This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D0110
Commission Implementing Decision (EU) 2023/110 of 12 January 2023 laying down emergency measures as regards confirmed cases of infestation with small hive beetle (Aethina tumida) in Italy and France and repealing Implementing Decision (EU) 2021/597 (notified under document C(2023) 194) (Only the French and Italian languages are authentic) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2023 lena leagtar síos bearta éigeandála a mhéid a bhaineann le cásanna den inmhíolú le ciaróg choirceoige bheag (Aethina tumida) atá deimhnithe san Iodáil agus sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 (a bhfuil fógra tugtha ina léith faoi dhoiciméad C(2023) 194) (Is iad na téacsanna Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/110 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2023 lena leagtar síos bearta éigeandála a mhéid a bhaineann le cásanna den inmhíolú le ciaróg choirceoige bheag (Aethina tumida) atá deimhnithe san Iodáil agus sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 (a bhfuil fógra tugtha ina léith faoi dhoiciméad C(2023) 194) (Is iad na téacsanna Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/194
IO L 13, 16.1.2023, p. 5–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 18/12/2024
16.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 13/5 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/110 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Eanáir 2023
lena leagtar síos bearta éigeandála a mhéid a bhaineann le cásanna den inmhíolú le ciaróg choirceoige bheag (Aethina tumida) atá deimhnithe san Iodáil agus sa Fhrainc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597
(a bhfuil fógra tugtha ina léith faoi dhoiciméad C(2023) 194)
(Is iad na téacsanna Fraincise agus Iodáilise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is feithid dhúchasach don Afraic fho-Shahárach í an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag), feithid atá scaipthe ar fud an domhain le blianta beaga anuas agus is féidir léi í féin a iolrú go tapa go háirithe i láthair ál beach, pailine nó mile i gcíor mheala. Is féidir le heiseamail fásta eitilt suas le roinnt ciliméadar chun ionradh a dhéanamh ar áiteanna eile. Liostaítear inmhíolú le ciaróg choirceoige bheag in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429 agus in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Tá an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag) in easnamh san Aontas den chuid is mó, ach tá inmhíoluithe tarlaithe i limistéir áirithe san Iodáil ó mhí Mheán Fómhair 2014 i leith. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/909/AE (3) ón gCoimisiún, leagadh síos bearta cosanta sláinte ainmhithe a mhéid a bhaineann le hinmhíoluithe leis an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag) atá deimhnithe san Iodáil. Glacadh na bearta sin ar láimh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 ón gCoimisiún (4). Faoi láthair, ní liostaítear ach Réigiún Calabria san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin mar limistéar atá faoi réir na mbeart cosanta sin. |
(3) |
Thug an Fhrainc fógra don Choimisiún le déanaí faoin inmhíolú leis an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag) a aimsíodh sa Roinn Fhrancach, La Réunion, agus faoi na bearta a cuireadh i bhfeidhm. D’fhéadfadh scaipeadh an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag) ón limistéar sin atá buailte sa Fhrainc a bheith ina ghuais thromchúiseach do bheacha meala agus do bhumbóga in áiteanna eile san Aontas. Tá na bearta a rinne an Fhrainc i gcomhréir leo siúd a rinne an Iodáil agus a leagadh síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 agus meastar gur bearta sásúla iad chun srian a chur le scaipeadh na ciaróige coirceoige bige. |
(4) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc, chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil agus chun scaipeadh an inmhíolaithe leis an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag) ar limistéir eile den Aontas, is iomchuí an Roinn Fhrancach, La Réunion, a chur leis an liosta de Bhallstáit nó dá limistéir atá faoi réir srianadh mar gheall ar láithreacht an inmhíoluithe leis an Aethina tumida (ciaróg choirceoige bheag). |
(5) |
I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhí ag an údarás inniúil le blianta beaga anuas agus an chiaróg choirceoige bheag á díothú sna Ballstáit a bhí buailte léi, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin go dtí an 31 Nollaig 2024. |
(6) |
Chun go mbeidh téacs soiléir agus comhleanúnach ann, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn “coirceog beach” an t-aonad a úsáidtear chun beacha meala agus bumbóga a choimeád; |
(b) |
ciallaíonn “beachlann” bunaíocht ina gcoimeádtar beacha meala agus bumbóga; |
(c) |
ciallaíonn “seachtháirgí beachadóireachta neamhphróiseáilte” mil, céir bheach, glóthach ríoga, gliú beach nó pailin nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine mar a shainmhínítear i bpointe 10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 (5) ón gCoimisiún, ar seachtháirgí iad nár cuireadh faoi aon nós imeachta próiseála dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 1, Tábla 2, ró 10 den cheathrú colún d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin; |
(d) |
ciallaíonn “trealamh beachaireachta” coirceoga beach athláimhe, codanna de choirceoga beach agus uirlisí a úsáidtear i mbeachlann. |
Airteagal 2
1. Áiritheoidh an Fhrainc agus an Iodáil go gcuirfear na bearta éigeandála i bhfeidhm sna limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn:
(a) |
cosc ar na tráchtearraí seo a leanas a sheoladh chuig limistéir eile den Aontas:
|
(b) |
faireachas a dhéanamh ar choirceoga beach agus ar bheachlanna chomh maith le himscrúduithe eipidéimeolaíochta, lena n-áirítear:
|
2. Bunaithe ar na torthaí a fhaightear ón bhfaireachas agus ó na himscrúduithe eipidéimeolaíochta dá bhforáiltear i mír 1, pointe (b), féadfaidh an Fhrainc agus an Iodáil bearta éigeandála iomchuí de bhun Airteagal 257 de Rialachán (AE) 2016/429.
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2024.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 ón gCoimisiún.
Airteagal 5
Is chuig Poblacht na Fraince agus Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/909/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2014 maidir le bearta cosanta áirithe a mhéid a bhaineann le cásanna deimhnithe den chiaróg choirceoige bheag san Iodáil (IO L 359, 16.12.2014, lch. 161).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/597 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta éigeandála i ndáil le cásanna inmhíolaithe le ciaróg choirceoige bheag atá deimhnithe san Iodáil (IO L 128, 14.4.2021, lch. 4).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte a mhéid a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Liosta de Bhallstáit nó a limistéir atá faoi réir bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 2(1)
Ballstát |
Limistéir faoi réir bearta éigeandála |
an Fhrainc |
La Réunion |
an Iodáil |
Réigiún Calabria: an réigiún ina iomláine |