Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0511

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/511 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de ghnóthais chomhinfheistíochta a ríomh faoin gcur chuige bunaithe ar shainordú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8377

IO L 71, 9.3.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/511/oj

9.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/511 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Samhain 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal de ghnóthais chomhinfheistíochta a ríomh faoin gcur chuige bunaithe ar shainordú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 132a(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun inathraitheacht mhíchuí sna ceanglais chaipitil a sheachaint ar fud institiúidí, agus chun an cur chuige bunaithe ar shainordú a chur i bhfeidhm i gcásanna nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ann, is gá an modh a shonrú chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh le haghaidh gnóthas comhinfheistíochta (GC) faoin gcur chuige bunaithe ar shainordú maidir leis na cásanna nach féidir méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh mar gheall ar ionchuir atá in easnamh.

(2)

I gcás ina ndéanann GC idirbhearta díorthach agus nach eol ionstraimí foluiteacha na ndíorthach nó priacal foluiteach shuímh na ndíorthach, ní féidir le hinstitiúidí costas athsholáthair na suíomh a chinneadh, dá bhrí sin ní féidir leo a luach risíochta a chinneadh. Sa chás sin, ba cheart d’institiúidí a ríomhanna a bhunú ar mhéid barúlach an tsuímh díorthaigh, a bheadh ar eolas de ghnáth agus a bheadh mar an táscaire is fearr maidir le méid an tsuímh, agus dá bhrí sin, lena soláthrófaí comhfhogasú maidir le luach na risíochta.

(3)

I gcás nach n-eisiatar le sainordú GC dul isteach i ndíorthaigh ach nach n-áirítear ann faisnéis leordhóthanach chun a chinneadh an risíocht laistigh nó lasmuigh den chlár comhardaithe atá in ionstraim fholuiteach, ní féidir a eisiamh go bhfuil risíocht den sórt sin bunaithe. Is gá, dá bhrí sin, an risíocht sin a chur san áireamh agus méideanna na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal á ríomh maidir le risíochtaí an GC.

(4)

I gcás nach soláthraítear leis an sainordú faisnéis leordhóthanach faoi luach risíochta an tsuímh sin, ní féidir a eisiamh gurb éard atá i luach na risíochta méid barúlach iomlán an tsuímh díorthaigh.

(5)

I gcás nach sonraítear sa sainordú méid barúlach an tsuímh díorthaigh, chun cur chuige sách stuama a áirithiú, ba cheart an méid sin a dhíorthú ó uasmhéid barúlach na ndíorthach a cheadaítear faoin sainordú.

(6)

I gcás nach eol na costais athsholáthair nó an risíocht todhchaí fhéideartha chun méid na risíochta a bhaineann le priacal creidmheasa an chontrapháirtí a ríomh, ba cheart d’institiúidí a ríomhanna a bhunú ar shuim mhéideanna barúlacha na n-idirbheart sa tacar glanluachála, arbh é an meastachán coimeádach is fearr a bheadh ar fáil é chun gur féidir an cur chuige bunaithe ar shainordú a úsáid.

(7)

Tá cásanna ann nach féidir le hinstitiúidí na tacair ghlanluachála ábhartha le haghaidh cineál áirithe díorthaigh sa GC a fhionnadh, ós rud é nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil maidir leis na contrapháirtithe nó maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil na hidirbhearta faoi réir ag socrú glanluachála déthaobhach is infheidhme le dlí dá dtagraítear in Airteagal 272, pointe (4), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Sna cásanna sin, ba cheart d’institiúidí toimhdiú nach ann d’éifeachtaí glanluachála ná d’éagsúlú contrapháirtí don chineál sin díorthaigh. Dá bhrí sin, ba cheart d’institiúidí toimhdiú go bhfuil an GC tar éis dul isteach i ndíorthach aonair leis an uasmhéid barúlach a cheadaítear faoin sainordú le haghaidh díorthach den chineál sin.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Luach risíochta shuímh dhíorthaigh GC a chinneadh i gcás nach eol an ionstraim fholuiteach chun críocha Airteagal 132a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

1.   Agus an cur chuige bunaithe ar shainordú á chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 132a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás nach n-eisiatar le sainordú GC gurb éard atá in ionstraim fholuiteach shuíomh díorthach GC risíocht laistigh nó lasmuigh den chlár comhardaithe, ach nach eol luach na risíochta nó, i gcás risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe, nach eol an céatadán is infheidhme de bhun Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, úsáidfidh institiúidí méid barúlach iomlán an tsuímh díorthaigh mar luach na risíochta chun méideanna na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh.

2.   Chun luach na risíochta a chinneadh mar a leagtar amach i mír 1, i gcás nach eol méid barúlach na suíomh díorthach, úsáidfidh institiúidí meastachán coimeádach bunaithe ar uasmhéid barúlach na ndíorthach a cheadaítear faoi shainordú GC mar luach na risíochta.

Airteagal 2

Luachanna na risíochta a ríomh le haghaidh phriacal creidmheasa an chontrapháirtí a ghabhann le tacar glanluachála shuímh dhíorthaigh GC

1.   Agus luach risíochta an tacair glanluachála le haghaidh priacal creidmheasa contrapháirtí á ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i gCuid 3, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 3, 4 nó 5, i gcás inarb ábhartha, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an méid seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

i gcás nach bhfuil an institiúid in ann costas athsholáthair an tacair glanluachála a ríomh de réir an chur chuige ábhartha, i ngeall ar ionchuir in easnamh, úsáidfidh an institiúid sin suim mhéideanna barúlacha na ndíorthach uile sa tacar glanluachála mar an costas athsholáthair;

(b)

i gcás nach bhfuil an institiúid in ann risíocht todhchaí fhéideartha an tacair glanluachála a ríomh de réir an chur chuige ábhartha, i ngeall ar ionchuir atá in easnamh, cuirfidh an institiúid sin 0,15 oiread shuim mhéideanna barúlacha na ndíorthach uile sa tacar glanluachála ina hionad.

2.   Agus luach na risíochta le haghaidh phriacal creidmheasa an chontrapháirtí á ríomh i gcomhréir le mír 1, i gcás nach eol méid barúlach na ndíorthach sa tacar glanluachála, úsáidfidh institiúidí meastachán coimeádach bunaithe ar uasmhéid barúlach na ndíorthach a cheadaítear faoi shainordú GC chun luach risíochta an tacair glanluachála sin a chinneadh.

3.   Chun críocha mhír 1 agus 2, i gcás nach féidir le hinstitiúidí na tacair ghlanluachála ábhartha a fhionnadh maidir le cineál áirithe díorthaigh sa GC, toimhdeoidh siad go bhfuil an GC tar éis dul isteach i ndíorthach aonair leis an uasmhéid barúlach a cheadaítear faoin sainordú maidir leis an gcineál sin díorthaigh.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


Top