This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1188
Council Decision (CFSP) 2023/1188 of 19 June 2023 amending Decision 2014/386/CFSP concerning restrictive measures in response to the illegal annexation of Crimea and Sevastopol
Cinneadh (CBES) 2023/1188 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
Cinneadh (CBES) 2023/1188 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
ST/10263/2023/INIT
IO L 157, 20.6.2023, p. 46–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 157/46 |
CINNEADH (CBES) 2023/1188 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Meitheamh 2023
lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES (1). |
(2) |
Ní thugann an tAontas aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach arna déanamh ag Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta í, agus cáineann sé an ionghabháil sin i gcónaí. Tá an tAontas fós daingean ina thiomantas do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tá sé tiomanta a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme go hiomlán. |
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/386/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 23 Meitheamh 2024. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/386/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 23 Meitheamh 2024.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Lucsamburg, an 19 Meitheamh 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. BUSCH
(1) Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70).