EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0132
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/132 of 18 January 2023 on safeguard measures with regards to imports of Indica rice originating in Cambodia following the re-opening of the investigation in order to implement the judgment of the General Court of 9 November 2022 in Case T-246/19, with regard to Implementing Regulation (EU) 2019/67
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/132 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 maidir le bearta coimirce i ndáil le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 a chur chun feidhme i gCás T-246/19, a mhéid a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/67 ón gCoimisiún
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/132 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 maidir le bearta coimirce i ndáil le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 a chur chun feidhme i gCás T-246/19, a mhéid a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/67 ón gCoimisiún
C/2023/301
OJ L 17, 19.1.2023, p. 88–89
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
19.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 17/88 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/132 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Eanáir 2023
maidir le bearta coimirce i ndáil le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 a chur chun feidhme i gCás T-246/19, a mhéid a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/67 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint d’Airteagal 310(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint d’Airteagail 22 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. Nós imeachta
(1) |
An 17 Eanáir 2019 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/67 ón gCoimisiún (2) lena bhforchuirtear bearta coimirce maidir le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide agus Mhaenmar/Burma a thagann faoi chóid AC 1006 30 27, 1006 30 48, 1006 30 67 agus 1006 30 98, lenar thug an Coimisiún dleachtanna na Comhtharaife Custaim ar allmhairí na ríse sin isteach arís ar feadh tréimhse trí bliana agus lenar thug sé laghdú de réir a chéile isteach sa ráta dleachta is infheidhme (“an Rialachán atá i gceist”) a mhéid a bhaineann le hallmhairí ríse ón gCambóid agus ó Mhaenmar/Burma. |
(2) |
Thug Ríocht na Cambóide agus Cambodia Rice Federation agóid i gcoinne an Rialacháin atá i gceist os comhair na Cúirte Ginearálta (“an Chúirt Ghinearálta”). |
(3) |
Ina breithiúnas dar dáta an 9 Samhain 2022 i gCás T-246/19 Ríocht na Cambóide agus Cambodia Rice Federation v an Coimisiún (“an breithiúnas”), chuir an Chúirt Ghinearálta an Rialachán atá i gceist ar neamhní. |
(4) |
Chinn an Chúirt Ghinearálta go ndearna an Coimisiún earráid dlí agus earráid fhollasach mheasúnúcháin trí teorannú treallach a dhéanamh ar raon feidhme a imscrúdaithe maidir leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais i gcás muilleoirí ríse Indica meilte nó leathmheilte a próiseáladh ó rís gan scilligeadh a fásadh nó a baineadh san Aontas Eorpach agus i gcás na muilleoirí sin amháin. Dá bhrí sin, leis an sainmhíniú mícheart ar tháirgeoirí an Aontais cuireadh an anailís ar dheacrachtaí tromchúiseacha a bheith ann ó bhail ó tharla gur eisiaigh an Coimisiún cuid de na táirgeoirí ón measúnú ar dhíobháil. |
(5) |
Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin nár sholáthair an Coimisiún fianaise de réir an chaighdeáin is gá i ndáil leis na coigeartuithe a rinneadh ar an anailís sladghearrtha. |
(6) |
Ar deireadh, chinn an Chúirt Ghinearálta gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta na n-iarratasóirí agus an oibleagáid na fíorais agus na breithnithe riachtanacha agus na mionsonraí a bhí ina mbonn leo a nochtadh. Go háirithe, ní dhearna an Coimisiún na sonraí a nochtadh a bhí ina mbonn leis na táscairí tomhaltais agus díobhála agus leis an anailís sladghearrtha agus leis na coigeartuithe a rinneadh tar éis bharúlacha na bpáirtithe leasmhara maidir leis an doiciméad ginearálta nochta. |
2. Na forais chun an t-imscrúdú a athoscailt agus aisíocaíocht dleachtanna a chur ar fionraí
(7) |
Tar éis an bhreithiúnais, chinn an Coimisiún trí bhíthin Fógra (“an Fógra um Athoscailt”) (3), an t-imscrúdú a athoscailt agus é a atosú ag an gcéim inar tharla an neamhrialtacht. |
(8) |
Mar a mhínítear san Fhógra athoscailte, tá sé de chuspóir ag athoscailt an imscrúdaithe bunaidh aghaidh iomlán a thabhairt ar na hearráidí arna sainaithint ag an gCúirt Ghinearálta, agus a mheas an bhfuil gá le hath-fhorchur na mbeart de bharr chur i bhfeidhm na rialacha mar a shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta iad, rud a d’fhágfadh go dtabharfaí dleachtanna na Comhtharaife Custaim isteach arís ar allmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide a thagann faoi chóid AC 1006 30 27, 1006 30 48, 1006 30 67 agus 1006 30 98 le haghaidh na tréimhse bunaidh trí bliana, is é sin idir an 18 Eanáir 2019 agus an 18 Eanáir 2022. |
(9) |
Bunaithe ar a thorthaí nua agus ar thoradh an imscrúdaithe athoscailte, nach eol ag an gcéim seo, féadfaidh an Coimisiún Rialachán nua a ghlacadh. Ó rinneadh na bearta a fhoircheannadh, ní bhainfeadh aon ath-fhorchur dhleachtanna na Comhtharaife Custaim ach le hallmhairí a rinneadh le linn thréimhse bhunaidh feidhme an rialacháin atá i gceist (is é sin, allmhairí a rinneadh idir an 18 Eanáir 2019 agus an 18 Eanáir 2022). |
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 310(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirfear an buiséad chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidfear na leithreasuithe sa bhuiséad i gcomhréir leis an bprionsabal sin. Chun na críche sin, tugtar treoir d’údaráis chustaim náisiúnta fanacht le toradh an athscrúdaithe sula ndéana siad cinneadh maidir le haon éileamh ar aisíocaíocht a bhaineann leis na dleachtanna a neamhnigh an Chúirt Ghinearálta. Dá bhrí sin, ordaítear do na húdaráis chustaim aon éileamh ar aisíocaíocht na ndleachtanna arna gcur ar neamhní a chur siar go dtí go bhfoilseofar toradh an athscrúdaithe san Iris Oifigiúil; |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Fanfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta le foilsiú an Rialachán Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena dtugtar i gcrích an t-imscrúdú i ndáil le hallmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide agus Mhaenmar/Burma sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir le haon éileamh ar aisíocaíocht agus loghadh na ngnáthdhleachtanna arna mbailiú ar allmhairí ríse Indica de thionscnamh na Cambóide.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 303. 31.10.2012, lch. 1.