This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0199
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/199 of 30 January 2023 approving the low-risk active substance Trichoderma atroviride AT10 in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market, and amending Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/199 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach íseal-riosca Trichoderma atroviride AT10 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/199 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach íseal-riosca Trichoderma atroviride AT10 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/644
IO L 27, 31.1.2023, p. 22–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
31.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 27/22 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/199 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2023
lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach íseal-riosca Trichoderma atroviride AT10 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 30 Deireadh Fómhair 2018, fuair an Fhrainc iarratas de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Agrotecnologías Naturales S.L. ar fhormheas na substainte gníomhaí Trichoderma atroviride AT10. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 15 Feabhra 2019 thug an Fhrainc, ina cáil mar Bhallstát rapporteur, fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais. |
(3) |
An 18 Meán Fómhair 2020, tar éis measúnú a dhéanamh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir an Ballstát rapporteur dréacht-tuarascáil maidir le measúnú faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis. |
(4) |
De bhun Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. |
(6) |
An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát rapporteur, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é i bhformáid dréacht-tuarascála maidir le measúnú a tugadh cothrom le dáta. |
(7) |
Conclúid an Údaráis (2) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride AT10 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás an chonclúid sin a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 20 Eanáir 2022. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal. |
(8) |
An 14 Iúil 2022 chuir an Coimisiún tuarascáil maidir le hathbhreithniú faoi Trichoderma atroviride AT10 agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
(9) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha i leith na tuarascála maidir le hathbhreithniú a chur isteach. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(10) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, ar úsáid í a scrúdaíodh agus a mionsonraíodh sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(11) |
Thairis sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach íseal-riosca é Trichoderma atroviride AT10 de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní miocrorgánach arb údar imní é Trichoderma atroviride AT10 agus comhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 5.2, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(12) |
Dá bhrí sin, is iomchuí Trichoderma atroviride AT10 a fhormheas mar shubstaint ghníomhach íseal-riosca. |
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá coinníollacha áirithe a chur san áireamh. |
(14) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 22(2) de, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir. |
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
Formheastar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride AT10 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Trichoderma atroviride strain AT10 [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride tréithchineál AT10]. https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/full/10.2903/j.efsa.2022, 7200. EFSA Journal [Iris EFSA], 2022;;7200. DOI: 10.2903/j.efsa.2022, 7200.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||
Trichoderma atroviride AT10 |
ní bhaineann le hábhar |
Is é an cion ainmniúil Trichoderma atroviride AT10 ba cheart a bheith sa táirge teicniúil: Íoschion: 1 x 1011 CFU/kg Cion ainmniúil: 5 x 1011 CFU/kg Uaschion: 1 x 1012 CFU/kg Gan aon eisíontas ábhartha |
20 Feabhra 2023 |
20 Feabhra 2038 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú faoi Trichoderma atroviride AT10 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
|
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
Uimh. |
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||
“43 |
Trichoderma atroviride AT10 |
ní bhaineann le hábhar |
Is é cion ainmniúil Trichoderma atroviride AT10 sa táirge agus san ullmhóid theicniúil: Íoschion: 1 x 1011 CFU/kg Cion ainmniúil: 5 x 1011 CFU/kg Uaschion: 1 x 1012 CFU/kg Gan aon eisíontas ábhartha |
20 Feabhra 2023 |
20 Feabhra 2038 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála maidir le hathbhreithniú faoi Trichoderma atroviride AT10 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
|
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.”