This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0196
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/196 of 25 November 2022 amending Regulation (EC) No 273/2004 of the European Parliament and of the Council and Council Regulation (EC) No 111/2005 as regards the inclusion of certain drug precursors in the list of scheduled substances (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/196 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí áirithe a chur le liosta na substaintí sceidealaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/196 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí áirithe a chur le liosta na substaintí sceidealaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/8440
IO L 27, 31.1.2023, p. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
31.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 27/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/196 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí áirithe a chur le liosta na substaintí sceidealaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (1), agus go háirithe Airteagal 15 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha maidir le faireachán ar thrádáil na réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (2), agus go háirithe Airteagal 30a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 bearta maidir le faireachán ar thrádáil na réamhtheachtaithe drugaí laistigh den Aontas, agus rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 trádáil na réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha. Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, i ngach ceann de na hIarscríbhinní sin tá liosta de shubstaintí sceidealaithe, substaintí atá faoi réir bearta rialaithe agus faireacháin dá bhforáiltear leis na Rialacháin sin. |
(2) |
Trí bhíthin Chinntí 65/4, 65/5 agus 65/6 ón gCoimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha de chuid na Náisiún Aontaithe, a glacadh ag an gcúigiú seisiún is seasca a bhí aige ón 14 go dtí an 18 Márta 2022, cuireadh na substaintí N-feinilpipiridín-4-aimín (4-AP), 4-ainilinipipiridín-1-carbocsaláit (1-boc-4-AP) treas-búitile agus N-feinil-N-(pipiridíon-4-il)própánaimíd (noirfeantainil) le Tábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a rinneadh i Vín an 19 Nollaig 1988 agus a formheasadh le Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle (3) (“Coinbhinsiún 1988 na Náisiún Aontaithe”). |
(3) |
Is ceimiceán ionadach é 4-AP do N-feineitil-4-pipiriodón (NPP) chun 4-anailín-N-feineitilpipiridín (ANPP) a shintéisiú, ar réamhtheachtaí féin é a tháinig díreach roimh mhonarú feantainile agus cuid dá hanalóga. |
(4) |
Is díorthach é 1-boc-4-AP atá faoi chosaint cheimiceach 4-AP, a d’fhéadfaí a thiontú go 4-AP, noirfeantainil nó roinnt analóg noirfeantainile. |
(5) |
Is réamhtheachtaí é noirfeantainil a tháinig díreach roimh fheantainil agus roinnt analóg feantainile. |
(6) |
Is substaintí sceidealaithe iad NPP agus ANPP cheana féin i Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 111/2005. Tá feantainil agus analóga feantainile ina ndrugaí támhshuanacha an-láidir, a bhíonn idir 10 n-uaire agus 100 uair níos láidre ná hearóin. Leanann an neart ard atá iontu de bheith ina cúis le básanna úsáideoirí mar gheall ar ródháileog. |
(7) |
Tá sé tugtha le fios ag na húdaráis inniúla náisiúnta go ndearnadh própáin-déóáit (feiniolaicéitil) dé-eitile (DEPAPD) agus 3-(2H-1,3-beinsidé-ocsól-5-il)-2-meitiolocsaíorán-2-carbocsaláit eitile (gliciodáit eitile PMK) a urghabháil. |
(8) |
Úsáidtear DEPAPD chun 1-feinil-2-própánón (P-2-P), nó céatón meitile beinsile (BMK) mar a thugtar air freisin, a tháirgeadh. Is réamhtheachtaí amfataimín agus meitiolamfataimín é BMK, dhá cheann de na drugaí is coitianta a tháirgtear go haindleathach san Aontas. Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an dá cheann do shláinte an duine. |
(9) |
Is réamhtheachtaí 3,4-meitiléindé-ocsaifeiniolprópán-2-ón (PMK) é gliciodáit eitile PMK, a úsáidtear, ina dhiaidh sin, chun 3,4-meitiléindé-ocsaimeitiolamfataimín (MDMA) a tháirgeadh, ar a dtugtar “eacstais” de ghnáth. |
(10) |
Is substaintí sceidealaithe sna Rialacháin cheana féin iad BMK agus roinnt dá réamhtheachtaithe eile atá an-chosúil le DEPAPD (amhail alfa-feiniolaicéataicéatáit mehitile (MAPA) nó alfa-feiniolaicéataicéataimíd (APAA)), agus PMKi Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 111/2005. |
(11) |
Tá an t-amfataimín, an meitiolamfataimín agus MDMA ar na drugaí is coitianta a tháirgtear go haindleathach san Aontas. Bíonn iarmhairtí tromchúiseacha acu ar shláinte an duine agus is cúis iad le fadhbanna tromchúiseacha sóisialta agus fadhbanna tromchúiseacha sláinte poiblí i roinnt réigiún den Aontas. |
(12) |
Tá eagraíochtaí coiriúla tar éis 4-AP, 1-boc-4-AP, noirfeantainil, DEPAPD agus gliciodáit eitile PMK a dhearadh chun na rialuithe dochta ar shubstaintí sceidealaithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart 4-AP, 1-boc-4-AP, noirfeantainil, DEPAPD agus gliciodáit eitile PMK a sceidealú freisin ar leibhéal an Aontais chun an rialú agus an faireachán ar na substaintí sin a threisiú. |
(13) |
Na substaintí sceidealaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, roinntear iad ina gcatagóirí, catagóirí dá gcuirtear bearta éagsúla i bhfeidhm, ionas go mbainfear cothromaíocht chomhréireach amach idir leibhéal na bagartha a bhaineann le gach substaint faoi seach agus an t-ualach ar an trádáil dhleathach. Cuirtear na bearta rialaithe agus faireacháin is doichte i bhfeidhm maidir leis na substaintí i gCatagóir 1. |
(14) |
Ba cheart 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a sceidealú mar shubstaintí Chatagóir 1 toisc gur féidir iad a chlaochlú go héasca chun tacú le táirgeadh feantainile agus a cuid analóg agus gur bagairtí móra sláinte sóisialta agus sláinte poiblí iad san Aontas. |
(15) |
Ba cheart DEPAPD agus gliciodáit eitile PMK a sceidealú mar shubstaintí Chatagóir 1 toisc gur féidir iad a chlaochlú go héasca chun tacú le táirgeadh meitiolamfataimín, amfataimín agus MDMA agus gur bagairtí móra sláinte sóisialta agus sláinte poiblí iad san Aontas. |
(16) |
Ní heol aon táirgeadh, trádáil ná úsáid dhleathach a bheith i gceist le 4-AP, 1-boc-4-AP, noirfeantainil, DEPAPD agus gliciodáit eitile PMK ach amháin chun críocha an taighde. Dá bhrí sin, dá gcuirfí na substaintí sin faoi Chatagóir 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus faoi Chatagóir 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, is freagairt leordhóthanach a bheadh ansin chun a n-úsáid i dtáirgeadh neamhdhleathach na ndrugaí támhshuanacha a sheachaint agus, san am céanna, ní chuirfí ualach mór riaracháin breise ar na hoibreoirí eacnamaíocha ná ar na húdaráis inniúla san Aontas. |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005 a leasú dá réir. |
(18) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (4), rinneadh ANPP agus NPP a athaicmiú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 273/2004 agus (CE) Uimh. 111/2005 a leasú agus a cheartú dá réir. |
(19) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, déantar forálacha Choinbhinsiún 1988 na Náisiún Aontaithe a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí a chur chun feidhme go comhpháirteach. I bhfianaise an dlúthcheangail shubstaintigh idir na cumhachtuithe atá sa dá Rialachán sin, is iomchuí na leasuithe a ghlacadh trí bhíthin aon ghnímh tharmligthe amháin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 273/2004
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 111/2005
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 47, 18.2.2004, lch. 1.
(2) IO L 22, 26.1.2005, lch. 1.
(3) Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).
IARSCRÍBHINN I
I Rialachán (CE) Uimh. 273/2004, in Iarscríbhinn I, sa tábla do Chatagóir 1,
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa liosta substaintí san áit iomchuí go seicheamhach de réir Chód AC:
|
(2) |
in ionad:
léitear:
|
IARSCRÍBHINN II
I Rialachán (CE) Uimh. 111/2005, san Iarscríbhinn, sa tábla do Chatagóir 1,
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach sa liosta substaintí san áit iomchuí go seicheamhach de réir Chód AC:
|
(2) |
in ionad:
léitear:
|