EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0676

Cinneadh (AE) 2023/676 ón gComhairle an 20 Márta 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

ST/6617/2023/INIT

OJ L 86, 24.3.2023, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/676/oj

24.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 86/1


CINNEADH (AE) 2023/676 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Márta 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 maidir le coinroinnt na gcuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais, mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht le Poblacht na Sile i gcrích agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 1 Nollaig 2022.

(3)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú thar ceann an Aontais an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Sile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí rátaí taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, a údarú, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh tráth a thabhairt i gcrích.


Top