This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2712
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2712 of 5 December 2023 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2019/1020 of the European Parliament and of the Council as regards the details of the information to be transmitted from national customs systems to the information and communication system for market surveillance concerning products placed under the customs procedure release for free circulation
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2712 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionsonraí na faisnéise atá le tarchur ó chórais chustaim náisiúnta chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide le haghaidh faireachas margaidh maidir le táirgí a chuirtear faoin nós imeachta custaim scaoileadh i saorchúrsaíocht
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2712 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionsonraí na faisnéise atá le tarchur ó chórais chustaim náisiúnta chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide le haghaidh faireachas margaidh maidir le táirgí a chuirtear faoin nós imeachta custaim scaoileadh i saorchúrsaíocht
C/2023/8210
IO L, 2023/2712, 6.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2712/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2712 |
6.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2712 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Nollaig 2023
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionsonraí na faisnéise atá le tarchur ó chórais chustaim náisiúnta chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide le haghaidh faireachas margaidh maidir le táirgí a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 34(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020 ceanglaítear ar údaráis chustaim, nuair is ábhartha chun reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú a fhorfheidhmiú agus chun riosca a íoslaghdú, faisnéis faoi tháirgí a asbhaint as córais náisiúnta chustaim maidir le táirgí a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta’ a bhaineann le forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais, agus í a tharchur chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin, ar a dtugtar an Córas Faisnéise agus Cumarsáide um Fhaireachas Margaidh (‘ICSMS’). |
|
(2) |
Bailíonn na húdaráis chustaim faisnéis faoi tháirgí a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus tarchuirfear chuig an gCoimisiún í trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (3) ón gCoimisiún (an ‘bunachar sonraí faireachais’). Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun faisnéis a tharchur chuig ICSMS dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
|
(3) |
Mar sin féin, sa bhunachar sonraí Faireachais tá faisnéis níos fairsinge agus níos mionsonraithe ná mar a theastaíonn ó údaráis faireachais margaidh chun críche Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020. Dá bhrí sin, is gá na tacair faisnéise ábhartha a shainiú atá le comhiomlánú agus le tarchur ón mbunachar sonraí faireachais chuig ICSMS. Ba cheart na tacair faisnéise sin a shainiú i ndáil leis na heilimintí sonraí sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (4). |
|
(4) |
Chun tarchur dúbailte faisnéise ó údaráis chustaim a sheachaint, ba cheart an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020 a tharchur chuig ICSMS in dhá chéim: ar an gcéad dul síos, ba cheart d’údaráis chustaim an fhaisnéis sin a tharchur chuig an gCoimisiún tríd an mbunachar sonraí faireachais a úsáid; ar an dara dul síos, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-aisghabhfar an fhaisnéis ón mbunachar sonraí faireachais agus go dtarchuirfear í chuig ICSMS thar ceann na n-údarás custaim. |
|
(5) |
Níor cheart an fhaisnéis a tharchuirtear chuig ICSMS de bhun Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020 a fhágáil sna comhéadain leictreonacha a úsáidtear chun í a tharchur níos faide ná mar is gá don tarchur sin. Ba cheart d’úsáideoirí ICSMS dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 an fhaisnéis sin a choinneáil faoi rún (oifigí idirchaidrimh aonair, údaráis faireachais margaidh, údaráis arna n-ainmniú faoi Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 agus an Coimisiún) agus níor cheart í a úsáid ach amháin chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú agus chun riosca a íoslaghdú. |
|
(6) |
Ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar ionas go bhféadfar uirlis léirshamhlúcháin leordhóthanach a fhorbairt lena soláthrófar rochtain sholáimhsithe ar an bhfaisnéis a tharchuirtear chuig ICSMS de bhun Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An fhaisnéis atá le tarchur agus an próiseas tarchurtha
1. Is mar seo a leanas a bheidh an fhaisnéis faoi tháirgí a chuirtear faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht’ agus atá le baint as córais chustaim náisiúnta agus a tharchuirtear chuig an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 (‘ICSMS’) de bhun Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2019/1020:
|
(a) |
faisnéis a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
faisnéis a bhaineann leis na táirgí a dhearbhaítear le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht faoi Chaibidil 24 go Caibidil 96 den Ainmníocht Chustaim, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (5); |
|
(c) |
faisnéis atá ar fáil sna córais chustaim náisiúnta faoin eilimint sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sa chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (‘an bunachar sonraí Faireachais’). |
Tarchuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhformáid chomhiomlánaithe agus bainfear na sonraí uile a bhaineann go sonrach le hidirbhearta nó le hoibreoir.
Nuair a chuirfidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó Airteagail 2, 143a agus 144 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 nó aon rialacha idirthréimhseacha eile a leagtar amach sna Rialacháin seo nó dá mbun, ceanglais sonraí i bhfeidhm maidir leis an dearbhú custaim atá éagsúil leis na cinn a leagtar amach san Iarscríbhinn, is ionann an fhaisnéis a bheidh le tarchur agus an fhaisnéis choibhéiseach atá ar fáil sa dearbhú custaim faoi réir na gceanglas sonraí sin.
2. Tarchuirfidh údaráis chustaim an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún tríd an mbunachar sonraí faireachais a úsáid.
ar an dara dul síos, áiritheoidhan Coimisiún go n-aisghabhfar an fhaisnéis ón mbunachar sonraí Faireachais agus go dtarchuirfear í chuig ICSMS ar bonn míosúil. Áireofar i ngach tarchur míosúil na taifid faisnéise ábhartha a chumhdaíonn tréimhse 5 bliana roimh mhí an tarchuir.
Airteagal 2
Rúndacht Faisnéise
1. Ní fhanfaidh an fhaisnéis a tharchuirfear de bhun Airteagal 1 sna comhéadain leictreonacha a úsáidtear chun í a tharchur ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá don tarchur sin agus coinneoidh an Coimisiún faoi rún í le linn an tarchuir.
2. Coinneoidh úsáideoirí ICSMS an fhaisnéis a tharchuirfear de bhun Airteagal 1 faoi rún. Ní úsáidfear í ach amháin chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a fhorfheidhmiú agus chun críche riosca a íoslaghdú.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 6 Lúnasa 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
(5) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) |
Eilimint chomhfhreagrach sonraí in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 |
||
|
Eilimint sonraí |
Tuairisc |
Eilimint sonraí |
Tuairisc |
|
Mí Ghlactha |
An mhí a glacadh an dearbhú |
15 09 000 000 |
Dáta arna glacadh |
|
Eisitheoir |
An Ballstát inar glacadh leis an dearbhú |
Eilimint sonraí teicniúla |
An Ballstát a sholáthraíonn na sonraí |
|
Tír thionscnaimh |
Tír thionscnaimh an chustaim |
16 08 000 000 nó 16 09 000 000 |
Tír thionscnaimh nó Tír thionscnaimh fhabhrach |
|
an Tír Chinn Scríbe |
An Tír is ceann scríbe |
16 03 000 000 |
An Tír chinn scríbe |
|
Cód an Tráchtearra |
Cód tráchtearra suas go dtí leibhéal 10 ndigit |
18 09 056 000 18 09 057 000 18 09 058 000 |
Cód fho-cheannteideal an Chórais Chomhchuibhithe Cód ainmníochta comhcheangailte Cód TARIC |
|
Luach_Euro |
Luach staidrimh comhshóite go Euro |
99 06 000 000 |
Luach staidrimh (1) |
|
Glanmhais |
Glanmhais na n-earraí mar kg |
18 01 000 000 |
Glanmhais |
(1) Cuireann na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil ina n-airgeadraí náisiúnta agus déantar í a chomhshó go huathoibríoch go euro trí úsáid a bhaint as ráta oifigiúil an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2712/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)