Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2684

Cinneadh (AE) 2023/2684 ón mBanc Ceannais Eorpach an 21 Samhain 2023 maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2024 (BCE/2023/28)

ECB/2023/28

IO L, 2023/2684, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2684/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 27/09/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2684/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2684

28.11.2023

CINNEADH (AE) 2023/2684 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 21 Samhain 2023

maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2024 (BCE/2023/28)

TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 128(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2332 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Nollaig 2015 maidir leis an gcreat nós imeachta d’fhormheas líon eisiúintí bonn euro (BCE/2015/43) (1), agus go háirithe Airteagal 2(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an ceart eisiach ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ón 1 Eanáir 1999 líon na mbonn a eisíonn na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu ('Ballstáit an limistéir euro' anseo feasta) a fhormheas.

(2)

Chuir an 20 Ballstát limistéir euro faoi bhráid an BCE a n-iarratais ar fhormheas líon na mbonn atá le heisiúint in 2024, arna fhorlíonadh le nótaí míniúcháin ar an modheolaíocht réamhaisnéise. Chuir cuid de na Ballstáit seo den limistéar euro faisnéis bhreise ar fáil freisin maidir le boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, i gcás go bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil agus a measann na Ballstáit lena mbaineann sa limistéar euro a bheith riachtanach chun an t-iarratas ar fhormheas a fhíorú.

(3)

Toisc go bhfuil ceart na mBallstát sa limistéar euro chun bonn euro a eisiúint faoi réir fhormheas an BCE maidir le líon na heisiúna, de réir Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43), ní fhéadfaidh Ballstáit an limistéir euro an líon arna fhormheas ag an BCE a shárú gan cead a fháil roimh ré ón BCE.

(4)

De bhun Airteagal 2 9) de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43), toisc nach gá aon mhodhnú ar líon eisiúintí bonn arna iarradh, tugtar de chumhacht don Bhord Feidhmiúcháin an Cinneadh seo a ghlacadh maidir leis na hiarrataí bliantúla ar fhormheas de líon eisiúintí bonn in 2024 a chuir Ballstáit an limistéir euro isteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe:

Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43).

Airteagal 2

Formheas de líon na mbonn euro atá le heisiúint in 2024

Formheasann an BCE leis seo líon na mbonn euro atá le heisiúint ag Ballstáit an limistéir euro in 2024 amhail mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

 

Líon na mbonn euro arna fhormheas lena n-eisiúint in 2024

Boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

Boinn inbhailithe

(nach bhfuil beartaithe lena gcur i gcúrsaíocht)

Líon eisiúintí bonn

(EUR milliún)

(EUR milliún)

(EUR milliún)

An Bheilg

22,40

0,30

22,70

An Ghearmáin

419,00

172,00

591,00

An Eastóin

12,60

0,46

13,06

Éire

32,36

0,50

32,86

An Ghréig

129,90

0,61

130,51

An Spáinn

280,47

40,00

320,47

An Fhrainc

334,00

60,00

394,00

An Iodáil

268,81

4,88

273,69

An Chipir

6,50

0,01

6,51

An Chróit

42,78

0,20

42,98

An Laitvia

7,90

0,20

8,10

An Liotuáin

12,00

0,48

12,48

Lucsamburg

13,50

0,32

13,82

Málta

6,70

0,50

7,20

An Ísiltír

34,00

1,00

35,00

An Ostair

128,50

176,76

305,26

An Phortaingéil

74,60

1,70

76,30

An tSlóivéin

22,00

1,00

23,00

An tSlóvaic

14,00

2,50

16,50

An Fhionlainn

10,00

5,00

15,00

Iomlán

1 872,02

468,42

2 340,44

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a thabharfar fógra do na seolaithe.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh ar BCNanna na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 21 Samhain 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)   IO L 328, 12.12.2015, lch. 123.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2684/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top