Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0754

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/754 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2023 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil “Arche Chlorine” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/2328

    IO L 100, 13.4.2023, p. 83–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO L 100, 13.4.2023, p. 81–95 (GA)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/754/oj

    13.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 100/81


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/754 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Aibreán 2023

    lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil “Arche Chlorine” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 7 Nollaig 2018, chuir Arche Consortia iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar údarú Aontais le haghaidh táirge bithicídeach singil ar a dtugtar “Arche Chlorine” de chineálacha táirge 2 agus 5, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug siad daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Beilge meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoin gcás-uimhir BC-UQ045679-98 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

    (2)

    Is é clóirín gníomhach a scaoileadh ó chlóirín substaint ghníomhach “Arche Chlorine” ar substaint é a áirítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineálacha táirgí 2 agus 5.

    (3)

    An 27 Samhain 2020, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta.

    (4)

    An 5 Iúil 2021, chuir an Ghníomhaireacht a tuairim uaithi (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (‘SPC’) atá ag “Arche Chlorine” agus an tuarascáil mheasúnaithe deiridh ar an táirge bithicídeach singil faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (5)

    Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach singil é “Arche Chlorine” de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (r), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-SPC, go sásaíonn sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

    (6)

    An 30 Iúil 2021, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-SPC i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (7)

    An 7 Márta 2022, d’iarr an Ghearmáin ar an gCoimisiún téarmaí agus coinníollacha údarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil “Arche Chlorine” a choigeartú i gcás a críche féin i gcomhréir le hAirteagal 44(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar fhorais an bheartais phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointe (b), agus na cosanta sláinte agus beatha daoine dá dtagraítear in Airteagal 37(1), pointe (c), den Rialachán sin. San iarraidh uathu, rinne údaráis na Gearmáine tagairt do rialacha náisiúnta an Reachta um Uisce Óil na Gearmáine (TrinkwV) (3) lena mbunaítear sraith rialacha córasacha chun uisce óil sláintiúil agus glan a áirithiú trí rialáil a dhéanamh ar an gcáilíocht uisce is gá, agus ar na substaintí, na modhanna agus na nósanna imeachta atá le húsáid chun uisce óil a chóireáil; oibleagáidí a fhorchur ar ghléasraí cóireála uisce agus rialacha a leagan síos maidir le forfheidhmiú na n-oibleagáidí sin. Bunaithe ar na rialacha a bhunaigh TrinkwV, tá noirm áirithe agus cleachtais choiteanna áirithe forbartha atá seanbhunaithe san earnáil cóireála uisce óil sa Ghearmáin.

    (8)

    Mhínigh an Ghearmáin ar bhealach níos mionsonraithe maidir le codanna den tuairisc ar úsáid 2 (dífhabhtú uisce óil ag soláthraithe uisce óil), ar úsáid 3 (dífhabhtú uisce i dtaiscumair) agus ar úsáid 4 (dífhabhtú uisce i gcomhchórais) den SPC, nach bhfreagraíonn na codanna sin go hiomlán do rialacha TrinkwV. Go háirithe, na modhanna cur i bhfeidhm agus na rátaí cur i bhfeidhm agus an mhinicíocht i gcás na n-úsáidí sin, bheadh gá iad ar fad a oiriúnú chun ceanglais liosta na substaintí cóireála agus na bpróiseas díghalraithe a chomhlíonadh i gcomhréir le mír 11 de TrinkwV.

    (9)

    Measann an Coimisiún, ag féachaint d’Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil údar cuí leis an iarraidh a rinne an Ghearmáin coinníollacha údaraithe Aontais an táirge bhithicídigh shingil “Arche Chlorine” a choigeartú i gcás a críche féin i gcomhréir le hAirteagal 44(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar fhorais an bheartais phoiblí maidir le soláthar uisce óil agus na cosanta sláinte agus beatha daoine de bhun Airteagal 37(1), pointí (b) agus (c), faoi seach, den Rialachán sin. Sa Ghearmáin, is é TrinkwV a chuireann Treoir 98/83/CE ón gComhairle (4) chun feidhme, treoir lena leagtar síos creat dlíthiúil chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú ar uisce atá ceaptha le hól ag an duine agus déantar é sin trína áirithiú go bhfuil an t-uisce glan folláin. Leis an Treoir sin, leagtar síos caighdeáin bhunúsacha cáilíochta ar leibhéal an Aontais agus ceadaítear do na Ballstáit ceanglais bhreise agus caighdeáin níos airde a chur chun feidhme agus an Treoir á trasuí ina ndlíthe náisiúnta féin. Na rialacha áirithe a roghnaigh an Ghearmáin chun forálacha Threoir 98/83/CE a thrasuí sa dlí náisiúnta, tá na rialacha sin i bhfeidhm ó 2001 i leith agus tá siad á gcur chun feidhme ag an earnáil cóireála uisce óil sa Ghearmáin agus an earnáil sin ag brath orthu. Dá bhrí sin, na táirgí a chuirtear ar fáil ar mhargadh na Gearmáine chun uisce óil a dhífhabhtú, níor cheart do na táirgí sin cur isteach ar an gcóras sin agus ba cheart dóibh na rialacha a bunaíodh in TrinkwV a chomhlíonadh.

    (10)

    Aontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais a dheonú le haghaidh “Arche Chlorine” leis na coigeartuithe ar an SPC arna iarraidh ag an nGearmáin i gcás a críche féin le haghaidh úsáidí 2, 3 agus 4 i gcomhréir le hAirteagal 44(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (11)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0026816-0000 d’Arche Consortia chun an táirge bithicídeach singil “Arche Chlorine” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    I gcás chríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, tá feidhm ag coigeartuithe ar na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh úsáidí 2, 3 agus 4 de “Arche Chlorine” mar a leagtar síos san achoimre ar shaintréithe an táirge san Iarscríbhinn.

    Tá an t-údarú Aontais bailí ón 3 Bealtaine 2023 go dtí an 30 Aibreán 2033.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Aibreán 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

    (2)  Tuairim ó ECHA an 16 Meitheamh 2021 maidir le húdarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘ArcheChlorine’ (ECHA/BPC/281/2021), https://echa.europa.eu/it/opinions-on-union-authorisation.

    (3)  Trinkwasserverordnung in der Fassung der Bekanntmachung vom 10. März 2016 (Bundesgesetzblatt I S. 459), zuletzt geaendert durch Artikel 1 der Verordnung vom 22. September 2021 (Bundegesetzblatt I S. 4343). TrinkwV.pdf (gesetze-im-internet.de)

    (4)  Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha le hól ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).


    IARSCRÍBHINN

    Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

    Arche Chlorine

    Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

    Cineál táirge 5 - Uisce óil (Dífhabhtáin)

    Uimhir an údaraithe: EU-0026816-0000

    Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0026816-0000

    1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

    1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

    Trádainm (nó trádainmneacha)

    Arche Chlorine

    1.2.   Sealbhóir an údaraithe

    Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

    Ainm

    ARCHE Consortia

    Seoladh

    Liefkensstraat 35D, 9032 Wondelgem An Bheilg

    Uimhir an údaraithe

    EU-0026816-0000

    Uimhir sócmhainne R4BP

    EU-0026816-0000

    Dáta an údaraithe

    An 3 Bealtaine 2023

    Dáta éaga an údaraithe

    An 30 Aibreán 2033

    1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

    Ainm an déantóra

    PCC Rokita SA

    Seoladh an déantóra

    Sienkiewicza 4, 56-120 Brzeg Dolny An Pholainn

    Suíomh na láithreán déantúsaíochta

    Sienkiewicza 4, 56-120 Brzeg Dolny An Pholainn

    1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

    Substaint ghníomhach

    Clóirín gníomhach a scaoileadh as clóirín

    Ainm an déantóra

    PCC Rokita SA

    Seoladh an déantóra

    Sienkiewicza 4, 56-120 Brzeg Dolny An Pholainn

    Suíomh na láithreán déantúsaíochta

    Sienkiewicza 4, 56-120 Brzeg Dolny An Pholainn

    2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

    2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

    Gnáthainm

    Ainm IUPAC

    Feidhm

    Uimhir CAS

    Uimhir CE

    Cion (%)

    Clóirín gníomhach a scaoileadh as clóirín

     

    Substaint Ghníomhach

     

     

    100,0

    Clóirín

    Clóirín

    Substaint neamhghníomhach

    7782-50-5

    231-959-5

    100,0

    2.2.   Cineál foirmlithe

    GA - Gás

    3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

    Ráitis ghuaise

    D’fhéadfadh a bheith ina chúis le dóiteán nó dóiteán a threisiú; ocsaídeoir

    Ina chúis le greannú craicinn.

    Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil.

    Tocsaineach má ionanálaítear.

    D’fhéadfadh a bheith ina chúis le greannú riospráide.

    An-tocsaineach don saol uisceach.

    Gás faoi bhrú ann; d’fhéadfadh pléascadh má théitear é

    Ráitis réamhchúraim

    Coimeád amach ó éadaí agus ábhair indóite eile.

    Ná hanálaigh gás.

    Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol.

    Caith lámhainní cosanta.

    Caith éadaí cosanta.

    Caith súilchosaint.

    Caith aghaidhchosaint.

    MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

    MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

    Bailigh doirteadh.

    Stóráil in áit atá aeráilte go maith.Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

    Stóráil faoi ghlas.

    Cosain ó sholas na gréine.Stóráil in áit atá aeráilte go maith.

    I gcás dóiteáin:Stop an sceitheadh má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.

    Diúscair ábhar chuig i gcomhréir le rialachán áitiúil.

    Coimeád comhlaí agus feistis saor ó ola agus gréisc.

    Glaoigh ar dochtúir má airíonn tú tinn.

    Seachain análú gás.

    Nigh lámha go maith tar éis láimhsithe.

    Ná húsáid ach taobh amuigh nó i limistéar dea-aeráilte.

    MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN:Nigh le neart uisce.

    Glaoigh ar Ionad Nimhe/doctúir.

    Tá cóireáil shonrach (féach tagairt ar threoir garchabhrach forlíontach ar an lipéad seo).

    Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh cóir leighis.

    Má mhaireann an greannú súl:Faigh cóir leighis.

    Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid.

    4.   ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

    4.1.   Tuairisc úsáide

    Tábla 1.

    Úsáid # 1 – Dífhabhtú fuíolluisce tar éis na monarchan fuíolluisce

    An cineál táirge

    PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

    Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

    /

    Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

    Ainm eolaíoch: baictéir

    Gnáthainm: Baictéir

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Ainm eolaíoch: víris

    Gnáthainm: Víris

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Réimse (nó réimsí) úsáide

    Faoi dhíon

    Faoin aer

    Dífhabhtú fuíolluisce tar éis na monarchan fuíolluisce, trí dháileadh turrainge (i gcás éillithe).

    Modh (nó modhanna) úsáide

    Airí modha: Córas iata

    Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

    Córas uathoibríoch dáilte.

    Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

    Airí úsáide: Dáileadh turrainge: 477 mg/l clóirín gníomhach (AC) faoi choinníollacha salacha.

    Airí caolaithe: -

    Airí uainithe:

    Am teagmhála: 30 nóiméad

    Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

    Tionsclaíoch

    Gairmiúil

    Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

    Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2)

    Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2)

    Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2)

    Cruach charbóin/dhosmálta

    4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

    Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan paraiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín san uisce a bhaint amach de réir na rátaí forchurtha léirithe i gcomhair úsáide thuas.

    4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

    Laghdaigh tiúchan iarmharach clóirín ghníomhaigh trí scagadh gníomhach carbóin nó dí-ocsaídeoir a chur leis (m.sh. aigéad ascorbach nó ascorbáit sóidiam) roimh an fuíolluisce a scaoileadh chuig uisce dromchla. Mar mhalairt air sin, is féidir uisce a choinneáil i maolán sula scaoiltear é.

    Ba chóir measúnuithe a dhéanamh go rialta ar chaighdeán an uisce le cinntiú go gcloíonn an t-eisilteach le gach caighdeáin cáilíochta.

    4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.2.   Tuairisc úsáide

    Tábla 2.

    Úsáid # 2 – Dífhabhtú uisce óil ag soláthraithe uisce óil

    An cineál táirge

    PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin)

    Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

    /

    Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

    Ainm eolaíoch: baictéir

    Gnáthainm: Baictéir

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Ainm eolaíoch: víris

    Gnáthainm: Víris

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Réimse (nó réimsí) úsáide

    Faoi dhíon

    Faoin aer

    Dífhabhtú ag na soláthraithe uisce óil agus a gcórais dáileacháin uisce, trí dháileadh leanúnach.

    Modh (nó modhanna) úsáide

    Airí modha: Córas iata

    Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

    Córas uathoibríoch dáilte

    Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012:

    I gcomhréir le liosta cóireála substainte agus na bpróisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach1, baineann na rialacha teicniúla don dáileadh leagtha amach in Deutscher Verein des Gas Wasserfaches e.V2 bileoga oibre W 229, W 296, W 623 agus íosmhéid ama teagmhála W 2293. (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)

    Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

    Airí úsáide: 0,5 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras

    Airí caolaithe: -

    Airí uainithe:

    Minicíocht: dáileadh leanúnach

    Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012:

    I gcomhréir leis an liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)4

    Ráta forchurtha:

    Uasmhéid breisithe 1,2 mg/l Cl2 shaor;

    Raon tiúis i ndiaidh cóireáil a chríochnú: uasmhéid 0,3 mg/l Cl2 shaor, íosmhéid 0,1 mg/l Cl2 shaor (lena n-áirítear na méideanna roimh chóireáil agus ó chóireálacha eile) mar thiús iarmharach sa chóras

    I gcásanna eisceachtúla glactar le breisiú suas go dtí 6 m/l saor Cl2 agus tiús suas go dtí 0,6 mg/l Cl2 shaor i ndiaidh cóireála mar thiús iarmharach sa chóras, mura féidir dífhabhtú a chinntiú trí mheáin eile nó má bhíonn dífhabhtú bactha go sealadach i ngeall ar amóiniam.

    Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

    Gairmiúil

    Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

    Sorcóir: 4.8 - 140 l (6-175 kg Cl2)

    Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2)

    Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2)

    Cruach charbóin/dhosmálta

    4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

    Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan paraiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín san uisce a bhaint amach de réir na rátaí feidhme thuasluaite.

    Tabhair faoi deara go n-iarrann roinnt Ballstáit, tar éis dífhabhtú príomhúil, go gcoinnítear leibhéal iarmharach clóirín in uisce óil sna píopaí mar bheart réamhchúraim. An méid breise sin, arna éileamh ag an iarratasóir mar “Dífhabhtú tánaisteach: Meastar go bhfuil 0,1 agus 0,5 mg/l clóirín (iarmharach)” ar fáil mar a clúdaítear ag an dífhabhtú príomhúil.

    4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

    Cinntigh nach dtéann tiús clóirín san uisce óil thar na teorainneacha clóirín náisiúnta roimh ól.

    Cinntigh nach dtéann tiús clóráite san uisce óil thar na luachanna paraiméadracha leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Nollag 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, p. 1).

    4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.3.   Tuairisc úsáide

    Tábla 3.

    Úsáid # 3 – Dífhabhtú uisce i dtaiscumair

    An cineál táirge

    PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin)

    Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

    /

    Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

    Ainm eolaíoch: baictéir

    Gnáthainm: Baictéir

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Ainm eolaíoch: víris

    Gnáthainm: Víris

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Réimse (nó réimsí) úsáide

    Faoi dhíon

    Faoin aer

    Dífhabhtú uisce (le huisce ag teacht ón ngréasán uisce buacaire), i dtaiscumair/tancanna, trí dháileadh leanúnach.

    Modh (nó modhanna) úsáide

    Airí modha: Córas iata

    Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

    Córas uathoibríoch dáilte. Déantar an dífhabhtú i ionraon an taiscumair, d’fhonn a chinntiú go ndáiltear an díghalrán san uisce i gceart.

    Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012:

    I gcomhréir le liosta cóireála substainte agus na bpróisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach1, baineann na rialacha teicniúla don dáileadh leagtha amach in Deutscher Verein des Gas Wasserfaches e.V2 bileoga oibre W 229, W 296, W 623 agus íosmhéid ama teagmhála W 2293. (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)

    Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

    Airí úsáide: 0,5 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras.

    Airí caolaithe: -

    Airí uainithe:

    Minicíocht: dáileadh leanúnach

    Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012:

    I gcomhréir leis an liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)4

    Ráta forchurtha: uasmhéid breisithe 1,2 mg/l Cl2 shaor;

    Raon tiúis i ndiaidh cóireáil a chríochnú: uasmhéid 0,3 mg/l Cl2 shaor, íosmhéid 0,1 mg/l Cl2 shaor (lena n-áirítear na méideanna roimh chóireáil agus ó chóireálacha eile)

    I gcásanna eisceachtúla glactar le breisiú suas go dtí 6 m/l saor Cl2 agus tiús suas go dtí 0.,6 mg/l Cl2 shaor i ndiaidh cóireála, mura féidir dífhabhtú a chinntiú trí mheáin eile nó má bhíonn dífhabhtú bactha go sealadach toisc go bhfuil amóiniam ann.

    Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

    Gairmiúil

    Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

    Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2)

    Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2)

    Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2)

    Cruach charbóin/dhosmálta

    4.3.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

    Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan paraiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín san uisce a bhaint amach de réir na rátaí feidhme thuasluaite.

    4.3.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

    Cinntigh nach mó an tiúchan clóirín san uisce óil ná an teorainn náisiúnta clóirín roimh ól.

    Cinntigh nach dtéann tiús clóráite san uisce óil thar na luachanna paraiméadracha leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Nollag 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, p. 1).

    4.3.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.3.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.3.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.4.   Tuairisc úsáide

    Tábla 4.

    Úsáid # 4 – Dífhabhtú uisce i gcomhchórais

    An cineál táirge

    PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin)

    Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

    /

    Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

    Ainm eolaíoch: baictéir

    Gnáthainm: Baictéir

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Ainm eolaíoch: víris

    Gnáthainm: Víris

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Ainm eolaíoch: legionella pneumophila

    Gnáthainm: Baictéir

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Réimse (nó réimsí) úsáide

    Faoi dhíon

    Faoin aer

    In institiúidí Poiblí, áiseanna cúraim sláinte

    Dífhabhtú uisce óil i gcomhchórais uisce óil, trí dháileadh leanúnach

    Modh (nó modhanna) úsáide

    Airí modha: Córas iata

    Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

    Córas uathoibríoch dáilte

    Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012:

    I gcomhréir le liosta cóireála substainte agus na bpróisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach1, baineann na rialacha teicniúla don dáileadh leagtha amach in Deutscher Verein des Gas Wasserfaches e.V2 bileoga oibre W 229, W 296, W 623 agus íosmhéid ama teagmhála W 2293. (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)

    Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

    Airí úsáide: 1 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras

    Airí caolaithe: -

    Airí uainithe:

    Minicíocht: dáileadh leanúnach

    Coigeartú infheidhme i gcríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine i gcomhréir le hAirteagal 44(5) Rialacháin (AE) Uimh 528/2012:

    I gcomhréir leis an liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach (Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha)4

    Ráta forchurtha: uasmhéid breisithe 1,2 mg/l Cl2 shaor;

    Raon tiúis i ndiaidh cóireáil a chríochnú: uasmhéid 0,3 mg/l Cl2 shaor, íosmhéid 0,1 mg/l Cl2 shaor (lena n-áirítear na méideanna roimh chóireáil agus ó chóireálacha eile)

    I gcásanna eisceachtúla glactar le breisiú suas go dtí 6 m/l saor Cl2 agus tiús suas go dtí 0,6 mg/l Cl2 shaor i ndiaidh cóireála, mura féidir dífhabhtú a chinntiú trí mheáin eile nó má bhíonn dífhabhtú bactha go sealadach toisc go bhfuil amóiniam ann.

    Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

    Gairmiúil

    Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

    Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2)

    Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2)

    Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2)

    Cruach charbóin/dhosmálta

    4.4.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

    Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan pharaiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín a fháil mar a shonraítear thuas.

    4.4.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

    Cinntigh nach mó an tiúchan clóirín san uisce óil ná an teorainn náisiúnta clóirín roimh ól.

    Cinntigh nach dtéann tiús clóráite san uisce óil thar na luachanna paraiméadracha leagtha amach i dTreoir (AE) 2020/2184 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Nollag 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, p. 1).

    4.4.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.4.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.4.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.5.   Tuairisc úsáide

    Tábla 5.

    Úsáid # 5 – Dífhabhtú uisce óil d’ainmhithe

    An cineál táirge

    PT05 - Uisce óil (Dífhabhtáin)

    Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

    /

    Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

    Ainm eolaíoch: baictéir

    Gnáthainm: Baictéir

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Ainm eolaíoch: víris

    Gnáthainm: Víris

    Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

    Réimse (nó réimsí) úsáide

    Faoi dhíon

    Faoin aer

    Dífhabhtú uisce óil d’ainmhithe (le huisce a thagann ón ngréasán uisce buacaire) i gceantair Talmhaíochta, trí dháileadh leanúnach.

    Modh (nó modhanna) úsáide

    Airí modha: Córas iata

    Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

    Córas uathoibríoch dáilte

    Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

    Airí úsáide: 0,5 mg/l clóirín gníomhach (AC) mar thiúchan iarmharach sa chóras.

    Airí caolaithe: -

    Airí uainithe:

    Minicíocht: dáileadh leanúnach

    Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

    Gairmiúil

    Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

    Sorcóir: 4,8 - 140 l (6-175 kg Cl2)

    Druma: 400-1 000 l (500-1 250 kg Cl2)

    Umair iarnróid: 43 000 - 44 000 l (53 750 - 55 000 kg Cl2)

    Cruach charbóin/dhosmálta

    4.5.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

    Ceangail an sorcóir clóirín nó druma leis an gcóras uathoibríoch, dúnta dáilte. Déan pharaiméadair an chórais a shocrú chun tiúchan gníomhach clóirín a fháil san uisce go leanúnach de réir na rátaí feidhme thuasluaite.

    4.5.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

    I gcomhair tráchtearraí bia, cinntigh nach dtéann tiús clóráite sa bhia thar na luachanna MRL leagtha amach i Rialachán an Choimisiúin (AE) 2020/749 ón 4ú Mheithimh 2020 a leasann Aguisín III ar Rialachán (CE) Uimh 396/2005 Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le huasleibhéil iarmhairtí do chlóráit in nó ar tháirgí áirithe (IO L 178, 8.6.2020, p. 7).

    4.5.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.5.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    4.5.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

    Féach Alt 5 Treoracha ginearálta úsáide

    5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

    5.1.   Treoracha úsáide

    -

    5.2.   Bearta maolaithe riosca

    Chun na coimeádáin táirge a cheangal nó a dhícheangal agus chun an córas píobáin gáis a chothabháil nó a dheisiú, tá na bearta maolaithe riosca (RMManna) seo a leanas éigeantach:

    córas aláraim (luach spreagtha a bhaineann le tiús nochta géar (AEC): 0.5 mg clóirín ghníomhaigh/m3 (nó níos ísle de réir reachtaíochta náisiúnta)) a chuireann tús le nósanna imeachta sábháilteachta amhail trealamh cosanta riospráide a chaitheamh (TCR) de réir caighdeáin CEN EN14387: Gléasanna cosanta riospráide - Scagaire/scagairí gáis agus scagaire/scagairí comhcheangailte - Riachtanais, tástáil, marcáil (nó coibhéiseach);

    tá forchur aeraithe sceite áitiúil (LEV) (de réir na reachtaíochta náisiúnta) agus brú/folús íseal i bhfeidhm chun astaíochtaí clóirín a sheachaint;

    na braiteoirí leictrimheicniúla a úsáidtear i gcomhair tomhais chun go leor speicis clóirínithe a bhrath sa bhreis ar chlóirín féin;

    braiteoirí chun nochtadh a thomhas freisin nuair atá na oibreoirí ag úsáid TCR de réir caighdeáin CEN EN141 nó coibhéiseach.

    5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

    Seachain an gás tocsaineach seo a análú an oiread agus is féidir. MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Cuir glao láithreach ar 112/otharcharr le cúnamh leighis a fháil.

    Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir:

    Cuir tús láithreach le bearta tacaíochta beatha, agus ina dhiaidh sin cuir glao ar IONAD NIMHE.

    MÁ SHLOGTAR: Ní bhaineann le hábhar.

    I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.

    I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

    5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

    Ag deireadh na cóireála, faigh réidh leis an táirge nár úsáideadh agus leis an bpacáistiú i gcomhréir le ceanglais áitiúla.

    Ná díluchtaigh táirge neamhúsáidte ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, isteach i bpíobáin (doirteal, leithreas...) nó síos na draenacha.

    5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

    Coinníollacha stórála:

    Umair brúite aerdhíonacha: Mar gheall ar a airíonna ceimiceacha agus fisiceacha, déantar gás clóirín a stóráil i gcónaí i bhfaighteoirí carbóin/cruach tiomnaithe le comhlaí speisialta tiomnaithe. Ba chóir do phacáistí clóiríne le n-úsáid laistigh den AE a thógáil agus a lipéadú de réir Treorach 2010/35/AE Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle5 agus an Chomhaontaithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar(ADR) déanta sa Ghinéiv ar an 30ú Mheán Fómhair 1957. Féach cuid 6 i gcomhair a thuilleadh tagartha. Uaslíonadh 1.25 kg/l (80 % den neas-toirt.).

    Coinnigh coimeádáin le clóirín dúnta go docht agus déan iad a stóráil in áit fionnuar, tirim agus aeráilte go maith. Scriúáil an séala cosanta go daingean ar an asraon comhla agus an caipín cosanta comhla agus é a stóráil. Cuir cosc le titim anuas sorcóirí. Cosain ó theas agus ó sholas díreach na gréine, níor cheart teocht an choimeádáin a bheith faoi bhun 15 °C nó os cionn 50 °C.

    Ba cheart clóirín a choinneáil amach ó tháirgí imoibríocha (ábhair le seachaint: dí-ocsaídeoirí, ábhair indóite, miotail i bpúdar, aicéitiléin, hidrigin, amóinia, hidreacarbóin agus ábhair orgánacha).

    6.   FAISNÉIS EILE

    Maidir le “Catagói(í) úsáideoirí” tabhair faoi deara:

    Ciallaíonn gairmithe (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíoch) gairmithe oilte má theastaíonn sin de réir reachtaíochta náisiúnta.

    1

    Reacht Uisce Óil Gearmánach: Trinkwasserverordnung in der Fassung der Bekanntmachung vom 10. März 2016 (BGBl. I S. 459), die zuletzt durch Artikel 1 der Verordnung vom 22. September 2021 (BGBl. I S. 4343) geändert worden ist; liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach: Bekanntmachung des Umweltbundesamtes der Liste der Aufbereitungsstoffe und Desinfektionsverfahren gemäß § 11 der Trinkwasserverordnung – 21. Änderung – (Stand: Dezember 2019).

    2

    Deutscher Verein des Gas- und Wasserfaches e.V. (Cumann Teicniúil agus Eolaíoch na Gearmáine i gcomhair Gáis agus Uisce).

    3

    Cuid II, Lfd. Uimh. 4 ó liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach.

    4

    Cuid I c, Lfd. Uimh. 2 ó liosta substaintí agus próisis dífhabhtaithe pharagraif 11 le Reacht Uisce Óil Gearmánach.

    5

    Treoir 2010/35/AE Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ón 16ú Mheithimh 2010 maidir le trealamh brú iniompartha agus a aisghaireann Treoracha an Chomhairle 76/767/CEE, 84/525/CEE, 84/526/CEE, 84/527/CEE agus 1999/36/CE (IO L 165, 30.6.2010, p. 1).

    (1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


    Top