Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2759

Cinneadh (AE) 2023/2759 ón gComhairle an 4 Nollaig 2023 lena gceaptar cúigear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún

ST/14976/2023/INIT

IO L, 2023/2759, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2759/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/01/2025: This act has been changed. Current consolidated version: 07/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2759/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2759

7.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2759 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Nollaig 2023

lena gceaptar cúigear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint do na tograí ó rialtas na hÍsiltíre,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 24 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/577 (3), lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún. An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/721 (4) lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún. An 20 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/2294 (5) lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún. An 21 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/1001 (6), lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíocháin cúigear comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Johan HAMSTER, Michiel Alexander RIJSBERMAN, Tjisse STELPSTRA, Yde Johan VAN HIJUM agus Ilse ZAAL a cheapadh.

(4)

Tá suíocháin seisear comhaltaí malartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Maarten VAN GAANS-GIJBELS éirí as oifig, agus tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar ar a mbonn a moladh Jeannette Nicole BALJEU, Johannes Cornelius Gerardus Maria (John) BERENDS, Klaas FOKKINGA, Anna PIJPELINK agus Robertus Cornelis Leonardus STRIJK a cheapadh.

(5)

Mhol rialtas na hÍsiltíre na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Rang Friso DOUWSTRA, Gedeputeerde provincie Fryslân (Aire Réigiúnach Chúige Fryslân), Johanna Everdina MOL, Gedeputeerde provincie Gelderland (Aire Réigiúnach Chúige Gelderland), Willemina Roziena Catharina STERK, Gedeputeerde provincie Zuid-Holland (Aire Réigiúnach Chúige Zuid-Holland), Arthur Theodorus Hendrikus VAN DIJK, Commissaris van de Koning provincie Noord-Holland (Coimisinéir an Rí, Cúige Noord-Holland) agus Mariette Elsbeth VAN LEEUWEN Gedeputeerde provincie Zuid-Holland (Aire Réigiúnach Chúige Zuid-Holland).

(6)

Mhol rialtas na hÍsiltíre na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Elisabeth Anna Maria Bernard DEMOLLIN-SCHNEIDERS, Gedeputeerde provincie Limburg (Aire Réigiúnach Chúige Limburg), Erwin Nico Willem HOOGLAND, Gedeputeerde provincie Overijssel (Aire Réigiúnach Chúige Overijssel), Jan KLOPMAN, Gedeputeerde provincie Flevoland (Aire Réigiúnach Chúige Flevoland), Wilfried Robert Leonia NIELEN, Gedeputeerde provincie Zeeland (Aire Réigiúnach Chúige Zeeland), Abraham SCHMAAL, Gedeputeerde provincie Groningen (Aire Réigiúnach Chúige Groningen) agus Egbert VAN DIJK, Gedeputeerde provincie Drenthe (Aire Réigiúnach Chúige Drenthe),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhaltaí:

Rang Friso DOUWSTRA, Gedeputeerde provincie Fryslân (Aire Réigiúnach Chúige Fryslân),

Johanna Everdina MOL, Gedeputeerde provincie Gelderland (Aire Réigiúnach Chúige Gelderland),

Willemina Roziena Catharina STERK, Gedeputeerde provincie Zuid-Holland (Aire Réigiúnach Chúige Zuid-Holland),

Arthur Theodorus Hendrikus VAN DIJK, Commissaris van de Koning provincie Noord-Holland (Coimisinéir an Rí, Cúige Noord-Holland),

Mariette Elsbeth VAN LEEUWEN, Gedeputeerde provincie Zuid-Holland (Aire Réigiúnach Chúige Zuid-Holland).

agus

(b)

mar chomhaltaí malartacha:

Elisabeth Anna Maria Bernard DEMOLLIN-SCHNEIDERS, Gedeputeerde provincie Limburg (Aire Réigiúnach Chúige Limburg),

Erwin Nico Willem HOOGLAND, Gedeputeerde provincie Overijssel (Aire Réigiúnach Chúige Overijssel),

Jan KLOPMAN, Gedeputeerde provincie Flevoland (Aire Réigiúnach Chúige Flevoland),

Wilfried Robert Leonia NIELEN, Gedeputeerde provincie Zeeland (Aire Réigiúnach Chúige Zeeland),

Abraham SCHMAAL, Gedeputeerde provincie Groningen (Aire Réigiúnach Chúige Groningen) agus

Egbert VAN DIJK, Gedeputeerde provincie Drenthe (Aire Réigiúnach Chúige Drenthe),

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. BOLAÑOS GARCÍA


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/577 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 lena gceaptar beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún (IO L 134, 28.4.2020, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2021/721 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún (IO L 154, 4.5.2021, lch. 3).

(5)  Cinneadh (AE) 2021/2294 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún (IO L 458, 22.12.2021, lch. 517).

(6)  Cinneadh (AE) 2022/1001 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na hÍsiltíre, de Choiste na Réigiún (IO L 168, 27.6.2022, lch. 79).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2759/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top