Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023B2838

Cinneadh (AE) 2023/2838 ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2023 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

IO L, 2023/2838, 19.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2838/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2838/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2838

19.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 17 Deireadh Fómhair 2023

maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (1),

ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2022) 323 — C9-0229/2022) (2),

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2021,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2021, maille le freagraí na n-institiúidí (3),

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2021, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do chinneadh uaithi an 10 Bealtaine 2023  (5) lena ndéantar an cinneadh i dtaobh urscaoileadh don bhliain airgeadais 2021 a chur ar atráth, agus don rún a ghabhann leis,

ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,

ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0274/2023),

1.

ag diúltú urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i leith chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2021;

2.

ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;

3.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Alessandro CHIOCCHETTI


(1)   IO L 93, 17.3.2021.

(2)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 1.

(3)   IO C 391, 12.10.2022, lch. 6.

(4)   IO C 399, 17.10.2022, lch. 240.

(5)   IO L 242, 29.9.2023, lch. 36.

(6)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2838/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top