This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1409
Commission Decision (EU) 2023/1409 of 4 July 2023 instructing the Central Administrator of the Union Registry to return to the Member States and the United Kingdom the Union surplus at the end of the second commitment period of the Kyoto Protocol
Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023 lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto
Cinneadh (AE) 2023/1409 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2023 lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto
C/2023/4379
IO L 170, 5.7.2023, p. 100–101
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/08/2023
5.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 170/100 |
CINNEADH (AE) 2023/1409 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Iúil 2023
lena dtugtar treoir do Riarthóir Lárnach Chlárlann an Aontais barrachas an Aontais a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe ag deireadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne an tAontas Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a thabhairt i gcrích. Le Leasú Doha bunaíodh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, dar tús an 1 Eanáir 2013 agus dar críoch an 31 Nollaig 2020. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle, gach aonad den mhéid sannta a eisíodh le haghaidh an dara tréimhse gealltanais a bheidh ar fáil i gclárlann an Aontais tar éis don Aontas a oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh agus tar éis aon aistriú aonad den mhéid sannta de bhun gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar bhonn Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (‘barrachas an Aontais’), déanfar iad a thabhairt ar ais do na Ballstáit ag deireadh an dara tréimhse gealltanais. |
(3) |
Tar éis sciar na bhfáltas is infheidhme a aistriú chuig an gCiste Oiriúnaithe, tá glanbharrachas Aontais de 2 215 147 885 aonad de mhéid sannta i gClárlann an Aontais. Ba cheart na haonaid sin a thabhairt ar ais do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe (3) i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Chinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle. |
(4) |
Ba cheart don Choimisiún treoir a thabhairt do riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais na haonaid a chur ar ais chuig na Ballstáit agus chuig an Ríocht Aontaithe, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Tugann an Coimisiún treoir do riarthóir lárnach Chlárlann an Aontais na haonaid den mhéid sannta a chur ar ais chuig cuntais a Beilge, na Bulgáire, na Cipire, na Cróite, na Danmhairge, na hEastóine, na hÉireann, na Fionlainne, na Fraince, na Gearmáine, na Gréige, na hIodáile, na hÍsiltíre, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Seicia, na Slóivéine, na Slóvaice, na Spáinne, na Sualainne, na Ríochta Aontaithe, agus na hUngáire, na haonaid mhéid sannta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 207, 4.8.2015, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Ballstát |
Aonaid den mhéid sannta de bharrachas leithdháilte an Aontais |
An Ostair |
13 779 438 |
An Bheilg |
21 010 620 |
An Bhulgáir |
129 595 427 |
An Chróit |
7 379 327 |
An Chipir |
1 611 575 |
An tSeicia |
136 916 575 |
An Danmhairg |
13 496 692 |
An Eastóin |
52 162 070 |
An Fhionlainn |
8 895 367 |
An Fhrainc |
102 390 482 |
An Ghearmáin |
200 540 800 |
An Ghréig |
16 329 385 |
An Ungáir |
110 193 391 |
Éire |
11 665 373 |
An Iodáil |
81 862 104 |
An Laitvia |
41 199 008 |
An Liotuáin |
72 359 623 |
Lucsamburg |
2 472 803 |
Málta |
315 853 |
An Ísiltír |
31 245 242 |
An Pholainn |
306 866 601 |
An Phortaingéil |
13 660 512 |
An Rómáin |
503 842 880 |
An tSlóvaic |
77 068 229 |
An tSlóivéin |
3 376 854 |
An Spáinn |
60 009 461 |
An tSualainn |
13 580 833 |
An Ríocht Aontaithe |
181 321 357 |