaithe oibrithe faoi na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair dílis. |
|
26. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar an gcaoi a n-oibríonn an gnóthas, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, le daoine ina lucht saothair dílis agus le hionadaithe oibrithe faoi thionchair ábhartha, iarbhír agus fhéideartha, dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear peirspictíochtaí a lucht saothair dhílis san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais agus an chaoi a gcuirtear san áireamh iad. |
|
27. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil peirspictíochtaí a lucht saothair dhílis ina mbonn eolais dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí atá dírithe ar na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair dílis a bhainistiú agus an chaoi a gcuireann na peirspictíochtaí sin bonn eolais faoi na cinntí nó na gníomhaíochtaí sin. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:
|
|
28. |
I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanann sé chun léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na ndaoine ina lucht saothair dílis a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach do thionchair agus/nó a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe (mar shampla, mná, imircigh, daoine faoi mhíchumas). |
|
29. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh lena lucht saothair dílis, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le lucht saothair dílis ábhair imní a chur in iúl
|
30. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha ar dhaoine ina lucht saothair dílis a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a leigheas nó chun comhoibriú d’fhonn na tionchair sin a leigheas, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil dá lucht saothair dílis chun ábhair imní a ardú chun go dtabharfaí aghaidh orthu. |
|
31. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le lucht saothair dílis an ghnóthais a n-ábhair imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, sásraí casaoide) san ionad oibre, agus ar an gcaoi a ndéantar obair leantach leis na daoine lena mbaineann maidir leis na saincheisteanna a ardaíodh, agus éifeachtacht na mbealaí sin. |
|
32. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm chun na hábhair a shainítear i mír 2 de roinn an Chuspóra a chumhdach tríd an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh:
|
|
33. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé measúnú go bhfuil daoine ina lucht saothair dílis ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin, agus go bhfuil muinín acu astu, mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a chur in iúl agus chun go dtabharfar aghaidh orthu, agus an chaoi a ndéanann sé an measúnú sin. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil beartais i bhfeidhm aige chun na daoine aonair a úsáideann iad, lena n-áirítear ionadaithe oibrithe, a chosaint ar fhrithbheart. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin. |
|
34. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le bealach den sórt sin a bheith ar fáil san ionad oibre dá lucht saothair dílis, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin
|
35. |
Nochtfaidh an gnóthas an chaoi a ndéanann sé gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus dhearfacha ábhartha, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann lena lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin. |
|
36. |
Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, tá sé de chuspóir aige tuiscint a chumasú ar aon ghníomhaíocht agus tionscnamh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
Ar an dara dul síos, tá sé de chuspóir aige tuiscint a chumasú ar na bealaí ina bhfuil aghaidh á tabhairt ag an ngnóthas ar na rioscaí ábhartha agus ina bhfuil sé ag saothrú na ndeiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis. |
|
37. |
Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhainistiú a bhaineann lena lucht saothair dílisi gcomhréir le ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta ábhartha. |
|
38. |
Maidir leis na tionchair ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
39. |
Maidir le mír 36, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis trína sainaithníonn sé cén ghníomhaíocht is gá agus is iomchuí mar fhreagairt ar thionchar diúltach iarbhír nó féideartha ar a lucht saothair dílis. |
|
40. |
I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
41. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a áirithíonn nó nach áirithíonn sé agus conas a áirithíonn sé nach bhfuil a chleachtais féin ina gcúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar a lucht saothair dílis nó nach gcuireann siad leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, a chleachtais i ndáil le soláthar, díolacháin agus úsáid sonraí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile. |
|
42. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 40 á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh sé ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos. |
|
43. |
Nochtfaidh an gnóthas cé na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchar ábhartha, mar aon le faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
44. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
45. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá spriocanna atá dírithe ar thorthaí á n-úsáid ag an ngnóthas chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le haghaidh a thabhairt ar a thionchair dhiúltacha ábhartha agus/nó tionchair dhearfacha ar a lucht saothair dílis a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann lena lucht saothair dílis a bhainistiú. |
|
46. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achomair ar na spriocanna a socraíodh chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le lucht saothair dílis an ghnóthais a bhainistiú. |
|
47. |
Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear cé acu a bhí nó nach raibh an gnóthas ag plé go díreach lena lucht saothair dílis nó le hionadaithe na n-oibrithe agus conas a rinne sé é sin i dtaca leis na nithe seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe fhostaithe an ghnóthais
|
48. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar phríomh-shaintréithe na bhfostaithe ina lucht saothair dílis. |
|
49. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh léargas a thabhairt ar chur chuige an ghnóthais i leith fostaíochta, lena n-áirítear raon feidhme agus cineál na dtionchar a eascraíonn as a chleachtais fostaíochta, faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar a chuideoidh le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i nochtaí eile, agus a bheith mar bhonn le ríomh na méadrachta cainníochtúla atá le nochtadh faoi cheanglais eile maidir le nochtadh sa Chaighdeán seo. |
|
50. |
I dteannta na faisnéise a cheanglaítear le mír 40(a)iii de ESRS 2 Nochtaí Ginearálta, nochtfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
51. |
Maidir leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe (b) de mhír 50, féadfaidh an gnóthas an miondealú de réir réigiúin a nochtadh freisin. |
|
52. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh trí líon daoine aonair nó a choibhéis lánaimseartha (FTE):
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 — Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais
|
53. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar phríomh-shaintréithe na n-oibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair dílis. |
|
54. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh léargas a thabhairt ar chur chuige an ghnóthais i leith fostaíochta, lena n-áirítear raon feidhme agus cineál na dtionchar a eascraíonn as a chleachtais fostaíochta, faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar a chuideoidh le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i nochtaí eile, agus a bheith mar bhonn le ríomh na méadrachta cainníochtúla atá le nochtadh faoi cheanglais eile maidir le nochtadh sa Chaighdeán seo. Chomh maith leis sin, is féidir tuiscint a fháil uaidh ar an méid a bhraitheann an gnóthas ar oibrithe neamhfhostaithe mar chuid dá lucht saothair. |
|
55. |
Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 53 áireofar an méid seo a leanas:
|
|
56. |
Maidir leis an bhfaisnéis a shonraítear i bpointe (a) de mhír 55, féadfaidh an gnóthas na cineálacha is coitianta oibrithe neamhfhostaithe a nochtadh (mar shampla, daoine féinfhostaithe, daoine arna soláthar ag gnóthais atá ag gabháil go príomha do ghníomhaíochtaí fostaíochta, agus cineálacha eile atá ábhartha don ghnóthas), a gcaidreamh leis an ngnóthas, agus an cineál oibre a dhéanann siad. |
|
57. |
I gcás nach bhfuil sonraí ar fáil, déanfaidh an gnóthas meastachán ar an líon agus luafaidh sé go ndearna sé amhlaidh. Nuair a dhéanann an gnóthas meastacháin, tabharfaidh sé tuairisc ar an mbonn atá le hullmhú an mheastacháin sin. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta
|
58. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis a mhéid a dhéanann comhaontuithe cómhargála coinníollacha oibre agus téarmaí fostaíochta a chuid fostaithe a chinneadh nó a mhéid a imríonn siad tionchar orthu agus a mhéid a dhéantar ionadaíocht ar a chuid fostaithe san idirphlé sóisialta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar leibhéal na bunaíochta agus ar an leibhéal Eorpach. |
|
59. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar chumhdach comhaontuithe cómhargála agus idirphlé sóisialta d’fhostaithe dílse an ghnóthais. |
|
60. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
|
61. |
I gcás fostaithe nach gcumhdaítear le comhaontuithe cómhargála, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a chinneann nó nach gcinneann sé a ndálaí oibre agus a dtéarmaí fostaíochta bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála lena gcumhdaítear a fhostaithe eile nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála ó ghnóthais eile. |
|
62. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh a mhéid a chinneann comhaontuithe cómhargála dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta oibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair dílis, nó a mhéid a n-imríonn siad tionchar orthu, lena n-áirítear meastachán ar an ráta cumhdaigh. |
|
63. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le hidirphlé sóisialta:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta
|
64. |
Nochtfaidh an gnóthas an dáileadh inscne i measc na hardbhainistíochta agus an dáileadh aoise i measc a fhostaithe. |
|
65. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar éagsúlacht inscne ar leibhéal ardbhainistíochta agus ar dháileadh aoise a chuid fostaithe. |
|
66. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá leordhóthanach
|
67. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a íoctar nó nach n-íoctar pá leordhóthanach lena chuid fostaithe, agus mura n-íoctar pá leordhóthanach leo uile, na tíortha agus céatadán na bhfostaithe lena mbaineann. |
|
68. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar cé acu a íoctar nó nach n-íoctar pá leordhóthanach le fostaithe uile an ghnóthais, i gcomhréir leis na tagarmharcanna is infheidhme. |
|
69. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a íoctar nó nach n-íoctar pá leordhóthanach lena fhostaithe go léir, i gcomhréir leis na tagarmharcanna is infheidhme. Má íoctar, is leor an méid sin a lua chun an ceanglas seo maidir le nochtadh a chomhlíonadh agus ní bheidh gá le tuilleadh faisnéise. |
|
70. |
Mura n-íoctar pá leordhóthanach lena fhostaithe uile i gcomhréir leis na tagarmharcanna is infheidhme, nochtfaidh an gnóthas cé na tíortha ina dtuilleann fostaithe méid atá faoi bhun an tagarmhairc pá leordhóthanaigh is infheidhme agus céatadán na bhfostaithe a thuilleann faoi bhun an tagarmhairc pá leordhóthanaigh is infheidhme do gach ceann de na tíortha sin. |
|
71. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtadh freisin a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh i ndáil le hoibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta
|
72. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid fostaithe cumhdaithe ag cosaint shóisialta in aghaidh caillteanas ioncaim mar gheall ar mhórtheagmhais saoil, agus, mura bhfuil, na tíortha nach bhfuil siad cosanta iontu. |
|
73. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh ná tuiscint a chumasú ar cé acu atá nó nach bhfuil fostaithe an ghnóthais cumhdaithe ag cosaint shóisialta in aghaidh caillteanas ioncaim mar gheall ar mhórtheagmhais saoil, agus, mura bhfuil, na tíortha nach bhfuil siad cosanta iontu. |
|
74. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid fostaithe uile cumhdaithe ag cosaint shóisialta, trí chláir phoiblí nó trí shochair arna dtairiscint ag an ngnóthas, in aghaidh caillteanas ioncaim mar gheall ar aon cheann de na mórtheagmhais saoil seo a leanas:
Má tá, is leor an méid sin a lua chun an ceanglas seo maidir le nochtadh a chomhlíonadh agus ní bheidh gá le tuilleadh faisnéise. |
|
75. |
Mura gcumhdaítear a chuid fostaithe uile le cosaint shóisialta i gcomhréir le mír 72, nochtfaidh an gnóthas freisin na tíortha nach bhfuil cosaint shóisialta ag fostaithe iontu maidir le ceann amháin nó níos mó de na cineálacha teagmhas a liostaítear i mír 72 agus, i gcás gach ceann de na tíortha sin, nochtfaidh sé na cineálacha fostaithe nach bhfuil cosaint shóisialta acu maidir le gach mórtheagmhas saoil is infheidhme. |
|
76. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtadh freisin a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh i ndáil le hoibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas
|
77. |
Nochtfaidh an gnóthas céatadán a fhostaithe féin atá faoi mhíchumas. |
|
78. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid a áirítear daoine faoi mhíchumas i measc fhostaithe an ghnóthais. |
|
79. |
Nochtfaidh an gnóthas céatadán na ndaoine faoi mhíchumas i measc a chuid fostaithe faoi réir srianta dlíthiúla ar bhailiú sonraí. |
|
80. |
Féadfaidh an gnóthas céatadán na bhfostaithe faoi mhíchumas a nochtadh agus miondealú a thabhairt de réir inscne. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht oiliúna agus forbartha scileanna
|
81. |
Nochtfaidh an gnóthas a mhéid a sholáthraítear oiliúint agus forbairt scileanna dá fhostaithe. |
|
82. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar na gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha scileanna a tairgeadh d’fhostaithe, laistigh de chomhthéacs an fháis ghairmiúil leanúnaigh, chun scileanna fostaithe a uasghrádú agus chun infhostaitheacht leanúnach a éascú. |
|
83. |
Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 81 áireofar an méid seo a leanas:
|
|
84. |
Féadfaidh an gnóthas miondealuithe a nochtadh de réir catagóir fostaithe maidir le céatadán na bhfostaithe a ghlac páirt i bhforbairt rialta feidhmíochta agus ghairme agus maidir le meánlíon na n-uaireanta oiliúna in aghaidh an fhostaí. |
|
85. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a nochtadh freisin a shonraítear sa cheanglas seo maidir le nochtadh i ndáil le hoibrithe neamhfhostaithe ina lucht saothair. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta
|
86. |
Nochtfaidh an gnóthas faisnéis faoin méid a chumhdaítear a lucht saothair dílis lena chóras bainistithe sláinte agus sábháilteachta agus faoi líon na dteagmhas a bhaineann le gortuithe, drochshláinte agus básanna a bhaineann leis an obair ina lucht saothair féin. Ina theannta sin, nochtfaidh sé an líon básanna de dheasca gortuithe a bhaineann leis an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair i measc oibrithe eile a oibríonn ar láithreáin an ghnóthais. |
|
87. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh é a bheith indéanta tuiscint a fháil ar chumhdach, cáilíocht agus feidhmíocht an chórais bainistithe sláinte agus sábháilteachta arna bhunú chun gortuithe a bhaineann leis an obair a chosc. |
|
88. |
Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 86 an fhaisnéis seo a leanas, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú idir fostaithe agus oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais:
Déanfar an fhaisnéis maidir le (b) a thuairisciú freisin d’oibrithe eile atá ag obair ar láithreáin an ghnóthais, amhail oibrithe sa slabhra luacha má tá siad ag obair ar láithreáin an ghnóthais. |
|
89. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (d) agus (e) de mhír 88 a nochtadh freisin maidir le hoibrithe neamhfhostaithe. |
|
90. |
Ina theannta sin, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis bhreise seo a leanas maidir le cumhdach sláinte agus sábháilteachta a áireamh freisin: céatadán a chuid oibrithe dílse a chumhdaítear le córas bainistithe sláinte agus sábháilteachta atá bunaithe ar cheanglais dhlíthiúla agus/nó ar chaighdeáin nó ar threoirlínte aitheanta agus a ndearnadh iniúchadh inmheánach air agus/nó a ndearna páirtí seachtrach iniúchadh nó deimhniú air. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Méadracht maidir le cothromaíocht oibre is saoil
|
91. |
Nochtfaidh an gnóthas a mhéid atá fostaithe i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach agus í a úsáid. |
|
92. |
Is é cuspóir an Cheanglais seo maidir le Nochtadh tuiscint a thabhairt ar an teidlíocht agus ar na cleachtais iarbhír i measc na bhfostaithe saoire a bhaineann leis an teaghlach a thógáil ar bhealach atá cothrom ó thaobh inscne de, ós rud é go bhfuil sé ar cheann de ghnéithe na cothromaíochta oibre is saoil. |
|
93. |
Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 91 áireofar an méid seo a leanas:
|
|
94. |
Má tá fostaithe uile an ghnóthais i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach tríd an mbeartas sóisialta agus/nó trí chomhaontuithe cómhargála, is leor é sin a nochtadh chun ceanglas mhír 93a a chomhlíonadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán)
|
95. |
Nochtfaidh an gnóthas céatadán na bearna pá idir a fhostaithe baineanna agus fireanna agus an cóimheas idir luach saothair an duine aonair is airde a íoctar agus an luach saothair airmheánach dá fhostaithe. |
|
96. |
Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh: chun tuiscint a thabhairt ar mhéid aon bhearna sa phá idir mná agus fir i measc fhostaithe an ghnóthais; agus léargas a thabhairt ar leibhéal an neamh-chomhionannais luacha saothair laistigh den ghnóthas agus cé acu atá nó nach bhfuil éagothromaíochtaí móra pá ann. |
|
97. |
Sa nochtadh a cheanglaítear le mír 95 áireofar an méid seo a leanas:
|
|
98. |
Féadfaidh an gnóthas miondealú a nochtadh ar an mbearna phá idir na hinscní mar a shainmhínítear i mír 97(a) de réir catagóir fostaí agus/nó de réir tíre/dheighilte. Féadfaidh an gnóthas an bhearna phá idir na hinscní idir fostaithe a nochtadh de réir catagóirí fostaithe arna miondealú de réir an ghnáth-bhuntuarastail agus de réir comhpháirteanna comhlántacha nó athraitheacha. |
|
99. |
Maidir le mír 97 (b), féadfaidh an gnóthas an figiúr sin arna choigeartú le haghaidh difríochtaí cumhachta ceannaigh idir tíortha a thuairisciú, agus sa chás sin tuairisceoidh sé an mhodheolaíocht a úsáideadh don ríomh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine
|
100. |
Nochtfaidh an gnóthas líon na dteagmhas agus/nó na ngearán a bhaineann leis an obair agus na n-iarmhairtí tromchúiseacha ar chearta an duine laistigh dá lucht saothair féin, agus aon fhíneálacha ábhartha, smachtbhannaí nó cúiteamh don tréimhse tuairiscithe. |
|
101. |
Is é cuspóir an Cheanglais maidir le Nochtadh ná tuiscint a thabhairt ar a mhéid a théann teagmhais a bhaineann leis an obair agus cásanna tromchúiseacha de thionchair ar chearta an duine i bhfeidhm ar a lucht saothair dílis. |
|
102. |
Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 100, faoi réir na rialachán príobháideachais ábhartha, teagmhais idirdhealaithe a bhaineann leis an obair ar fhorais inscne, tionscnaimh chiníoch nó eitnigh, náisiúntachta, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise, gnéaschlaonta, nó cineálacha ábhartha eile idirdhealaithe a bhaineann le geallsealbhóirí inmheánacha agus/nó seachtracha thar oibríochtaí sa tréimhse tuairiscithe. Áirítear leis sin teagmhais ciaptha mar chineál sonrach idirdhealaithe. |
|
103. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
|
104. |
Nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas maidir le cásanna sainaitheanta de theagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine (e.g. saothar éigeantais, gáinneáil ar dhaoine nó saothar leanaí):
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR)
Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo.
Cuspóir
|
AR 1. |
I dteannta na saincheisteanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a nochtadh faoi shaincheisteanna eile atá ábhartha maidir le tionchar ábhartha ar feadh tréimhse níos giorra ama, mar shampla tionscnaimh maidir le sláinte agus sábháilteacht a lucht saothair dhílis le linn paindéime. |
|
AR 2. |
Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart tuairisc a thabhairt ar na saincheisteanna uile sin i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán seo. Ina ionad sin, soláthraíonn siad liosta d’ábhair a dhíorthaítear ó na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE a bhreithneoidh an gnóthas le haghaidh mheasúnú ábharthachta ESRS 2 a bhaineann lena lucht saothair dílis agus, de réir mar is iomchuí, tuairisceoidh siad mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha iad laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo. |
|
AR 3. |
Seo a leanas samplaí de dhaoine a thagann faoi raon feidhme ‘Lucht saothair dílis’:
|
ESRS 2 Nochtaí Ginearálta
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
AR 4. |
Le ESRS 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a chur ar fáil cé acu a mheasann sé nó nach measann sé go bhféadfadh ról a bheith ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair shuntasacha ábhartha ar a lucht saothair dílis a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú, agus ar an gcaoi a ndéanann siad é sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil an tsamhail ghnó agus an straitéis oiriúnaithe chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin agus ar an gcaoi a bhfuil siad oiriúnaithe. |
|
AR 5. |
Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil lucht saothair dílis an ghnóthais ag déanamh rannpháirtíochta leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a shamhla gnó, is féidir lena dtuairimí bonn eolais a chur faoi mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus ar a shamhail ghnó. Breithneoidh an gnóthas tuairimí ionadaithe na n-oibrithe nuair is infheidhme chun an nochtadh sin a chomhlíonadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
AR 6. |
Is féidir le tionchair ar lucht saothair dílis an ghnóthais teacht as a straitéis nó as a shamhail ghnó ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair a bheith ag baint le tairiscint luacha an ghnóthais (amhail táirgí nó seirbhísí ar an gcostas is ísle a sholáthar, nó seachadadh ardluais, ar bhealaí a chuireann brú ar chearta saothair ina chuid oibríochtaí féin), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (amhail riosca fardail a aistriú chuig soláthróirí, a bhfuil éifeachtaí iarmhartacha aige ar chearta saothair na ndaoine a oibríonn dóibh). |
|
AR 7. |
Is féidir leis na tionchair ar lucht saothair dílis an ghnóthais a eascraíonn as an straitéis nó as an tsamhail ghnó rioscaí ábhartha a chruthú don ghnóthas freisin. Mar shampla, tagann rioscaí chun cinn má tá roinnt daoine sa lucht saothair i mbaol saothar éignithe, agus má tá táirgí á n-allmhairiú ag an ngnóthas isteach i dtíortha ina gceadaítear faoin dlí earraí allmhairithe a bhfuil amhras fúthu go ndearnadh iad le saothar éignithe a choigistiú. D’fhéadfadh sampla de dheiseanna don ghnóthas teacht as deiseanna a chur ar fáil don lucht saothair amhail cruthú post agus uas-sciliú i gcomhthéacs ‘aistriú cóir’. Sampla eile, i gcomhthéacs paindéime nó géarchéim sláinte thromchúiseach eile, baineann sé leis an ngnóthas a d’fhéadfadh a bheith ag brath ar shaothar teagmhasach gan mórán rochtana nó gan rochtain ar bith ar chúram breoiteachta agus ar shochair sláinte a bhféadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith rompu ó thaobh leanúnachas oibríochtúil agus gnó de toisc nach bhfuil aon rogha ag oibrithe ach leanúint de bheith ag obair agus iad tinn, rud a chuirfeadh le leathadh an ghalair agus a d’fhéadfadh cliseadh mór sa slabhra soláthair a spreagadh. Tá méadú ag teacht freisin ar na rioscaí clú agus na rioscaí deiseanna gnó a bhaineann le dúshaothrú oibrithe ar bheagán oiliúna agus ar phá íseal i dtaca le limistéir gheografach a aimsiú ina bhfuil íoschosaintí dóibh agus tá frithfhreagairt meáin anois ann agus tá rogha na dtomhaltóirí ag bogadh i dtreo earraí a bhfuil bunús níos eiticiúla leo nó atá níos inbhuanaithe. |
|
AR 8. |
Maidir le samplaí de shaintréithe áirithe daoine i lucht saothair dílis an ghnóthais a d’fhéadfadh an gnóthas a mheas agus é ag freagairt do mhír 15, baineann siad le daoine óga a d’fhéadfadh a bheith níos soghabhálaí i leith tionchair ar a bhforbairt fhisiciúil agus mheabhrach, nó le mná i gcomhthéacs inar gnáthchleachtas é idirdhealú a dhéanamh ar mhná i dtéarmaí agus i ndálaí oibre, nó le himircigh i gcomhthéacs ina ndéantar droch-rialú ar an margadh soláthair saothair agus inar gnáthchleachtas é táillí earcaíochta a ghearradh ar oibrithe. I gcás roinnt daoine sa lucht saothair, d’fhéadfadh an cineál gníomhaíochta is cuid dhílis den obair a gceanglaítear orthu a dhéanamh iad a chur i mbaol (mar shampla, daoine a gceanglaítear orthu ceimiceáin a láimhseáil nó trealamh áirithe a oibriú, nó fostaithe ar phá íseal a bhfuil conarthaí ‘gan íosmhéid uaireanta’ acu). |
|
AR 9. |
Maidir le mír 16, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha teacht chun cinn freisin mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar a lucht saothair dílis i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí airgeadais a bheith mar thoradh ar theagmhais a bhfuil dóchúlacht íseal ach ardtionchar ag baint leo; mar shampla, i gcás ina mbíonn tionchar tromchúiseach ar an tsláinte ag paindéim dhomhanda ar lucht saothair an ghnóthais, rud a chuireann isteach go mór ar tháirgeadh agus ar dháileadh. I measc na samplaí eile de riosca a bhaineann le spleáchas an ghnóthais ar a lucht saothair tá ganntanas oibrithe oilte nó cinntí polaitiúla nó reachtaíocht a dhéanann difear dá oibríochtaí féin agus dá lucht saothair féin. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-1 — Beartais a bhaineann le lucht saothair dílis
|
AR 10. |
Breithneoidh an gnóthas an soláthraíonn mínithe ar athruithe suntasacha ar na beartais a glacadh le linn na bliana tuairiscithe (mar shampla, ionchais nua d’fhochuideachtaí eachtracha, cuir chuige nua nó cur chuige breise maidir le dícheall cuí agus leigheas) faisnéis chomhthéacsúil d’úsáideoirí agus féadfaidh sé mínithe den sórt sin a nochtadh. Áirítear leis sin beartais agus gealltanais an ghnóthais na rioscaí agus na tionchair dhiúltacha ar dhaoine ina lucht saothair dílis a chosc nó a mhaolú maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus aistriú chuig oibríochtaí atá níos glaise agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de chomh maith le deiseanna a chur ar fáil don lucht saothair amhail cruthú post agus uas-sciliú, lena n-áirítear gealltanais fhollasacha maidir le ‘haistriú cóir’. |
|
AR 11. |
Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais neamhspleách maidir le lucht saothair dílis an ghnóthais nó féadfar é a áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint. |
|
AR 12. |
Agus ailíniú a chuid beartas le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine á nochtadh aige, measfaidh an gnóthas go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, chomh maith le Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail Bhunúsacha san Obair agus na croíchoinbhinsiúin atá ina mbonn leis, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a thuairisciú. |
|
AR 13. |
Agus míniú á thabhairt ar an gcaoi a bhfuil beartais sheachtracha leabaithe, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, beartais inmheánacha maidir le foinsiú freagrach a chur san áireamh, agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha d’oibrithe dílse, mar shampla, maidir le saothar éignithe. Maidir le cóid iompair do sholáthraithe a d’fhéadfadh a bheith ag an ngnóthas, léireofar ann an bhfuil forálacha iontu lena dtugtar aghaidh ar shábháilteacht oibrithe, obair fhorbhásach (i.e., úsáid oibrithe ar chonarthaí gearrthéarmacha nó ar chonarthaí uaireanta teoranta, oibrithe atá fostaithe trí thríú páirtithe, fochonraitheoireacht do thríú páirtithe nó úsáid oibrithe neamhfhoirmiúla), gáinneáil ar dhaoine, úsáid saothair éigeantais nó saothair leanaí, agus cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha sin i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair is infheidhme. |
|
AR 14. |
Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, daoine ina lucht saothair dílis, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha. |
|
AR 15. |
Tarlaíonn idirdhealú i bhfostaíocht agus i ngairm bheatha nuair a chaitear le duine ar bhealach éagsúil nó ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna mar gheall ar shaintréithe nach mbaineann le fiúntas ná le bunriachtanais an phoist. Is minic a shainítear na saintréithe sin i ndlíthe náisiúnta. Chomh maith leis na forais a luaitear sa Cheanglas maidir le Nochtadh, breithneoidh an gnóthas forais eile idirdhealaithe a thoirmisctear faoin reachtaíocht náisiúnta. |
|
AR 16. |
D’fhéadfadh idirdhealú teacht chun cinn i réimse gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair. Áirítear orthu sin rochtain ar fhostaíocht, gairmeacha faoi leith, oiliúint agus gairmthreoir agus slándáil shóisialta. Thairis sin, is féidir go mbeidh sé le sonrú i dtéarmaí agus coinníollacha fostaíochta, amhail: earcaíocht, luach saothair, uaireanta oibre agus sosa, laethanta saoire le pá, cosaint mháithreachais, slándáil tréimhse oifige, sannadh tascanna oibre, measúnú feidhmíochta agus dul chun cinn, deiseanna oiliúna, ionchais maidir le hardú céime, sláinte agus sábháilteacht gairme, foirceannadh fostaíochta. Féadfaidh an gnóthas aghaidh a thabhairt ar na réimsí sin go sonrach nuair a nochtfaidh sé a bheartais agus a nósanna imeachta foluiteacha chun an ceanglas maidir le nochtadh a chomhlíonadh. |
|
AR 17. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-2 — Próisis rannpháirtíochta le lucht saothair dílis agus ionadaithe oibrithe maidir le tionchair
|
AR 18. |
Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ar a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó as an gcuntasacht deiridh sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu ar tairgeadh nó nár táirgeadh aon ghníomhaíocht fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a shainaithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta. |
|
AR 19. |
Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 27 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:
|
|
AR 20. |
Feidhmíonn Creat-Chomhaontuithe Domhanda (GFAnna) chun gaolmhaireacht leanúnach a bhunú idir fiontar ilnáisiúnta agus Cónaidhm Dhomhanda Ceardchumann chun a áirithiú go gcloífidh an gnóthas leis na caighdeáin chéanna i ngach tír ina n-oibríonn sé. |
|
AR 21. |
Chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a ndearna a lucht saothair féin cinntí nó gníomhaíochtaí sonracha a threorú, féadfaidh an gnóthas samplaí a sholáthar ón tréimhse tuairiscithe reatha. |
|
AR 22. |
I gcás ina bhfuil comhaontuithe ag an ngnóthas le ceardchumainn náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta nó le comhairlí oibre a bhaineann le cearta daoine a lucht saothair féin, is féidir é sin a nochtadh chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann an comhaontú ar chumas an ghnóthais léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na ndaoine sin. |
|
AR 23. |
I gcás inar féidir, féadfaidh an gnóthas samplaí a nochtadh ón tréimhse tuairiscithe chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi ar chuir peirspictíochtaí a lucht saothair féin agus ionadaithe oibrithe cinntí sonracha nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais ar an eolas. |
|
AR 24. |
Breithneoidh an gnóthas na gnéithe seo a leanas agus an Ceanglas maidir le Nochtadh seo á chomhlíonadh aige:
|
|
AR 25. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh freisin i ndáil le mír 24 maidir le héagsúlacht:
|
|
AR 26. |
Féadfaidh an gnóthas faisnéis a thuairisciú freisin faoi éifeachtacht na bpróiseas chun dul i dteagmháil lena fhórsa saothair féin ó thréimhsí tuairiscithe roimhe seo. Tá feidhm aige sin i gcásanna ina ndearna an gnóthas measúnú ar éifeachtacht na bpróiseas sin nó inar fhoghlaim sé ceachtanna uathu le linn na tréimhse tuairiscithe reatha. Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtraí, agus tagarmharcáil. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe dílse ábhair imní a chur in iúl
|
AR 27. |
Agus na ceanglais a leagtar amach sna critéir nochta maidir le Ceanglais maidir le Nochtadh ESRS S1-3 á gcomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag inneachar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoir Díchill Chuí ECFE maidir le hIompar Gnó Freagrach atá dírithe ar shásraí feabhsúcháin agus casaoide. |
|
AR 28. |
I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a ardú tá sásraí casaoide, beolínte, ceardchumainn (áit a bhfuil cónascadh á dhéanamh ar dhaoine sa lucht saothair), comhairlí oibre, próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir le lucht saothair an ghnóthais féin nó ionadaithe na n-oibrithe imní a chur in iúl maidir le tionchair nó riachtanais ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu a mhíniú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an dá bhealach a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus bealaí arna soláthar ag na heintitis ina bhfuil a lucht saothair féin ag obair, chomh maith le haon sásraí eile a d’fhéadfadh gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar a lucht saothair féin, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú. |
|
AR 29. |
D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), ag comhlachais tionscail agus ag tionscnaimh chomhoibríocha eile. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil siad sin inrochtana ag a lucht saothair uile féin (nó ag ionadaithe oibrithe nó, má tá siad as láthair, ag daoine aonair nó ag eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar bhealach eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha). |
|
AR 30. |
Déanfaidh an gnóthas breithniú i dtaobh an bhfuil daoine ina lucht saothair féin a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus a n-ionadaithe oibrithe in ann rochtain a fháil ar bhealaí ar leibhéal an ghnóthais a bhfuil siad fostaithe aige, nó ar conradh chun obair a dhéanamh dó, i ndáil le gach tionchar ábhartha agus conas a bheidh siad in ann dul i mbun oibre. D’fhéadfadh beolínte, ceardchumainn (áit a bhfuil cónascadh ag daoine sa lucht saothair) nó comhairlí oibreacha, nó sásraí casaoide eile arna n-oibriú ag an ngnóthas ábhartha nó ag tríú páirtí, a bheith ar na bealaí ábhartha. |
|
AR 31. |
Agus míniú á thabhairt ar cibé an eol nó nach eol don ghnóthas go bhfuil daoine ina lucht saothair féin ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus go bhfuil muinín acu astu, féadfaidh an gnóthas sonraí ábhartha agus iontaofa a chur ar fáil maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó thaobh na ndaoine lena mbaineann de. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar dhaoine i lucht saothair an ghnóthais a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil sástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí. |
|
AR 32. |
Agus cur síos á dhéanamh aige ar éifeachtacht na mbealaí le haghaidh a lucht saothair féin agus ionadaithe na n-oibrithe chun ábhair imní a chur in iúl, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith mar threoir ag an ngnóthas, bunaithe ar na “critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha”, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, go háirithe prionsabal 31. Féadfar na breithnithe seo thíos a chur i bhfeidhm maidir le bealaí aonair nó córas comhchoiteann bealaí:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann leis an lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin
|
AR 33. |
D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am chun tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus ar an dóigh a bhféadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína lucht saothair dílis, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm). Dá bhrí sin, féadfaidh an gnóthas na nithe seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 34. |
Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha, nó baint a bheith aige leis toisc go bhfuil an tionchar nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí trí ghaolmhaireacht ghnó. |
|
AR 35. |
Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a rinne difear dá lucht saothair féin a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith nasctha freisin le heintitis nó le hoibríochtaí eile nach bhfuil smacht díreach aige orthu, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhféachann sé lena ghiaráil a úsáid ina chaidreamh gnó chun na tionchair sin a bhainistiú agus an chaoi a bhféachann sé lena ghiaráil a úsáid. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú le caidreamh gnó nó dreasachtaí a chur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó fothú acmhainneachta maidir le cearta oibrithe a chur ar fáil d’eintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an ngnóthas leo) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh atá dírithe ar earcaíocht fhreagrach nó a áirithiú go bhfaigheann oibrithe pá leordhóthanach). |
|
AR 36. |
Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó il-gheallsealbhóra mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé tuairisciú faoi ESRS S1-5 ar na spriocanna ábhartha arna leagan síos ag an tionscnamh agus ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin. |
|
AR 37. |
Agus nochtadh á dhéanamh aige an ndéanann an gnóthas na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar a lucht saothair féin a mheas agus conas a mheasann sé iad i gcinntí chun deireadh a chur le caidreamh gnó agus i dtaobh an bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachtar leis, féadfar samplaí a chur san áireamh sa ghnóthas. |
|
AR 38. |
Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí gaolmhara cúirte, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtraí, agus tagarmharcáil. |
|
AR 39. |
Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair. Áirítear san fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an gnóthas a sholáthar sonraí lena léirítear laghdú ar líon na dteagmhas a sainaithníodh. |
|
AR 40. |
Maidir le tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a chur ar fáil do dhaoine i bhfórsa saothair an ghnóthais féin atá bunaithe ar a riachtanais, agus maidir le dul chun cinn i gcur chun feidhme na dtionscnamh nó na bpróiseas sin, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 41. |
Féadfaidh an gnóthas a mhíniú cé acu atá nó nach bhfuil aon tionscnamh den sórt sin ceaptha tacú freisin le ceann amháin nó níos mó de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfadh gnóthas a gheallann SDG 8 “fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil do chách a chur chun cinn” a bheith ag obair go gníomhach chun deireadh a chur le saothar éigeantais nó saothar éigeantach nó chun tacú le leibhéil níos airde táirgiúlachta maidir le gníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha trí uasghrádú teicneolaíoch agus oiliúint a chur ar shaothar áitiúil, rud a rachaidh chun tairbhe do na daoine sonracha ina lucht saothair féin a bhfuil na gníomhaíochtaí dírithe orthu, agus dá bpobail áitiúla freisin. |
|
AR 42. |
Agus na torthaí dearfacha atá beartaithe nó bainte amach ag a chuid gníomhaíochtaí do lucht saothair an ghnóthais féin á nochtadh, tá idirdhealú le déanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, go bhfuil oiliúint litearthachta airgeadais faighte ag x líon daoine) ó fhianaise ar thorthaí iarbhír do na daoine lena mbaineann (mar shampla, go dtuairiscíonn x daoine go bhfuil siad in ann a bpá agus a mbuiséid teaghlaigh a bhainistiú níos fearr). |
|
AR 43. |
Má tá bearta déanta ag an ngnóthas chun maolú a dhéanamh ar na tionchair dhiúltacha ar a lucht saothair féin a eascraíonn as an aistriú chuig geilleagar atá níos glaise agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de, amhail oiliúint agus athsciliú, ráthaíochtaí fostaíochta, agus i gcás laghdú nó ollfhostú, bearta amhail comhairleoireacht post, cóitseáil, socrúcháin laistigh de chuideachta agus pleananna luathscoir, nochtfaidh an gnóthas na bearta sin. Áirítear orthu sin bearta chun an rialachán i réim a chomhlíonadh. D’fhéadfadh an gnóthas aird a tharraingt ar fhorbairtí seachtracha atá ann faoi láthair agus/nó a bhfuiltear ag súil leo, ar forbairtí iad a mbíonn tionchar acu ar cé acu a éiríonn nó nach dtagann rioscaí as spleáchais. Áirítear leis sin breithniú ar thionchair a d’fhéadfadh eascairt as an aistriú chuig oibríochtaí níos glaise agus níos aeráidneodraí. |
|
AR 44. |
Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann lena thionchair nó lena spleáchais ar a lucht saothair féin á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 45. |
Agus míniú á thabhairt an dtagann rioscaí as spleáchais, cuirfidh an gnóthas forbairtí seachtracha san áireamh. |
|
AR 46. |
Agus beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh aige, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtuithe maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin. |
|
AR 47. |
Déanfaidh an gnóthas breithniú i dtaobh an gcomhtháthófar a phróiseas nó a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann leis an lucht saothair féin a bhainistiú agus conas a dhéanfar iad a chomhtháthú sa phróiseas nó sna próisis bainistithe riosca atá aige cheana. |
|
AR 48. |
Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a mhíniú cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna
|
AR 49. |
Agus faisnéis faoi spriocanna á nochtadh aige i gcomhréir le mír 46, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 50. |
D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna a bheith mar an gcéanna le spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha nó d’fhéadfaidís a bheith éagsúil leo. Mar shampla, d’fhéadfadh sprioc chun pá leordhóthanach a bhaint amach d’oibrithe nach fostaithe iad an tionchar ar na daoine sin a laghdú agus na rioscaí gaolmhara a laghdú ó thaobh cháilíocht agus iontaofacht a n-aschuir de. |
|
AR 51. |
Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sprioc fhadtéarmach ag an ngnóthas laghdú 80 % ar theagmhais sláinte agus sábháilteachta a dhéanann difear thiománaithe seachadta a bhaint amach faoi 2030 agus sprioc ghearrthéarmach na huaireanta ragoibre a dhéanann tiománaithe seachadta a laghdú x% agus a n-ioncam á choinneáil mar an gcéanna san am céanna faoi 2024. |
|
AR 52. |
Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach crostagairt a dhéanamh d’athruithe móra ar an tsamhail ghnó nó d’athruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leo as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar, de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 — Saintréithe Fhostaithe an Ghnóthais
|
AR 53. |
Cumhdaítear leis an gCeanglas seo maidir le Nochtadh na fostaithe uile a dhéanann obair d’aon cheann d’eintitis an ghnóthais a áirítear ina thuairisciú inbhuanaitheachta. |
|
AR 54. |
Trí mhiondealú a chur ar fáil d’fhostaithe de réir tíre, tugtar léargas ar dháileadh na gníomhaíochta ar fud na dtíortha. Tá an líon fostaithe i ngach tír ina phríomhspreagadh freisin do mhórán cearta faisnéise, comhairliúcháin agus rannpháirtíochta d’oibrithe agus ionadaithe oibrithe, in acquis dhlí saothair an Aontais (mar shampla, Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (108)‘an Treoir maidir le Comhairle Oibreacha Eorpacha’ agus Treoir /2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (109)‘an Treoir Faisnéise agus Comhairliúcháin’ agus sa dlí náisiúnta (mar shampla, cearta chun comhairle fostaithe a bhunú nó ionadaíocht fostaithe ar leibhéal an bhoird a bheith acu). Faightear léargas ar ionadaíocht inscne ar fud an ghnóthais ach miondealú ar fhostaithe de réir inscne agus cineál caidrimh fostaíochta a sholáthar. Ina theannta sin, faightear léargas ar éagsúlachtaí réigiúnacha ach miondealú ar fhostaithe de réir réigiúin a sholáthar. Is féidir le réigiún tagairt a dhéanamh do thír nó do shuíomhanna geografacha eile, amhail réigiún laistigh de thír nó réigiún domhanda. |
|
AR 55. |
Déanfaidh an gnóthas na nochtaí a iarrtar a nochtadh sna formáidí tábla seo a leanas:
Tábla 1 Teimpléad chun faisnéis maidir leis an líon fostaithe aonair a chur i láthair de réir inscne
I roinnt Ballstát, is féidir le daoine iad féin a chlárú go dleathach mar dhaoine a bhfuil tríú hinscne acu, inscne atá neodrach go minic, agus a aicmítear mar ‘eile’ sa tábla thuas. Más rud é, áfach, go bhfuil an gnóthas ag nochtadh sonraí faoi fhostaithe i gcás nach féidir sin a dhéanamh, féadfaidh sé é sin a mhíniú agus a léiriú nach bhfuil an chatagóir ‘eile’ infheidhme. Tábla 2 Teimpléad chun an líon fostaithe a chur i láthair i dtíortha ina bhfuil 50 fostaí ar a laghad ag an ngnóthas a sheasann do 10 % ar a laghad dá líon iomlán fostaithe.
Tábla 3 Teimpléad chun faisnéis maidir le fostaithe a chur i láthair de réir cineál conartha, arna miondealú de réir inscne (líon daoine aonair nó FTE) (déantar tuairisciú ar fhostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha ar bhonn deonach)
Tábla 4 Teimpléad chun faisnéis maidir le fostaithe a chur i láthair de réir cineál conartha, arna miondealú de réir réigiúin (líon daoine aonair nó FTE) (déantar tuairisciú ar fhostaithe lánaimseartha agus páirtaimseartha go saorálach)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AR 56. |
Tá na sainmhínithe ar fhostaithe buana, sealadacha, uaireanta neamhráthaithe, lánaimseartha, agus páirtaimseartha éagsúil ó thír go tír. Má tá fostaithe ag an ngnóthas i níos mó ná tír amháin, úsáidfidh sé na sainmhínithe de réir dhlíthe náisiúnta na dtíortha ina bhfuil na fostaithe bunaithe chun sonraí ar leibhéal tíre a ríomh. Déanfar na sonraí ar leibhéal tíre a shuimiú ansin chun na figiúirí iomlána a ríomh, agus neamhshuim á déanamh d’aon difríocht idir sainmhínithe dlíthiúla náisiúnta. Tá fostaithe a bhfuil uaireanta neamhráthaithe acu fostaithe ag an ngnóthas gan ráthaíocht maidir le líon íosta uaireanta oibre nó líon seasta uaireanta oibre. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an bhfostaí é féin a chur ar fáil le haghaidh oibre de réir mar is gá, ach níl oibleagáid chonarthach ar an ngnóthas líon íosta nó líon seasta uaireanta oibre a thairiscint don fhostaí in aghaidh an lae, in aghaidh na seachtaine nó in aghaidh na míosa. Samplaí a thagann faoin gcatagóir sin is ea oibrithe ócáideacha, fostaithe a bhfuil conarthaí gan íosmhéid uaireanta acu agus fostaithe ar glao-dhualgas. |
|
AR 57. |
Le nochtadh líon na bhfostaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, soláthraítear faisnéis don phointe ama sin, gan luaineachtaí a ghabháil le linn na tréimhse tuairiscithe. Trí na huimhreacha sin a nochtadh mar mheáin thar an tréimhse tuairiscithe, cuirtear san áireamh luaineachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
AR 58. |
Ní dócha gur leor astu féin sonraí cainníochtúla, amhail an líon fostaithe sealadacha nó páirtaimseartha. D’fhéadfadh cion mór fostaithe sealadacha nó páirtaimseartha a léiriú go bhfuil easpa slándála fostaíochta ag fostaithe, ach d’fhéadfadh sé a léiriú chomh maith céanna go bhfuil solúbthacht san áit oibre i gcás ina gcuirtear an cineál fostaíochta sin ar fáil mar rogha dheonach. Ar an ábhar sin, ceanglaítear ar an ngnóthas faisnéis chomhthéacsúil a nochtadh chun cabhrú le húsáideoirí faisnéise na sonraí a léirmhíniú. Féadann an gnóthas na cúiseanna atá le fostaíocht shealadach a mhíniú. Sampla de mhíniú den sórt sin is ea earcaíocht fostaithe chun obair a dhéanamh ar thionscadal nó imeacht sealadach nó séasúrach. Sampla eile is ea an cleachtas caighdeánach a bhaineann le conradh sealadach (sé mhí, mar shampla) a thairiscint d’fhostaithe nua sula ndéantar fostaíocht bhuan a thairiscint. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar na cúiseanna atá le fostaíocht faoi uaireanta nach bhfuil ráthaithe. |
|
AR 59. |
Chun láimhdeachas na bhfostaithe féin a ríomh, ríomhfaidh an gnóthas comhiomlán líon na bhfostaithe a fhágann go deonach nó mar gheall ar dhífhostú, scor, nó bás i seirbhís. Úsáidfidh an gnóthas an figiúr sin mar an t-uimhreoir sa ráta athraithe fostaithe agus féadfaidh sé an t-ainmneoir a úsáidtear chun an ráta sin a ríomh a chinneadh agus tuairisc a thabhairt ar a mhodheolaíocht. |
|
AR 60. |
I gcás nach mbeidh sonraí ar fáil le haghaidh faisnéis mhionsonraithe, úsáidfidh an gnóthas meastachán ar an líon fostaithe nó ar a gcóimheasa, i gcomhréir le ESRS 1, agus sainaithneoidh sé go soiléir an áit a bhfuil meastacháin á n-úsáid. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-7 — Saintréithe oibrithe neamhfhostaithe i lucht saothair dílis an ghnóthais
|
AR 61. |
Leis an gCeanglas seo maidir le Nochtadh tugtar léargas ar chur chuige an ghnóthais i leith fostaíochta, agus ar raon feidhme agus cineál na dtionchar a eascraíonn as a chleachtais fostaíochta. Soláthraítear faisnéis chomhthéacsúil leis freisin a chabhraíonn le tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i nochtaí eile. Cumhdaítear leis an nochtadh sin conraitheoirí aonair a sholáthraíonn saothar don ghnóthas (‘daoine féinfhostaithe’) agus oibrithe arna soláthar ag gnóthais atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’ (Cód NACE N78). Más fostaithe iad na daoine go léir a dhéanann obair don ghnóthas agus mura bhfuil aon duine ina lucht saothair ag an ngnóthas nach fostaithe iad, níl an Ceanglas seo maidir le Nochtadh ábhartha don ghnóthas; dá ainneoin sin, féadfaidh an gnóthas an fíoras sin a lua agus an fhaisnéis a cheanglaítear le Ceanglas maidir le Nochtadh S1-6 á nochtadh aige mar fhaisnéis chomhthéacsúil mar d’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith ábhartha d’úsáideoirí an Ráitis Inbhuanaitheachta. |
|
AR 62. |
Seo a leanas samplaí de chonraitheoirí (daoine féinfhostaithe) i lucht saothair dílis an ghnóthais: conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun obair a dhéanamh, ar obair í a dhéanfadh fostaí ina mhalairt de chás; conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun obair a dhéanamh in áit phoiblí (ar bhóthar, ar an tsráid, mar shampla); agus conraitheoirí arna bhfostú ag an ngnóthas chun an obair/an tseirbhís a dhéanamh go díreach in áit oibre chliant na heagraíochta. Áirítear na daoine seo a leanas i ndaoine atá fostaithe ag tríú páirtí atá i mbun ‘gníomhaíochtaí fostaíochta’ agus a bhfuil a gcuid oibre faoi stiúir an ghnóthais: daoine a dhéanann an obair chéanna a dhéanann fostaithe, amhail daoine a dhéanann ionadaíocht d’fhostaithe atá as láthair go sealadach (de bharr breoiteachta, saoire, saoire thuismitheoireachta, etc.); daoine a dhéanann obair rialta ag an láithreán céanna le fostaithe; agus oibrithe a sheoltar go sealadach ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach chun dul ag obair don ghnóthas (‘oibrithe ar postú’). Seo a leanas samplaí d’oibrithe sa slabhra luacha (agus, dá bhrí sin, d’oibrithe nach bhfuil i lucht saothair dílis an ghnóthais agus a thuairiscítear faoi raon feidhme ESRS S2): oibrithe do sholáthróir a bhfuil conradh aige leis an ngnóthas a oibríonn ar áitreabh an tsoláthróra agus modhanna oibre an tsoláthróra á n-úsáid acu; oibrithe d’eintiteas ‘iartheachtach’ a cheannaíonn earraí nó seirbhísí ón ngnóthas; agus oibrithe soláthróra trealaimh don ghnóthas a dhéanann cothabháil rialta ar threalamh an tsoláthróra (mar shampla, gléas fótachóipeála) mar a shonraítear sa chonradh idir an soláthróir trealaimh agus an gnóthas, in áit oibre amháin nó níos mó d’áiteanna oibre an ghnóthais. |
|
AR 63. |
Mura féidir leis an ngnóthas figiúirí beachta a thuairisciú, úsáidfidh sé meastacháin de réir na bhforálacha in ESRS 1 chun an líon daoine ina lucht saothair dílis nach fostaithe iad a nochtadh don deichniúr is gaire nó, i gcás ina bhfuil an líon daoine ina lucht saothair dílis nach fostaithe iad níos mó ná 1 000, don 100 is gaire, agus míneoidh sé é sin. Ina theannta sin, sainaithneoidh sé go soiléir cén fhaisnéis a dhíorthaítear ó shonraí iarbhír agus ó mheastacháin. |
|
AR 64. |
Le nochtadh líon na ndaoine i lucht saothair dílis an ghnóthais nach fostaithe iad ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, soláthraítear faisnéis maidir leis an bpointe ama sin gan luaineachtaí a ghabháil le linn na tréimhse tuairiscithe. Agus an uimhir sin á nochtadh mar mheán le linn na tréimhse tuairiscithe, déantar luaineachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe a mheas agus is féidir faisnéis níos léargais agus níos ábhartha a sholáthar d’úsáideoirí. |
|
AR 65. |
Leis an bhfaisnéis a nochtann an gnóthas, is féidir le húsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-athraíonn líon na neamhfhostaithe i lucht saothair an ghnóthais féin le linn na tréimhse tuairiscithe nó i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin (i.e., ar tháinig méadú nó laghdú ar líon na ndaoine). Féadfaidh an gnóthas na cúiseanna leis na luaineachtaí a nochtadh freisin. Mar shampla, d’fhéadfadh méadú ar an líon oibrithe neamhfhostaithe le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith mar thoradh ar theagmhas séasúrach. Os a choinne sin, d’fhéadfadh laghdú ar an líon oibrithe neamhfhostaithe i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin a bheith mar thoradh ar thionscadal sealadach a bheith curtha i gcrích. Má nochtann an gnóthas luaineachtaí, míneoidh sé freisin na critéir a úsáidtear chun a chinneadh cé na luaineachtaí a nochtann sé. Mura bhfuil aon luaineacht shuntasach sa líon oibrithe neamhfhostaithe le linn na tréimhse tuairiscithe nó idir an tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair agus an tréimhse tuairiscithe roimhe sin, féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis sin a nochtadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-8 — Cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta
Cumhdach cómhargála
|
AR 66. |
Déantar céatadán na bhfostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
|
|
AR 67. |
Is iad na fostaithe i bhfórsa saothair an ghnóthais féin atá cumhdaithe ag comhaontuithe cómhargála na daoine aonair sin a bhfuil oibleagáid ar an ngnóthas an comhaontú a chur i bhfeidhm ina leith. Ciallaíonn sé sin, mura gcumhdaítear aon duine de na fostaithe le comhaontú cómhargála, is é nialas an céatadán a thuairiscítear. Ní gá fostaí i bhfórsa saothair an ghnóthais féin atá cumhdaithe ag níos mó ná comhaontú cómhargála amháin a áireamh ach uair amháin. |
|
AR 68. |
Níl an riachtanas seo dírithe ar chéatadán na bhfostaithe a ndéanann comhairle oibreacha nó a bhaineann le ceardchumainn ionadaíocht orthu a fháil, rud a d’fhéadfadh a bheith difriúil. Is féidir le céatadán na bhfostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála a bheith níos airde ná céatadán na bhfostaithe a bhfuil aontacht acu nuair a bhíonn feidhm ag na comhaontuithe cómhargála maidir le comhaltaí de chuid an Aontais agus maidir le comhaltaí nach comhaltaí den Aontas iad araon. De rogha air sin, is féidir go mbeidh an céatadán fostaithe a chumhdaítear le comhaontuithe cómhargála níos ísle ná an céatadán fostaithe atá i gceardchumann. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh sin i gcás nach bhfuil aon chomhaontú cómhargála ar fáil nó i gcás nach gcumhdaítear leis na comhaontuithe cómhargála na fostaithe uile atá i gceardchumann. |
Idirphlé Sóisialta
|
AR 69. |
Chun an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 63(a) a ríomh, sonróidh an gnóthas cé na tíortha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) ina bhfuil fostaíocht shuntasach aige (i.e. 50 fostaí ar a laghad a sheasann do 10 % ar a laghad dá fhostaithe iomlána). I gcás na dtíortha sin, tuairisceoidh sí céatadán na bhfostaithe sa tír sin atá fostaithe i mbunaíochtaí ina ndéanann ionadaithe oibrithe ionadaíocht ar fhostaithe. Sainmhínítear bunaíocht mar aon áit oibríochtaí ina ndéanann an gnóthas gníomhaíocht eacnamaíoch, nach bhfuil neamhbhuan, le modhanna daonna agus earraí. I measc na samplaí tá: monarcha, brainse de shreangshiopa miondíola, nó ceanncheathrú gnóthais. I gcás tíortha nach bhfuil ach bunaíocht amháin iontu, is é 100 % nó 0 % an céatadán a thuairisceofar.
|
|
AR 70. |
Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear leis an gCeanglas seo maidir le Nochtadh a thuairisciú mar a leanas
Tábla 1 Teimpléad tuairiscithe le haghaidh cumhdach cómhargála agus idirphlé sóisialta
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-9 — Méadracht éagsúlachta
|
AR 71. |
Agus an nochtadh maidir le hinscne ar an ardleibhéal bainistíochta á ullmhú aige, úsáidfidh an gnóthas an sainmhíniú ar ardleibhéal bainistíochta mar choincheap a chuimsíonn leibhéal amháin agus dhá leibhéal faoi bhun na gcomhlachtaí riaracháin agus maoirseachta ach amháin má sainmhíníodh an coincheap sin cheana in oibríochtaí an ghnóthais agus mura dtagann sé leis an tuairisc ar tugadh roimhe seo air. Más amhlaidh sin, féadann an gnóthas a shainmhíniú féin ar ardleibhéal bainistíochta a úsáid agus an méid sin mar aon lena shainmhíniú féin a nochtadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-10 — Pá Leordhóthanach
|
AR 72. |
Ríomhfar an pá is ísle don chatagóir pá is ísle, gan intéirnigh agus printísigh a áireamh. Tá sé sin le bheith bunaithe ar an mbunphá móide aon íocaíocht sheasta bhreise atá ráthaithe do gach fostaí. Déanfar an pá is ísle a bhreithniú ar leithligh le haghaidh gach tíre ina bhfuil oibríochtaí ag an ngnóthas, ach amháin lasmuigh de LEE i gcás ina sainmhínítear an pá íosta nó an pá leordhóthanach ábhartha ar leibhéal fonáisiúnta. |
|
AR 73. |
An tagarmharc pá leordhóthanach a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh leis an bpá is ísle, ní bheidh sé níos ísle ná:
|
|
AR 74. |
I dTreoir (AE) 2022/2041 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach, tagraítear do na luachanna tagartha táscacha a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta amhail 60 % den ollphá airmheánach agus 50 % den mheán-ollphá, agus/nó luachanna tagartha táscacha a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta. Sonraí maidir leis na luachanna táscacha 60 % den ollphá airmheánach náisiúnta nó 50 % den mheán-ollphá náisiúnta, is féidir iad a fháil ón Suirbhé Eorpach ar an bhFórsa Saothair. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-11 — Cosaint shóisialta
|
AR 75. |
Tagraíonn cosaint shóisialta do na bearta uile lena dtugtar rochtain ar chúram sláinte agus ar thacaíocht ioncaim i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhais dhúshlánach saoil amhail cailliúint poist, a bheith breoite agus cúram leighis a bheith de dhíth ar dhuine, leanbh a shaolú agus leanbh a thógáil, dul ar scor agus pinsean a bheith de dhíth ar dhuine. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-12 — Daoine faoi mhíchumas
|
AR 76. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear i mír 77 maidir le daoine faoi mhíchumas á nochtadh ag an ngnóthas, soláthróidh sé aon fhaisnéis chomhthéacsúil is gá chun na sonraí a thuiscint agus chun an chaoi ar tiomsaíodh na sonraí (modheolaíocht) a thuiscint. Faisnéis maidir leis an tionchar atá ag sainmhínithe dlíthiúla éagsúla ar dhaoine faoi mhíchumas sna tíortha éagsúla ina bhfuil oibríochtaí ag an ngnóthas, mar shampla. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-13 — Méadracht Oiliúna agus Forbartha Scileanna
|
AR 77. |
Sainmhínítear athbhreithniú tráthrialta ar fheidhmíocht mar athbhreithniú bunaithe ar chritéir atá ar eolas ag an bhfostaí agus ag a oifigeach uachtarach nó ag a hoifigeach uachtarach agus a dhéantar uair sa bhliain ar a laghad, agus fios a bheith ag an bhfostaí go bhfuil an t-athbhreithniú á dhéanamh. Is féidir a áireamh san athbhreithniú meastóireacht ag an oibrí uachtarach díreach, piaraí, nó réimse níos leithne d’fhostaithe. Is féidir go mbeidh an roinn acmhainní daonna páirteach san athbhreithniú freisin. D’fhonn an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 83 (a) a nochtadh, úsáidfidh an gnóthas figiúirí líon na bhfostaithe dá bhforáiltear i gCeanglas um Nochtadh ESRS S1-6 san ainmneoir chun na nithe seo a leanas a ríomh:
|
|
AR 78. |
Chun an meán a cheanglaítear de réir mhír 83 (b) a nochtadh, déanfaidh an gnóthas an ríomh seo a leanas: líon iomlán na n-uaireanta oiliúna a thairgtear d’fhostaithe agus a chuir siad i gcrích in aghaidh na catagóire inscne roinnte ar líon iomlán na bhfostaithe in aghaidh na catagóire inscne. Maidir leis an meánfhigiúr oiliúna iomlán agus an meánfhigiúr de réir inscne, is iad na figiúirí faoin líon daoine aonair a thuairiscítear i gCeanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-6 a úsáidfear i gcás fostaíocht iomlán agus fostaíocht de réir inscne. |
|
AR 79. |
Is éard atá i gcatagóirí fostaithe miondealú ar fhostaithe de réir leibhéil (amhail an bhainistíocht shinsearach, an mheánbhainistíocht) nó de réir feidhme (amhail teicniúil, riaracháin, táirgeadh). Díorthaítear an fhaisnéis sin ó chóras acmhainní daonna an ghnóthais féin. Agus an lucht saothair á aicmiú, saineoidh an gnóthas catagóirí fostaithe réasúnta agus fiúntacha a chuirfidh ar chumas úsáideoirí na faisnéise tuiscint a fháil ar bhearta feidhmíochta éagsúla idir na catagóirí. Féadfaidh an gnóthas catagóir a thíolacadh d’fhostaithe feidhmiúcháin agus d’fhostaithe neamhfheidhmiúcháin. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-14 — Méadracht sláinte agus sábháilteachta
|
AR 80. |
Maidir le mír 88 (a), nochtfar an céatadán dá lucht saothair féin atá cumhdaithe ag córas bainistíochta sláinte agus sábháilteachta an ghnóthais ar bhonn comhaireamh cinn seachas ar bhonn coibhéise lánaimseartha. |
|
AR 81. |
Maidir le mír 90, nuair a bhí córas bainistíochta sláinte agus sábháilteachta an ghnóthais, nó codanna áirithe de, faoi réir iniúchadh inmheánach nó deimhniú seachtrach, féadfaidh an gnóthas an fíoras sin, nó easpa an fhíorais sin, agus na bunchaighdeáin d’iniúchtaí/deimhnithe den sórt sin, de réir mar is infheidhme, a lua. |
|
AR 82. |
Féadfar básanna a thuairisciú ar leithligh dóibh sin a eascraíonn as gortuithe a bhaineann leis an obair agus iad sin a eascraíonn as drochshláinte a bhaineann leis an obair. |
Treoraíocht maidir le ‘a bhaineann leis an obair’
|
AR 83. |
Eascraíonn gortuithe a bhaineann leis an obair agus drochshláinte a bhaineann leis an obair as neamhchosaint ar ghuaiseacha san obair. Dá ainneoin sin, is féidir le cineálacha eile teagmhas tarlú nach bhfuil baint acu leis an obair féin. Mar shampla, ní mheastar go ginearálta go mbaineann na teagmhais seo a leanas leis an obair, mura sonraítear a mhalairt sa reachtaíocht náisiúnta is infheidhme:
|
|
AR 84. |
Maidir le taisteal chun críocha oibre, baineann díobhálacha agus drochshláinte a tharlaíonn le linn do dhuine a bheith ag taisteal leis an obair más rud é, tráth an ghortaithe nó na drochshláinte, go raibh an duine ag gabháil do ghníomhaíochtaí oibre “ar mhaithe leis an bhfostóir”. Áirítear ar shamplaí de na gníomhaíochtaí sin taisteal chuig agus ó theagmhálaithe custaiméara; bheith i mbun tascanna oibre; agus bheith ag cur siamsaíocht ar fáil nó siamsaíocht a bheith á cur ar fáil dó chun gnó a idirbheartú, a phlé nó a chur chun cinn (le treoir ón bhfostóir). Más é an gnóthas atá freagrach as an gcomaitéireacht iompair, tharla teagmhais le linn na comaitéireachta a mheastar a bheith bainteach leis an obair. Mar sin féin, féadfar teagmhais a thagann chun cinn le linn taistil, lasmuigh de fhreagracht an ghnóthais (i.e. comaitéireacht rialta chuig an obair agus ón obair), a thuairisciú ar leithligh ar choinníoll go bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil ar fud an ghnóthais. |
|
AR 85. |
Maidir le hobair ón mbaile, tá gaol oibre idir gortuithe agus drochshláinte a tharlaíonn nuair a bhíonn obair á déanamh ón mbaile, má tharlaíonn an gortú nó an drochshláinte le linn don duine a bheith ag obair ón mbaile; agus go bhfuil an gortú nó an drochshláinte bainteach go díreach le feidhmíocht na hoibre seachas an timpeallacht nó an suíomh baile ginearálta. |
|
AR 86. |
Maidir le meabhairghalar, meastar go mbaineann sé leis an obair, más rud é gur thug an duine lena mbaineann fógra dó go deonach agus go dtacaíonn tuairim ó ghairmí ceadúnaithe cúraim sláinte a bhfuil oiliúint agus taithí chuí aige nó aici léi; agus má deir tuairim den sórt sin go bhfuil an tinneas a bhaineann leis an obair. |
|
AR 87. |
Maidir le saincheisteanna sláinte a eascraíonn, mar shampla, as caitheamh tobac, mí-úsáid drugaí agus alcóil, neamhghníomhaíocht fhisiciúil, aistí bia míshláintiúla, agus tosca síceasóisialta nach mbaineann leis an obair, ní mheastar go bhfuil siad bainteach leis an obair. |
|
AR 88. |
Ní mheastar go bhfuil galair cheirde ina ngortuithe a bhaineann leis an obair ach cumhdaítear iad faoi dhrochshláinte a bhaineann leis an obair. |
Treoir maidir le ráta na ngortuithe a bhaineann leis an obair a ríomh
|
AR 89. |
Agus ráta na ngortuithe a bhaineann leis an obair á ríomh, roinnfidh an gnóthas líon na gcásanna faoi seach ar líon iomlán na n-uaireanta an chloig a d’oibrigh daoine ina lucht saothair féin agus iolraithe faoi 1 000 000. Dá réir sin, léiríonn na rátaí sin an líon cásanna faoi seach in aghaidh an mhilliúin uaireanta an chloig oibrithe. Léiríonn ráta bunaithe ar 1 000 000 uair an chloig oibrithe líon na ngortuithe a bhaineann leis an obair in aghaidh gach 500 duine lánaimseartha sa lucht saothair thar thréimhse ama bliana. Chun críocha inchomparáideachta, úsáidfear ráta atá bunaithe ar 1 000 000 uair an chloig oibrithe freisin do ghnóthais a bhfuil níos lú ná 500 duine sa lucht saothair. |
|
AR 90. |
Murar féidir leis an ngnóthas an líon uaireanta an chloig a oibrítear a ríomh go díreach, féadfaidh sé é sin a mheas ar bhonn na ngnáthuaireanta nó na n-uaireanta an chloig caighdeánacha oibre, ag tabhairt san áireamh teidlíochtaí tréimhsí saoire íoctha ón obair (mar shampla, saoire íoctha, saoire bhreoiteachta íoctha, saoire phoiblí) agus é sin a mhíniú ina nochtaí. |
|
AR 91. |
Áireoidh gnóthas básanna de thoradh gortú a bhaineann leis an obair i ríomh an líon agus an ráta gortuithe intaifeadta a bhaineann leis an obair. |
Treoraíocht maidir le drochshláinte intaifeadta a bhaineann leis an obair
|
AR 92. |
Is féidir a áireamh ar dhrochshláinte a bhaineann leis an obair fadhbanna sláinte géara, athfhillteacha agus ainsealacha a tharlaíonn nó a éiríonn níos measa de bharr coinníollacha nó cleachtais oibre. Áirítear orthu sin neamhoird mhatánchnámharlaigh, galair chraicinn agus riospráide, ailsí urchóideacha, galair de bharr oibreáin fhisiceacha (mar shampla, caillteanas éisteachta de dheasca torainn, galair de bharr tonnchrith), agus galair mheabhracha (mar shampla, imní, neamhord struis iar-thrámach). Chun críoch na nochtaí a cheanglaítear, déanfaidh an gnóthas, ar a laghad, a áireamh ina nochtadh na cásanna sin a dtugtar breac-chuntas orthu i Liosta ILO na nGalar Gairme. |
|
AR 93. |
I gcomhthéacs an Chaighdeáin seo, cumhdaítear neamhoird mhatánchnámharlaigh a bhaineann leis an obair faoi dhrochshláinte a bhaineann leis an obair (agus ní gortuithe). |
|
AR 94. |
Baineann na cásanna atá le nochtadh i mír 88(d) le cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair a cuireadh in iúl don ghnóthas nó a shainaithin an gnóthas trí fhaireachas leighis, le linn na tréimhse tuairiscithe. D’fhéadfaí fógra a thabhairt don ghnóthas faoi chásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair trí thuairiscí ó dhaoine lena mbaineann, ó ghníomhaireachtaí cúitimh, nó ó ghairmithe cúraim sláinte. D’fhéadfaí a áireamh sa nochtadh cásanna drochshláinte a bhaineann leis an obair a braitheadh le linn na tréimhse tuairiscithe i measc daoine a bhí i bhfórsa saothair an ghnóthais roimhe sin. |
Treoraíocht maidir leis an líon laethanta caillte
|
AR 95. |
Comhairfidh an gnóthas an líon laethanta a cailleadh sa chaoi is go n-áireofar an chéad lá iomlán agus an lá deireanach neamhláithreachta. Ba cheart laethanta féilire a mheas chun an ríomh a dhéanamh, dá bhrí sin, áireofar na laethanta nach bhfuil an duine aonair lena mbaineann sceidealta le haghaidh oibre (mar shampla, laethanta deireadh seachtaine, laethanta saoire poiblí) mar laethanta caillte. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-15 — Cothromaíocht oibre is saoil
|
AR 96. |
Áirítear le saoire a bhaineann leis an teaghlach saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire thuismitheoireachta, agus saoire cúramóirí atá ar fáil faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe cómhargála. Chun críoch an Chaighdeáin seo, sainmhínítear na coincheapa sin mar a leanas:
|
|
AR 97. |
Maidir le mír 93 (a), is iad na fostaithe atá i dteideal saoire a bhaineann leis an teaghlach iad siúd atá cumhdaithe ag rialacháin, beartais eagraíochtúla, comhaontuithe, conarthaí nó comhaontuithe cómhargála ina bhfuil teidlíochtaí saoire a bhaineann leis an teaghlach agus a thuairiscigh a dteidlíocht i leith an ghnóthais nó an ghnóthais agus go bhfuil a dteidlíocht chun an ghnóthais nó an ghnóthais ar an eolas faoin teidlíocht. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-16 — Méadracht luacha saothair (bearna phá agus luach saothair iomlán)
Bearna phá
|
AR 98. |
Nuair a bheidh an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 97 (a) le haghaidh na bearna pá idir a fhostaithe baineanna agus fostaithe fireanna (ar a dtugtar “an bhearna phá idir na hinscní”) á tiomsú ag an ngnóthas, úsáidfidh sé an mhodheolaíocht seo a leanas:
|
|
AR 99. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 97 (a) á nochtadh aige, soláthróidh an gnóthas aon fhaisnéis chomhthéacsúil is gá chun na sonraí a thuiscint agus conas a tiomsaíodh na sonraí (modheolaíocht). Faisnéis maidir leis an tionchar a bhíonn ag tosca oibiachtúla amhail an cineál oibre agus tír na fostaíochta ar an mbearna phá idir na hinscní. |
|
AR 100. |
Tuairisceofar tomhas bhearna phá idir na hinscní an ghnóthais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe reatha agus, má thuairiscítear é i dtuarascálacha inbhuanaitheachta roimhe sin, le haghaidh an dá thréimhse tuairiscithe roimhe sin. |
Cóimheas luacha saothair iomlán
|
AR 101. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 97 (b) á tiomsú aige, déanfaidh an gnóthas an méid seo a leanas:
|
|
AR 102. |
Chun an fhaisnéis chomhthéacsúil a léiriú, féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt chun na sonraí agus an chaoi ar cuireadh na sonraí i dtoll a cheile a thuiscint (modheolaíocht). D’fhéadfadh sé nach leor sonraí cainníochtúla, amhail cóimheas luach saothair iomlán bliantúil, as a stuaim féin chun difríocht pá agus a thiománaithe a thuiscint. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag méid an ghnóthais (mar shampla, ioncam, líon na bhfostaithe), a earnáil, a straitéis fostaíochta (mar shampla, spleáchas ar oibrithe seachfhoinsithe nó fostaithe páirtaimseartha, leibhéal ard uathoibrithe) nó luaineacht airgeadra ar chóimheasa pá. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S1-17 — Teagmhais, gearáin agus tionchair dhiana ar chearta an duine
|
AR 103. |
De bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear le míreanna 103 agus 104, féadfaidh an gnóthas stádas teagmhas agus/nó gearán agus gníomhaíochtaí a rinneadh maidir leis an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 104. |
Má thiomsaíonn an gnóthas an fhaisnéis a bhfuil tuairisc uirthi in AR 105, breithneoidh sé an méid seo a leanas:
|
|
AR 105. |
Áirítear ar theagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine cásanna dlí, gearáin fhoirmiúla tríd an ngnóthas nó sásraí gearáin tríú páirtí, líomhaintí tromchúiseacha i dtuarascálacha poiblí nó sna meáin, i gcás ina bhfuil siad nasctha le lucht saothair an ghnóthais féin, agus nach ndéanann an gnóthas na teagmhais a dhíospóid, chomh maith le haon mhórthionchair eile a bhfuil an gnóthas ar an eolas fúthu. |
|
AR 106. |
De bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear le mír 104 thuas, féadfaidh an gnóthas an líon teagmhas tromchúiseach maidir le cearta an duine a nochtadh i gcás ina raibh ról ag an ngnóthas réiteach a fháil dóibh siúd dá ndearnadh difear le linn na tréimhse tuairiscithe. |
Foscríbhinn A.1
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh nochtaí a bhaineann le ESRS 2
Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh ó ESRS 2 a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán. Tugtar ann liosta neamh-uileghabhálach de na fachtóirí a bheidh le meas ag an ngnóthas agus ESRS 2 SBM-2 agus ESRS 2 SBM-3 á gcomhlíonadh aige. Ní thugtar sainmhínithe ar na téarmaí a luaitear thíos san fhoscríbhinn seo. Is féidir teacht ar gach téarma sainmhínithe in Iarscríbhinn II: Acrainmneacha agus Gluais na dTéarmaí.
|
Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine |
Liosta neamhchuimsitheach tosca le breith agus Measúnú Ábharthachta á dhéanamh |
|
Fostaíocht shlán |
% d’fhostaithe a bhfuil conarthaí sealadacha acu, cóimheas idir oibrithe neamhfhostaithe agus fostaithe, cosaint shóisialta |
|
Am oibre |
% d’fhostaithe a bhfuil conarthaí páirtaimseartha nó conarthaí gan íosmhéid uaireanta acu, sástacht fostaí leis an am oibre |
|
Pá leordhóthanach |
Sainmhínithe dlíthiúla AE, náisiúnta nó áitiúla ar phá leordhóthanach, pá cóir, agus pá íosta |
|
Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht |
Méid na hionadaíochta ionad oibre, trasteorann agus ar leibhéal boird trí cheardchumainn agus/nó comhairlí oibreacha |
|
Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta den lucht saothair atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna |
% de lucht saothair dílis cumhdaithe ag comhaontuithe cómhargála, stadanna oibre |
|
Cothromaíocht oibre is saoil |
Saoire a bhaineann leis an obair, uaireanta oibre solúbtha, rochtain ar chúram leanaí |
|
Sláinte agus sábháilteacht |
Cumhdach ag an gcóras S&S, ráta básanna, timpistí neamh-mharfacha, drochshláinte a bhaineann leis an obair, laethanta oibre caillte |
|
Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach |
% de mhná in ardbhainistíocht agus sa lucht saothair, bearna phá fireann-baineann |
|
Oiliúint agus forbairt scileanna |
Méid agus dáileadh oiliúna, % d’fhostaithe le feidhmíocht tráthrialta agus athbhreithnithe forbartha |
|
Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú |
% de bhearta fostaíochta agus inrochtaineachta d’fhostaithe faoi mhíchumas |
|
Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha i saol na hoibre |
Leitheadúlacht foréigin agus ciaptha |
|
Éagsúlacht |
Ionadaíocht na mban agus / nó grúpaí eitneacha nó mionlaigh sa lucht saothair dílis. Dáileadh aoise sa lucht saothair dílis. Céatadán daoine faoi mhíchumas laistigh den lucht saothair dílis. |
|
Saothar leanaí |
Cineál oibríochtaí agus limistéir gheografacha i mbaol saothar leanaí |
|
Saothar éignithe |
Cineál oibríochtaí agus limistéir gheografacha i mbaol saothar éignithe |
Foscríbhinn A.2
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-1 Polasaithe a bhaineann le lucht saothair dílis
Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-1 maidir le cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine le samplaí de nochtaí.
|
Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine |
Samplaí de bheartais: |
|
Fostaíocht shlán |
Níl beartas um scaoileadh chun bealaigh, teorainneacha ar chonarthaí sealadacha a athnuachan, soláthar cosanta sóisialta ón bhfostóir i gcás ina bhfuil soláthar stáit easnamhach ann |
|
Am oibre |
Teorainneacha ar ragobair, sealanna fada agus scoilte, agus obair oíche agus obair ag an deireadh seachtaine, sceidealú leordhóthanach na n-agaí tionscanta |
|
Pá leordhóthanach |
Beartas chun a áirithiú go bhfaigheann gach duine sa lucht saothair dílis pá leordhóthanach |
|
Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht |
Beartas chun institiúidí don idirphlé sóisialta a spreagadh, faisnéis agus comhairliúchán rialta le hionadaithe oibrithe, comhairliúchán sula sroichtear cinntí críochnaitheacha ar shaincheisteanna a bhaineann le fostaíocht |
|
Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna |
Gan cur isteach ar fhoirmiú agus earcaíocht na gceardchumann (lena n-áirítear rochtain na gceardchumann ar ghnóthais), margáil de mheon macánta, am saor leordhóthanach d’ionadaithe na n-oibrithe chun a ndualgais, a saoráidí agus a gcosaint ar dhífhostú a dhéanamh d’ionadaithe oibrithe, gan aon idirdhealú a dhéanamh ar chomhaltaí na gceardchumann ná ar ionadaithe na n-oibrithe |
|
Cothromaíocht oibre is saoil |
Saoire teaghlaigh, am solúbtha oibre, rochtain ar áiseanna cúraim lae a chur ar fáil do gach fostaí |
|
Sláinte agus sábháilteacht |
Clúdach de gach lucht saothair féin i gcóras bainistíochta H&S |
|
Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach |
Beartas le haghaidh comhionannas inscne agus pá comhionann ar obair chomhionann |
|
Oiliúint agus forbairt scileanna |
Beartas chun scileanna agus ionchais ghairme a bhreisiú d’fhostaithe |
|
Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú |
Beartas chun áiteanna oibre a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas |
|
Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha i saol na hoibre |
Beartas neamhfhulaingthe ar fhoréigean agus ciapadh ag an áit oibre |
|
Éagsúlacht |
Beartas cuimsitheachta (i.e. éagsúlacht eitneach nó grúpaí mionlaigh) agus gníomhaíocht dhearfach. |
|
Saothar leanaí |
Beartas chun, i gcás ina dtarlaíonn saothar leanaí, a shainaithint cá dtarlaíonn nochtadh le hoibrithe óga ar obair ghuaiseach agus an riosca nochta a chosc |
|
Saothar éignithe |
Beartas chun a shainaithint cá dtarlaíonn saothar éignithe agus baol saothar éignithe a laghdú |
Foscríbhinn A.3
Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar lucht saothair dílis, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le lucht saothair dílis, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin
Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-4 maidir le cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine le samplaí de nochtaí:
|
Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine |
Samplaí de ghníomhaíochtaí: |
|
Fostaíocht shlán |
Conartha buana a thairiscint d’fhostaithe a bhfuil conarthaí sealadach acu, pleananna a chur chun feidhme don chosaint shóisialta i gcás ina bhfuil soláthar stáit easnamhach |
|
Am oibre |
Sealobair a rothlú, síneadh a chur le fógra sceidealaithe, ragobair iomarcach a laghdú |
|
Pá leordhóthanach |
Caibidlíocht ar phá cóir i gcomhaontuithe cómhargála, fíorú go n-íocann gníomhaireachtaí fostaíochta pá cóir |
|
Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht |
Leathnú saincheisteanna inbhuanaitheachta a ndéileáiltear leo san idirphlé sóisialta, méadú ar an líon cruinnithe, méadú ar acmhainní le haghaidh comhairlí oibreacha |
|
Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna |
Leathnú saincheisteanna inbhuanaitheachta a ndéileáiltear leo i gcómhargáil, méadú ar acmhainní le haghaidh ionadaithe oibrithe |
|
Cothromaíocht oibre is saoil |
Incháilitheacht do shaoire teaghlaigh agus socruithe am solúbtha oibre a leathnú, soláthar cúram lae a mhéadú |
|
Sláinte agus sábháilteacht |
Oiliúint um shláinte agus sábháilteacht a mhéadú, infheistíocht i dtrealamh níos sábháilte |
|
Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach |
Earcaíocht dhírithe agus ardú céime a thabhairt do mhná, laghdú ar an mbearna phá trí chomhaontuithe cómhargála a idirbheartú |
|
Oiliúint agus forbairt scileanna |
Iniúchtaí scileanna, oiliúint chun bearnaí a líonadh |
|
Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú |
Bearta inrochtaineachta a mhéadú |
|
Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha i saol na hoibre |
Sásraí gearáin a fheabhsú, smachtbhannaí in aghaidh foréigin agus ciaptha a mhéadú, oiliúint um chosc a chur ar fáil don bhainistíocht |
|
Éagsúlacht |
Oiliúint um éagsúlacht agus cuimsiú (lena n-áirítear breithnithe eitneachais), earcú spriocdhírithe ar ghrúpaí tearcionadaithe |
|
Saothar leanaí |
Bearta um fhíorú aoise, comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí chun deireadh a chur le saothar leanaí, bearta in aghaidh na gcineálacha is measa den saothar leanaí |
|
Saothar éignithe |
Bearta lena n-áirithítear toiliú don fhostaíocht gan pionóis a bhagairt, conarthaí i dteanga shothuigthe, saoirse chun deireadh a chur le fostaíocht gan phionós, níor cheart go ndéanfaí oibleagáid de shaothar i mbearta smachta, toiliú saor ar ragobair, saoirse gluaiseachta (lena n-áirítear chun an áit oibre a fhágáil), déileáil chóir d’oibrithe imirceacha, faireachán ar ghníomhaireachtaí fostaíochta. |
Foscríbhinn A.4
Ceanglas maidir le Cur i bhFeidhm le haghaidh ESRS S1-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
Is dlúthchuid de ESRS S1 Lucht saothair dílis í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS S1-5 maidir le cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine le samplaí de nochtaí:
|
Cúrsaí sóisialta agus cúrsaí a bhaineann le cearta an duine |
Samplaí de spriocanna: |
|
Fostaíocht shlán |
An % den lucht saothair a bhfuil conarthaí fostaíochta acu a mhéadú (go háirithe conarthaí buana) agus cosaint shóisialta |
|
Am oibre |
An % den lucht saothair a bhfuil socruithe am solúbtha oibre acu |
|
Pá leordhóthanach |
A chinntiú go bhfaigheann gach duine ina lucht saothair féin pá leordhóthanach |
|
Idirphlé sóisialta / comhairlí oibre a bheith ann / cearta oibrithe maidir le faisnéis, comhairliúchán agus rannpháirtíocht |
An t-idirphlé sóisialta a shíneadh chuig tuilleadh bunaíochtaí agus/nó tíortha |
|
Saoirse comhlachais/Cómhargáil lena n-áirítear an ráta oibrithe atá cumhdaithe ag comhaontuithe comhchoiteanna |
An % den lucht saothair féin a chumhdaítear leis an gcómhargáil a mhéadú, comhaontuithe cómhargála a chaibidliú maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta |
|
Cothromaíocht oibre is saoil |
Bearta oibre is saoil a leathnú chuig % níos mó den lucht saothair féin |
|
Sláinte agus sábháilteacht |
An ráta gortuithe agus am oibre a chailltear de bharr gortuithe a laghdú |
|
Comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach |
An % de mhná sa lucht saothair agus in ardbhainistíocht a mhéadú, an bhearna phá fireann-baineann a laghdú |
|
Oiliúint agus forbairt scileanna |
An % d’fhostaithe a mhéadú a fhaigheann oiliúint agus athbhreithnithe rialta um fhorbairt scileanna |
|
Daoine faoi mhíchumas a fhostú agus a chuimsiú |
An % daoine faoi mhíchumas sa lucht saothair dílis a mhéadú |
|
Bearta in aghaidh foréigin agus ciaptha san ionad oibre |
Bearta a shíneadh chuig gach ionad oibre |
|
Éagsúlacht |
An % daoine i ngrúpaí tearcionadaithe sa lucht saothair dílis agus san ardbhainistíocht a mhéadú |
|
Saothar leanaí |
Síneadh a chur le bearta chun nochtadh daoine óga ar obair ghuaiseacha a chosc chuig % níos mó d’oibríochtaí |
|
Saothar éignithe |
Bearta chun saothar éignithe a chosc a leathnú chun níos mó oibríochtaí a chumhdach |
ESRS S2
OIBRITHE SA SLABHRA LUACHA
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm (AR) |
|
– |
Cuspóir |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
Cuspóir
|
1. |
Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tuiscint a fháil ar thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhfuil baint acu le hoibríochtaí dílse agus slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha gaolmhara a bhaineann leis, lena n-áirítear:
|
|
2. |
Chun an cuspóir a bhaint amach, éilíonn an Caighdeán seo míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar oibrithe sa slabhra luacha a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
|
3. |
Éilítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú ar an gcaoi ar féidir le tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair dhiúltacha ar oibrithe slabhra luacha cur isteach ar oibríochtaí an ghnóthais (trí chustaiméirí ag diúltú a tháirgí a cheannach nó gníomhaireachtaí stáit ag gaibhniú a earraí) agus dochar a dhéanamh dá cháil. Os a choinne sin, le hurraim do chearta oibrithe agus do chláir thacaíochta ghníomhacha (mar shampla trí thionscnaimh litearthachta airgeadais), is féidir deiseanna gnó a chruthú, amhail soláthar níos iontaofa nó leathnú ar an mbonn tomhaltóirí a bheidh ann amach anseo. |
|
4. |
Cumhdaítear leis an gCaighdeán seo na hoibrithe uile i slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach an ghnóthais a bhfuil tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu nó ar féidir tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse agus le slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó. Áirítear leis sin na hoibrithe uile nach bhfuil san áireamh i raon feidhme ‘lucht saothair dílis’ (‘lucht saothair dílis’ lena n-áirítear fostaithe, conraitheoirí aonair, i.e. oibrithe féinfhostaithe, agus oibrithe arna soláthar ag gnóthais tríú páirtí atá ag gabháil go príomha do ‘ghníomhaíochtaí fostaíochta’). Tá lucht saothair dílis cumhdaithe in ESRS S1 Lucht saothair dílis. Féach AR 3 le haghaidh samplaí dá bhfuil san áireamh i raon feidhme an Chaighdeáin seo. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
5. |
Tá feidhm ag an gCaighdeán seo nuair a shainaithnítear tionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha tríd an bpróiseas measúnaithe ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 Nochtaí ginearálta. |
|
6. |
Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais ghinearálta, agus ESRS 2, chomh maith le ESRS S1, ESRS S3 Pobail dá ndéantar difear agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. |
|
7. |
Beidh an tuairisciú faoin gCaighdeán seo comhsheasmhach, comhleanúnach agus, i gcás inarb ábhartha, nasctha go soiléir le tuairisciú ar lucht saothair dílis an ghnóthais faoi ESRS S1, chun tuairisciú éifeachtach a áirithiú. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
8. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach. |
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
9. |
Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-2 mír 43, nochtfaidh sé conas a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas ar leasanna, tuairimí agus cearta a oibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear urraim dá gcearta daonna, agus bonn eolais a chur faoina straitéis agus a shamhail ghnó. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara dá ndéantar difear iad oibrithe sa slabhra luacha. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
10. |
Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
11. |
Agus ceanglais mhír ESRS 2 SBM-3 mír 48 á gcomhlíonadh aige, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil na hoibrithe uile sa slabhra luacha ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse agus slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
12. |
Agus cur síos á dhéanamh aige ar na príomhchineálacha oibrithe sa slabhra luacha a ndéantar difear diúltach dóibh nó a bhféadfaí difear diúltach a dhéanamh dóibh, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 IRO-1, nochtfaidh an gnóthas cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair sé tuiscint agus an chaoi ar fhorbair sé tuiscint ar conas a d’fhéadfadh oibrithe a bhfuil saintréithe ar leith acu, iad siúd atá ag obair i gcomhthéacsanna ar leith, nó iad siúd a thugann faoi ghníomhaíochtaí ar leith, a bheith i mbaol níos mó díobhála. |
|
13. |
Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha dá chuid a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar a oibrithe sa slabhra luacha, más ann dóibh, a bhaineann le grúpaí sonracha oibrithe sa slabhra luacha (mar shampla, aoisghrúpaí áirithe, oibrithe i monarcha nó i dtír ar leith) seachas le hoibrithe uile an tslabhra luacha. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha
|
14. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun a thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara. |
|
15. |
Is é is cuspóir don Cheanglas seo maidir le Nochtadh tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha go sonrach a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus/nó a leigheas, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear rioscaí nó deiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha. |
|
16. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 14 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas an gcumhdaítear leis na beartais sin grúpaí sonracha oibrithe sa slabhra luacha nó na hoibrithe uile sa slabhra luacha. |
|
17. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais bheartais maidir le cearta an duine (112) atá ábhartha d’oibrithe sa slabhra luacha, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair nó Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (113). Díreoidh sé, ina nochtadh, ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas, chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
18. |
Luafaidh an gnóthas cé acu a thugann nó nach dtugann a bheartais i ndáil le hoibrithe sa slabhra luacha aghaidh go sainráite ar gháinneáil ar dhaoine (114), ar shaothar éignithe nó ar shaothar éigeantach agus ar shaothar leanaí. Luafaidh sé freisin cé acu atá nó nach bhfuil cód iompair soláthróra (115) ag an ngnóthas. |
|
19. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid beartas maidir le hoibrithe sa slabhra luacha ailínithe le hionstraimí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha d’oibrithe slabhra luacha, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le Gnó agus Cearta an Duine, agus conas atá siad ailínithe leis na hionstraimí sin (116). Nochtfaidh an gnóthas freisin a mhéid a tuairiscíodh cásanna nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta lena mbaineann oibrithe sa slabhra luacha ina slabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, más infheidhme, léiriú ar chineál na gcásanna sin (117). |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair
|
20. |
Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le hoibrithe sa slabhra luacha agus lena n-ionadaithe faoi na tionchair iarbhír agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu orthu. |
|
21. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú i dtaobh cé acu a bhíonn nó nach mbíonn an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, le hoibrithe sa slabhra luacha agus lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte, agus ar an gcaoi a mbíonn a ndéanann sé sin, maidir le tionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear peirspictíochtaí oibrithe slabhra luacha san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais agus conas a chuirfear san áireamh iad. |
|
22. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann peirspictíochtaí ó na hoibrithe sa slabhra luacha eolas dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú agus nochtfaidh sé conas a dhéantar sin. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:
|
|
23. |
I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanann sé chun léargas a fháil ar dhearcthaí oibrithe a bhféadfadh leochaileacht ar leith do thionchair a bheith ag baint leo agus/nó oibrithe a d’fhéadfadh a bheith imeallaithe (oibrithe baineanna, oibrithe imirceacha, oibrithe faoi mhíchumas, mar shampla). |
|
24. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le hoibrithe sa slabhra luacha, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl
|
25. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha ar oibrithe sa slabhra luacha a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a fheabhsú nó chun comhoibriú d’fhonn na tionchair sin a fheabhsú, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil d’oibrithe sa slabhra luacha chun ábhair imní a tharraingt suas agus chun aghaidh a thabhairt orthu. |
|
26. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le hoibrithe sa slabhra luacha a n-imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, sásraí casaoide) in ionad oibre oibrithe sa slabhra luacha, conas a dhéantar obair leantach leis na hoibrithe sin maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh suas, agus éifeachtacht na mbealaí sin. |
|
27. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
28. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé measúnú go bhfuil oibrithe sa slabhra luacha ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin agus go bhfuil muinín acu astu mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a chur in iúl le go dtabharfar aghaidh orthu, agus conas a dhéanann sé an measúnú sin. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil beartais i bhfeidhm aige maidir le daoine aonair a úsáideann iad a chosaint ar fhrithbheart. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin. |
|
29. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le bealach den sórt sin a bheith ar fáil san ionad oibre dá oibrithe slabhra luacha, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach nó próisis den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin
|
30. |
Nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanann sé beart chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha agus le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin. |
|
31. |
Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar aon ghníomhaíochtaí nó tionscnaimh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
Ar an dara dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar na bealaí ina bhfuil an gnóthas ag dul i ngleic leis na rioscaí ábhartha agus ag saothrú na ndeiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha. Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra soláthair a bhainistiú de réir ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta. |
|
32. |
I ndáil le tionchair ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
33. |
I ndáil le mír 30, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
34. |
I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
35. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé bearta, agus conas a dhéanann sé beart, chun nach mbeidh sé ina chúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha nó nach rannchuideoidh sé leis sin trína chleachtais féin, é san áireamh, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le soláthar, díolacháin agus úsáid sonraí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile. |
|
36. |
Nochtfaidh an gnóthas freisin cé acu ar tuairiscíodh nó nár tuairiscíodh saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann lena shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, más infheidhme, nochtfaidh sé iad sin (118). |
|
37. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 32 (c) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 (féach ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna) má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos. |
|
38. |
Nochtfaidh an gnóthas cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchar ábhartha, mar aon le faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
39. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
40. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí á n-úsáid ag an ngnóthas chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, agus/nó tionchair dhearfacha ar oibrithe sa slabhra luacha a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú. |
|
41. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achoimre ar na spriocanna chun na tionchair ábhartha, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú. |
|
42. |
Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht go díreach le hoibrithe sa slabhra luacha, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaigh inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid sna nithe seo a leanas agus conas a dhéanann sé sin:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Tá an t-aguisín seo ina dhlúthchuid de ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha. Tacaíonn sé le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag na codanna eile de ESRS S2.
Cuspóir
|
AR 1. |
Sa bhreis ar na saincheisteanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a nochtadh faoi shaincheisteanna eile atá ábhartha do thionchar ábhartha ar feadh tréimhse ama níos giorra, mar shampla tionscnaimh maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe sa slabhra luacha le linn paindéime. |
|
AR 2. |
Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine dá bhforáiltear i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart na saincheisteanna sin go léir a nochtadh i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán sin. Ina ionad sin, cuirtear liosta ar fáil leis de na hábhair a bhreithneoidh an gnóthas ina mheasúnú ábharthachta (tagairt do ESRS 1 chaibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta agus ESRS 2 IRO-1) a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha agus, de réir mar is iomchuí, a nochtfaidh sé mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo. |
|
AR 3. |
Seo a leanas samplaí d’oibrithe a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo:
|
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
AR 4. |
Le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a thabhairt maidir le cé acu a chuireann sé nó nach gcuireann sé san áireamh an ról a d’fhéadfadh a bheith ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair mhóra ábhartha ar oibrithe sa slabhra luacha a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú, agus ar conas a chuirtear sin san áireamh, agus maidir le cé acu a oiriúnaítear nó nach n-oiriúnaítear an tsamhail ghnó agus an straitéis ghnó chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin, agus conas a dhéantar sin. |
|
AR 5. |
Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil oibrithe sa slabhra luacha ag déanamh rannpháirtíocht leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a shamhla gnó, is féidir leis a dtuairimí eolas a dhéanamh do mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus a shamhail ghnó. Féadfaidh an gnóthas tuairimí na n-oibrithe sa slabhra luacha agus ionadaithe na n-oibrithe sa slabhra luacha a nochtadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
AR 6. |
Is féidir le tionchair ar oibrithe sa slabhra luacha teacht as straitéis nó samhail ghnó an ghnóthais ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair a bheith bainteach le tairiscint luacha an ghnóthais (amhail táirgí nó seirbhísí ar an gcostas is ísle a sholáthar, nó seachadadh ardluais, ar bhealaí a chuireann brú ar chearta saothair sna slabhraí luacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha), a shlabhra luacha (amhail a bheith ag brath ar thráchtearraí bunáitíochta doiléire, gan infheictheacht ar na tionchair ar oibrithe), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (e.g. riosca fardail a aistriú chuig soláthróirí, le héifeachtaí iarmhartacha ar chearta saothair a n-oibrithe). |
|
AR 7. |
Is féidir le tionchair ar oibrithe sa slabhra luacha de thionscnamh na straitéise nó na samhla gnó rioscaí ábhartha a chruthú don ghnóthas freisin. Mar shampla, i gcomhthéacs paindéime nó géarghéarchéime sláinte eile, d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha oibríochtúla agus leanúnachais gnó a bheith i ndán do ghnóthais a bhraitheann ar shaothar teagmhasach gan mórán rochtana ar chúram breoiteachta agus ar shochair sláinte toisc nach bhfuil aon rogha ag oibrithe ach leanúint de bheith ag obair agus iad breoite, rud a chuirfeadh le leathadh an ghalair agus le cliseadh mór sa slabhra soláthair. Sampla eile is ea an cás ina gcruthaítear rioscaí oibriúcháin trí earraí a dhíol ar na praghsanna is saoire do chustaiméirí toisc go bhféadfadh soláthróirí atá faoi bhrú as cuimse maidir le praghsanna táirgeadh a ligean ar fochonradh, rud a d’fhéadfadh cáilíocht níos ísle, agus slabhra soláthair níos faide, nach bhfuil chomh trédhearcach ná chomh hinrialaithe céanna teacht as. Tá méadú ag teacht freisin ar na rioscaí clú agus na rioscaí deiseanna gnó a bhaineann le dúshaothrú oibrithe ar bheagán oiliúna agus ar phá íseal i dtaca le limistéir gheografach a aimsiú ina bhfuil íoschosaintí dóibh agus tá frithfhreagairt meáin anois ann agus tá rogha na dtomhaltóirí ag bogadh i dtreo earraí a bhfuil bunús níos eiticiúla leo nó atá níos inbhuanaithe. |
|
AR 8. |
Maidir le samplaí de shaintréithe áirithe oibrithe sa slabhra luacha a d’fhéadfadh an gnóthas a chur san áireamh agus iad ag freagairt do mhír 12, baineann siad le hoibrithe óga a d’fhéadfadh a bheith níos soghabhálaí i leith tionchair ar a bhforbairt fhisiceach agus mheabhrach, nó le hoibrithe ban i gcomhthéacs ina ndéantar idirdhealú rialta ar mhná i dtéarmaí agus i gcoinníollacha na hoibre, nó le hoibrithe imirceacha i gcomhthéacs nach ndéantar rialáil go dona ar mhargadh an tsoláthair saothair agus ina ngearrtar táillí earcaíochta ar oibrithe go tráthrialta. I gcás roinnt oibrithe, d’fhéadfadh an cineál gníomhaíochta is cuid dhílis den obair a gceanglaítear orthu a dhéanamh iad a chur i mbaol (e.g. oibrithe a gceanglaítear orthu ceimiceáin a láimhseáil nó trealamh áirithe a oibriú, nó oibrithe ar phá íseal a bhfuil conarthaí ‘gan íosmhéid uaireanta’ acu). |
|
AR 9. |
Maidir le mír 13, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha teacht chun cinn freisin mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha i gcás ina spreagfadh teagmhas a bhfuil dóchúlacht íseal ann go dtarlóidh sé ach a mbeadh ardtionchar aige éifeachtaí airgeadais; i gcás ina n-imreoidh paindéim dhomhanda, mar shampla, tionchair shláinte thromchúiseacha ar oibrithe ag gach céim den slabhra luacha as a leanann suaití móra ar tháirgeadh agus dáileadh. I measc na samplaí eile de riosca a bhaineann le spleáchas an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha tá ganntanas oibrithe oilte nó cinntí polaitiúla nó reachtaíochta a dhéanann difear d’oibrithe sa slabhra luacha atá ag obair do sholáthraithe lóistíochta. Mar shampla, má tá oibrithe áirithe i slabhra luacha an ghnóthais i mbaol saothar éignithe, agus má tá táirgí á n-allmhairiú ag an ngnóthas isteach i dtíortha ina gceadaítear faoin dlí earraí allmhairithe a bhfuil amhras fúthu go ndearnadh iad le saothar éigeantais a choigistiú. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-1 — Beartais a bhaineann le hoibrithe slabhra luacha
|
AR 10. |
Má tá na beartais teoranta do lucht saothair dílis an ghnóthais agus mura gcumhdaíonn siad oibrithe in eintitis agus caidrimh réamhtheachtacha agus iartheachtacha, nochtfar iad faoi ESRS S1 agus ní i ndáil leis an gceanglas sin. |
|
AR 11. |
Má áirítear faisnéis atá ábhartha d’oibrithe sa slabhra luacha sna nochtaí faoi ESRS S1, is féidir tagairt a dhéanamh dó sin anseo; comhlíonfar ansin nochtaí maidir leis na gnéithe eile faoin gCeanglas maidir leis an Nochtadh sin. |
|
AR 12. |
Féadfaidh an gnóthas mínithe a nochtadh maidir le hathruithe móra ar na beartais a glacadh le linn na bliana tuairiscithe (e.g. ionchais nua do sholáthraithe, cuir chuige nua nó cuir chuige bhreise maidir le dícheall cuí agus leigheas). |
|
AR 13. |
Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais aonair maidir le hoibrithe sa slabhra luacha nó féadfar é a áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint. |
|
AR 14. |
Agus ailíniú a chuid beartas le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine á nochtadh aige, measfaidh an gnóthas go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, chomh maith le Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail Bhunúsacha san Obair agus na croíchoinbhinsiúin atá ina mbonn leis, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a nochtadh. |
|
AR 15. |
Agus an chaoi a bhfuil beartais sheachtracha leabaithe á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, beartais inmheánacha maidir le foinsiú freagrach a chur san áireamh, agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha d’oibrithe sa slabhra luacha, mar shampla, maidir le saothar éignithe. Maidir leis na cóid soláthróra a d’fhéadfadh a bheith ag an ngnóthas, léireofar san achoimre cé acu atá nó nach bhfuil forálacha iontu lena dtugtar aghaidh ar shábháilteacht oibrithe, obair fhorbhásach (mar shampla, úsáid oibrithe ar chonarthaí gearrthéarmacha nó ar chonarthaí uaireanta teoranta, oibrithe atá fostaithe trí thríú páirtithe, fochonraitheoireacht do thríú páirtithe nó úsáid oibrithe neamhfhoirmiúla), gáinneáil ar dhaoine, úsáid saothair éignithe nó saothair leanaí, agus cé acu atá nó nach bhfuil na forálacha sin i gcomhréir go hiomlán le caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair is infheidhme. |
|
AR 16. |
Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair sin nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, oibrithe dílse, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-2 — Próisis rannpháirtíochta le hoibrithe slabhra luacha maidir le tionchair
|
AR 17. |
Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó cuntasacht deiridh, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu a cuireadh nó nár cuireadh aon ghníomhaíocht fothaithe acmhainneachta ar fáil d’fhonn tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a aithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta. |
|
AR 18. |
Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 22 b) agus c) á n-ullmhú aige, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:
|
|
AR 19. |
Feidhmíonn Creat-Chomhaontuithe Domhanda (GFAnna) chun gaolmhaireacht leanúnach a bhunú idir fiontar ilnáisiúnta agus Cónaidhm Dhomhanda Ceardchumann chun a áirithiú go gcloífidh an gnóthas leis na caighdeáin chéanna i ngach tír ina n-oibríonn sé. |
|
AR 20. |
Chun an chaoi ar thug dearcthaí oibrithe slabhra luacha bonn eolais do chinntí nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais a léiriú, féadfaidh an gnóthas samplaí ón tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair a sholáthar. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le hoibrithe slabhra luacha ábhair imní a chur in iúl
|
AR 21. |
Agus na ceanglais a leagtar amach i gCeanglas maidir le Nochtadh ESRS S2-3 á gcomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag ábhar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta atá dírithe ar shásraí feabhsúcháin agus casaoide. |
|
AR 22. |
I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a chur in iúl tá sásraí casaoide, beolínte, ceardchumainn (ina bhfuil oibrithe aontaithe), próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir le hoibrithe sa slabhra luacha nó a n-ionadaithe dlisteanacha ábhair imní a léiriú faoi thionchair nó na riachtanais a mhíniú ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an dá bhealach a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus na bealaí a sholáthraíonn na heintitis ina bhfuil na hoibrithe sa slabhra luacha ag obair, sa bhreis ar aon sásra eile a d’fhéadfadh an gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar oibrithe, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú. |
|
AR 23. |
Chun léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfaisnéis a chumhdaítear sa Cheanglas maidir le Nochtadh ESRS S2-3, féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil oibrithe sa slabhra luacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in ann bealaí a rochtain ar leibhéal an ghnóthais a bhfuil siad fostaithe aige, nó ar conradh chun obair a dhéanamh dó, agus conas atá siad in ann sin a dhéanamh, i ndáil le gach tionchar ábhartha. |
|
AR 24. |
D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhlachais tionscail agus tionscnaimh chomhoibríocha eile. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu atá nó nach bhfuil siad sin inrochtana do gach oibrí a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas air nó a bhfuil tionchar ábhartha aige air nó do dhaoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar bhealach eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha. |
|
AR 25. |
I ndáil le daoine aonair a úsáideann na sásraí a chosaint in aghaidh frithbhirt, féadfaidh an gnóthas tuairisc a thabhairt ar cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le casaoidí faoi rúndacht agus i ndáil le cearta chun príobháideachais agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; agus cé acu a ligeann nó nach ligeann na meicníochtaí d’oibrithe iad a úsáid gan ainm (mar shampla, trí ionadaíocht tríú páirtí). |
|
AR 26. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil a fhios ag an ngnóthas go bhfuil oibrithe sa slabhra luacha ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus go bhfuil muinín acu astu, féadfaidh an gnóthas sonraí ábhartha agus iontaofa a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó thaobh na n-oibrithe sa slabhra luacha iad féin. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar oibrithe a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil sástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí. |
|
AR 27. |
Agus tuairisc á thabhairt ar éifeachtacht na mbealaí d’oibrithe sa slabhra luacha chun ábhair imní a chur in iúl, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith ina dtreoir don ghnóthas, bunaithe ar na ‘critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha’, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, go háirithe Prionsabal 31. Féadfar na breithnithe seo thíos a chur i bhfeidhm maidir le bealaí aonair nó córas comhchoiteann bealaí:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar oibrithe slabhra luacha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le oibrithe slabhra luacha, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin
|
AR 28. |
D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus conas a d’fhéadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína shlabhra luacha, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
|
AR 29. |
Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar ábhartha nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí féin trí chaidreamh gnó. |
|
AR 30. |
Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a dhéanann difear d’oibrithe sa slabhra luacha a tháinig chun cinn le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith bainteach freisin le heintitis nó le hoibríochtaí nach bhfuil smacht díreach ag an ngnóthas orthu, féadfaidh sé a nochtadh cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé lena ghiaráil ina chaidreamh gnó a úsáid chun na tionchair sin a bhainistiú agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú trí chaidrimh ghnó nó dreasachtaí a chur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó fothú acmhainneachta maidir le cearta oibrithe a sholáthar d’eintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an ngnóthas leo) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh atá dírithe ar earcaíocht fhreagrach nó ar a áirithiú go bhfaigheann oibrithe pá leordhóthanach). |
|
AR 31. |
Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó i dtionscnamh ina bhfuil an iliomad páirtithe leasmhara mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé na spriocanna ábhartha a leagtar síos leis an tionscnamh a nochtadh faoi ESRS S2-5, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ina leith. |
|
AR 32. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé breithniú ar thionchair iarbhír agus fhéideartha ar oibrithe sa slabhra luacha i gcinntí chun caidrimh ghnó a fhoirceannadh agus conas a dhéanann an gnóthas an breithniú sin, agus cé acu a fhéachann sé nó nach bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ina thoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh, féadfaidh an gnóthas samplaí a chur san áireamh. |
|
AR 33. |
Agus é á nochtadh ag an ngnóthas conas a rianaíonn sé éifeachtacht a ghníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha a bhainistiú le linn na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas aon cheacht a foghlaimíodh ó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin agus ó na tréimhsí tuairiscithe reatha a nochtadh. |
|
AR 34. |
Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí cúirte gaolmhara, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtracha, agus tagarmharcáil. |
|
AR 35. |
Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair. Mar shampla, chun éifeachtacht a ghníomhaíochtaí a léiriú chun tacú lena sholáthróirí a ndálaí oibre a fheabhsú, féadfaidh an gnóthas aiseolas ó shuirbhéanna a nochtadh ó oibrithe na soláthróirí a léiríonn go bhfuil feabhas tagtha ar dhálaí oibre ón uair a thosaigh an gnóthas ag obair leis na soláthróirí sin. Áirítear san fhaisnéis bhreise a fhéadfaidh an gnóthas a sholáthar sonraí lena léirítear laghdú ar líon na dteagmhas a sainaithníodh trí iniúchtaí neamhspleácha, mar shampla. |
|
AR 36. |
Maidir le tionscnaimh nó próisis atá i bhfeidhm ag an ngnóthas atá bunaithe ar riachtanais na n-oibrithe dá ndéantar difear agus maidir le dul chun cinn i gcur chun feidhme na dtionscnamh nó na bpróiseas sin, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 37. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu atá nó nach bhfuil tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a bhaint amach d’oibrithe sa slabhra luacha ceaptha freisin chun tacú le ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt SDG 8 de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn maidir le ‘fás eacnamaíoch marthanach, cuimsitheach agus inbhuanaithe agus lánfhostaíocht tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách’ d’fhéadfadh sé go mbeadh fothú acmhainneachta á sholáthar ag an ngnóthas do shealbhóirí beaga ina shlabhra soláthair, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh méadú ar a n-ioncam; nó d’fhéadfadh sé a bheith ag tacú le hoiliúint chun cion na mban atá in ann poist seachadta a ghlacadh ina shlabhra luacha iartheachtach a mhéadú. |
|
AR 38. |
Agus torthaí dearfacha atá beartaithe nó bainte amach ag a ghníomhaíochtaí d’oibrithe sa slabhra luacha á nochtadh ag an ngnóthas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (e.g. go bhfuil oiliúint litearthachta airgeadais faighte ag an líon oibrithe x) agus fianaise ar thorthaí iarbhír d’oibrithe (e.g. go dtuairiscíonn an líon oibrithe x go bhfuil siad in ann a mbuiséad teaghlaigh a bhainistiú níos fearr chun a spriocanna coigiltis a bhaint amach). |
|
AR 39. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tionscnaimh nó ag próisis maidir le tionchair dhiúltacha ábhartha a mhaolú freisin, féadfaidh an gnóthas e.g. cláir a mheas arb é is aidhm dóibh litearthacht airgeadais oibrithe ban a chur chun cinn, ar cláir iad a bhfuair níos mó ban ardú céime mar gheall orthu chomh maith le tuairiscí ar ghnéaschiapadh laghdaithe san ionad oibre. |
|
AR 40. |
Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tionchair nó le spleáchais an ghnóthais ar oibrithe sa slabhra luacha á nochtadh ag an ngnóthas, féadfaidh sé an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 41. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an gnóthas cé acu a n-athraíonn nó nach n-athraíonn spleáchais ina rioscaí, déanfaidh sé forbairtí seachtracha a mheas. |
|
AR 42. |
Agus beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh aige, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtaí maidir le beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin. |
|
AR 43. |
Déanfaidh an gnóthas a mheas cé acu a chomhtháthaítear nó nach gcomhtháthaítear a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann le hoibrithe sa slabhra luacha a bhainistiú ina phróisis bainistíochta riosca atá ann cheana agus conas a dhéantar sin. |
|
AR 44. |
Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S2-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
AR 45. |
Agus faisnéis maidir le spriocanna á nochtadh ag an ngnóthas i gcomhréir le mír 39, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 46. |
D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith mar an gcéanna le spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha nó éagsúil leo. Mar shampla, d’fhéadfadh sprioc chun pá maireachtála a bhaint amach d’oibrithe sa slabhra soláthair an tionchar ar na hoibrithe sin a laghdú agus na rioscaí gaolmhara a laghdú ó thaobh cháilíocht agus iontaofacht an tsoláthair de. |
|
AR 47. |
Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sprioc fhadtéarmach ag an ngnóthas laghdú 80 % ar theagmhais sláinte agus sábháilteachta a dhéanann difear d’oibrithe soláthróra ar leith a bhaint amach faoi 2030 agus sprioc ghearrthéarmach na huaireanta ragoibre a dhéanann tiománaithe seachadta dó a laghdú x% agus an tráth céanna a n-ioncam á choinneáil ar bun faoi 2024. |
|
AR 48. |
Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach crostagairt a dhéanamh d’athruithe móra ar an tsamhail ghnó nó d’athruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leo as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar, de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha. |
ESRS S3
POBAIL DÁ nDÉANTAR DIFEAR
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
Cuspóir |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí Ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
Cuspóir
|
1. |
Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú, ar ceanglais iad lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear a bhfuil baint acu le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha a thuiscint, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus na rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara a bhaineann leo, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Chun an cuspóir a bhaint amach, leis an gCaighdeán seo éilítear míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar phobail dá ndéantar difear a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
|
3. |
Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, d’fhéadfadh caidrimh dhiúltacha le pobail dá ndéantar difear cur isteach ar oibríochtaí an ghnóthais féin nó dochar a dhéanamh dá chlú, agus is féidir le caidrimh chuiditheacha tairbhí gnó a thabhairt, amhail oibríochtaí cobhsaí agus saor ó choinbhleacht agus éascaíocht níos fearr maidir le hearcú go háitiúil. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
4. |
Tá feidhm ag an gcaighdeán sin nuair a shainaithnítear tionchair ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha maidir leo tríd an bpróiseas measúnaithe ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 Nochtaí Ginearálta. |
|
5. |
Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ESRS 1 Ceanglais Ghinearálta, agus ESRS 2, chomh maith le ESRS S1 Lucht saothair dílis, ESRS S2 Oibrithe sa slabhra luacha agus ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
6. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach. |
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
7. |
Agus é ag freagairt do ESRS 2 SBM-2, mír 43, nochtfaidh an gnóthas conas a bheidh tuairimí, leasanna agus cearta na bpobal dá ndéantar difear, lena n-áirítear urraim do chearta an duine (agus a gcearta mar phobail dhúchasacha, i gcás inarb infheidhme), ina mbonn eolais dá straitéis agus dá shamhail ghnó. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara dá ndéantar difear iad na pobail dá ndéantar difear. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
8. |
Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
9. |
Agus ceanglais mhír 48 á gcomhlíonadh aige, nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil na pobail uile dá ndéantar difear ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí dílse an ghnóthais agus slabhra luacha an ghnóthais, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó freisin, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
10. |
Agus tuairisc á thabhairt aige ar na príomhchineálacha pobal a ndearnadh difear diúltach dóibh nó a d’fhéadfaí difear diúltach a dhéanamh dóibh, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach sa Cheanglas um Nochtadh ESRS 2 IRO-1, nochtfaidh an gnóthas cé acu a d’fhorbair nó nár fhorbair sé tuiscint ar an gcaoi a bhfuil pobail dá ndéantar difear a bhfuil saintréithe ar leith acu nó orthu siúd a bhfuil cónaí orthu i gcomhthéacsanna ar leith, nó na pobail sin a thugann faoi ghníomhaíochtaí áirithe, i mbaol níos mó díobhála agus conas a d’fhorbair sé an tuiscint sin. |
|
11. |
Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha, más ann dóibh, a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar phobail dá ndéantar difear, a bhaineann le grúpaí sonracha de phobail dá ndéantar difear seachas leis na pobail uile dá ndéantar difear. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear
|
12. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun a thionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear a bhainistiú, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara. |
|
13. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar fheabhsú na dtionchar ábhartha ar phobail dá ndéantar difear go sonrach, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear rioscaí nó deiseanna ábhartha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear. |
|
14. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 12 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhainistiú a bhaineann le pobail dá ndéantar difear i gcomhréir le ESRS 2 MDR-P Beartais arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas an gcumhdaítear leis na beartais sin pobail shonracha dá ndéantar difear nó a pobail uile dá ndéantar difear. |
|
15. |
Nochtfaidh an gnóthas aon fhorálacha beartais ar leith chun tionchair ar phobail dhúchasacha a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu. |
|
16. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais (119) maidir le cearta an duine atá ábhartha do na pobail dá ndéantar difear, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta. Ina nochtadh, díreoidh sé ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas (120), chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
17. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu atá nó nach bhfuil a chuid beartas maidir le pobail dá ndéantar difear ailínithe le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha do phobail agus do phobail dhúchasacha go sonrach, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Nochtfaidh an gnóthas freisin a mhéid a tuairiscíodh cásanna nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, ar cásanna iad a bhfuil baint acu le pobail dá ndéantar difear, ina oibríochtaí féin nó ina shlabhra luacha réamhtheachtach agus iartheachtach agus, más infheidhme, léiriú ar chineál na gcásanna sin (121). |
|
18. |
Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais aonair maidir le pobail nó a bheith san áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana féin mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair
|
19. |
Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh leis na pobail dá ndéantar difear agus lena n-ionadaithe maidir leis an tionchar iarbhír agus leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu orthu. |
|
20. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú i dtaobh cé acu a bhíonn nó nach mbíonn an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte, agus conas a dhéanann sé sin, maidir le tionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear dearcthaí na bpobal a ndéantar difear dóibh san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais, agus conas a chuirtear san áireamh iad. |
|
21. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann peirspictíochtaí na bpobal dá ndéantar difear eolas dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí atá dírithe ar thionchair iarbhír agus fhéideartha ar phobail a bhainistiú, agus conas a dhéanann sé sin. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:
|
|
22. |
I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanfaidh sé chun léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na bpobal dá ndéantar difear a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach ó thaobh tionchair agus/nó imeallaithe de, agus faoi dhearcadh grúpaí sonracha laistigh de na pobail dá ndéantar difear, amhail mná agus cailíní. |
|
23. |
I gcás inar pobail dhúchasacha iad na pobail dá ndéantar difear, nochtfaidh an gnóthas freisin conas a chuireann sé san áireamh a gcearta ar leith agus áiritheoidh sé go n-urramófar a gcearta ar leith ina chur chuige maidir le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear an ceart atá acu chun toiliú saor, roimh ré agus feasach maidir leis an méid seo a leanas: (i) a maoin chultúrtha, intleachtúil, reiligiúnach agus spioradálta; (ii) gníomhaíochtaí a dhéanann difear dá dtailte agus dá gcríocha; agus (iii) bearta reachtacha nó riaracháin a dhéanann difear dóibh. Go háirithe, i gcás ina ndéantar rannpháirtíocht le pobail dhúchasacha, nochtfaidh an gnóthas freisin cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas comhairle ó phobail dhúchasacha maidir le mód agus paraiméadair na rannpháirtíochta agus conas a rinneadh sin (fad agus a bhí clár oibre, cineál, agus tráthúlacht na rannpháirtíochta á ndearadh, cuir i gcás). |
|
24. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le pobail dá ndéantar difear, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl
|
25. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a fheabhsú nó chun comhoibriú lena leigheas, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil do phobail dá ndéantar difear chun ábhair imní a chur in iúl agus chun aghaidh a thabhairt orthu. |
|
26. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le pobail dá ndéantar difear a n-imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas, agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, meicníochtaí casaoide) trína chaidrimh ghnó, conas a dhéantar obair leantach leis na pobail sin maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh suas, agus éifeachtacht na mbealaí sin. |
|
27. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
28. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann measúnú sé go bhfuil na pobail dá ndéantar difear ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin agus go bhfuil muinín acu astu mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a chur in iúl agus le go dtabharfar aghaidh orthu, agus conas a dhéanann sé an measúnú sin. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil beartais i bhfeidhm aige maidir le daoine aonair a úsáideann iad a chosaint ar fhrithbheart. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin. |
|
29. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le bealach den sórt sin a bheith ar fáil lena ghaolmhaireachtaí gnó, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach nó próisis den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin
|
30. |
Nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanann sé beart chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann le pobail dá ndéantar difear agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin. |
|
31. |
Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, tá sé chun tuiscint a thabhairt ar aon ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
Ar an dara dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar na bealaí ina bhfuil an gnóthas ag dul i ngleic leis na rioscaí ábhartha agus ag saothrú na ndeiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail dá ndéantar difear. Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail a ndéantar difear dóibh a bhainistiú de réir ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta. |
|
32. |
I ndáil le tionchair ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
33. |
I ndáil le mír 29, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
34. |
I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
35. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé beart, agus conas a dhéanann sé beart, chun nach mbeidh sé ina chúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar na pobail dá ndéantar difear nó nach rannchuideoidh sé leis sin trína chleachtais féin, é san áireamh, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le pleanáil, fáil agus saothrú talún, maoiniú, eastóscadh nó táirgeadh amhábhar, úsáid acmhainní nádúrtha, agus bainistiú na dtionchar ar an gcomhshaol. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile. |
|
36. |
Nochtfaidh an gnóthas freisin ar tuairiscíodh saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear agus, más infheidhme, nochtfaidh sé iad sin (122). |
|
37. |
Agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 31 (c) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna má dhéanann sé meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos. |
|
38. |
Nochtfaidh an gnóthas cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchar ábhartha, mar aon le faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
39. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
40. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá an gnóthas ag úsáid spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le dul i ngleic le tionchair dhiúltacha ábhartha, agus/nó tionchair dhearfacha ar na pobail dá ndéantar difear a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail dá ndéantar difear a bhainistiú. |
|
41. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainmhínítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achoimre ar na spriocanna chun na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis na pobail dá ndéantar difear a bhainistiú. |
|
42. |
Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear cé acu atá nó nach raibh an gnóthas ag déanamh rannpháirtíocht go díreach le pobail dá ndéantar difear, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid sna nithe seo a leanas agus conas a rinne sé sin:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS S3 Na pobail dá ndéantar difear í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.
Cuspóir
|
AR 1. |
Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine dá bhforáiltear i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart na saincheisteanna sin go léir a nochtadh i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán sin. Ina ionad sin, cuirtear liosta ar fáil leis de na hábhair a ndéanfaidh an gnóthas breithniú orthu ina mheasúnú ábharthachta (tagairt do ESRS 1 chaibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta agus ESRS 2 IRO-1) a bhaineann le pobail dá ndéantar difear agus, de réir mar is iomchuí, a nochtfaidh sé mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo. |
|
AR 2. |
I dteannta na saincheisteanna a liostaítear i mír 2, féadfaidh an gnóthas breithniú a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a nochtadh faoi shaincheisteanna eile atá ábhartha do thionchar ábhartha ar feadh tréimhse níos giorra ama, mar shampla tionscnaimh maidir leis an tionchar ar phobail a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais de dheasca dálaí aimsire foircneacha agus tobanna. |
ESRS 2 Nochtaí Ginearálta
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
AR 3. |
Le Ceanglas maidir le Nochtadh ESRS 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a thabhairt maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé breithniú ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair ábhartha mhóra ar phobail dá ndéantar difear a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú, , agus conas a dhéanann sé breithniú air sin agus ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an tsamhail ghnó agus an straitéis a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin agus conas a dhéantar sin. |
|
AR 4. |
Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil na pobail dá ndéantar difear ag déanamh rannpháirtíocht leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a samhla gnó, is féidir eolas a dhéanamh do mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus a shamhail ghnó lena dtuairimí. Féadfaidh an gnóthas tuairimí na bpobal dá ndéantar difear agus ionadaithe na bpobal dá ndéantar difear a nochtadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
AR 5. |
Is féidir le tionchair ar phobail dá ndéantar difear teacht as straitéis nó samhail ghnó an ghnóthais ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh tionchair a bheith bainteach le tairiscint luacha an ghnóthais (amhail tionscadail a thógáil nó a thosú agus amlínte i gceist dóibh nach dtugann dóthain ama chun dul i gcomhairle le grúpaí a ndéanann na tionscadail difear dóibh), a shlabhra luacha (mar shampla, úsáid talún i dtíortha ina gconspóidtear úinéireacht go minic nó ina bhfuil taifid neamhiontaofa nó nach dtugtar aitheantas d’úsáideoirí talún amhail pobail dhúchasacha), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (amhail straitéisí ionsaitheacha chun cánachas a íoslaghdú, go háirithe maidir le hoibríochtaí i dtíortha atá i mbéal forbartha). |
|
AR 6. |
D’fhéadfadh rioscaí ábhartha don ghnóthas a bheith ina dtoradh ar na tionchair ar phobail dá ndéantar difear de thionscnamh na straitéise nó na samhla gnó. Mar shampla, i gcás ina bhfuil sé i gceist le straitéis an ghnóthais bogadh i dtreo geografaíocht lena mbaineann riosca níos airde chun tráchtearraí áirithe a shaothrú, agus má chuireann na pobail dá ndéantar difear in aghaidh a láithreachta nó a chleachtas áitiúla, d’fhéadfadh sé sin moilleanna forleathana agus costasacha a chruthú, agus tionchar a imirt ar chumas an ghnóthais lamháltais nó ceadanna talún a fháil amach anseo. Ar an gcaoi chéanna, má bhíonn samhail ghnó an ghnóthais ag brath ar dian-eastóscadh uisce ina phlandaí, sa mhéid go ndéanann sé sin difear do rochtain na bpobal ar uisce le haghaidh tomhaltais, sláinteachais agus slite beatha, d’fhéadfadh baghcait, gearáin agus cásanna dlí a bheith ina dtoradh air sin. |
|
AR 7. |
Maidir le samplaí de shaintréithe áirithe na bpobal dá ndéantar difear a d’fhéadfadh an gnóthas a chur san áireamh agus é ag freagairt do mhír 10, pobal dá ndéantar difear atá scoite amach go fisiceach nó go heacnamaíoch agus atá soghabhálach i leith galair a thabharfaí isteach nó a bhfuil rochtain theoranta aige ar sheirbhísí sóisialta agus, dá bhrí sin, atá ag brath ar bhonneagar arna bhunú ag an ngnóthas. D’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh i gcás ina gceannaíonn an gnóthas talamh a oibríonn mná ach ina ndéantar íocaíochtaí do na fir mar chinn teaghlaigh agus breis díchumhachtaithe a dhéanamh ar mhná sa phobal dá bharr. D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh freisin toisc go bhfuil an pobal dúchasach, agus go bhféachann a bhaill le cearta cultúrtha nó eacnamaíocha a fheidhmiú ar an talamh atá faoi úinéireacht nó in úsáid ag an ngnóthas — nó ag ceann de na heintitis a bhfuil caidreamh gnó aige leis — i gcomhthéacs nach bhfuil a gcearta á gcosaint ag an stát. Ina theannta sin, déanfaidh an gnóthas a mheas an bhforluíonn saintréithe éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh saintréithe amhail eitneacht, stádas socheacnamaíoch, stádas imirceach agus inscne rioscaí forluiteacha díobhála a chruthú do phobail áirithe dá ndéantar difear, nó do chodanna ar leith de na pobail sin dá ndéantar difear, ós rud é gur minic a bhíonn pobail dá ndéantar difear ilchineálach ó thaobh cineáil de. |
|
AR 8. |
Maidir le mír 11, d’fhéadfadh rioscaí ábhartha teacht chun cinn freisin mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear i gcás ina spreagfadh teagmhas a bhfuil dóchúlacht íseal ann go dtarlóidh sé ach a mbeadh ardtionchar aige éifeachtaí airgeadais; mar shampla, i gcás ina dtarlaíonn timpiste thionsclaíoch a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais, as a leanann díobháil thromchúiseach do phobail dá ndéantar difear, mar thoradh ar thubaiste nádúrtha. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-1 — Beartais a bhaineann le pobail dá ndéantar difear
|
AR 9. |
Áireofar sa tuairisc an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun ionadaíocht dhílis na mbeartas i ndáil leis na pobail dá ndéantar difear a áirithiú agus, dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas mínithe ar athruithe móra ar na beartais a glacadh le linn na bliana tuairiscithe (mar shampla, cuir chuige nua nó cuir chuige bhreise maidir le rannpháirtíocht, dícheall cuí agus leigheas). |
|
AR 10. |
Agus ailíniú a bheartas le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine á nochtadh ag an ngnóthas, measfaidh sé go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, chomh maith le Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha (EIS Uimh. 169) agus na croíchoinbhinsiúin a thacaíonn leis, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a nochtadh. |
|
AR 11. |
Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair sin nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, oibrithe dílse, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha. |
|
AR 12. |
Agus saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh sé aon díospóid dlíthiúil a bhaineann le cearta talún agus le toiliú saor, roimh ré agus feasach ó phobail dhúchasacha. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-2 — Próisis rannpháirtíochta le pobail dá ndéantar difear maidir le tionchair
|
AR 13. |
Féadfar a áireamh sna mínithe ar an gcaoi a gcuireann an gnóthas san áireamh agus ar an gcaoi a n-áirithíonn sé urraim do cheart na bpobal dúchasach chun toiliú saor, roimh ré agus feasach faisnéis faoi phróisis chun dul i gcomhairle le pobail dhúchasacha chun an toiliú sin a fháil. Breithneoidh an gnóthas conas a áirítear sa chomhairliúchán caibidlíocht de mheon macánta leis na pobail dhúchasacha dá ndéantar difear chun a dtoiliú saor, roimh ré agus feasach a fháil i gcás ina ndéanann an gnóthas difear do na tailte, na críocha nó na hacmhainní ar leis na pobail dhúchasacha iad de ghnáth, a áitíonn siad nó a úsáideann siad ar shlí eile; nó pobail dhúchasacha a athlonnú amach as tailte nó críocha atá faoi réir úinéireachta traidisiúnta nó atá in úsáid nó faoi áitíocht de réir gnáis; nó difear dá maoin chultúrtha, intleachtúil, reiligiúnach agus spioradálta. |
|
AR 14. |
Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó as an gcuntasacht deiridh sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu ar tairgeadh nó nár táirgeadh aon ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a aithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta. |
|
AR 15. |
Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 20 b) agus c) á n-ullmhú, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:
|
|
AR 16. |
Chun an chaoi ar thug dearcthaí pobal bonn eolais do chinntí nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais a léiriú, féadfaidh an gnóthas samplaí ón tréimhse tuairiscithe reatha a sholáthar. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le pobail dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl
|
AR 17. |
Agus na ceanglais a leagtar amach i gCeanglas um Nochtadh ESRS S3-3 á gcomhlíonadh, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag ábhar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta atá dírithe ar shásraí feabhsúcháin agus casaoide. |
|
AR 18. |
I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a chur in iúl, áirítear sásraí casaoide, beolínte, próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir leis na pobail lena mbaineann nó lena n-ionadaithe dlisteanacha ábhair imní a léiriú faoi thionchair nó na riachtanais ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu a mhíniú. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin bealaí a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus tá siad le tuairisciú i dteannta aon sásra eile a fhéadfaidh an gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú. |
|
AR 19. |
Chun léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfaisnéis a chumhdaítear in ESRS S3-3, féadfaidh an gnóthas a mhíniú cé acu atá nó nach bhfuil pobail a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in ann bealaí a rochtain ar leibhéal an ghnóthais a ndéanann sé difear dóibh, agus conas atá siad in ann sin a dhéanamh, i ndáil le gach tionchar ábhartha. I measc na n-léargais ábhartha tá faisnéis maidir le cé acu is féidir nó nach féidir le pobail a ndéantar difear dóibh bealaí a rochtain i dteanga a thuigeann siad, agus an ndeachthas i gcomhairle leo i ndearadh na mbealaí sin. |
|
AR 20. |
D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhlachais tionscail agus tionscnaimh chomhoibríocha eile. Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil siad seo inrochtana ag gach pobal dá ndéantar difear a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an ngnóthas orthu, nó ag daoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar shlí eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha. |
|
AR 21. |
I ndáil le cosaint daoine aonair a úsáideann na sásraí in aghaidh frithbheartaíochta, féadfaidh an gnóthas tuairisc a thabhairt ar cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le casaoidí faoi rúndacht agus i ndáil le cearta chun príobháideachais agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; agus cibé acu is féidir nó nach féidir na sásraí a úsáid gan ainm (mar shampla, trí ionadaíocht ó thríú páirtí). |
|
AR 22. |
Agus próisis á nochtadh a bhaineann le leigheas a chur ar fáil agus a chumasú do phobail dhúchasacha, áirítear san fhaisnéis ábhartha cé acu a rinne nó nach ndearna an gnóthas breithniú ar a nósanna, a dtraidisiúin, a rialacha agus a gcórais dlí agus conas rinne sé sin. |
|
AR 23. |
Agus nochtadh á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil a fhios ag an ngnóthas go bhfuil na pobail dá ndéantar difear ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus go bhfuil muinín acu astu, agus maidir le conas atá a fhios ag an ngnóthas sin, féadfaidh sé sonraí ábhartha agus iontaofa a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó dhearcadh na bpobal féin dá ndéantar difear. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar mhuintir na bpobal a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil shástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí. |
|
AR 24. |
Agus cur síos á dhéanamh ar éifeachtacht na mbealaí do na pobail a ndéantar difear dóibh chun ábhair imní a ardú, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith mar threoir ag an ngnóthas, bunaithe ar na “critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha”, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, go háirithe Prionsabal 31. Féadfar na cúinsí thíos a chur i bhfeidhm ar bhonn cainéal aonair nó ar an gcomhchóras cainéal:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar phobail dá ndéantar difear, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le pobail dá ndéantar difear, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin
|
AR 25. |
D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus conas a d’fhéadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína shlabhra luacha, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
|
AR 26. |
Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha, nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar ábhartha nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí trí ghaolmhaireacht ghnó. |
|
AR 27. |
Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a dhéanann difear do phobail a tháinig chun cinn le linn na tréimhse tuairiscithe a a bheith bainteach freisin le heintitis nó le hoibríochtaí nach bhfuil smacht díreach ag an ngnóthas orthu, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé lena ghiaráil a úsáid ina chaidrimh ghnó chun na tionchair sin a bhainistiú agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú le caidreamh gnó nó dreasachtaí a chur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó fothú acmhainneachta maidir le cearta na bpobal dúchasach a chur ar fáil d’eintitis a bhfuil caidreamh gnó ag an ngnóthas leo) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm leo tionchair a bhaineann le slándáil ar phobail a íoslaghdú nó páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí comhphobail cuideachtaí). |
|
AR 28. |
D’fhéadfadh tionchair ar phobail eascairt as ábhair chomhshaoil a nochtann an gnóthas faoi ESRS E1 go E5. Ar shamplaí tá:
I gcás ina dtugtar aghaidh ar an gceangal idir tionchair ar an gcomhshaol agus pobail áitiúla sna nochtaí laistigh de Cheanglais maidir le Nochtadh ESRS E1-E5, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dóibh sin agus nochtaí den sórt sin a shainaithint go soiléir. |
|
AR 29. |
Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó i dtionscnamh ina bhfuil an iliomad páirtithe leasmhara mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé na spriocanna ábhartha a leagtar síos leis an tionscnamh a nochtadh faoi ESRS S3-5, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ina leith. |
|
AR 30. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu a dhéanann sé nó nach ndéanann sé na tionchair iarbhír agus fhéideartha ar phobail dá ndéantar difear a mheas i gcinntí chun deireadh a chur le caidrimh ghnó, agus conas a dhéanann sé sin a mheas, agus cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh, féadfaidh an gnóthas samplaí a chur san áireamh. |
|
AR 31. |
Agus é á nochtadh ag an ngnóthas conas a rianaíonn sé éifeachtacht na ngníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha a bhainistiú le linn na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas aon cheacht a foghlaimíodh ó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin agus ó na tréimhsí tuairiscithe reatha a nochtadh. |
|
AR 32. |
Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí cúirte gaolmhara, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtracha, agus tagarmharcáil. |
|
AR 33. |
Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair. |
|
AR 34. |
Maidir le tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a chur ar fáil do phobail dá ndéantar difear atá bunaithe ar riachtanais na bpobal dá ndéantar difear, agus maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme na dtionscnamh nó na bpróiseas sin, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 35. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil aon tionscnaimh nó próisis a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu tionchair dhearfacha a bhaint amach do phobail a ndéantar difear dóibh ceaptha freisin chun tacú le ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt SDG 5 na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn chun “comhionannas inscne a bhaint amach agus mná agus cailíní uile a chumhachtú”, d‘fhéadfadh sé go mbeadh bearta machnamhacha á ndéanamh ag an ngnóthas chun mná a áireamh sa phróiseas comhairliúcháin le pobal atá thíos leis chun caighdeáin maidir le rannpháirtíocht éifeachtach geallsealbhóirí a chomhlíonadh, rud a d’fhéadfadh cabhrú le mná a chumhachtú sa phróiseas féin, ach ina saol laethúil freisin. |
|
AR 36. |
Agus torthaí dearfacha atá beartaithe nó bainte amach do na pobail dá ndéantar difear a bhuí lena ghníomhaíochtaí á nochtadh ag an ngnóthas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, gur cuireadh oiliúint ar fáil don líon ban den phobal x maidir le conas a bheith ina soláthróirí áitiúla don ghnóthas) agus fianaise ar thorthaí iarbhír do phobail dá ndéantar difear (mar shampla, go bhfuil gnólachtaí beaga curtha ar bun ag an líon den phobal ar mná iad x agus go ndearnadh a gconradh leis an ngnóthas a athnuachan bliain ar bhliain). |
|
AR 37. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tionscnaimh nó próisis maidir le tionchair dhiúltacha ábhartha a mhaolú freisin, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, breithniú a dhéanamh ar chláir arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar bhonneagar áitiúil máguaird oibríochtaí gnóthais, amhail feabhsuithe ar bhóithre , rud as a n-eascraíonn laghdú ar líon na dtionóiscí tromchúiseacha tráchta a bhfuil baill den phobal páirteach iontu. |
|
AR 38. |
Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tionchair nó le spleáchais an ghnóthais ar phobail dá ndéantar difear á nochtadh, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 39. |
Agus an fhaisnéis in AR 41 á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas mínithe ar rioscaí agus deiseanna a eascraíonn as tionchair chomhshaoil nó as spleáchais a mheas (féach ar AR 31 le haghaidh tuilleadh sonraí), lena n-áirítear tionchair ghaolmhara ar chearta an duine (nó ar an tionchar sóisialta). Ar shamplaí tá rioscaí clú a eascraíonn as an tionchar a bhíonn ag sceitheadh truaillithe neamhbhainistithe ar shláinte na bpobal; nó éifeachtaí airgeadais agóidí a d’fhéadfadh cur isteach ar ghníomhaíochtaí gnóthais nó cur isteach orthu, mar shampla, mar fhreagairt ar oibríochtaí i limistéir ina bhfuil béim ar uisce a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shaol na bpobal atá buailte. |
|
AR 40. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an gnóthas cé acu a n-athraíonn nó nach n-athraíonn spleáchais ina rioscaí, déanfaidh sé forbairtí seachtracha a mheas. |
|
AR 41. |
Agus beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh ag an ngnóthas, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtuithe maidir le beartais, gníomhaíochtaí agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin. |
|
AR 42. |
Déanfaidh an gnóthas breithniú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann le pobail dá ndéantar difear a bhainistiú comhtháite ina phróisis bainistithe riosca atá ann cheana, agus conas atá siad comhtháite iontu. |
|
AR 43. |
Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S3-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
AR 44. |
Agus faisnéis maidir le spriocanna á nochtadh ag an ngnóthas i gcomhréir le mír 38, féadfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 45. |
D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith mar an gcéanna le spriocanna a bhaineann le tionchair ábhartha nó éagsúil leo. Mar shampla, dá mbeadh sprioc ann slite beatha na bpobal lena mbaineann a athbhunú go hiomlán tar éis an athlonnaithe, d’fhéadfaí an tionchar ar na pobail sin a laghdú agus rioscaí gaolmhara amhail agóidí pobail a laghdú. |
|
AR 46. |
Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ag an ngnóthas baill den phobal a fhostú ag láithreán mianadóireachta áitiúil, agus é mar sprioc fhadtéarmach aige foireann a chur ar fáil 100 % go háitiúil faoi 2025, agus é mar chuspóir gearrthéarmach x faoin gcéad d’fhostaithe áitiúla a chur leis gach bliain suas go dtí 2025. |
|
AR 47. |
Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach é a nascadh le hathruithe móra ar an tsamhail ghnó nó le hathruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leo as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar, de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha. |
ESRS S4
TOMHALTÓIRÍ AGUS ÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí Ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
– |
Cuspóir |
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Straitéis
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú |
Cuspóir
|
1. |
Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú, ar ceanglais iad lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí an ráitis inbhuanaitheachta tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh a bhfuil baint acu le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha a thuiscint, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidrimh ghnó, agus na rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara a bhaineann leo, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Chun an cuspóir a bhaint amach, leis an gCaighdeán seo éilítear míniú ar an gcur chuige ginearálta a ghlacann an gnóthas chun aon tionchar ábhartha iarbhír agus féideartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a bhaineann lena tháirgí agus/nó lena sheirbhísí a shainaithint agus a bhainistiú i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
|
3. |
Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo freisin míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le tionchair den sórt sin, chomh maith le spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, rioscaí nó deiseanna ábhartha a chruthú don ghnóthas. Mar shampla, is féidir le tionchair dhiúltacha ar chlú tháirgí agus/nó sheirbhísí an ghnóthais dochar a dhéanamh dá fheidhmíocht ghnó, agus d’fhéadfadh tairbhí gnó a bheith mar thoradh ar iontaoibh as táirgí agus/nó seirbhísí, amhail díolacháin mhéadaithe nó leathnú an bhoinn tomhaltóirí a bheidh ann amach anseo. |
|
4. |
Ní thagann úsáid neamhdhleathach nó mí-úsáid táirgí agus seirbhísí an ghnóthais a dhéanann tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh faoi raon feidhme an chaighdeáin seo. |
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
5. |
Tá feidhm ag an gcaighdeán sin nuair a shainaithnítear tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha maidir leo tríd an bpróiseas measúnaithe ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 Nochtuithe ginearálta. |
|
6. |
Léifear an Caighdeán seo i gcomhar le ceanglais ghinearálta ESRS 1, agus ESRS 2, chomh maith le lucht saothair ESRS S1 Féin, Oibrithe ESRS S2 sa slabhra luacha agus pobail a bhfuil éifeacht orthu ESRS S3. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí Ginearálta
|
7. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Straitéis (SBM). Déanfar na nochtaí a thiocfaidh as sin a chur i láthair in éineacht leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2, cé is moite de SBM-3 Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó, a bhfuil sé de rogha ag an ngnóthas nochtaí a chur i láthair ina leith in éineacht leis an nochtadh topaicshonrach. |
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
8. |
Agus é ag freagairt do ESRS 2 SBM-2, mír 43, nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanfaidh leasanna, tuairimí agus cearta a thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, a straitéis agus a shamhail ghnó a chur ar an eolas. Is grúpa tábhachtach páirtithe leasmhara lena mbaineann iad tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
9. |
Agus an gnóthas ag freagairt do ESRS 2 SBM-3 mír 48, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
10. |
Agus ceanglais mhír 48 á gcomhlíonadh aige, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil na tomhaltóirí agus/nó na húsáideoirí deiridh uile ar dócha go mbeidh tionchar ábhartha ag an ngnóthas orthu, lena n-áirítear tionchair a bhaineann le hoibríochtaí an ghnóthais féin agus leis an slabhra luacha, lena n-áirítear trína tháirgí nó trína sheirbhísí, agus trína chaidreamh gnó, san áireamh i raon feidhme a nochta faoi ESRS 2. Thairis sin, nochtfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas:
|
|
11. |
Agus cur síos á dhéanamh aige ar na príomhchineálacha tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhfuil nó a bhféadfaí tionchar diúltach a imirt orthu, bunaithe ar an measúnú ábharthachta a leagtar amach in ESRS 2 IRO-1, nochtfaidh an gnóthas cibé ar fhorbair sé tuiscint agus conas a d’fhorbair sé tuiscint ar conas a d’fhéadfadh tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhfuil saintréithe ar leith acu, nó iad siúd a úsáideann táirgí nó seirbhísí áirithe, a bheith i mbaol níos mó díobhála agus conas a d’fhorbair sé í. |
|
12. |
Nochtfaidh an gnóthas cé na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann leis, más ann dóibh, a eascraíonn as tionchair agus as spleáchais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh, a bhaineann le grúpaí sonracha tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh (mar shampla, aoisghrúpaí áirithe) seachas le gach tomhaltóir agus/nó úsáideoir deiridh. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh
|
13. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a bheartais arna nglacadh chun bainistiú a dhéanamh ar a thionchair ábhartha a tháirgí agus/nó a sheirbhísí ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh, chomh maith le rioscaí agus deiseanna ábhartha gaolmhara. |
|
14. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, measúnú, bainistiú agus/nó feabhsú na dtionchar ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh go sonrach, chomh maith le beartais lena gcumhdaítear rioscaí nó deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh. |
|
15. |
Beidh sa nochtadh a cheanglaítear le mír 13 an fhaisnéis faoi bheartais an ghnóthais chun a thionchair ábhartha, a rioscaí agus a dheiseanna a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a bhainistiú i gcomhréir le Beartais ESRS 2 MDR-P arna nglacadh chun ábhair inbhuanaitheachta ábhartha a bhainistiú. Ina theannta sin, sonróidh an gnóthas cé acu grúpaí sonracha nó na tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh uile a chumhdaítear leis na beartais sin. |
|
16. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar a ghealltanais (123) bheartais maidir le cearta an duine atá ábhartha do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear na próisis agus na sásraí sin chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta. Díreoidh sé, ina nochtadh, ar na hábhair sin atá ábhartha i ndáil leis an méid seo a leanas, chomh maith lena chur chuige ginearálta maidir leis an méid seo a leanas (124):
|
|
17. |
Nochtfaidh an gnóthas an bhfuil a bheartais maidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ailínithe agus conas atá siad ailínithe le hionstraimí a aithnítear go hidirnáisiúnta agus atá ábhartha do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Nochtfaidh an gnóthas freisin a mhéid a tuairiscíodh cásanna nach n-urramaítear Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha ag an Obair nó Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta a bhfuil baint ag tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh leo ina shlabhra luacha iartheachtach agus, más infheidhme, léiriú ar chineál na gcásanna sin (125). |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair
|
18. |
Nochtfaidh an gnóthas a phróisis ghinearálta chun teagmháil a dhéanamh le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh agus lena n-ionadaithe faoi na tionchair iarbhír agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu orthu. |
|
19. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an gnóthas rannpháirtíocht, mar chuid dá phróiseas leanúnach díchill chuí, le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte, agus conas a dhéanann sé sin, maidir le tionchair ábhartha iarbhír agus fhéideartha dhearfacha agus/nó dhiúltacha a dhéanann difear dóibh nó ar dócha go ndéanfaidh siad difear dóibh, agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear peirspictíochtaí tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an ghnóthais agus conas a dhéantar sin. |
|
20. |
Nochtfaidh an gnóthas cibé acu a bheidh nó nach mbeidh peirspictíochtaí na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh mar bhonn eolais dá chinntí nó dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tionchair iarbhír agus fhéideartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a bhainistiú agus nochtfaidh sé conas iad. Áireofar leis sin, i gcás inarb ábhartha, míniú ar an méid seo a leanas:
|
|
21. |
I gcás inarb infheidhme, nochtfaidh an gnóthas na bearta a dhéanfaidh sé chun léargas a fháil ar pheirspictíochtaí na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh a bheith an-leochaileach i leith tionchair agus/nó imeallaithe (mar shampla, daoine faoi mhíchumas, leanaí, etc.). |
|
22. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé próiseas ginearálta chun rannpháirtíocht a dhéanamh le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le próiseas den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl
|
23. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar na próisis atá i bhfeidhm aige chun foráil a dhéanamh maidir leis na tionchair dhiúltacha ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh a bhfuil baint ag an ngnóthas leo a fheabhsú nó chun comhoibriú lena leigheas, chomh maith leis na bealaí atá ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh chun ábhair imní a ardú agus tabharfar aghaidh orthu. |
|
24. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar na modhanna foirmiúla trínar féidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a n-imní agus a riachtanais a chur in iúl go díreach don ghnóthas, agus/nó trína dtacaíonn an gnóthas le hinfhaighteacht bealaí den sórt sin (mar shampla, sásraí casaoide) trína chaidreamh gnó, conas a dhéantar obair leantach leis na tomhaltóirí agus/nó leis na húsáideoirí deiridh sin maidir leis na saincheisteanna a tarraingíodh suas, agus éifeachtacht na mbealaí sin. |
|
25. |
Tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
26. |
Nochtfaidh an gnóthas cibé acu a mheasann sé, agus conas a mheasann sé, go bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi na struchtúir nó na próisis sin agus go bhfuil muinín acu astu mar bhealach chun a n-ábhair imní nó a riachtanais a ardú agus tabharfaidh sé aghaidh orthu. Ina theannta sin, nochtfaidh an gnóthas an bhfuil beartais i bhfeidhm aige chun daoine aonair a chosaint ar fhrithbheart nuair a úsáideann siad struchtúir nó próisis den sórt sin. Má nochtadh an fhaisnéis sin i gcomhréir le ESRS G1-1, féadfaidh an gnóthas tagairt a dhéanamh don fhaisnéis sin. |
|
27. |
Mura féidir leis an ngnóthas an fhaisnéis a cheanglaítear thuas a nochtadh toisc nár ghlac sé bealach chun ábhair imní a chur in iúl agus/nó toisc nach dtacaíonn sé le sásraí a bheith ar fáil lena ghaolmhaireachtaí gnó, nochtfaidh sé gurb amhlaidh an cás. Féadfaidh sé tráthchlár a nochtadh faoina bhfuil sé ag féachaint le bealach nó próisis den sórt sin a bheith i bhfeidhm. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin
|
28. |
Nochtfaidh an gnóthas conas a dhéanann sé beart chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus ar úsáideoirí deiridh, agus chun rioscaí ábhartha a bhainistiú agus deiseanna ábhartha a shaothrú a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin. |
|
29. |
Tá dhá chuspóir ag an gCeanglas seo maidir le Nochtadh. Ar an gcéad dul síos, tá sé chun tuiscint a thabhairt ar aon ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh trína bhféachann an gnóthas leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
Ar an dara dul síos, beifear in ann tuiscint a fháil ar na bealaí ina bhfuil an gnóthas ag dul i ngleic leis na rioscaí ábhartha agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a shaothrú. |
|
30. |
Soláthróidh an gnóthas tuairisc achomair ar na pleananna gníomhaíochta agus ar na hacmhainní chun a thionchair, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus le húsáideoirí deiridh a bhainistiú de réir ESRS 2 MDR-A Gníomhaíochtaí agus acmhainní i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta. |
|
31. |
I ndáil le tionchair ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
32. |
I ndáil le mír 28, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
33. |
I ndáil le rioscaí agus deiseanna ábhartha, tabharfaidh an gnóthas tuairisc ar an méid seo a leanas:
|
|
34. |
Nochtfaidh an gnóthas cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé beart, agus conas a dhéanann sé beart, chun nach mbeidh sé ina chúis le tionchair dhiúltacha ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh nó nach rannchuideoidh sé leis sin leo trína chleachtais féin, é san áireamh, i gcás inarb ábhartha, i ndáil le margaíocht, díolacháin agus úsáid sonraí, nó nach gcuirfidh sé leis na tionchair sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh a dhéanamh ar an gcur chuige a ghlactar nuair a thagann teannas chun cinn idir tionchair dhiúltacha ábhartha a chosc nó a mhaolú agus brúnna gnó eile. |
|
35. |
Agus an nochtadh sin á ullmhú, déanfaidh an gnóthas a mheas ar tuairiscíodh saincheisteanna tromchúiseacha maidir le cearta an duine agus teagmhais thromchúiseacha a bhaineann lena thomhaltóirí agus/nó lena úsáideoirí deiridh agus, más infheidhme, nochtfaidh sé iad sin (126). |
|
36. |
I gcás ina ndéanfaidh an gnóthas meastóireacht ar éifeachtacht gníomhaíochta trí sprioc a leagan síos, agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 32 (c) á nochtadh ag an ngnóthas, breithneoidh an gnóthas ESRS 2 MDR-T Éifeachtacht beartas agus gníomhaíochtaí a rianú trí spriocanna. |
|
37. |
Nochtfaidh an gnóthas cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú a thionchair ábhartha mar aon le faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbainistítear na tionchair ábhartha. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
38. |
Nochtfaidh an gnóthas na spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí a d’fhéadfadh a bheith socraithe aige agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
39. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá spriocanna atá faoi cheangal ama agus dírithe ar thorthaí á n-úsáid ag an ngnóthas chun a dhul chun cinn a spreagadh agus a thomhas maidir le haghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, agus/nó tionchair dhearfacha ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a chur chun cinn, agus/nó rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhainistiú. |
|
40. |
Beidh na ceanglais faisnéise a shainmhínítear in ESRS 2 MDR-T sa tuairisc achoimre ar na spriocanna chun na tionchair ábhartha, na rioscaí agus na deiseanna a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a bhainistiú. |
|
41. |
Nochtfaidh an gnóthas an próiseas chun na spriocanna a shocrú, lena n-áirítear an ndearna an gnóthas rannpháirtíocht go díreach le tomhaltóiríagus/nó le húsáideoirí deiridh, lena n-ionadaithe dlisteanacha, nó le hionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a staid sna nithe seo a leanas, agus nochtfaidh sé conas a ndearna sé é sin:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Tá an t-aguisín seo ina dhlúthchuid de ESRS S4 Tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den chaighdeán.
Cuspóir
|
AR 1. |
Féadfaidh an gnóthas aird a tharraingt ar shaincheisteanna speisialta atá ábhartha do thionchar ábhartha ar feadh tréimhse níos giorra, mar shampla tionscnaimh maidir le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh i ndáil le héilliú táirge nó sárú tromchúiseach príobháideachais mar gheall ar sceitheadh ollmhór sonraí. |
|
AR 2. |
Níl sé i gceist leis an bhforléargas ar chúrsaí sóisialta agus ar chúrsaí a bhaineann le cearta an duine dá bhforáiltear i mír 2 a thabhairt le tuiscint gur cheart na saincheisteanna sin go léir a nochtadh i ngach Ceanglas maidir le Nochtadh sa Chaighdeán sin. Ina ionad sin, cuirtear liosta ar fáil leis de na hábhair a bhreithneoidh an gnóthas ina mheasúnú ábharthachta (tagairt do ESRS 1 chaibidil 3 Ábharthacht dhúbailte mar bhonn ag nochtaí inbhuanaitheachta agus ESRS 2 IRO-1) a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh agus, ina dhiaidh sin, a nochtfaidh sé mar thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo. |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
Straitéis
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-2 — Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara
|
AR 3. |
Le ESRanna 2 SBM-2 ceanglaítear ar an ngnóthas tuiscint a thabhairt i dtaobh an bhfuil ról ag a straitéis agus a shamhail ghnó maidir le tionchair shuntasacha ábhartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh a chruthú, a ghéarú nó a mhaolú (nó, os a choinne sin), agus ar an gcaoi a ndéantar, agus ar an gcaoi a ndéantar, an tsamhail ghnó agus an straitéis a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ábhartha den sórt sin. |
|
AR 4. |
Cé go bhféadfadh sé nach bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ag plé leis an ngnóthas ar leibhéal a straitéise nó a shamhail ghnó, is féidir a dtuairimí a chur in iúl do mheasúnú an ghnóthais ar a straitéis agus a shamhail ghnó. Féadfaidh an gnóthas tuairimí na dtomhaltóirí agus/nó na n-ionadaithe dlisteanacha (iarbhír nó ionchasacha) a ndearnadh difear ábhartha dóibh nó tuairimí ionadaithe dlisteanacha na n-ionadaithe inchreidte a bhfuil léargas acu ar a gcás a nochtadh. |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 SBM-3 — Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó
|
AR 5. |
Is féidir le tionchair ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh teacht as samhail ghnó nó straitéis ghnó an ghnóthais ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, d’fhéadfadh baint a bheith ag tionchair le tairiscint luacha an ghnóthais (mar shampla, soláthar d’ardáin ar líne a bhfuil acmhainneacht acu le haghaidh díobháil ar líne agus as líne), a shlabhra luacha (mar shampla, luas maidir le táirgí nó seirbhísí a fhorbairt, nó tionscadail a sheachadadh, lena ngabhann rioscaí don tsláinte agus don tsábháilteacht), nó a struchtúr costais agus an tsamhail ioncaim (mar shampla, dreasachtaí a chuireann tomhaltóirí i mbaol a uasmhéadú). |
|
AR 6. |
Is féidir le tionchair ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh de thionscnamh na straitéise nó na samhla gnó rioscaí ábhartha a chruthú don ghnóthas freisin. Mar shampla, má tá samhail ghnó an ghnóthais bunaithe ar spreagadh a thabhairt dá fhórsa díolacháin chun méideanna móra táirge nó seirbhíse a dhíol (mar shampla cártaí creidmheasa nó leigheas pian) ar luas, agus go ndéantar dochar mór do thomhaltóirí mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh cásanna dlí agus damáiste do chlú i ndán don ghnóthas a dhéanfadh difear dá ghnó agus dá chreidiúnacht amach anseo. |
|
AR 7. |
I measc na samplaí de shaintréithe áirithe tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh an gnóthas a chur san áireamh agus é ag freagairt do mhír 11 tá tomhaltóirí óga agus/nó úsáideoirí deiridh a d’fhéadfadh a bheith níos so-ghabhálaí i leith tionchar ar a bhforbairt fhisiciúil agus mheabhrach, nó nach bhfuil litearthacht airgeadais acu agus a d’fhéadfadh a bheith níos so-ghabhálaí i leith díolacháin dhúshaothraithe nó cleachtais mhargaíochta. D’fhéadfadh mná a bheith san áireamh iontu freisin i gcomhthéacs ina ndéantar idirdhealú rialta ar mhná maidir lena rochtain ar sheirbhísí áirithe nó maidir le táirgí áirithe a mhargú. |
|
AR 8. |
Maidir le mír 12, d’fhéadfadh rioscaí teacht chun cinn mar gheall ar spleáchas an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh i gcás ina spreagfadh teagmhas a bhfuil dóchúlacht íseal ann go dtarlóidh sé ach a mbeadh ardtionchar aige éifeachtaí airgeadais, mar shampla, i gcás ina mbeadh tionchar tromchúiseach ag paindéim dhomhanda ar shlite beatha tomhaltóirí áirithe, rud a d’fhéadfadh athruithe móra a dhéanamh ar phatrúin tomhaltais. |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-1 — Beartais a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh
|
AR 9. |
Áireofar sa tuairisc an fhaisnéis bhunriachtanach is gá chun ionadaíocht dhílis na mbeartas maidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh a áirithiú, agus dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas mínithe ar athruithe suntasacha ar na beartais arna nglacadh le linn na bliana tuairiscithe (mar shampla, ionchais nua do chustaiméirí gnó, cuir chuige nua nó cur chuige breise maidir le dícheall cuí agus leigheas). |
|
AR 10. |
Féadfaidh an beartas a bheith i bhfoirm beartais neamhspleách maidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh nó féadfar é a áireamh i ndoiciméad níos leithne amhail cód eitice nó beartas inbhuanaitheachta ginearálta a nocht an gnóthas cheana mar chuid de ESRS eile. Sna cásanna sin, tabharfaidh an gnóthas crostagairt chruinn chun na gnéithe den bheartas a chomhlíonann ceanglais an Cheanglais seo maidir le Nochtadh a shainaithint. |
|
AR 11. |
Agus a bheartais á nochtadh aige i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, breithneoidh an gnóthas go dtagraíonn na Prionsabail Threoracha don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, arb é atá ann Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus an dá Chúnant lena gcuirtear chun feidhme é, agus féadfaidh sé a ailíniú leis na hionstraimí sin a nochtadh. |
|
AR 12. |
Agus an chaoi a bhfuil beartais sheachtracha aghaidhe leabaithe á nochtadh ag an ngnóthas, féadfaidh sé, mar shampla, breithniú a dhéanamh ar bheartais díolacháin agus dáileacháin inmheánacha agus ailíniú le beartais eile atá ábhartha do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh. Breithneoidh an gnóthas freisin na beartais atá aige chun fírinneacht agus úsáideacht na faisnéise arna soláthar do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh ionchasacha agus iarbhír a chosaint, roimh dhíolachán agus i ndiaidh díolacháin araon. |
|
AR 13. |
Féadfaidh an gnóthas léiriú a thabhairt ar na cineálacha cumarsáide maidir lena bheartais leis na daoine aonair sin, leis an ngrúpa daoine aonair sin nó leis na heintitis sin a bhfuil siad ábhartha ina leith, toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla, oibrithe dílse, infheisteoirí). Féadfaidh sé uirlisí agus bealaí cumarsáide a nochtadh (mar shampla, fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ionadaithe oibrithe), arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil an beartas inrochtana agus go dtuigeann lucht féachana éagsúil na himpleachtaí a bhaineann leis. Féadfaidh an gnóthas míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a n-aithníonn sé bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaipeadh, agus ar an gcaoi a gcuireann sé deireadh leo, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí úsáid a bhaint as léirithe grafacha. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-2 — Próisis rannpháirtíochta le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh maidir le tionchair
|
AR 14. |
D’fhéadfaí comhlachtaí náisiúnta cosanta tomhaltóirí do roinnt tomhaltóirí a áireamh in ionadaithe inchreidte a bhfuil eolas acu ar leasanna, ar thaithí nó ar pheirspictíochtaí tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh. |
|
AR 15. |
Nuair a thugtar tuairisc ar an bhfeidhm nó ar an ról ag a bhfuil freagracht oibríochtúil as an rannpháirtíocht sin agus/nó as an gcuntasacht deiridh sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an ról tiomnaithe nó feidhm thiomnaithe é sin nó cuid de ról nó feidhm níos leithne, agus cé acu ar tairgeadh nó nár táirgeadh aon ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun tacú leis an bhfoireann chun dul i mbun rannpháirtíochta. Mura féidir leis post nó feidhm den sórt sin a aithint, féadfaidh sé a rá gurb amhlaidh atá. D’fhéadfaí an nochtadh sin a chomhlíonadh freisin trí thagairt a dhéanamh d’fhaisnéis arna nochtadh de réir ESRS 2 GOV-1 Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta. |
|
AR 16. |
Agus na nochtaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 20 b) agus c) á n-ullmhú, féadfar na léirithe seo a leanas a bhreithniú:
|
|
AR 17. |
Chun an chaoi ar thug dearcthaí tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh bonn eolais do chinntí nó gníomhaíochtaí sonracha an ghnóthais a léiriú, féadfaidh an gnóthas samplaí ón tréimhse tuairiscithe atá ann faoi láthair a sholáthar. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-3 — Próisis chun tionchair dhiúltacha a leigheas agus bealaí ar féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh ábhair imní a chur in iúl
|
AR 18. |
Agus na ceanglais a leagtar amach sna critéir maidir le nochtadh in ESRS S4-3 á gcomhlíonadh ag an ngnóthas, féadfaidh an gnóthas a bheith á threorú ag inneachar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus ag Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta atá dírithe ar leigheas agus sásraí casaoide. |
|
AR 19. |
I measc na mbealaí chun ábhair imní nó riachtanais a ardú, áirítear sásraí casaoide, beolínte, próisis idirphlé nó modhanna eile trínar féidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh nó a n-ionadaithe dlisteanacha ábhair imní a léiriú faoi thionchair nó faoi riachtanais ar mhaith leo go dtabharfadh an gnóthas aghaidh orthu. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin bealaí a sholáthraíonn an gnóthas go díreach agus tá siad le tuairisciú i dteannta aon sásra eile a fhéadfaidh an gnóthas a úsáid chun léargas a fháil ar bhainistiú na dtionchar ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh, amhail iniúchtaí comhlíontachta. I gcás ina bhfuil an gnóthas ag brath, chun an ceanglas sin a fhreagairt, ar fhaisnéis arna soláthar ag a chaidrimh ghnó maidir le bealaí den sórt sin a bheith ann, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, féadfaidh sé é sin a shonrú. |
|
AR 20. |
Chun léargas níos fearr a thabhairt ar an bhfaisnéis a chumhdaítear in ESRS S4-3, féadfaidh an gnóthas léargas a thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh in ann bealaí a rochtain ar leibhéal an ghnóthais a ndéanann sé difear dóibh, agus conas atá siad in ann sin a dhéanamh, i ndáil le gach tionchar ábhartha. |
|
AR 21. |
D’fhéadfaí a áireamh ar shásraí tríú páirtí iad siúd arna n-oibriú ag an rialtas, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), comhlachais tionscail agus tionscnaimh chomhoibríocha eile. Maidir le raon feidhme na sásraí sin, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil siad sin inrochtana do na tomhaltóirí agus/nó na húsáideoirí deiridh go léir a bhféadfadh an gnóthas, nó daoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann, ar bhealach eile, a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha, agus trína bhféadfaidh tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh (nó daoine aonair nó eagraíochtaí atá ag gníomhú thar a gceann nó atá in ann ar bhealach eile a bheith ar an eolas faoi thionchair dhiúltacha), gearáin nó ábhair imní a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais féin a dhéanamh. |
|
AR 22. |
I ndáil le daoine aonair a úsáideann na sásraí a chosaint in aghaidh frithbhirt, féadfaidh an gnóthas tuairisc a thabhairt ar cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le casaoidí faoi rúndacht agus i ndáil le cearta chun príobháideachais agus leis an gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; agus an ligeann siad do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh iad a úsáid gan ainm (mar shampla, trí ionadaíocht ó thríú páirtí). |
|
AR 23. |
Agus nochtadh á dhéanamh aige an bhfuil a fhios ag an ngnóthas go bhfuil tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh ar an eolas faoi aon cheann de na bealaí sin agus conas a bhfuil muinín acu astu, féadfaidh an gnóthas sonraí ábhartha agus iontaofa a sholáthar maidir le héifeachtacht na mbealaí sin ó thaobh na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh féin de. Ar shamplaí d’fhoinsí faisnéise tá suirbhéanna ar thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh a bhfuil úsáid bainte acu as bealaí den sórt sin agus a leibhéil shástachta leis an bpróiseas agus leis na torthaí. Chun léiriú a thabhairt ar an méid úsáide ar baineadh as bealaí den sórt sin, féadfaidh an gnóthas an líon gearán a fuarthas ó thomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh le linn na tréimhse tuairiscithe a nochtadh. |
|
AR 24. |
Agus cur síos á dhéanamh ar éifeachtacht na mbealaí atá ag tomhaltóirí agus/nó ag úsáideoirí deiridh chun ábhair imní a léiriú, féadfaidh na ceisteanna seo a leanas a bheith mar threoir ag an ngnóthas, bunaithe ar na “critéir éifeachtúlachta le haghaidh sásraí casaoide neamhbhreithiúnacha”, mar a leagtar amach i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Féadfar na cúinsí thíos a chur i bhfeidhm ar bhonn cainéal aonair nó ar an gcomhchóras cainéal:
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Prionsabal 31 de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. |
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-4 — Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le tionchair ábhartha ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus cineálacha cur chuige chun rioscaí ábhartha a mhaolú agus deiseanna ábhartha a shaothrú, ar rioscaí agus deiseanna iad a bhaineann le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh, agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí agus na gcur chuige sin
|
AR 25. |
D’fhéadfadh sé go dtógfaidh sé am tuiscint a fháil ar thionchair dhiúltacha agus conas a d’fhéadfadh an gnóthas a bheith bainteach leo trína shlabhra luacha iartheachtach, agus chun freagairtí iomchuí a shainaithint agus a chur i bhfeidhm). Dá bhrí sin, breithneoidh an gnóthas na nithe seo a leanas:
|
|
AR 26. |
Is féidir gníomhaíochtaí iomchuí éagsúla a bheith ann ag brath ar an ngnóthas féin a bheith ina chúis nó ag rannchuidiú le tionchar ábhartha, nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar ábhartha nasctha go díreach lena oibríochtaí, lena tháirgí nó lena sheirbhísí trí ghaolmhaireacht ghnó. |
|
AR 27. |
Ós rud é go bhféadfadh tionchair dhiúltacha ábhartha a dhéanann difear do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe a bheith nasctha freisin le heintitis nó le hoibríochtaí nach bhfuil smacht díreach aige orthu, féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhféachann sé le giaráil a úsáid le caidrimh ghnó ábhartha chun na tionchair sin a bhainistiú agus conas a dhéanann sé iarracht í a úsáid. D’fhéadfaí a áireamh leis sin giaráil tráchtála a úsáid (mar shampla, ceanglais chonarthacha a fhorfheidhmiú le caidreamh gnó nó dreasachtaí cur chun feidhme), cineálacha eile giarála laistigh den chaidreamh (amhail oiliúint nó forbairt acmhainní a chur ar fáil maidir le húsáid cheart táirgí nó cleachtais díola chuí do chaidreamh gnó) nó giaráil chomhoibríoch le piaraí nó le gníomhaithe eile (amhail tionscnaimh atá dírithe ar shábháilteacht fhreagrach margaíochta nó táirgí). |
|
AR 28. |
Nuair a nochtfaidh an gnóthas a rannpháirtíocht i dtionscnamh tionscail nó i dtionscnamh ina bhfuil an iliomad páirtithe leasmhara mar chuid dá ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha ábhartha, féadfaidh an gnóthas a nochtadh conas atá an tionscnamh, agus a rannpháirtíocht féin, dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an tionchar ábhartha lena mbaineann. Féadfaidh sé na spriocanna ábhartha a leagtar síos leis an tionscnamh a nochtadh faoi ESRS S4-5, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ina leith. |
|
AR 29. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sé breithniú ar iarmhairtí iarbhír agus féideartha ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh i gcinntí chun caidrimh ghnó a fhoirceannadh, agus conas a dhéanann sé sin, agus cé acu a fhéachann nó nach bhféachann sé le dul i ngleic le haon tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ina dtoradh ar fhoirceannadh, agus conas a fhéachann sé leis sin a dhéanamh, féadfaidh an gnóthas samplaí a chur san áireamh. |
|
AR 30. |
Agus é á nochtadh ag an ngnóthas conas a rianaíonn sé éifeachtacht na ngníomhaíochtaí chun tionchair ábhartha a bhainistiú le linn na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas aon cheacht a foghlaimíodh ó na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin agus ó na tréimhsí tuairiscithe reatha a nochtadh. |
|
AR 31. |
Is féidir a áireamh ar na próisis a úsáidtear chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a rianú iniúchóireacht nó fíorú inmheánach nó seachtrach, imeachtaí cúirte agus/nó cinntí cúirte gaolmhara, measúnuithe tionchair, córais tomhais, aiseolas ó pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide, rátálacha feidhmíochta seachtracha, agus tagarmharcáil. |
|
AR 32. |
Is é is aidhm don tuairisciú ar éifeachtacht tuiscint a fháil ar na naisc idir gníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar thionchair. |
|
AR 33. |
Maidir le tionscnaimh nó próisis atá i bhfeidhm ag an ngnóthas agus atá bunaithe ar riachtanais na dtomhaltóirí agus/nó na n-úsáideoirí deiridh a ndéantar difear dóibh agus leibhéal a gcur chun feidhme, féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 34. |
Féadfaidh an gnóthas a nochtadh an bhfuil aon tionscnaimh nó próisis arb é a bpríomhaidhm tionchair dhearfacha a bhaint amach do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh ceaptha freisin chun tacú le ceann amháin nó níos mó de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Mar shampla, trí ghealltanas a thabhairt SDG 3 de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn chun “Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois” d’fhéadfadh an gnóthas a bheith ag obair go gníomhach chun a tháirgí a dhéanamh níos lú suimitheach agus díobhálach do shláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch. |
|
AR 35. |
Agus na torthaí dearfacha atá beartaithe do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh a bhuí lena ghníomhaíochtaí á nochtadh ag an ngnóthas, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir fianaise gur tharla gníomhaíochtaí áirithe (mar shampla, go bhfuair an líon tomhaltóirí x faisnéis faoi nósanna itheacháin sláintiúla) agus fianaise ar thorthaí iarbhír do thomhaltóirí agus/nó d’úsáideoirí deiridh (mar shampla, gur ghlac an líon tomhaltóirí x nósanna itheacháin níos sláintiúla). |
|
AR 36. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an ngnóthas maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ról ag tionscnaimh nó ag próisis maidir le tionchair dhiúltacha ábhartha a mhaolú freisin, féadfaidh an gnóthas, mar shampla, cláir a mheas arb é is aidhm dóibh tacú leis an bhfeasacht mhéadaithe ar an riosca a bhaineann le camscéimeanna ar líne, rud as a n-eascraíonn laghdú ar líon na gcásanna ina dtarlaíonn sáruithe ar phríobháideachas sonraí d’úsáideoirí deiridh. |
|
AR 37. |
Agus na rioscaí agus na deiseanna ábhartha a bhaineann le tionchair nó spleáchais an ghnóthais ar thomhaltóirí agus/nó ar úsáideoirí deiridh á nochtadh ag an ngnóthas, féadfaidh sé an méid seo a leanas a mheas:
|
|
AR 38. |
Agus nochtadh á dhéanamh ag an gnóthas cé acu a n-athraíonn nó nach n-athraíonn spleáchais ina rioscaí, déanfaidh sé forbairtí seachtracha a mheas. |
|
AR 39. |
Agus beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna a bhaineann le bainistiú rioscaí agus deiseanna ábhartha á nochtadh ag an ngnóthas, i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí agus deiseanna as tionchar ábhartha, féadfaidh an gnóthas crostagairt a dhéanamh dá nochtuithe maidir le beartais, gníomhaíocht agus acmhainní agus spriocanna i ndáil leis an tionchar sin. |
|
AR 40. |
Cuirfidh an gnóthas san áireamh a mhéid a chomhtháthaítear a phróisis chun rioscaí ábhartha a bhaineann le tomhaltóirí agus/nó le húsáideoirí deiridh a bhainistiú sna próisis bainistithe riosca atá ann cheana agus conas a dhéantar iad a bhainistiú. |
|
AR 41. |
Agus na hacmhainní a leithdháiltear ar bhainistiú tionchar ábhartha á nochtadh aige, féadfaidh an gnóthas a nochtadh cé na feidhmeanna inmheánacha atá bainteach le bainistiú na dtionchar agus cé na cineálacha gníomhaíochta a dhéanann siad chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha agus tionchair dhearfacha a chur chun cinn. |
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh S4-5 — Spriocanna a bhaineann le tionchair dhiúltacha ábhartha a bhainistiú, tionchair dhearfacha a chur chun cinn, agus rioscaí agus deiseanna ábhartha a bhainistiú
|
AR 42. |
Agus spriocanna maidir le tomhaltóirí agus/nó úsáideoirí deiridh á nochtadh ag an ngnóthas, is féidir leis an ngnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
AR 43. |
D’fhéadfadh spriocanna a bhaineann le rioscaí agus deiseanna ábhartha a bheith mar an gcéanna nó éagsúil le spriocanna atá ceangailte le tionchair ábhartha. Mar shampla, dá mbeadh sprioc ann chun rochtain chomhionann ar mhaoiniú a áirithiú do thomhaltóirí nach ndéantar freastal ceart orthu, d’fhéadfaí na tionchair idirdhealaithe ar na tomhaltóirí sin a laghdú agus líon custaiméirí an ghnóthais a mhéadú. |
|
AR 44. |
Féadfaidh an gnóthas idirdhealú a dhéanamh freisin idir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha lena gcumhdaítear an gealltanas beartais céanna. D’fhéadfadh a bheith mar phríomhchuspóir ag gnóthas a sheirbhísí ar líne a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, a bheith mar sprioc fhadtéarmach aige go mbeadh 100 % dá sheirbhísí oiriúnaithe aige faoi 2025 agus mar chuspóir gearrthéarmach aige go gcuirfí x faoin gcéad de ghnéithe inrochtana leo gach bliain go dtí 2025, mar shampla. |
|
AR 45. |
Agus sprioc á modhnú nó á hionadú ag an ngnóthas sa tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an gnóthas an t-athrú a mhíniú ach crostagairt a dhéanamh d’athruithe móra ar an tsamhail ghnó nó d’athruithe níos leithne ar an gcaighdeán nó ar an reachtaíocht a bhfuil glacadh leis as a ndíorthaítear an sprioc chun faisnéis chomhthéacsúil a sholáthar de réir ESRS 2 BP-2 Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha. |
ESRS G1
IOMPAR GNÓ
CLÁR ÁBHAR
Cuspóir
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
Ceanglais maidir le Nochtadh
|
– |
ESRS 2 Nochtaí ginearálta |
Rialachas
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, maoirseachta agus bainistíochta |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú |
|
– |
Nochtadh Riachtanas G1-1 — Cultúr corparáideach agus b Beartais sheoladh gnó agus cultúr corparáideach |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-4 — Teagmhais dheimhnithe éillithe nó bhreabaireachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta |
|
Foscríbhinn A: |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 — Cultúr corparáideach agus beartais maidir le hiompar gnó |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath |
Méadracht agus spriocanna
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta |
|
– |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta |
Cuspóir
|
1. |
Is é is cuspóir don Chaighdeán seo ceanglais maidir le nochtadh a shonrú lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí ráitis inbhuanaitheachta an ghnóthais straitéis agus cur chuige, próisis agus nósanna imeachta an ghnóthais a thuiscint chomh maith lena fheidhmíocht i ndáil le hiompar gnó. |
|
2. |
Dírítear sa Chaighdeán seo ar na nithe seo a leanas, dá dtagraítear i dteannta a chéile sa Chaighdeán seo mar ‘iompar gnó nó ábhair iompair gnó’:
|
Idirghníomhaíocht le ESRS eile
|
3. |
Léifear ábhar an Chaighdeáin seo maidir le nochtaí ginearálta chomh maith le bainistiú tionchair, riosca agus deiseanna agus méadrachtaí agus spriocanna i gcomhar le prionsabail ghinearálta ESRS 1 agus ceanglais ghinearálta ESRS 2 faoi seach. |
Ceanglais maidir le Nochtadh
ESRS 2 Nochtaí ginearálta
|
4. |
Ba cheart ceanglais na roinne seo a léamh i gcomhar leis na nochtaí a cheanglaítear le ESRS 2 maidir le Rialachas (GOV), Straitéis (SBM) agus Bainistíocht ar thionchair, ar rioscaí agus ar dheiseanna (IRO) agus ba cheart iad a thuairisciú ina dteannta. |
Rialachas
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 GOV-1 — Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta
|
5. |
Agus faisnéis á nochtadh ag an ngnóthas faoi ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, déanfaidh an gnóthas na gnéithe seo a leanas a chumhdach:
|
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh a bhaineann le ESRS 2 IRO-1 — Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú
|
6. |
Nuair a bheidh cur síos á dhéanamh ar an bpróiseas chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint i ndáil le cúrsaí iompair gnó, nochtfaidh an gnóthas na critéir ábhartha uile a úsáideadh sa phróiseas, lena n-áirítear suíomh, gníomhaíocht, earnáil agus struchtúr an idirbhirt. |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 — Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach
|
7. |
Nochtfaidh an gnóthas a bheartais maidir le nithe a sheoltar gnó agus conas a chothaíonn sé a chultúr corparáideach. |
|
8. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a chumasú ar a mhéid atá beartais ag an ngnóthas lena dtugtar aghaidh ar shainaithint, ar mheasúnú, ar bhainistiú agus/nó ar fheabhsú a thionchar, a rioscaí agus a dheiseanna ábhartha a bhaineann le hábhair iompair gnó. Tá sé mar aidhm aige freisin tuiscint a thabhairt ar chur chuige an ghnóthais i leith cultúr corparáideach. |
|
9. |
Áireofar sna nochtaí a cheanglaítear faoi mhír 7 conas a dhéanfaidh an gnóthas a chultúr corparáideach a bhunú, a fhorbairt, a chur chun cinn agus a mheasúnú. |
|
10. |
Cumhdóidh na nochtuithe i mír 7 na gnéithe seo a leanas a bhaineann le beartais an ghnóthais maidir le cúrsaí iompair gnó:
|
|
11. |
Gnóthais atá faoi réir ceanglais dhlíthiúla faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/1937, nó faoi réir ceanglais dhlíthiúla choibhéiseacha maidir le cosaint sceithirí, féadfaidh siad an nochtadh a shonraítear i mír 10 (d) a chomhlíonadh trína lua go bhfuil siad faoi réir na gceanglas dlí sin. |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí
|
12. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir le bainistíocht a chaidreamh lena sholáthróirí agus maidir leis na tionchair atá aige ar a shlabhra soláthair. |
|
13. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo tuiscint a thabhairt ar bhainistiú an ghnóthais ar a phróiseas soláthair, lena n-áirítear iompar cothrom le soláthróirí. |
|
14. |
Soláthróidh an gnóthas tuairisc ar a bheartas chun íocaíochtaí déanacha a chosc, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. |
|
15. |
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear faoi mhír 12:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath
|
16. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis an gcóras atá aige chun teagmhais a bhaineann le héilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath, a imscrúdú agus chun freagairt ar líomhaintí maidir leis na teagmhais sin, lena n-áirítear an oiliúint ghaolmhar. |
|
17. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo trédhearcacht a sholáthar maidir le príomhnósanna imeachta an ghnóthais chun líomhaintí faoi éilliú agus breabaireacht a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu. Áirítear leis sin an oiliúint a chuirtear ar fáil d’oibrithe féin agus/nó faisnéis a chuirtear ar fáil go hinmheánach nó do sholáthraithe. |
|
18. |
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear faoi mhír 16:
|
|
19. |
I gcás nach mbeidh aon nós imeachta den sórt sin i bhfeidhm ag an ngnóthas, nochtfaidh sé an méid sin agus, i gcás inarb infheidhme, na pleananna atá aige chun na nósanna imeachta sin a ghlacadh. |
|
20. |
Áireofar sna nochtaí a cheanglaítear le mír 16 faisnéis faoin gcaoi a gcuireann an gnóthas a bheartais in iúl dóibh siúd a bhfuil siad ábhartha dóibh chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar an mbeartas agus go dtuigeann siad na himpleachtaí a bhaineann leis. |
|
21. |
Áireofar sa nochtadh a cheanglaítear le mír 16 faisnéis faoin méid seo a leanas maidir le hoiliúint:
|
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-4 — Teagmhais éillithe nó bhreabaireachta
|
22. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis faoi theagmhais éillithe nó breabaireachta le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
23. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo trédhearcacht a sholáthar maidir leis na teagmhais a bhaineann le héilliú nó breabaireacht le linn na tréimhse tuairiscithe agus na torthaí gaolmhara. |
|
24. |
Nochtfaidh an gnóthas:
|
|
25. |
Féadfaidh an gnóthas an méid seo a leanas a nochtadh:
|
|
26. |
Ní áireofar sna nochtaí is gá teagmhais a bhaineann le gníomhaithe ina shlabhra luacha ach amháin i gcás ina bhfuil baint dhíreach ag an ngnóthas nó ag a fhostaithe leis. |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta
|
27. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí agus na gealltanais a bhaineann lena thionchar polaitiúil a fheidhmiú, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta a bhaineann lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha. |
|
28. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo trédhearcacht a sholáthar maidir le gníomhaíochtaí agus gealltanais an ghnóthais a bhaineann lena thionchar polaitiúil a fheidhmiú lena ngabhann rannchuidithe polaitiúla, lena n-áirítear cineálacha agus cuspóir na ngníomhaíochtaí brústocaireachta. |
|
29. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh a cheanglaítear le mír 27:
|
|
30. |
Áireofar sa nochtadh freisin faisnéis faoi cheapadh aon chomhaltaí de na comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta a raibh post inchomparáide acu sa riarachán poiblí (lena n-áirítear rialtóirí) le linn an dá bhliain roimh an gceapachán sin sa tréimhse tuairiscithe reatha. |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta
|
31. |
Soláthróidh an gnóthas faisnéis faoina chleachtais íocaíochta, go háirithe maidir le híocaíochtaí déanacha le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). |
|
32. |
Is é is cuspóir don Cheanglas maidir le Nochtadh seo léargas a thabhairt ar na téarmaí íocaíochta conarthacha agus ar a fheidhmíocht maidir le híocaíocht, go háirithe maidir leis an tionchar a bhíonn acu sin ar FBManna agus go háirithe maidir le híocaíochtaí déanacha le FBManna. |
|
33. |
Áireofar an méid seo a leanas sa nochtadh faoi mhír 31:
|
Foscríbhinn A
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm
Is dlúthchuid de ESRS G1 Iompar gnó í an fhoscríbhinn seo. Tacaíonn sí le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.
Bainistiú tionchar, rioscaí agus deiseanna
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-1 — Beartais iompair gnó agus cultúr corparáideach
|
AR 1. |
Féadfaidh an gnóthas na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh agus a nochtadh faoi mhír 7 á chinneadh aige:
|
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-2 — Bainistiú caidreamh le soláthróirí
|
AR 2. |
Chun críocha an chaighdeáin seo, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh i mbainistiú an chaidrimh le soláthraithe an ghnóthais:
|
|
AR 3. |
Áirítear le ‘soláthraithe leochaileacha’ soláthróirí atá neamhchosanta ar rioscaí suntasacha eacnamaíocha, comhshaoil agus/nó sóisialta. |
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-3 — Éilliú agus breabaireacht a chosc agus a bhrath
|
AR 4. |
Ciallaíonn ‘feidhmeanna faoi riosca’ na feidhmeanna sin a mheastar a bheith i mbaol éillithe agus breabaireachta mar thoradh ar a chúraimí agus a fhreagrachtaí. |
|
AR 5. |
Féadfar a áireamh i nochtuithe sonraí faoi na measúnuithe riosca agus/nó mapáil, chomh maith le cláir faireacháin agus/nó nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh arna ndéanamh ag an ngnóthas chun éilliú agus breabaireacht a bhrath. |
|
AR 6. |
D’fhéadfadh beartais an ghnóthais maidir le héilliú agus breabaireacht a bheith ábhartha do ghrúpaí sonracha daoine, toisc go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh siad chun feidhme iad (mar shampla, fostaithe, conraitheoirí agus soláthróirí an ghnóthais), nó toisc go bhfuil leas díreach acu ina gcur chun feidhme (mar shampla oibrithe slabhra luacha, infheisteoirí). Féadfaidh an gnóthas na huirlisí agus na bealaí cumarsáide a nochtadh (e.g. fógráin, nuachtlitreacha, suíomhanna gréasáin tiomnaithe, na meáin shóisialta, idirghníomhaíochtaí aghaidh ar aghaidh, ceardchumainn agus/nó ionadaithe oibrithe) chun beartais a chur in iúl do ghrúpaí den sórt sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin bacainní féideartha ar scaipeadh a shainaithint agus/nó a bhaint, amhail trí aistriúchán go teangacha ábhartha nó trí léirithe grafacha a úsáid. |
|
AR 7. |
Féadfaidh an gnóthas anailís ar a ghníomhaíochtaí oiliúna a nochtadh, mar shampla, an réigiún oiliúna nó catagóir lucht saothair an ghnóthais féin i gcás ina bhfuil éagsúlachtaí móra idir a chláir bunaithe ar fhachtóirí den sórt sin agus go mbeadh an fhaisnéis sin úsáideach d’úsáideoirí. |
|
AR 8. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis is gá maidir le hoiliúint a chur i láthair tríd an tábla seo a leanas a úsáid:
Sampla léiritheach d’oiliúint frithéillithe agus frithbhreabaireachta Le linn na bliana airgeadais 20XY, sholáthair ABC oiliúint ar a bheartas dá oibrithe dílse a raibh feidhmeanna i mbaol á ndéanamh acu (féach nóta x). Tá an oiliúint éigeantach d’oibrithe a dhéanann na feidhmeanna sin atá i mbaol, ach chuir ABC an oiliúint ar fáil ar bhonn saorálach d’oibrithe dílse eile. Is mar a leanas mionsonraí a oiliúna le linn na bliana:
|
Méadracht agus spriocanna
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-5 — Gníomhaíochtaí tionchair pholaitiúil agus brústocaireachta
|
AR 9. |
Chun críocha an Chaighdeáin seo, ciallaíonn ‘ranníocaíocht pholaitiúil’ tacaíocht airgeadais nó tacaíocht chomhchineáil a sholáthraítear go díreach do pháirtithe polaitiúla, dá n-ionadaithe tofa nó do dhaoine atá ag lorg oifige polaitiúla. D’fhéadfadh tabhartais, iasachtaí, urraíocht, réamhíocaíochtaí le haghaidh seirbhísí, nó ceannach ticéad le haghaidh imeachtaí tiomsaithe airgid agus cleachtais chomhchosúla eile a bheith i gceist le ranníocaíochtaí airgeadais. Is féidir a áireamh ar ranníocaíochtaí comhchineáil fógraíocht, úsáid saoráidí, dearadh agus priontáil, deonú trealaimh, ballraíocht ar bhord, fostaíocht nó obair chomhairleoireachta a sholáthar do pholaiteoirí tofa nó d’iarrthóirí ar oifig pholaitiúil. |
|
AR 10. |
Tagraíonn ‘ranníocaíocht pholaitiúil indíreach’ do na ranníocaíochtaí polaitiúla sin a dhéantar trí bhíthin eagraíocht is idirghabhálaí amhail brústocaire nó carthanacht, nó tacaíocht a thugtar d’eagraíocht amhail meitheal mhachnaimh nó comhlachas trádála atá nasctha le páirtithe nó cúiseanna polaitiúla áirithe nó a thacaíonn leo. |
|
AR 11. |
Agus ‘suíomh inchomparáide’ á chinneadh sa chaighdeán seo aige, breithneoidh an gnóthas tosca éagsúla, lena n-áirítear an leibhéal freagrachta agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar. |
|
AR 12. |
Féadfaidh an gnóthas an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais nó comhchineáil i ndáil lena chostais stocaireachta:
|
|
AR 13. |
Má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an ngnóthas a bheith ina chomhalta de chomhlachas tráchtála nó d’eagraíocht eile a dhéanann ionadaíocht ar a leasanna, féadfaidh sé a nochtadh gurb amhlaidh atá. |
|
AR 14. |
Agus an ceanglas i mír 29(c) á chomhlíonadh aige, breithneoidh an gnóthas an t-ailíniú idir a ráitis phoiblí maidir lena thionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a ghníomhaíochtaí brústocaireachta. |
|
AR 15. |
Sampla den chuma a d’fhéadfadh a bheith ar nochtuithe den sórt sin:
Sampla léiritheach de rannpháirtíocht pholaitiúil (lena n-áirítear gníomhaíochtaí stocaireachta) Le linn na bliana airgeadais 20XY bhí baint ag ABC le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an rialachán XXX atá beartaithe, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a imirt ar a shamhail ghnó dá gcuirfí chun feidhme é san fhormáid reatha. Cé go measann ABC go mbeidh roinnt feabhsuithe ar an gcóras rialála ann, amhail xxx, de bharr an rialacháin bheartaithe, is mó na costais a bheidh ag xxx ná na tairbhí, dar leis, san fhormáid ina bhfuil sé faoi láthair. Leanann ABC agus a phiaraí de bheith ag obair le XXX (an rialtóir) chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht sin. Thacaigh ABC freisin leis an bpáirtí polaitiúil QRP i dTír X agus páirtí EFG i dTír Y mar an dá.... Tá ABC cláraithe ina chlár trédhearcachta áitiúil, i.e. XYZ, agus is é 987234 a uimhir chlárúcháin. Méideanna i mílte €
|
Ceanglas maidir le Nochtadh G1-6 — Cleachtais íocaíochta
|
AR 16. |
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh difríocht mhór a bheith idir téarmaí caighdeánacha íocaíochta conarthacha an ghnóthais, ag brath ar an tír nó ar an gcineál soláthróra. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh faisnéis faoi na téarmaí caighdeánacha de réir príomhchatagóirí soláthraithe nó tíre nó réigiúin gheografaigh a bheith ina samplaí d’fhaisnéis chomhthéacsúil bhreise chun na nochtuithe i mír 33(b) a mhíniú. |
|
AR 17. |
Sampla den chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an gcur síos ar nochtadh caighdeánach téarma conartha i mír 33(b):
Is ionann téarmaí íocaíochta conartha caighdeánacha ABC agus íocaíocht ar shonrasc a fháil do mhórdhíoltóirí a chuimsíonn thart ar 80 % dá shonraisc bhliantúla de réir luacha. Íocann sé as seirbhísí a fhaightear laistigh de 30 lá ón sonrasc a fháil, ar cás é a chuimsíonn thart ar 5 % dá shonraisc bhliantúla. Íoctar an chuid eile dá shonraisc laistigh de 60 lá tar éis iad a fháil, ach amháin na cinn sin i dtír X a íoctar laistigh de 90 lá tar éis iad a fháil i gcomhréir le caighdeáin an mhargaidh. |
(1) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(2) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).
(3) Prionsabal Treorach 16 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a thráchtaireacht; Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 21 agus 25 chomh maith le Treoirlínte ECFE Caibidil II maidir le Beartais Ghinearálta (mír A.10), agus caibidil IV ar Chearta an Duine (mír 4; agus mír 44 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (1.1 agus 1.2) agus Iarscríbhinn, Ceisteanna 14 agus 15.
(4) Prionsabal Treorach 18 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a Thráchtaireacht, Prionsabal Treorach 20 de chuid na Náisiún Aontaithe, Tráchtaireacht a ghabhann le Prionsabail Threoracha 21 agus 29 de chuid na Náisiún Aontaithe, agus Prionsabal Treorach 31(h) de chuid na Náisiún Aontaithe agus a Thráchtaireacht; agus Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 30, 33, 42 agus 76 chomh maith le (b) Treoirlínte ECFE Caibidil II ar Bheartais Ghinearálta (mír A.14 agus mír 25 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (2.1.c, 2.3. 2.4.a, 3.1.b agus 3.1.f) agus Iarscríbhinn Ceisteanna 8- 11.
(5) Prionsabail Threoracha 17, 18 agus 24 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a gcuid Tráchtaireachtaí, agus an Tráchtaireacht a ghabhann le Prionsabal Treorach 29 de chuid na Náisiún Aontaithe; agus Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 9, 12-13, 27-28, 36-42, agus 85-89 agus (b) Treoirlínte ECFE Caibidil II ar Bheartais Ghinearálta (míreanna A.10-11 agus mír 14 den Tráchtaireacht), agus Caibidil IV ar Chearta an Duine (míreanna 1-2 agus míreanna 41-43 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (2.1-2.4) agus Iarscríbhinn Ceisteanna 3-5, agus 19-31).
(6) Prionsabail Threoracha 19, 22 agus 23 de chuid na Náisiún Aontaithe agus a gcuid Tráchtaireachtaí; agus Treoir Léirmhínitheach na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 11, 32,46-47, 64-68, agus 82-83 agus (b) Treoirlínte ECFE Caibidil II ar Bheartais Ghinearálta (míreanna A.12 agus míreanna 18-22 den Tráchtaireacht), agus Caibidil IV ar Chearta an Duine (míreanna 3 agus 42-43 den Tráchtaireacht); agus Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (3.1-3.2) agus Iarscríbhinn Ceisteanna 32-40).
(7) Prionsabail Threoracha 20 agus 31(g) de chuid na Náisiún Aontaithe agus a gcuid Tráchtaireachtaí; agus Treoir Léirmhínitheach de chuid na Náisiún Aontaithe, Ceisteanna 49-53 agus 80 agus (b) Treoraíocht Díchill Chuí ECFE, Roinn II (4.1 agus 5.1) agus Iarscríbhinn, Ceisteanna 41-47.
(8) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(9) Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).
(10) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
(13) Tacaíonn an fhaisnéis seo le riachtanais faisnéise na nithe seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Éagsúlacht inscne an bhoird’) agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar a leagtar amach le táscaire ‘Meánchóimheas ualaithe idir comhaltaí boird baineanna agus fireanna’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(14) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach sa táscaire ‘Meánchéatadán ualaithe comhaltaí boird atá neamhspleách’ i roinn I d’Iarscríbhinn II.
(15) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An easpa díchill chuí’).
(16) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar chuideachtaí atá gníomhach in earnáil na mbreoslaí iontaise’).
(17) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(18) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shonrú, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).
(19) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí a tháirgeann ceimiceáin’).
(20) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar airm chonspóideacha (mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin, airm cheimiceacha agus airm bhitheolaíocha)’).
(21) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1818 mar a leagtar amach i mír b) d’Airteagal 12.1.
(22) Airteagal 18, mír 1, fophointe (a) de Threoir 2013/34/AE: ‘an glanláimhdeachas arna mhiondealú de réir catagóirí gníomhaíochta agus ina margaí geografacha, a mhéid atá difríocht shubstaintiúil idir na catagóirí agus na margaí sin, agus an chaoi a n-eagraítear díol táirgí agus soláthar seirbhísí á cur san áireamh.’
(23) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe) (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)
(24) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil ‘CRR’) (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(25) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(26) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(27) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1).
(28) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh (IO L 324,19.12.2022, lch. 1.).
(29) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).
(30) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(31) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).
(32) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe) (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1)
(33) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(34) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais a nochtadh (IO L 324,19.12.2022, lch. 1.).
(35) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Dlí Aeráide Eorpach), Airteagal 2(1); agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán maidir le Tagarmharc Aeráide), Airteagal 2.
(36) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).
(37) Na méideanna CapEx atá á mbreithniú, baineann siad leis na cóid NACE seo a leanas:
|
(a) |
B.05 Mianadóireacht guail agus ligníte, B.06 Eastóscadh peitriliam amh agus gáis nádúrtha (teoranta do pheitriliam amh), B.09.1 Gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh eastóscadh peitriliam agus gáis nádúrtha (teoranta do pheitriliam amh), |
|
(b) |
C.19 Monarú táirgí cóic agus peitriliam scagtha, |
|
(c) |
D.35.1 - Giniúint, tarchur agus dáileadh cumhachta, |
|
(d) |
D.35.3 - Soláthar gaile agus aerchóirithe (teoranta do chumhacht agus/nó giniúint teasa gualadhainte agus ola-adhainte), |
|
(e) |
G.46.71 - Mórdhíol breoslaí soladacha, leachtacha agus gásacha agus táirgí gaolmhara (teoranta do bhreoslaí soladacha agus leachtacha). |
Le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le gás, tugann an sainmhíniú ar chód NACE aghaidh ar ghníomhaíochtaí le hastaíochtaí GCT díreacha atá níos airde ná 270 gCO2/KWh.
(38) Áirítear an ceanglas seo maidir le nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún, teimpléad I, an riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide; agus tá sé ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 12.1 (d) go (g) agus Airteagal 12.2.
(39) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 (RNAI) ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil tionscnaimh laghdaithe astaíochtaí carbóin acu’). agus tá sé ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 6.
(40) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #5 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An sciar de thomhaltas agus táirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite’). Tá an miondealú ina thagairt do tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach i dtáscaire #5 i dTábla II den Iarscríbhinn chéanna (‘Miondealú an tomhaltais fuinnimh de réir chineál na bhfoinsí neamh-inathnuaite fuinnimh’).
(41) Comhlíontach leis na ceanglais i ngníomhartha tarmligthe maidir le hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite: Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch; agus rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreosla carbóin athchúrsáilte.
(42) Is iad na hearnálacha ag a bhfuil tionchar ard ar an aeráid na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H de NACE agus i Roinn L (mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún).
(43) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #5 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An sciar de thomhaltas agus táirgeadh fuinnimh neamh-inathnuaite’).
(44) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #6 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Déine tomhaltais fuinnimh de réir earnáil ardtionchair aeráide’).
(45) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscairí #1 agus #2 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Astaíochtaí gás ceaptha teasa’ agus ‘Lorg carbóin’). Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 5 (1), Airteagal 6 agus Airteagal 8 (1).
(46) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #3 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Déine astaíochtaí gás ceaptha teasa institiúidí infheistiúcháin’). Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide), Airteagal 8 (1).
(47) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Dlí Aeráide Eorpach), Airteagal 2(1);
(48) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide).
(49) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta — Riosca fisiceach maidir leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.
(50) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 5: Leabhar baincéireachta — Riosca fisiceach maidir leis an athrú aeráide: Neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.
(51) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais a áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún - Teimpléad 2: Leabhar baincéireachta — Riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide: Iasachtaí atá comhthaobhaithe le réadmhaoin – Éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta.
(52) Tá an fhaisnéis sin ailínithe le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún (Rialachán Tagarmhairc Aeráide).
(53) Luaitear in Airteagal 12.1 den Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide ‘go n-eisiafaidh Riarthóirí Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras na cuideachtaí seo a leanas:
|
a) |
cuideachtaí a dhíorthaíonn 1 % nó níos mó dá n-ioncam ó ghual crua agus lignít a thaiscéaladh, mianadóireacht a dhéanamh orthu, iad a eastóscadh, a dháileadh nó a scagadh; nó |
|
b) |
cuideachtaí a dhíorthaíonn 10 % nó níos mó dá n-ioncam ó bhreoslaí ola a thaiscéaladh, iad a eastóscadh, a dháileadh nó a scagadh; nó |
|
c) |
cuideachtaí a dhíorthaíonn 50 % nó níos mó dá n-ioncam ó bhreoslaí gásacha a thaiscéaladh, iad a eastóscadh, a mhonarú nó a dháileadh; nó |
|
d) |
cuideachtaí a dhíorthaíonn 50 % nó níos mó dá n-ioncam ó ghiniúint leictreachais lena ngabhann déine GCT de níos mó ná 100 g CO2 e/KWh.’ |
Luaitear in Airteagal 12.2 maidir le ‘ Riarthóirí Thagarmharcanna an Aontais atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh siad a eisiamh ó na tagarmharcanna sin aon chuideachta a fhaigheann siad nó a mheasann siad nó a fhaigheann nó a mheasann soláthraithe sonraí seachtracha a bheith i mbun díobháil shuntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir leis na rialacha maidir le meastacháin a leagtar síos in Airteagal 13(2) den Rialachán seo. ’.
(54) Tá an ceanglas seo maidir le nochtadh comhsheasmhach leis na ceanglais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún, teimpléad 1, an riosca aistrithe maidir leis an athrú aeráide.
(55) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(56) Comhlíontach leis na ceanglais i ngníomhartha tarmligthe maidir le hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite: Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch; agus rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreosla carbóin athchúrsáilte.
(57) Bunaithe ar Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.
(58) Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/2279 an 15 Nollaig 2021 maidir le modhanna an Loirg Comhshaoil a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil táirgí agus eagraíochtaí ar feadh a saolré a thomhas agus a chur in iúl (IO L 471, 30.12.2021, lch. 1).
(59) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún — Teimpléad 5 neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.
(60) Tá an ceanglas sin maidir le nochtadh comhsheasmhach le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún — Teimpléad 5 neamhchosaintí faoi réir riosca fisiceach.
(61) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(62) Tá an ceanglas nochta sin comhsheasmhach le ceanglais Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2453 ón gCoimisiún — Teimpléad 2 réadmhaoin dhochorraithe, éifeachtúlacht fuinnimh na comhthaobhachta.
(63) Is é an ráta costais an fachtóir a úsáidtear chun tionchair neamhairgeadaíochta amhail tonaí, heicteáir, m3 etc. a thiontú ina n-aonaid airgeadaíochta. Ba cheart rátaí costais a bheith bunaithe ar staidéir luachála airgeadaíochta, ní mór dóibh a bheith bunaithe ar an eolaíocht agus ní mór do na modhanna a úsáidtear chun na rátaí a fháil a bheith trédhearcach. Is féidir treoir maidir leis na modhanna sin a fháil, e.g., ón tionscadal TRÉDHEARCACH arna chistiú ag AE-LIFE.
(64) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 033, 4.2.2006, lch. 1);
(65) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 go ndíorthaítear é ó: (a) táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #2 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtadh i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (“Astaíochtaí truailleán aeir”); (b) táscaire #8 i dTábla I d’Iarscríbhinn I (“Astaíochtaí chun uisce); (c) táscaire #1 i dTábla II d’Iarscríbhinn I (“Astaíochtaí truailleán neamhorgánach”); agus (d) táscaire #3 i dTábla II d’Iarscríbhinn I (“Astaíochtaí substaintí ídithe ózóin”).
(66) De réir Eurostat, is aicmiú é Céim an uirbithe (DEGURBA) a léiríonn carachtar limistéir. Bunaithe ar an sciar den daonra áitiúil a bhfuil cónaí orthu i gcnuasaigh uirbeacha agus i lárionaid uirbeacha, aicmítear Aonaid Riaracháin Áitiúla (LAU nó pobail) ina dtrí chineál ceantair: i) Cathracha (ceantair dhlúthdhaonra), ii) Bailte agus bruachbhailte (ceantracha meándlúis), agus iii) Ceantair thuaithe (ceantair ina bhfuil daonra mór).
(67) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(68) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (an Treoir Réime maidir le hUisce) (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(69) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(70) Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).
(71) Foinse: Caighdeán Feidhmíochta IFC 6, 2012.
(72) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #7 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu’).
(73) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #8 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Neamhchosaint ar limistéir ina bhfuil ardstrus maidir le huisce’).
(74) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu’).
(75) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #6.2 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Úsáid agus athchúrsáil uisce’’, 2. Meánchéatadán ualaithe an uisce arna athchúrsáil agus arna athúsáid ag institiúidí infheistiúcháin).
(76) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 ós rud é go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #6.1 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Úsáid agus athchúrsáil uisce’’, 1. An meánmhéid uisce a thomhlaíonn institiúidí infheistiúcháin (i méadair chiúbacha) in aghaidh an mhilliúin EUR d’ioncam institiúidí infheistiúcháin).
(77) Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 - An dúlra a thabhairt ar ais inár saol, COM/2020/380 final.
(78) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú ( IO L 20, 26.1.2010, lch. 7) agus Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(79) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) ( IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(80) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #7 i dTábla 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Gníomhaíochtaí a dhéanann difear diúltach do limistéir atá íogair ó thaobh na bithéagsúlachta de’).
(81) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Díghrádú talún, fairsingiú fásaigh, séalú ithreach’).
(82) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla 2 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe gaolmhar i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Speicis nádúrtha agus limistéir faoi chosaint’).
(83) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(84) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais talún / talmhaíochta inbhuanaithe acu’).
(85) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil cleachtais aigéan/farraigí inbhuanaithe acu’).
(86) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #15 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Dífhoraoisiú’).
(87) Mar a léirítear i Liosta Dearg IUCN na Speiceas faoi Bhagairt agus sa Liosta Dearg Eorpach arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach.
(88) Is faoi ESRS E1 Athrú Aeráide agus truailliú faoi ESRS E2 Truailliú atá an spreagadh díreach athrú aeráide le tuairisciú.
(89) Mar a moladh le Rialachán (AE) 2018/2026 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 18).
(90) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(91) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas dramhaíola neamh-athchúrsáilte’).
(92) Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48). Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas idir dramhaíl ghuaiseach agus dramhaíl radaighníomhach’).
(93) De réir mar a leagtar síos le Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
(94) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscairí breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #13 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh de’).
(95) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscairí breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair leanaí de’).
(96) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais ar chearta an duine’).
(97) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe.
(98) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc ar chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu maidir le saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1 go 8’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(99) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus beart chun gáinneáil ar dhaoine a chosc’).
(100) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #1 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Infheistíochtaí i gcuideachtaí nach bhfuil beartais acu chun tionóiscí tionsclaíochta a chosc’).
(101) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #5 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa sásraí láimhseála casaoidí/gearán a bhaineann le hábhair fostaithe).
(102) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Meánchóimheas ualaithe timpistí, díobhálacha, básanna’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II. Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach le táscaire #2 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaca le rialacha maidir le nochtadh i dtaobh infheistíochtaí inbhuanaithe (‘An ráta timpistí’) agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Meánchóimheas ualaithe timpistí, díobhálacha, básanna’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(103) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #3 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon laethanta a cailleadh de dheasca díobhálacha, timpistí, básanna nó tinnis’).
(104) Tacaíonn an fhaisnéis seo leis na riachtanais faisnéise seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #12 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Bearna phá neamhchoigeartaithe idir na hinscní’); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Meán ualaithe na bearna pá idir na hinscní’ i roinn 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(105) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #8 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cóimheas pá POF iomarcach’).
(106) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #7 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Teagmhais idirdhealaithe’).
(107) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I agus le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Treoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta’ agus ‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus teagmhais mhóra maidir le cearta an duine’); agus riachtanais faisnéise riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(108) Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail chun fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).
(109) Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
(*1) * Inscne mar atá sonraithe ag na fostaithe iad féin.
(110) Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
(111) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscairí breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscairí uimhir 12 agus uimhir 13 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair leanaí de’ agus ‘Oibríochtaí agus soláthróirí atá go mór i mbaol ó thaobh teagmhais saothair éignithe nó éigeantaigh de’).
(112) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais ar chearta an duine’).
(113) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta’).
(114) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus beart chun gáinneáil ar dhaoine a chosc’).
(115) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #4 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa cóid iompair soláthróra’).
(116) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais riarthóirí tagarmharcanna tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc ar chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu maidir le saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1 go 8’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(117) Tacaíonn an fhaisnéis seo le riachtanais faisnéise na ndaoine seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe; agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscairí ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ agus ‘Neamhchosaint na punainne tagarmhairc ar chuideachtaí nach bhfuil beartais díchill chuí acu maidir le saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu i gCoinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair 1 go 8’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(118) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’).
(119) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais um chearta an duine’).
(120) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa próiseas agus sásraí comhlíontachta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta’).
(121) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na ngrúpaí seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sé as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Sáruithe ar phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus ar Threoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta’); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(122) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’).
(123) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #9 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartais um chearta an duine’).
(124) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire sainordaitheach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #11 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe.
(125) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na ngrúpaí seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go ndíorthaítear é ó tháscaire éigeantach a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #10 i dTábla I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha nochta i ndáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (“Forluithe phrionsabail Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe agus Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) d’Fhiontair Ilnáisiúnta”); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG a nochtadh faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 mar a leagtar amach le táscaire ‘An líon comhpháirteanna tagarmhairc atá faoi réir sáruithe sóisialta (dearbhuimhir agus coibhneasta arna roinnt ar gach comhpháirt tagarmharcanna), dá dtagraítear i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta, i bprionsabail na Náisiún Aontaithe agus, i gcás inarb infheidhme, sa dlí náisiúnta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(126) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann leis na drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #14 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘An líon cásanna sainaitheanta de shaincheisteanna agus de teagmhais thromchúiseacha maidir le cearta an duine’).
(127) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar go n-eascraíonn sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach le táscaire #15 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Easpa beartas frithéillithe agus frithbhreabaireachta’).
(128) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(129) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchar príomha mar a leagtar amach le táscaire #6 i dTábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cosaint neamhleor do sceithirí eolais’).
(130) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise na ngrúpaí seo a leanas: rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 toisc go ndíorthaítear é ó tháscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha a leagtar amach i dtáscaire #17 de Thábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le nochtaí maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (“Líon na gciontuithe agus méid na bhfíneálacha as sárú ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta”); agus riarthóirí tagarmharcanna chun tosca ESG atá faoi réir Rialachán (AE) 2020/1816 a nochtadh mar a leagtar amach sa táscaire ‘Nuamaigh ciontuithe agus méid na bhfíneálacha i leith sáruithe ar dhlíthe frithéillithe agus frithbhreabaireachta’ i ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II.
(131) Tacaíonn an fhaisnéis sin le riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir Rialachán (AE) 2019/2088 mar gur eascair sí as táscaire breise a bhaineann le drochthionchair phríomha mar a leagtar amach i dtáscaire #16 de Thábla III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2022/1288 (AE) ón gCoimisiún i dtaobh rialacha maidir le nochtadh i dtaca le hinfheistíochtaí inbhuanaithe (‘Cásanna nach ndearnadh gníomhaíocht leormhaith iontu chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chaighdeáin frithéillithe agus frithbhreabaireachta’).
(132) Comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.
IARSCRÍBHINN II
ACRAINMNEACHA AGUS GLUAIS TÉARMAÍ
Cuirtear i láthair san Iarscríbhinn seo na hacrainmneacha uile atá le fáil in ESRSanna (Tábla 1) chomh maith leis na téarmaí uile a shainmhínítear sna ESRSanna (Tábla 2).
Tábla 1
Acrainmneacha
|
AMS |
Córais Uathoibrithe Tomhais |
|
AQI |
Innéacsanna Cáilíochta an Aeir |
|
AR |
Ceanglais maidir le Cur i bhFeidhm |
|
AWS |
An Chomhghuaillíocht um Maoirseacht Uisce |
|
BAT |
An Teicníc is Fearr atá ar Fáil |
|
BAT-AEL |
Leibhéal Astaíochta a Bhaineann leis an Teicníc is Fearr atá ar Fáil |
|
BAT-AEPL |
An Teicníc is Fearr atá ar Fáil-Leibhéal Feidhmíochta Comhshaoil atá Bainteach léi |
|
BREFanna |
Doiciméid Thagartha maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil |
|
Btu |
Teas-aonad Briotanach |
|
CapEx |
Caiteachas Caipitiúil |
|
CBD |
An Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht |
|
CDDA |
Bunachar Sonraí Coiteann maidir le Limistéir Ainmnithe |
|
CEN |
An Coiste Eorpach um Chaighdeánú |
|
CENELEC |
Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil |
|
CH4 |
Meatán |
|
CICES |
Aicmiú Idirnáisiúnta Coiteann ar Sheirbhísí Éiceachórais |
|
C02 |
Dé-ocsaíd Charbóin |
|
CRR |
Rialachán (AE) 757/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (An Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil) |
|
DEGURBA |
Leibhéal an Uirbithe |
|
DR BP-1 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Bunús ginearálta maidir le hullmhú na ráiteas inbhuanaitheachta |
|
DR BP-2 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Nochtaí i ndáil le himthosca sonracha |
|
DR GOV-1 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Ról na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta |
|
DR GOV-2 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Faisnéis arna soláthar do chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais agus ábhair inbhuanaitheachta a dtugann siad aghaidh orthu |
|
DR GOV-3 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Feidhmíocht a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú i scéimeanna dreasachta |
|
DR GOV-4 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Ráiteas maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta |
|
DR GOV-5 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Bainistíocht riosca agus rialuithe inmheánacha ar thuairisciú inbhuanaitheachta |
|
DR SBM-1 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Staid an mhargaidh, straitéis, samhail ghnó (samhlacha gnó) agus slabhra luacha |
|
DR SBM-2 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Leasanna agus tuairimí páirtithe leasmhara |
|
DR SBM-3 |
Ceanglas maidir le Nochtadh - Tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha agus a n-idirghníomhaíocht le straitéis agus samhail ghnó (samhlacha gnó) |
|
DR IRO-1 |
Ceanglas maidir le Nochtadh – Tuairisc ar na próisis chun tionchair, rioscaí agus deiseanna ábhartha a shainaithint agus a mheasúnú |
|
DR IRO-2 |
Ceanglais maidir le Nochtadh in ESRS cumhdaithe ag ráitis inbhuanaitheachta an ghnóthais |
|
DNSH |
Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh |
|
DR |
Ceanglais maidir le Nochtadh |
|
ASA |
An tÚdarás Baincéireachta Eorpach |
|
CE |
An Coimisiún Eorpach |
|
EEA |
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch |
|
EFRAG |
An Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais |
|
EFRAG SRB |
Bord Tuairiscithe Inbhuanaitheachta an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais |
|
MTC |
Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol |
|
EMAS |
An Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil |
|
EPC |
Deimhniú Feidhmíochta Fuinnimh |
|
E-PRTR |
An Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán |
|
ESA |
Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha |