EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0144

Rialachán (AE) 2023/144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2023 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle lena dtugtar isteach córas cuntasaíochta don chaiteachas ar bhonneagar i leith iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 ón gCoimisiún lena sonraítear na hítimí atá le cur san áireamh faoi na ceannteidil éagsúla i bhfoirmeacha na gcuntas a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle

PE/68/2022/REV/1

OJ L 21, 23.1.2023, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 12/02/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/144/oj

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 21/1


RIALACHÁN (AE) 2023/144 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Eanáir 2023

lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle lena dtugtar isteach córas cuntasaíochta don chaiteachas ar bhonneagar i leith iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 ón gCoimisiún lena sonraítear na hítimí atá le cur san áireamh faoi na ceannteidil éagsúla i bhfoirmeacha na gcuntas a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá dearbhaithe ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún araon sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (3), go bhfuil siad tiomanta do reachtaíocht an Aontais a nuashonrú agus a shimpliú.

(2)

Is iomchuí acquis an Aontais a scrúdú go rialta chun go bhféadfar é a nuashonrú agus, i gcás inár féidir, laghdú a dhéanamh ar an méid atá ann. Nuair a dhéantar reachtaíocht atá imithe i léig a aisghairm cuidítear le creat reachtach an Aontais a choinneáil trédhearcach, soiléir agus éasca le húsáid ag na Ballstáit agus ag na páirtithe leasmhara.

(3)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle (4), ceanglaítear ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas bonneagair i leith iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealaí intíre, agus ar thorthaí a bhaineann le húsáid bhonneagair den sórt sin.

(4)

Tá forálacha agus sainmhínithe atá imithe i léig i Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 agus tá sé ar neamhréir le gníomhartha dlí de chuid an Aontais is déanaí agus atá i bhfeidhm faoi láthair lena gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar shonraí infheistíochta bonneagair iompair agus ar úsáid bonneagair.

(5)

Tá baint ag Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 le deacrachtaí iomarcacha riaracháin i ndáil leis na sonraí a bhailiú a cheanglaítear leis an Rialachán sin. Ó bhí 2005 ann, níor sholáthair ach ceithre Bhallstát sonraí den sórt sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 a aisghairm chun deireadh a chur le neamhréireachtaí i ndlíchóras an Aontais agus chun rannchuidiú le simpliú ar reachtaíocht an Aontais trí dheireadh a chur le gníomh dlí atá imithe i léig anois.

(7)

Ós rud é go gcuirtear Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 chun feidhme le Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 ón gCoimisiúin (5), rachaidh an cuspóir atá leis in éag le haisghairm Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 a aisghairm freisin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1108/70 agus (CE) Uimh. 851/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Eanáir 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Tuairim an 26 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2022.

(3)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle an 4 Meitheamh 1970 lena dtugtar isteach córas cuntasaíochta le haghaidh caiteachas bonneagair i leith iompair d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre (IO L 130, 15.6.1970, lch. 4).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2006 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2006 lena sonraítear na hítimí atá le cur san áireamh faoi na ceannteidil éagsúla i bhfoirmeacha na gcuntas a léirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 1108/70 ón gComhairle (IO L 158, 10.6.2006, lch. 3).


Top