This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0964
Council Decision (CFSP) 2023/964 of 15 May 2023 amending Decision (CFSP) 2019/797 concerning restrictive measures against cyber-attacks threatening the Union or its Member States
Cinneadh (CBES) 2023/964 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
Cinneadh (CBES) 2023/964 ón gComhairle an 15 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
ST/7886/2023/INIT
IO L 129, 16.5.2023, p. 16–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 129/16 |
CINNEADH (CBES) 2023/964 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Bealtaine 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1). |
(2) |
Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/797 go dtí an 18 Bealtaine 2025. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur le bailíocht na mbeart sriantach a leagtar amach ann go dtí an 18 Bealtaine 2024. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2019/797:
‘Airteagal 10
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Bealtaine 2025 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a mhéid a bhaineann leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn go dtí an 18 Bealtaine 2024.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. FORSSMED
(1) Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129I 17.5.2019, lch. 13).