Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2746

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2746 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Ezine Peyniri (ATFC))

    C/2023/8428

    IO L, 2023/2746, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2746/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2746/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2746

    7.12.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2746 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Samhain 2023

    lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Ezine Peyniri’ (ATFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Tuirc ar chlárú an ainm ‘Ezine Peyniri’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide réasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Ezine Peyniri’ a chlárú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá an t-ainm ‘Ezine Peyniri’ (ATFC) cláraithe leis seo i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint.

    Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.3. ‘Cáiseanna’ faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Samhain 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)   IO C 287, 16.8.2023, lch. 22.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2746/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top