This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1529
Council Regulation (EU) 2023/1529 of 20 July 2023 concerning restrictive measures in view of Iran’s military support of Russia’s war of aggression against Ukraine
Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
IO L 186, 25.7.2023, pp. 1–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
26/07/2025
|
25.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1529 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023…
a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (2). |
|
(2) |
Le Cinneadh 2014/512/CBES cuirtear toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a dhíol le haon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a sholáthar d’aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó a aistriú nó a onnmhairiú chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis. Cuireadh an toirmeasc sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (3) agus liostaítear na hearraí agus an teicneolaíocht lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(3) |
Le Cinneadh 2014/512/CBES, earraí agus teicneolaíocht lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Rúise, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, cuirtear toirmeasc ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis. Cuireadh an toirmeasc sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus liostaítear na hearraí agus an teicneolaíocht lena mbaineann in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(4) |
Le Cinneadh 2014/512/CBES, earraí lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Rúise go háirithe, cuirtear toirmeasc freisin ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis. Cuireadh an toirmeasc sin chun feidhme le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus liostaítear na hearraí agus an teicneolaíocht lena mbaineann in Iarscríbhinn XXIII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(5) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (5). |
|
(6) |
Tá Aerfheithiclí gan Foireann (UAVanna) a tháirgtear san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun UAVanna a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Tá an clár seo á reáchtáil ag an Aireacht Cosanta agus Lóistíocht Fhórsaí Armtha na hIaráine agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, atá curtha araon faoi smachtbhannaí ag an Aontas Eorpach, agus áirítear soláthar, forbairt, táirgeadh agus aistriú UAVanna chuig an Rúis sa mhéid sin. Tá an clár bunaithe ar chuideachtaí atá faoi úinéireacht Stáit chomh maith le cuideachtaí príobháideacha agus baineann sé tairbhe as cumais taighde intíre. |
|
(7) |
An 27 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1986 (6) lena gcuirtear triúr de mhuintir na hIaráine agus eintiteas amháin de chuid na hIaráine le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES agus faoi Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle (7) i bhfianaise a róil i bhforbairt agus i seachadadh UAVanna a úsáideann an Rúis ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. An 12 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2432 (8) lena gcuirtear ceathrar de mhuintir na hIaráine agus ceithre eintiteas de chuid na hIaráine leis an liosta sin freisin agus, an 25 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/432 (9) lena gcuirtear ceathrar eile de mhuintir na hIaráine leis an liosta sin. |
|
(8) |
An 20 Iúil 2023 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Leis an gCinneadh sin, cuirtear toirmeasc ar chomhpháirteanna a úsáidtear i monarú UAVanna a onnmhairiú chuig an Iaráin. Le Cinneadh (CBES) 2023/XXX ón gComhairle, cuirtear toirmeasc ar chearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar aon bhealach eile, agus ar chearta a dheonú chun rochtain a fháil ar, nó athúsáid a bhaint as, aon ábhar nó aon fhaisnéis a chosnaítear trí chearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht a bhfuil toirmeasc ar iad a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig duine, eintiteas nó comhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin. Déantar foráil leis an gCinneadh freisin maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá freagrach as clár UAV na hIaráine nó as tacú leis nó a bhfuil baint acu leis. Na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin, liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sinIarscríbhinn. |
|
(9) |
Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais. |
|
(10) |
Ba cheart don Chomhairle an chumhacht chun an liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a bhunú agus a leasú a fheidhmiú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bpróiseas chun an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhunú, a leasú agus a athbhreithniú. |
|
(11) |
Maidir leis an nós imeachta chun an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart a áireamh ann oibleagáid chun na forais lena liostú a chur in iúl do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe, d’eintitis ainmnithe nó do chomhlachtaí ainmnithe chun deis a thabhairt dóibh barúlacha a chur isteach. |
|
(12) |
Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú san Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le heintitis agus le comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart Rialachán (AE) 2016/679 (10) agus Rialachán (AE) 2018/1725 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh agus aon sonraí pearsanta á bpróiseáil. |
|
(13) |
Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo. |
|
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘seirbhísí bróicéireachta’:
|
|
(b) |
ciallaíonn ‘éileamh’ aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó tar éis an dáta sin, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, go háirithe na héilimh seo a leanas:
|
|
(c) |
ciallaíonn ‘conradh nó idirbheart’ aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le ‘conradh’ banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart; |
|
(d) |
tagraíonn ‘údaráis inniúla’ d’údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘acmhainní eacnamaíocha’ sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil; |
|
(f) |
ciallaíonn “maoiniú nó cúnamh airgeadais” aon ghníomhaíocht, cibé modh áirithe a roghnaítear, trína n-eisíocann an duine, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann, nó trína ngeallann sé go n-eisíocfaidh, a chistí féin nó a acmhainní eacnamaíocha féin go coinníollach nó go neamhchoinníollach, lena n-áirítear deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí, urraíochtaí, bannaí, litreacha creidmheasa, creidmheasanna soláthróra, creidmheasanna ceannaitheora, réamhíocaíochtaí allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin agus gach cineál árachais agus athárachais, lena n-áirítear árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin; ní maoiniú ná cúnamh airgeadais atá in íocaíocht an phraghais chomhaontaithe maille leis na téarmaí agus coinníollacha íocaíochta ar earra nó ar sheirbhís, arna déanamh i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas gnó; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘reo acmhainní eacnamaíocha’ cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘cistí’ sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta don mhéid seo a leanas:
|
|
(i) |
ciallaíonn ‘reo cistí’ cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht phunainne san áireamh; |
|
(j) |
ciallaíonn ‘cúnamh teicniúil’ aon tacaíocht theicniúil a bhaineann le deisiúcháin, forbairt, monarú, cóimeáil, tástáil, cothabháil, nó aon seirbhís theicniúil eile, agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm teagaisc, comhairle, oiliúna, eolais nó scileanna oibre a tharchur nó seirbhísí comhairliúcháin, lena n-áirítear cineálacha cúnaimh ó bhéal; |
|
(k) |
ciallaíonn ‘críoch an Aontais’ críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear a n-aerspás. |
Airteagal 2
1. Earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cur le cumas na hIaráine Aerfheithiclí gan Foireann (UAVanna) a mhonarú, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, beidh toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, le heintiteas nó le comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.
Earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus a onnmhairítear ón Aontas, beidh toirmeasc ar a n-idirthuras trí chríoch na hIaráine.
2. Toirmeascfar an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin; |
|
(b) |
maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, a sholáthar go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin. |
|
(c) |
cearta maoine intleachtúla nó rúin trádála a dhíol, a cheadúnú nó a aistriú ar bhealach ar bith eile agus cearta rochtana nó athúsáide a thabhairt d’aon ábhar nó faisnéis a chosnaítear trí bhíthin cearta maoine intleachtúla nó ar rúin trádála iad a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht san Iaráin nó lena n-úsáid san Iaráin. |
3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus gan dochar don cheanglas údarúcháin de bhun Rialachán (AE) 2021/821, i gcás inarb infheidhme, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt i dtaca le díol, soláthar, aistriú, idirthuras nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis don údarás sin a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a) |
chun críoch leighis nó cógaisíochta; nó |
|
(b) |
chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha. |
4. Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú atá deonaithe acu de bhun mhír 3 a neamhniú, a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm má mheasann siad gur gá an neamhniú, an cur ar fionraí, an modhnú nó an chúlghairm sin chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach.
5. Maidir le húdaruithe a cheanglaítear de bhun Rialachán 2021/821 maidir le honnmhairiú earraí agus teicneolaíochta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla ábhartha iad a dheonú ar leithligh i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/821. Beidh na húdaruithe sin bailí ar fud an Aontais.
6. Maidir le húdaruithe arna ndeonú faoi Rialachán (AE) 2021/821 a chur in iúl, leanfar an nós imeachta is infheidhme trí na bealaí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 23(6) den Rialachán sin (an córas ‘DUeS’).
7. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 2 (1), (1a) agus (2) go dtí 27 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hoibleagáidí a eascraíonn as conradh arna thabhairt i gcrích roimh 26 Iúil 2023, nó as conarthaí coimhdeacha is gá chun an conradh sin a chur i gcrích.
Airteagal 3
1. Maidir leis na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile, ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as clár UAV na hIaráine iad, nó atá freagrach as tacú leis nó a bhfuil baint acu leis, nó atá faoi úinéireacht, atá á sealbhú nó á rialú acu, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo, mar a liostaítear freisin in Iarscríbhinn III, déanfar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha sin a reo.
2. Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.
Airteagal 3a
De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh cinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
|
(a) |
go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí; |
|
(b) |
gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin; |
|
(c) |
gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin; |
|
(d) |
go bhfuil gá leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó |
|
(e) |
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas nó as cuntas misin taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochta idirnáisiúnta ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta. |
Airteagal 3b
De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a liostú in Iarscríbhinn III, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh; |
|
(b) |
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu; |
|
(c) |
ní chun sochair duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn III é an cinneadh; agus |
|
(d) |
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint. |
Airteagal 3c
De mhaolú ar Airteagal 3, agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn III í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn III, féadfaidh údaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:
|
(a) |
go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh na híocaíochta ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn III; agus |
|
(b) |
nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin. |
Airteagal 3d
1. Le hAirteagal 3(2), ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fuair cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlacht liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi idirbhearta den sórt sin gan mhoill.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 d’Airteagal 3 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite: ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin, íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3, ná íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear sa mhír sin fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.
Airteagal 3e
1. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 (2) maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha arna soláthar ag eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é ar ar a bhonn a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní sin go heisiach chun críoch daonnúil san Iaráin.
2. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1 den Airteagal seo, agus de mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin chun críoch daonnúil san Iaráin agus chun na gcríoch sin amháin.
3. Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar an t-údarú sin a bheith deonaithe.
4. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhíreanna 2 agus 3 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.
Airteagal 4
1. Na daoine nádúrtha atá freagrach as tacú le clár UAV na hIaráine nó a bhfuil baint acu leis agus daoine nádúrtha a bhfuil baint acu leo, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, cuirfear cosc orthu dul isteach i gcríoch Bhallstáit nó idirthuras a dhéanamh tríd an gcríoch sin
2. Le mír 1, ní chuirfear d’oibleagáid ar Bhallstát cead isteach ar a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.
Airteagal 5
1. Déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
|
(a) |
soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla, faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus |
|
(b) |
rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú. |
2. Beidh feidhm ag an oibleagáid i mír (1) faoi réir rialacha maidir le rúndacht faisnéise atá i seilbh údarás breithiúnach, agus atá comhsheasmhach le hurramú rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
3. Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.
4. Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.
Airteagal 6
1. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
(a) |
cistí arna reo faoi Airteagal 3 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagal 2 agus Airteagail 3a, 3b agus 3c agus; |
|
(b) |
sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo, fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a thugann cúirteanna náisiúnta. |
2. Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.
Airteagal 7
1. I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, leasóidh sí Iarscríbhinn III dá réir sin.
2. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach sin, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.
3. I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil isteach, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh lena mbaineann, agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.
4. Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn III go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.
5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn III a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.
Airteagal 8
1. Beidh in Iarscríbhinn III na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostú ann.
2. Beidh san Iarscríbhinn, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhreacha pas agus cárta aitheantais, inscne, seoladh, más eol, agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha, áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin, agus áit ghnó.
Airteagal 9
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 a leagtar síos tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú air ina dhiaidh sin.
Airteagal 10
1. Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thiocfaidh as an mbeart sin dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.
2. Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 11
1. Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, nó ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
|
(a) |
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe a liostaítear in Iarscríbhinn III; |
|
(b) |
aon duine, eintiteas nó comhlacht eile de chuid na hIaráine; |
|
(c) |
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b). |
2. In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a shásamh le mír 1.
3. Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha a fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 12
1. Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nós d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
tuairisceoidh siad laistigh de 6 seachtaine ón dáta a liostaítear in Iarscríbhinn III cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leis iad, atá á sealbhú nó á rialú acu, d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus |
|
(b) |
rachaidh siad i gcomhar leis na húdaráis inniúla lena mbaineann chun aon fhaisnéis den chineál sin a fhíorú. |
3. I gcás nach gcomhlíonfar mír 2, measfar gur rannpháirtíocht a bheidh ann, dá dtagraítear i mír 1, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 3.
4. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain ón dáta a thuairiscitear an fhaisnéis de bhun mhír 2(a).
5. Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.
6. Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus a mhéid sin amháin.
Airteagal 13
1. Próiseálfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Áireofar an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:
|
(a) |
a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn III a ullmhú agus a dhéanamh; |
|
(b) |
a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn III a ullmhú; |
|
(c) |
a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:
|
2. Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí, i gcás inarb infheidhme, sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla daoine den sórt sin nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin a phróiseáil ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinn III a ullmhú.3.
3. Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
Airteagal 14
1. Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sainaithneoidh siad na húdaráis sin ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi ainmniú a n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó ina dhiaidh sin faoi aon athrú ar an ainmniú.
3. I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn I an seoladh agus na sonraí teagmhála a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide sin.
Airteagal 15
Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear dó nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í agus chuige sin amháin.
Airteagal 16
Beidh feidhm ag an Rialachán seo:
|
(a) |
laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás; |
|
(b) |
ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit; |
|
(c) |
maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é; |
|
(d) |
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit; |
|
(e) |
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas. |
Airteagal 17
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Féach leathanach 20 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).
(5) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).
(6) Cinneadh (CBES) 2022/1986 ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
(7) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).
(8) Cinneadh (CBES) 2022/2432 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO LI 318, 12.12.2022, lch. 32).
(9) Cinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO LI 59, 25.2.2023, lch. 437).
(10) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN I
Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún
AN BHEILG
https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions
AN BHULGÁIR
https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions
AN tSEICIA
www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html
AN DANMHAIRG
http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/
AN GHEARMÁIN
https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html
AN EASTÓIN
https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid
ÉIRE
https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/
AN GHRÉIG
http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html
AN SPÁINN
https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx
AN FHRAINC
http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/
AN CHRÓIT
https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955
AN IODÁIL
https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/
AN CHIPIR
https://mfa.gov.cy/themes/
AN LAITVIA
http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539
AN LIOTUÁIN
http://www.urm.lt/sanctions
LUCSAMBURG
https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html
AN UNGÁIR
https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato
MÁLTA
https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx
AN ÍSILTÍR
https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties
AN OSTAIR
https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/
AN PHOLAINN
https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe
https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions
AN PHORTAINGÉIL
https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas
AN RÓMÁIN
http://www.mae.ro/node/1548
AN tSLÓIVÉIN
http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi
AN tSLÓVAIC
https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu
AN FHIONLAINN
https://um.fi/pakotteet
AN tSUALAINN
https://www.regeringen.se/sanktioner
Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA) |
|
Rue Joseph II 54 |
|
B-1049 An Bhruiséil, An Bheilg |
Seoladh ríomhphoist: relex-sanctions@ec.europa.eu
IARSCRÍBHINN II
Liosta na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 2
Catagóir 1— Aerfheithiclí GanFoireann
|
Tuairisc |
Cód AC |
|
Aerárthaí gan Foireann seachas iad siúd atá deartha chun paisinéirí a iompar |
8806.91 8806.92 8806.93 8806.94 8806.99 |
Catagóir 2 — Míreanna tiomána agus loingseoireachta
|
Tuairisc |
Cód AC |
|
Aerinnill ghástuirbín (inneall turba-liáin, turba-scairde agus turba-fean) le haghaidh aerárthaí, agus comhpháirteanna díobh atá saindeartha |
ex ex 8411.11 ex ex 8411.12 ex ex 8411.21 ex ex 8411.22 ex ex 8411.91 |
|
Innill loiní dócháin inmheánaigh, fhrithingeacha spréachadhainte nó rothlacha le haghaidh aerárthaí |
8407.10 |
|
Páirteanna atá oiriúnach le húsáid le hinnill loiní dócháin inmheánaigh le haghaidh aerárthaí amháin nó leis na hinnill sin go príomha |
8409.10 |
|
Innill loiní dócháin inmheánaigh adhainte comhbhrú le haghaidh aerárthaí |
ex ex 8408.90 |
|
Córais Loingseoireachta Táimhe, Aonaid um Thomhas Táimhe (IMU), méadair luasghéaraithe nó gíreascóip |
9014.20 |
|
Radair le haghaidh Aerárthaí gan Foireann agus comhpháirteanna díobh atá saindeartha |
ex ex 8526.10 ex ex 8529.90 |
|
Gléasra cúnta radloingseoireachta le haghaidh aerárthaí agus comhpháirteanna díobh atá saindeartha |
ex ex 8526.91 ex ex 8529.90 |
|
Aonad rialaithe eitilte le haghaidh Aerárthach gan Foireann (UAV) |
ex ex 8807.30 |
|
Aonad cianrialaithe le haghaidh Aerárthaí gan Foireann (UAV) |
ex ex 8807.30 |
Catagóir 3 — Comhpháirteanna agus feistí leictreonacha
|
Tuairisc |
Cód AC |
|
Ciorcaid iomlánaithe, mar a leanas:follows: Eagar Geataí In-Ríomhchláraithe sa Réimse (FPGA), micririaltán, micreaphróiseálaí, próiseálaí comharthaí, anailíseoir comharthaí |
ex ex 8542.31 ex ex 8542.39 |
|
Aimplitheoir MMIC |
ex ex 8542.33 |
|
Scagaire RF nó scagaire Trasnaíochta Leictreamaighnéadaí (EMI), oiriúnach d’aerárthaí |
ex ex 8548.00 |
|
Ceamara oíche |
8525.83 |
|
Ceamara (infheicthe nó teirmeach) atá saindeartha le haghaidh Aerárthaí gan Foireann |
ex ex 8525.89 |
|
Ceamara aershuirbhéireachta |
ex ex 9006.30 |
|
Braiteoir teirmeach le haghaidh ceamaraí UAV |
ex ex 8529.90 ex ex 9013.80 ex ex 9025.80 ex ex 9026.90 ex ex 9027.50 |
Catagóir 4 — Míreanna eile
Trealamh ‘córas loingseoireachta satailíte’, lena n-áirítear Aeróga agus Antennas atá oiriúnach chun comharthaí GNSS a ghlacadh
Aerbheirthe raon léasair
Córais LIDAR
Teicneolaíocht, atá deartha nó oiriúnaithe go sonrach chun trealamh a liostaítear thuas a thástáil, a fhorbairt nó a tháirgeadh.
IARSCRÍBHINN III
Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3
[…]