Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0149

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/149 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí beanflurailin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/352

IO L 20, 23.1.2023, p. 30–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/149/oj

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/30


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/149 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2023

maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí beanflurailin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún (2) áirítear beanflurailin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí beanflurailin, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé sin in éag an 28 Feabhra 2023.

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na hIorua, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hÍsiltíre, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí beanflurailin a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 28 Lúnasa 2017. Sa dréacht-tuarascáil uaidh maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Iorua gan formheas beanflurailine a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil go poiblí. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 27 Meán Fómhair 2019, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (6) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh beanflurailin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Sa chonclúid uaidh, d’aithin an tÚdarás roinnt ábhair imní. Go háirithe, d’aithin sé riosca fadtéarmach d’éin agus do mhamaigh, lena n-áirítear an riosca ó nimhiú tánaisteach éan agus mamach a itheann péisteanna talún, mar phríomhréimse imní. Thairis sin, d’aithin an tÚdarás go bhfuil riosca fadtéarmach ann d’orgánaigh uisceacha ó bheanflurailin, fiú nuair a chuirtear bearta maolaithe i bhfeidhm, agus riosca fadtéarmach d’orgánaigh uisceacha ó na meitibilítí 371R agus 372R mar phríomhréimse imní. Ar deireadh, dúirt sé nach féidir géineatocsaineacht fhéideartha eisíontais a chur as an áireamh ós rud é nár thacaigh an measúnú tocsaineolaíoch, lena n-áirítear leibhéal an eisíontais sin, leis an tsonraíocht theicniúil.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

An 16 Iúil 2021, chuir an Coimisiún sainordú chuig an Údarás mar aon le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú teagmhála agus an measúnú riosca a mhéid a bhaineann le héin, mamaigh agus orgánaigh uisceacha. Chuir an tÚdarás conclúid cothrom le dáta chuig an gCoimisiún an 25 Lúnasa 2022 (7) inar deimhníodh na hábhair imní a aithníodh sa chonclúid roimhe sin. D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana athbhreithnithe. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(12)

D’ainneoin na n-argóintí a rinne na hiarratasóirí, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach agus le ceann de na meitibilítí a chur as an áireamh.

(13)

Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí beanflurailin a athnuachan.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(15)

Ba cheart am a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beanflurailin a tharraingt siar.

(16)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beanflurailin, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, an 12 Bealtaine 2024.

(17)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa beanflurailine go dtí an 28 Feabhra 2023 chun go bhféadfaí an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachadh tréimhse formheasa na substainte sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh gan an formheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin.

(18)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach ar fhormheas beanflurailine de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí

Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí beanflurailin a athnuachan.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 188 maidir le beanflurailin.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beanflurailin mar shubstaint ghníomhach faoin 12 Lúnasa 2023.

Airteagal 4

Tréimhse cairde

Aon tréimhse cairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 12 Bealtaine 2024.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun flutolainil, beanflurailin, fluasanam, fúibeiríodasól agus meipiocuat a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 317, 27.11.2008, lch. 6).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26). Cuireadh Rialachán (AE) 2020/1740 in ionad an Rialacháin sin ach, mar sin féin, tá feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun formheas substaintí gníomhacha a athnuachan: (1) ar substaintí gníomhacha iad a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) ar substaintí gníomhacha iad dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, ar Rialachán é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ar an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh sin.

(6)  EFSA. 2019. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance benfluralin [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí beanflurailin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(10):5842. 34 lch. doi:10.2903/j.efsa.2019.5842.

(7)  EFSA. 2022. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance benfluralin [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí beanflurailin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(9):7556, 36 lch. doi:10.2903/j.efsa.2022.7556.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (IO L 421, 26.11.2021, lch. 27).


Top