This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023L2775
Commission Delegated Directive (EU) 2023/2775 of 17 October 2023 amending Directive 2013/34/EU of the European Parliament and of the Council as regards the adjustments of the size criteria for micro, small, medium-sized and large undertakings or groups
Treoir Tarmligthe (AE) 2023/2775 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar na critéir mhéide le haghaidh micreaghnóthas, gnóthais bheaga, gnóthais mheánmhéide agus gnóthais mhóra nó le haghaidh micreaghrúpaí, grúpaí beaga, grúpaí meánmhéide agus grúpaí móra
Treoir Tarmligthe (AE) 2023/2775 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar na critéir mhéide le haghaidh micreaghnóthas, gnóthais bheaga, gnóthais mheánmhéide agus gnóthais mhóra nó le haghaidh micreaghrúpaí, grúpaí beaga, grúpaí meánmhéide agus grúpaí móra
C/2023/7020
IO L, 2023/2775, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2023/2775/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2775 |
21.12.2023 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2023/2775 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar na critéir mhéide le haghaidh micreaghnóthas, gnóthais bheaga, gnóthais mheánmhéide agus gnóthais mhóra nó le haghaidh micreaghrúpaí, grúpaí beaga, grúpaí meánmhéide agus grúpaí móra
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 3(13) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le ceanglais tuairiscithe i réimse na cuntasaíochta saothraítear cuspóirí éagsúla. Ní hamháin go soláthraítear faisnéis leo d’infheisteoirí sna margaí caipitil ach ina theannta sin tugtar cuntas leo ar idirbhearta roimhe seo agus feabhsaítear leo an rialachas corparáideach. Tá sé tábhachtach na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíontar leo na críocha chun ar beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú. |
(2) |
I bhfianaise an bhoilscithe shuntasaigh le linn 2021 agus 2022, rinneadh athbhreithniú ar na critéir mhéide airgeadaíochta lena gcinntear an chatagóir mhéide lena mbaineann cuideachta chun tionchar an bhoilscithe a chur san áireamh. |
(3) |
De réir sonraí ó Eurostat, le linn tréimhse timpeall is 10 mbliana ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Márta 2023, shroich an boilsciú carntha leibhéal 24,3 % sa limistéar euro agus leibhéal 27,2 % san Aontas ar fad. |
(4) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur gá na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) go (7) de Threoir 2013/34/AE a choigeartú agus a shlánú suas faoi 25 % mar gheall ar an mboilsciú. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2013/34/AE a leasú dá réir. |
(6) |
Chun é a chur ar a gcumas do ghnóthais nó do ghrúpaí tairbhiú de na tairseacha coigeartaithe a luaithe is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh maidir leis na blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh ar a dhéanaí. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnóthais na forálacha sin a chur i bhfeidhm maidir leis an mbliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. |
(7) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Sainghrúpa an Choiste Eorpaigh um Urrúis i gcomhréir le hAirteagal 49(3a) de Threoir 2013/34/AE, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2013/34/AE
Leasaítear Airteagal 3 de Threoir 2013/34/AE mar a leanas:
(1) |
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
(2) |
leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
(3) |
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
(4) |
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
(5) |
leasaítear mír 5 mar a leanas:
|
(6) |
i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
(7) |
i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
Airteagal 2
Trasuí
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 24 Nollaig 2024 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.
De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnóthais na forálacha sin a chur i bhfeidhm maidir leis an mbliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2023/2775/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)