Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1195

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1195 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le mionsonraí agus formáid na faisnéise atá le cur ar fáil ag na Ballstáit maidir le torthaí imscrúduithe oifigiúla a bhaineann le cásanna éillithe le táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach

C/2023/3907

IO L 158, 21.6.2023, pp. 65–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1195/oj

21.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 158/65


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1195 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meitheamh 2023

lena leagtar síos rialacha maidir le mionsonraí agus formáid na faisnéise atá le cur ar fáil ag na Ballstáit maidir le torthaí imscrúduithe oifigiúla a bhaineann le cásanna éillithe le táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 29(8), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2018/848 nach mór d’údaráis inniúla na mBallstát torthaí na n-imscrúduithe agus na mbeart a rinne siad a dhoiciméadú i gcás ina bhfuil táirgí agus substaintí ann nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach de bhun Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 29(6) de Rialachán (AE) 2018/848, ní mór do na Ballstáit faisnéis a roinnt leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún maidir le haon bheart atá déanta acu chun dea-chleachtais a cheapadh agus maidir le haon bheart breise chun nach mbeidh táirgí agus substaintí ann nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach.

(2)

Le hAirteagal 29(9) de Rialachán (AE) 2018/848 ceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir le cásanna éillithe le táirgí nó substaintí neamhúdaraithe a tharchur go leictreonach, tríd an gcóras ríomhaireachta arna chur ar fáil ag an gCoimisiún.

(3)

Chun dúbláil a sheachaint maidir leis na modhanna lena dtarchuireann na Ballstáit an fhaisnéis uile a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/848 chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile, na mionsonraí agus an fhormáid atá le húsáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(6) den Rialachán sin a chur in iúl, d’fhéadfaí iad a úsáid freisin chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 29(9) den Rialachán sin a tharchur. Ba cheart do na Ballstáit Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) a úsáid chun na críche sin.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um tháirgeadh orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Mionsonraí agus formáid na faisnéise maidir le himscrúduithe oifigiúla, dea-chleachtais agus bearta breise a bhaineann le héilliú le táirgí agus substaintí neamhúdaraithe

Úsáidfidh na Ballstáit Córas Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí (OFIS) agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun torthaí doiciméadaithe na n-imscrúduithe oifigiúla arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 29(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848 a chur ar fáil do na Ballstáit eile agus don Choimisiún, chomh maith le haon bheart atá déanta ag na húdaráis inniúla chun dea-chleachtais agus bearta breise a cheapadh chun nach mbeidh táirgí agus substaintí ann nach bhfuil údaraithe, de bhun Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Teimpléad OFIS dá dtagraítear in Airteagal 1

CUID I

Faisnéis maidir le torthaí na n-imscrúduithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 29(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848 agus maidir le bearta chun a áirithiú nach mbeidh táirgí agus substaintí ann nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach

1.

Tagairt do na himscrúduithe oifigiúla nó, más infheidhme, tagairt do na cásanna

2.

Ainm an táirge orgánaigh nó an táirge atá á thiontú nó ábhar eile a sampláladh:

(a)

 

Bia

Beatha

Ábhar plandaí

Ithir

Eile (sonraítear)

(b)

 

Ainmníocht táirge cód AC

3.

Méid na dtáirgí atá éillithe (cileagraim, lítir nó, i gcás inarb ábhartha, líon na n-aonad):

4.

Ainm na dtáirgí nó na substaintí neamhúdaraithe a braitheadh:

5.

Líon na dtáirgí nó na substaintí neamhúdaraithe a braitheadh:

An raibh an t-éilliú os cionn an Uasleibhéil Iarmhair a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1) ?

Bhí

Ní raibh

Ní bhaineann (N/B)

6.

An chéim ar an slabhra soláthair inar braitheadh táirgí nó substaintí neamhúdaraithe:

Táirgeadh

I gcás táirgeadh plandaí amháin

Roimh an mbuaint

I ndiaidh na buainte

Ullmhúchán

Próiseáil/caomhnú

Pacáistiú

Marú, gearradh, glanadh nó muilleáil

Dáileadh

Stóráil

Cur ar an margadh

Miondíol

Mórdhíol

Allmhairiú

Post rialaithe teorann

Pointe scaoilte i saorchúrsaíocht

Easpórtáil

Is táirge é atá:

Pacáistithe

Ar an mórchóir

7.

Foinse na dtáirgí nó na substaintí neamhúdaraithe agus an chúis a bhfuil siad i láthair;

D’úsáid an t-oibreoir táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe i dtáirgeadh orgánach

Cáitheadh sprae ó tháirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe i dtáirgeadh orgánach

Meascadh táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú le táirgí neamhorgánacha nó táirgí atá á dtiontú

Díol táirgí neamhorgánacha nó táirgí atá á dtiontú mar tháirgí orgánacha

Ní dhearna an t-oibreoir na bearta réamhchúraim dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/848

Easpa inrianaitheachta

Tharla éilliú ag an gcéim níos luaithe den slabhra soláthair (sonraítear an chéim más eol í)

Níor sainaithníodh foinse an éillithe agus an chúis a bhí leis (sonraítear an chúis)

Eile (sonraítear)

8.

Bearta a rinneadh

Toirmeascadh margú ná úsáid na dtáirgí i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2018/848:

Toirmeascadh

Níor toirmeascadh

Ní bhaineann (N/B)

[faisnéis bhreise roghnach]

9.

Faisnéis eile:

CUID II

Dea-chleachtais

Tabhair forléargas bliantúil ar na dea-chleachtais a dhoiciméadaíodh i do Bhallstát le linn na bliana roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 29(6) de Rialachán (AE) 2018/848 chun nach mbeidh táirgí agus substaintí ann nach bhfuil údaraithe lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach.

 

Nóta:

faisnéis maidir le cásanna a bhaineann le héilliú le táirgí nó substaintí nach bhfuil údaraithe de bhun Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2018/848 lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach sa Bhallstát ábhartha

Agus rialuithe oifigiúla á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) 2018/848 nó imscrúduithe oifigiúla á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán sin, is é an teimpléad atá i gCuid I a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun cásanna éillithe a tharchur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain, ar cásanna éillithe iad a bhraith an t-údarás inniúil le linn na bliana roimhe sin nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe.

Na cásanna éillithe nár dúnadh an t-imscrúdú oifigiúil ina leith faoin 31 Nollaig, tá siad le cur san áireamh sa tarchur le haghaidh na bliana dár gcionn.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1). Níl sé infheidhme ach amháin maidir le bia agus beatha.


Top