EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0427R(02)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/427 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 59I an 25 Feabhra 2023) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge L 59I, lch. 6)

ST/6961/2023/INIT

OJ L 68, 6.3.2023, p. 181–181 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/427/corrigendum/2023-03-06/oj

6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 68/181


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2023/427 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 59I an 25 Feabhra 2023 )

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge L 59I, lch. 6)

Ar leathanach 11, Airteagal 1, pointe (8):

in ionad:

“4a.   D’ainneoin na rialacha is infheidhme maidir le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, soláthróidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach, bainc cheannais náisiúnta, eintitis san earnáil airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1*, gnóthais árachais agus athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle2*, taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle3*, soláthróidh siad faisnéis d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus an tráth céanna don Choimisiún, faoi na sócmhainní agus faoi na cúlchistí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo atá ina seilbh nó faoi rialú acu nó ina bhfuil siad ina gcontrapháirtithe tráth nach déanaí ná coicís tar éis an 26 Feabhra 2023. Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta gach 3 mhí agus cumhdófar an méid seo a leanas léi ar a laghad: ...”,

léitear:

“4a.   D’ainneoin na rialacha is infheidhme maidir le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, soláthróidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach, bainc cheannais náisiúnta, eintitis san earnáil airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1*, gnóthais árachais agus athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2*, taisclanna lárnacha urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus contrapháirtithe lárnacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle3*, soláthróidh siad faisnéis d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus an tráth céanna don Choimisiún, faoi na sócmhainní agus faoi na cúlchistí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo atá ina seilbh nó faoi rialú acu nó ina bhfuil siad ina gcontrapháirtithe tráth nach déanaí ná coicís tar éis an 27 Aibreán 2023. Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta gach 3 mhí agus cumhdófar an méid seo a leanas léi ar a laghad: ...”.


Top