EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0596
Council Decision (EU) 2023/596 of 13 March 2023 appointing an alternate member, proposed by the Kingdom of Belgium, of the Committee of the Regions
Cinneadh (AE) 2023/596 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún
Cinneadh (AE) 2023/596 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún
ST/6105/2023/INIT
OJ L 79, 17.3.2023, p. 161–162
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/161 |
CINNEADH (AE) 2023/596 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Márta 2023
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de, Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Beilge,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú ar dá bhun a moladh Alexia BERTRAND a cheapadh. |
(4) |
Mhol Rialtas na Beilge Pierre-Yves JEHOLET, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Ministre-Président de la Fédération Wallonie-Bruxelles (Aire-Uachtarán Chónaidhm na Vallúine-na Bruiséile), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Pierre-Yves JEHOLET, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, (Ministre-Président de la Fédération Wallonie-Bruxelles) (Aire-Uachtarán Chónaidhm na Vallúine-na Bruiséile), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. PEHRSON
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).