Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2804

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2804 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2023 lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa Bheilg agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8464)

C/2023/8464

IO L, 2023/2804, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2804/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2804/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2804

15.12.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2804 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Nollaig 2023

lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa Bheilg agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8464)

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (p), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear go mbeidh feidhm ag scálaí an Aontais um chonablaigh muc a aicmiú i gcomhréir le pointe B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Maidir le conablaigh muc a aicmiú, foráiltear le Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin go bhfuil measúnú le déanamh ar an gcion feola trua trí bhíthin modhanna grádúcháin arna n-údarú ag an gCoimisiún, nach bhféadfar a údarú ach modhanna measúnaithe atá cruthaithe de réir staidrimh atá bunaithe ar thomhas fisiceach cuid anatamaíoch amháin nó níos mó den chonablach muice agus go bhfuil modhanna grádúcháin faoi réir uasráta lamháltais le haghaidh earráide staidrimh le linn measúnaithe a chomhlíonadh. Sainítear an lamháltas sin i gCuid A, pointe 1, an dara mír, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún (2).

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE ón gCoimisiún (3), údaraíodh ocht modh a úsáid chun conablaigh muc a ghrádú sa Bheilg.

(3)

Níor cheart modhnuithe ar na modhanna grádúcháin ná ar na gairis lena mbaineann a cheadú, ach amháin má údaraítear sin go sainráite le cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún.

(4)

D’iarr an Bheilg ar an gCoimisiún údarú na modhanna ‘Capteur Gras/Maigre — Sydel (CGM)’, ‘Giralda Choirometer Pork Grader (PG 200)’, ‘Hennessy Grading Probe (HGP 4)’ agus ‘VCS 2000’ a tharraingt siar.

(5)

D’iarr an Bheilg ar an gCoimisiún na modhanna nua seo a leanas a údarú: ‘AutoFom IV’, ‘CSB Image-Meater 2.0’, ‘CSB Image-Meater 4.0’, ‘OptiGrade-MCP’, ‘OptiScan-TPC’ agus ‘ZP (ruler)’. Chun na críche sin, chuir an Bheilg tuairisc mhionsonraithe i láthair ar na trialacha diosctha, lena léirítear na prionsabail ar a bhfuil na modhanna nua sin bunaithe, torthaí na dtrialacha diosctha agus na cothromóidí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán feola trua sa phrótacal dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182.

(6)

D’iarr an Bheilg ar an gCoimisiún freisin foirmle nuashonraithe a údarú le haghaidh trí mhodh (‘Fat-O-Meat’er (FOM II)’, ‘OptiScan-TP’ agus ‘AutoFom III’) atá údaraithe cheana féin le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE chun conablaigh muc a ghrádú ar a críoch.

(7)

Trí na hiarrataí sin a scrúdú, fuarthas amach go gcomhlíontar na coinníollacha agus na híoscheanglais maidir leis na modhanna nua grádúcháin a údarú agus na cothromóidí le haghaidh na modhanna údaraithe a nuashonrú mar a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182. Dá bhrí sin, ba cheart na modhanna nua grádúcháin agus na foirmlí nua a údarú sa Bheilg.

(8)

Ar chúiseanna soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE a aisghairm.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear úsáid na modhanna grádúcháin seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar chion feola trua conablach muc de bhun Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa Bheilg:

(a)

an gaireas ar a dtugtar ‘AutoFom III’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b)

an gaireas ar a dtugtar ‘AutoFom IV’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c)

an gaireas ar a dtugtar ‘Fat-O-Meat’er II (FOM II)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach na sonraí faoin méid sin i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(d)

an gaireas ar a dtugtar ‘OptiGrade-MCP’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(e)

an gaireas ar a dtugtar ‘CSB Image-Meater 2.0’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid V den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(f)

an gaireas ar a dtugtar ‘CSB Image-Meater 4.0’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid VI den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(g)

an gaireas ar a dtugtar ‘OptiScan-TP’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid VII den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(h)

an gaireas ar a dtugtar ‘OptiScan-TPC’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid VIII den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(i)

an gaireas ar a dtugtar ‘ZP (ruler)’ agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoin méid sin i gCuid IX den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Údarófar modhnuithe ar na modhanna údaraithe grádúcháin nó ar ghairis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE.

Airteagal 4

Is chuig Ríocht na Beilge a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caorach a aicmiú agus a mhéid a bhaineann le praghsanna margaidh aicmithe áirithe conablach agus ainmhithe beo a thuairisciú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 74, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/1182/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/416/AE ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 lena n-údaraítear modhanna chun conablaigh muc a ghrádú sa Bheilg (IO L 194, 21.7.2012, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2012/416/oj).


IARSCRÍBHINN

MODHANNA GRÁDÚCHÁIN CHUN CONABLAIGH MUC A AICMIÚ SA BHEILG

CUID I

AutoFom III

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘AutoFom III’.

2.

Beidh 16 thrasduchtóir ultrasonacha 2 MHz sa ghaireas (Frontmatec), agus beidh fad oibriúcháin 25 mm idir na trasduchtóirí. Déantar na sonraí ultrasonacha a thiontú ina dtomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadar lena mbaineann. Tiontaíonn an gaireas torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 63,95763 – 0,35761 × R2P10 – 0,26503 × R2P8 – 0,30317 × R2P4 + 0,08574 × R3P5;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

R2P10

=

An t-íostiús saille (mm) gan chraiceann sa chonablach (sainítear leis an bpointe sin suíomh MFT1);

R2P8

=

Tiús saille droma (mm) gan chraiceann ag an suíomh MFT2 (is éard atá in MFT2 pointe an íostiúis saille sa luan is gaire do bhun an réimse);

R2P4

=

Tiús saille droma (mm) gan chraiceann sa suíomh P2 (déantar tomhais P2 a chinneadh 70 mm ón dromlach in MFT2);

R3P5

=

Uasdoimhneacht na luan (mm) sa chonablach iomlán.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID II

AutoFom IV

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘AutoFom IV’.

2.

Beidh 25 thrasduchtóir ultrasonacha banda leathain sa ghaireas (Frontmatec), agus beidh fad oibriúcháin 16,5 mm idir na trasduchtóirí. Déantar na sonraí ultrasonacha a thiontú ina dtomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadar lena mbaineann. Tiontaíonn an gaireas torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 62,52816 – 0,56134 × R2P10 – 0,30048 × R2P8 + 0,10289 × R3P5;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

R2P10

=

An t-íostiús saille (mm) gan chraiceann sa chonablach (sainítear leis an bpointe sin suíomh MFT1);

R2P8

=

Tiús saille droma (mm) gan chraiceann ag an suíomh MFT2 (is éard atá in MFT2 pointe an íostiúis saille sa luan is gaire do bhun an réimse);

R3P5

=

Uasdoimhneacht na luan (mm) sa chonablach iomlán;

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID III

Fat-O-Meat’er II (FOM II)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘Fat-O-Meat’er II (FOM II)’.

2.

Is éard atá sa ghaireas trealamh de chineál Fat-O-Meat’er, agus beidh tóireadóir atá 6 mm ar trastomhas ann ina mbeidh fótabhrathadóir agus a mbeidh doimhneacht oibriúcháin suas le 125 mm aige.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 64,98677 – 0,82043 × X1 + 0,11917 × X2;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

X1

=

Tiús saille (lena n-áirítear an craiceann) (mm) a thomhaistear go hingearach le droim an chonablaigh (7 cm amach ón líne scoilte ar an taobh amuigh agus ± 4 cm amach ón líne scoilte ar an taobh istigh) idir an 3ú heasna dheireanach agus an 4ú heasna dheireanach;

X2

=

Tiús matáin (mm) a thomhaistear go hingearach le droim an chonablaigh (7 cm amach ón líne scoilte ar an taobh amuigh agus ± 4 cm amach ón líne scoilte ar an taobh istigh) idir an 3ú heasna dheireanach agus an 4ú heasna dheireanach.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID IV

OptiGrade-MCP

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘OptiGrade-MCP’.

2.

Beidh tóireadóir optúil atá 6 mm ar trastomhas, fótaidhé-óid infridhearg amháin agus fótathrasraitheoir sa ghaireas. Beidh an fad oibriúcháin idir 0 agus 125 mm.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 65,18582 – 0,83449 × X1 + 0,12034 × X2;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

X1

=

Tiús saille (lena n-áirítear an craiceann) (mm) a thomhaistear go hingearach le droim an chonablaigh (7 cm amach ón líne scoilte ar an taobh amuigh agus ± 4 cm amach ón líne scoilte ar an taobh istigh) idir an 3ú heasna dheireanach agus an 4ú heasna dheireanach;

X2

=

Tiús matáin (mm) a thomhaistear go hingearach le droim an chonablaigh (7 cm amach ón líne scoilte ar an taobh amuigh agus ± 4 cm amach ón líne scoilte ar an taobh istigh) idir an 3ú heasna dheireanach agus an 4ú heasna dheireanach.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID V

CSB Image-Meater 2.0

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘CSB Image-Meater 2.0’.

2.

Is éard atá sa CSB Image-Meater 2.0 go háirithe físcheamara, ríomhaire ina bhfuil cárta anailíse íomhánna, scáileán, meicníocht ordaithe, meicníocht truicir agus comhéadain. Déantar gach ceann de na hathróga Image-Meater a thomhas ag an líne scoilte sa limistéar liamháis (thart timpeall musculus gluteus medius). Tiontóidh ríomhaire torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 65,64227 – 0,19817 × ZPF + 0,02295 × ZPM – 0,21595 × MF + 0,05384 × MM – 0,17837 × V4F;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

ZPF

=

Tiús saille is lú (lena n-áirítear an craiceann) (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

ZPM

=

Tiús matáin lumbaigh (mm) a thomhaistear mar an t-achar is giorra ó cheann tosaigh (cráiniach) an musculus gluteus medius go himeall uachtarach (droim) chanáil an dromlaigh;

MF

=

Meántiús saille (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

MF

=

Meántiús matáin (mm) an musculus gluteus medius;

V4F

=

Meántiús saille (mm) os cionn na 4 veirteabra.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID VI

CSB Image-Meater 4.0

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘CSB Image-Meater 4.0’.

2.

Is éard atá sa CSB Image-Meater 4.0 go háirithe físcheamara, ríomhaire ina bhfuil cárta anailíse íomhánna, scáileán, meicníocht ordaithe, meicníocht truicir agus comhéadain. Déantar gach ceann de na hathróga Image-Meater a thomhas ag an líne scoilte sa limistéar liamháis (thart timpeall musculus gluteus medius). Tiontóidh ríomhaire torthaí na dtomhas ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 65,38538 – 0,18721 × ZPF + 0,02861 × ZPM – 0,20286 × MF + 0,05062 × MM – 0,17544 × V4F;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

ZPF

=

Tiús saille is lú (lena n-áirítear an craiceann) (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

ZPM

=

Tiús matáin lumbaigh (mm) a thomhaistear mar an t-achar is giorra ó cheann tosaigh (cráiniach) an musculus gluteus medius go himeall uachtarach (droim) chanáil an dromlaigh;

MF

=

Meántiús saille (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

MF

=

Meántiús matáin (mm) an musculus gluteus medius;

V4F

=

Meántiús saille (mm) os cionn na 4 veirteabra.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID VII

OptiScan-TP

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘OptiScan-TP’.

2.

Beidh an méid seo a leanas sa ghaireas OptiScan-TP: ceamara digiteach, síneadh chun an t-achar ón treoir cheamara a chaighdeánú (le rialóir spriongualaithe) agus clár fála agus anailíse sonraí (laistigh den ghaireas). Ar dtús, cuirtear an síneadh ag an suíomh X1 chun tiús saille X1 a thomhas. Ansin, ceanglaítear an rialóir le canáil an dromlaigh agus cuirtear an síneadh ag an suíomh X2 chun tiús matáin lumbaigh a thomhas. Is ar bhonn na n-íomhánna a dhéanfar tiús saille agus matáin a ríomh. Tiontóidh an gaireas OptiScan-TP féin torthaí na dtomhas ina meastacháin ar an gcion feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 64,36031 – 0,67190 x X1 + 0,08306 x X2;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

X1

=

Tiús saille is lú (lena n-áirítear an craiceann) (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

X2

=

Tiús matáin lumbaigh (mm) a thomhaistear mar an t-achar is giorra ó cheann tosaigh (cráiniach) an musculus gluteus medius go himeall uachtarach (droim) chanáil an dromlaigh.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID VIII

OptiScan-TPC

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘OptiScan-TPC’.

2.

Beidh an méid seo a leanas sa ghaireas OptiScan-TPC: ceamara digiteach, síneadh chun an t-achar ón treoir cheamara a chaighdeánú (le rialóir spriongualaithe) agus clár fála agus anailíse sonraí (laistigh den ghaireas). Ceanglaítear an rialóir le canáil an dromlaigh agus cuirtear an síneadh ag an suíomh X2 chun tiús matáin lumbaigh a thomhas. Glactar pictiúr amháin den limistéar lumbach lena léirítear an suíomh chun tiús matáin lumbaigh a thomhas agus tiús saille X1 a thomhas. Is ar bhonn na híomhá a dhéanfar tiús saille agus matáin a ríomh. Tiontóidh an gaireas OptiScan-TPC féin torthaí na dtomhas ina meastacháin ar an gcion feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 64.88925 – 0.63908 × X1 + 0.06647 × X2;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

X1

=

Tiús saille is lú (lena n-áirítear an craiceann) (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

X2

=

Tiús matáin lumbaigh (mm) a thomhaistear mar an t-achar is giorra ó cheann tosaigh (cráiniach) an musculus gluteus medius go himeall uachtarach (droim) chanáil an dromlaigh.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.

CUID IX

ZP (ruler)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar ‘ZP (ruler)’.

2.

Féadfar an modh seo a chur chun feidhme trí rialóir a úsáid agus cinntear an grádúchán ar bhonn na cothromóide fáistine. Tá sé bunaithe ar thiús an mhatáin agus ar thiús na saille a thomhas de láimh ar mheánlíne scoilte an chonablaigh.

3.

Ríomhfar cion feola trua an chonablaigh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Y = 63,47584 – 0,65106 × X1 + 0,08389 × X2;

I gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

Y

=

Céatadán measta na feola trua;

X1

=

Tiús saille is lú (lena n-áirítear an craiceann) (mm) os cionn an musculus gluteus medius;

X2

=

Tiús matáin lumbaigh (mm) a thomhaistear mar an t-achar is giorra ó cheann tosaigh (cráiniach) an musculus gluteus medius go himeall uachtarach (droim) chanáil an dromlaigh;

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh conablaigh a bhfuil meáchan idir 60 agus 140 cileagram iontu.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2804/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top