Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0735

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/735 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann leis an gceanglas sonraisc a chur isteach chun an chainníocht tagartha a bhunú agus lena soiléirítear roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an gcóras leictreonach um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Ceadúnais (LORI)

C/2023/648

IO L 96, 5.4.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/735/oj

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/735 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann leis an gceanglas sonraisc a chur isteach chun an chainníocht tagartha a bhunú agus lena soiléirítear roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an gcóras leictreonach um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Ceadúnais (LORI)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 186 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus ar onnmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta faoi réir ceadúnas.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, tá oibreoirí le sonrasc a chur faoi bhráid an údaráis eisiúna ceadúnas chun an chainníocht tagartha a bhunú. Go dtí seo, bhí an chainníocht tagartha á bunú ar bhonn na forála idirthréimhsí a leagtar síos in Airteagal 26, an chéad fhomhír, den Rialachán Tarmligthe sin, mar sin níor baineadh úsáid as an bhforáil atá i gceist. Ós rud é gur léiríodh go bhfuil gnéithe eile a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí a tugadh isteach leis an Rialachán Tarmligthe sin éifeachtúil agus chun an t-ualach riaracháin ar na hoibreoirí agus ar na húdaráis eisiúna ceadúnas a laghdú, tá sé inmholta deireadh a chur leis an oibleagáid ar oibreoirí sonrasc a chur faoi bhráid an údaráis eisiúna ceadúnas chun an chainníocht tagartha a bhunú.

(3)

De bhun Airteagal 13(12) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, tugann oibreoirí fógra don údarás inniúil eisiúna ceadúnas faoi aon athrú lena ndéantar difear dá dtaifead sa chóras um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Ceadúnais (LORI) laistigh de 10 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an athraithe sin. Ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am sin i ngeall ar fhad chur chun feidhme na n-athruithe sin agus ar na deacrachtaí atá ag na hoibreoirí fógra a thabhairt dóibh in am.

(4)

Thairis sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar an neamhréireacht atá in Airteagail 3(5) agus 13(13) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 idir an oibleagáid agus an rogha a mhéid a bhaineann le clárú roimh ré oibreoirí i gcás chur ar fionraí cheanglas na cainníochta tagartha i gcomhréir le hAirteagal 9(9) den Rialachán Tarmligthe sin.

(5)

Le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, leagtar síos rialacha a mhéid a bhaineann le gearáin maidir le clárú míchuí oibreora. Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar ról údarás eisiúna ceadúnas an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir rialaithe bunaithe agus cláraithe chun críoch CBL, agus ar ról an Bhallstáit a fuair gearán, ar bhealach gurb é an Ballstát ina bhfuil an t-oibreoir rialaithe bunaithe a dhéanfaidh an rialú.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“‘2.   Áiritheoidh an t-oibreoir go mbeidh uimhir an tsonraisc dá dtagraítear in Airteagal 145 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ar asphrionta deimhnithe den dearbhú custaim le haghaidh saorchúrsaíocht san Aontas a úsáideann sé chun an chainníocht tagartha a bhunú.’”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“‘3.   Cuirfidh údaráis eisiúna ceadúnas an fhaisnéis ar cheadúnais allmhairiúcháin i gcomparáid leis an bhfaisnéis ar dhearbhuithe custaim. Ní bheidh neamhréireachtaí sna doiciméid a mhéid a bhaineann le céannacht an allmhaireora nó an dearbhóra ná leis an tuairisc ar an táirge. Bunófar na fíoruithe ar na doiciméid sin ar anailís riosca na mBallstát.”’

;

(c)

scriostar mír 4;

(2)

Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“ ‘Tabharfaidh an t-oibreoir fógra don údarás inniúil eisiúna ceadúnas faoi aon athrú lena ndéanfar difear dá thaifead LORI laistigh de 30 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an athraithe sin.’ ”;

(b)

i mír 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“ ‘Déanfaidh an Coimisiún an ceanglas ar oibreoirí iad féin a chlárú roimh ré i gcóras leictreonach LORI a chur ar fionraí i gcás inar cuireadh ceanglas na cainníochta tagartha ar fionraí de bhun Airteagal 9(9).’ ”;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14(2):

“‘2.   I gcás ina gcinnfidh údarás eisiúna ceadúnas an Bhallstáit ina bhfuil an gearánaí bunaithe go bhfuil bunús leis an ngearán, déanfaidh sé na rialuithe a mheasann sé a bheith iomchuí i gcás an ghearáin sin. I gcás ina bhfuil an t-oibreoir rialaithe bunaithe agus cláraithe chun críoch CBL i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil an t-údarás eisiúna ceadúnas a fuair an gearán bunaithe, soláthróidh an t-údarás eisiúna ceadúnas sin an cúnamh is gá d’údarás eisiúna ceadúnas an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir bunaithe agus cláraithe chun críoch CBL agus a bhfuil an rialú á dhéanamh aige go tráthúil. Déanfaidh údarás eisiúna ceadúnais an Bhallstáit ina bhfuil an t-oibreoir lena mbaineann bunaithe agus cláraithe chun críoch CBL toradh an rialaithe a thaifeadadh i gcóras leictreonach LORI, mar chuid dá thaifead LORI.’”

.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh i riar taraif-chuótaí (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1).


Top